Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Doirb
ainm-fhocal, buineann
geineamhnach uathaidh — doirbe
ainmneach iolraidh = doirbeachaí
Fc. Foclóir an Duinnínigh "doirb", ach níor chuala mé aon-tséimhiú ariamh air. Focal an-choitianta é.
sórt ciaróige nó péiste a bhíos i linnte agus i locháin, agus má ghlacann bó í, líonann sí í. Bíonn siad i locháin phortaigh, ach bíonn siad i locháin tharta freisin. Níl aon-mhéid mhór ionnta, ach is furasta a aithinte ins an uisce iad.
+
Tá sí in a bolgán béice. Doirb a ghlac sí go siúráilte. Tá na puill sin suas faoi dhoirbeachaí as éadan a chéile
An bhfeiceann tú an doirb. Is olc an cailín í sin. Bó ar bith a thóigfeas í sin anois, beidh féirín aice.
TUILLEADH (4) ▼
Nach diabhlaí nach líonann na beithidhigh sin aige agus iad ag ól an uisce sin atá ins an lochán mór. Tá sé beo beithidheach le doirbeachaí. Ní bhfuigheadh beithidhigh eile a leath-oiread tsiocair agus bheidís líonta 'chuile lá ins an aer. Ach an té a mbíonn an t-ádh air féin, bíonn sé ar a chat agus ar a mhadadh. Chonách sin air! Ní mór linn dó
Má tá sí líonta ní doirb a ghlac sí. Níl doirb ag gabhail le na garrantaí siúd agus ní raibh ariamh. Rud eicínt eile atá uirre. Teigheadh sé faoi dhéint dhochtúr na mbeithidheach agus ná leigeadh sé 'un moille é ach an oiread
Doirb! Mo chreach mhaidne thú. Leann ruadh a d'ól sí. Sin é an doirb atá uirre! Tá sí réidh freisin. Níl indán traoitheamh di … Muise diabhal an féidir gur dhubhairt sé leat gur doirb a ghlac sí. Is cosamhail gur airigh sé simplí thú. Tá leann annsin thoir imbairillí le seachtain, agus is dóigh go bhfuair sí a bhaladh
Tá na puill chriathraigh sin faoi dhoirbeachaí as cnáimh éadain, ach dheamhan thairis sin de dhochar ionnta. Dhá mbeadh an-spalpadh ann 'san samhradh, d'ólfaidís deochannaí ionnta, ach ní líonann siad an-mhór in a dheidh sin. Scaithtí. Teigheann sé an-dona do chuid de na beithidhigh, thar a chéile

Féach freisin