Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlúth-ghaolta
dlúth-mhuintir; na daoine is goire dhuit ingaol.
·
Ara diabhal a bhféadfá é a thaobhachtáil len a raibh dhá dhlúth-ghaolta féin thar timpeall air. Chuaidh mé isteach ach thug mé cor faoin gcuairt aríst, agus d'fhága mé annsin iad nuair a chonnaic mé a raibh ann
Is beag an mhaith dhomsa dlúth-ghaolta lá an anshógha. Is fada uaim a bhéas siad an lá sin. Má bhíonn rud agad, ar do chomharsa atá agad cumaoin a chur ar an gcéad-iarraidh. Bíonn duine as tuilleamaí gaolta, ach ní bheidh sé as tuilleamaí na comharsan go deo

Féach freisin

gaol