Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dorchuigh Dorchú
Briathar: Rialta.
Fáistíneach: dorchóchaidh (/durəxō/)
caithte: Dhorchuigh (/ᵹurəxə/)
Láithreach: Dorchuigheann.
1.
a theacht nó a dhéanamh dorcha, solas a bhacadh nó a choisceadh ó áit.
+
Dhorchuigh an spéir ar fad le scathamh
Tá an lá ag dorchú
TUILLEADH (7) ▼
Tá an spéir dorchuighthe smúiteamhail ar fad le leath-uair
Tá sé ag dorchú 'un báistighe
Is mór a dhorchuigh an fhairrge le scathamh
Léar (de réir) mar a bhéas tú ag teannadh isteach ar an meath-bhallach feicfidh tú an stupóig ag dorchú fút
Dorchú rabharta é sin
Dhorchuigh an fhairrge 'un ceo orainn
Is mór a dhorchuigh an teach ó tháinic méid is na crainte sin ó dheas
+
Dorchóchaidh an oíche anois ach a dteighidh an ghealach faoi
Dhorchuigh sé go mór le ceathramha uair. Ach níl aon-mhoill ar an trathnóna an tráth seo 'bhliain. "Trathnóna foghmhair nó bheith ag caitheamh clocha i bpoll móna"
TUILLEADH (1) ▼
Dhorchuigh sé orm ag Árd Th. = tháinic an oíche orm
·
Dorchuigheann an dath sin éadach
Nuair a bheadh an t-éadach indáil le bheith bruithte san dath, chaithtí braon beag máistir síos air le go ndorchódh sé an dath (dathúchán).
·
"A Dhonchadha, A Dhonchadha céard a dhorchuigh an poll?" "Ma chliseann bun-feáin agus tóin Mhic Dabhach, beidh a fhios ag do cheann céard a dhorchuigh an poll" (Beirt fhear a bhí ann agus chuaidh duine aca isteach i scailp le cuain madaralla a mharbhú. Bhí an fear eile (Donchadha) ag béal na scailpe. Cho uain agus a bhí sé in a n-éadan istigh tháinic an sean-mhadar-alla agus thug sí farradh isteach imbéal na scailpe. Nuair a fuair an fear amuigh a leath istigh agus a leath amuigh, aimsigheann sé ingreim driobaill tóna í, agus choinnigh sé í. Sin é an uair a d'fhiafruigh an fear istigh céard a dhorchuigh an poll, agus d'fhreagair an fear amuigh é, dhá gcinneadh air féin a ghreim a choinneál, go raibh cnaipe an fhir istigh déanta (bun-feáin = drioball? Cynffon = drioball Breathnais. Ffon = maide, bata, Breathnais na h-aimsire seo; Mac Dabhach = an madaralla)
Ní dhorchóchaidh mé an doras aríst choidhchin aige = ní ghabhfaidh mé isteach aige (chuala mé é seo ag cainteóirí maithe ar an Achréidh, ach bhí Béarla uilig aca. Tá sé an-choitianta i mBéarla aca: "I'll never darken his door again". Níl a fhios agam an é an Béarla a tháinic ó'n nGaedhilge nó a mhalrait. Ach is cosamhail go bhfuil sé is an nGaedhilge le fada agus é a bheith i leaganachaí ar nós an chinn thuas: "Céard a dhorchuigh an poll")
2.
eirghe dorcha, dúnárusach, beag-chainteach, neamh-theantásach.
+
Tá na daoine ag dorchú ar a chéile anois thar mar a bhídís fadó = gan a bheith carthannach ná teantásach le chéile
Tá muintir an bhaile seo ag dorchú ar a chéile uiliog anois. Dhá gcastaí duine ar an mbóithrín duit míle uair 'san ló, diabhal mórán le go mbeannóchadh sé dhuit
TUILLEADH (1) ▼
Dhorchuigh siad ar a chéile le goirid = gan mórán a bheith le rádh aca le chéile