Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlúthghaol
dlúthmhuintir; na daoine is gaire dhuit i ngaol.
·
Ara diabhal a bhféadfá é a thaobhachtáil lena raibh dhá dhlúthghaolta féin thar timpeall air. Chuaigh mé isteach ach thug mé cor faoin gcuairt aríst, agus d'fhága mé ansin iad nuair a chonaic mé a raibh ann
Is beag an mhaith dhomsa dlúthghaolta lá an anó. Is fada uaim a bheas siad an lá sin. Má bhíonn rud agat, ar do chomharsa atá agat comaoin a chur ar an gcéad iarraidh. Bíonn duine as tuilleamaí gaolta, ach ní bheidh sé as tuilleamaí na comharsan go deo

Féach freisin

gaol