Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dorchaigh
briathar rialta
fáistineach: dorchóidh /durəxō/
caite: dhorchaigh /ᵹurəxə/
láithreach: dorchaíonn
ainm briathartha: dorchú
1.
a theacht nó a dhéanamh dorcha, solas a bhacadh nó a choisceadh ó áit.
+
Dhorchaigh an spéir ar fad le scaitheamh
Tá an lá ag dorchú
TUILLEADH (7) ▼
Tá an spéir dorchaithe smúitiúil ar fad le leathuair
Tá sé ag dorchú chun báistí
Is mór a dhorchaigh an fharraige le scaitheamh
Léar (de réir) mar a bheas tú ag teannadh isteach ar an meath bhallach feicfidh tú an stopóig ag dorchú fút
Dorchú rabharta é sin
Dhorchaigh an fharraige chun ceo orainn
Is mór a dhorchaigh an teach ó tháinig méid sna crainnte sin ó dheas
+
Dorchóidh an oíche anois ach a dté an ghealach faoi
Dhorchaigh sé go mór le ceathrú uair. Ach níl aon mhoill ar an tráthnóna an tráth seo bhliain. "Tráthnóna fómhair nó bheith ag caitheamh clocha i bpoll móna"
TUILLEADH (1) ▼
Dhorchaigh sé orm ag Ard Th. — tháinig an oíche orm
·
Dorchaíonn an dath sin éadach
Nuair a bheadh an t-éadach i ndáil le bheith bruite sa dath, chaití braon beag máistir síos air le go ndorchódh sé an dath (dathúchán)
·
"A Dhonnchadha, A Dhonnchadha, céard a dhorchaigh an poll? Má chliseann bun feáin agus tóin Mhic Dabhach, beidh a fhios ag do cheann céard a dhorchaigh an poll" (Beirt fhear a bhí ann agus chuaigh duine acu isteach i scailp le cuain madra alla a mharú. Bhí an fear eile (Donnchadha) ag béal na scailpe. Chomh uain is a bhí sé ina n-éadan istigh tháinig an seanmhadra alla agus thug sí farra isteach i mbéal na scailpe. Nuair a fuair an fear amuigh a leath istigh agus a leath amuigh, aimsíonn sé i ngreim driobaill tóna í, agus choinnigh sé í. Sin é an uair a d'fhiafraigh an fear istigh céard a dhorchaigh an poll, agus d'fhreagair an fear amuigh é, dhá gcinneadh air féin a ghreim a choinneáil, go raibh cnaipe an fhir istigh déanta. Bun feáin — drioball? Cynffon — drioball (Breatnais). Ffon — maide, bata (Breatnais na haimsire seo); Mac Dabhach — an madra alla)
Ní dhorchóidh mé an doras aríst choíchin aige — ní ghabhfaidh mé isteach aige. Chuala mé é seo ag cainteoirí maithe ar an Achréidh, ach bhí Béarla uilig acu. Tá sé an-choitianta i mBéarla acu: I'll never darken his door again. Níl a fhios agam an é an Béarla a tháinig ón nGaeilge nó a mhalrait. Ach is cosúil go bhfuil sé sa nGaeilge le fada agus é a bheith i leaganachaí ar nós an chinn thuas: céard a dhorchaigh an poll
2.
éirí dorcha, dúnárasach, beagchainteach, neamhtheanntásach.
+
Tá na daoine ag dorchú ar a chéile anois thar mar a bhídís fadó — gan a bheith carthanach ná teanntásach le chéile
Tá muintir an bhaile seo ag dorchú ar a chéile uileag anois. Dhá gcastaí duine ar an mbóithrín duit míle uair sa ló, diabhal mórán le go mbeannódh sé dhuit
TUILLEADH (1) ▼
Dhorchaigh siad ar a chéile le gairid — gan mórán a bheith le rá acu le chéile

dorchaigh in iontrálacha eile (7)

 
dearg 2
Dearg an lampa sin, agus ná bíodh muid inár muintir Dhorchaí níos faide
+
dorcha
Tá sibh ina (bhur) muintir Dhorchaigh — teach a bheadh dorcha cheal solais. B'fhéidir gur magadh focail atá ann. Muintir Dhorchaigh — Darcys. Tomás Ó Dorchaigh (/durəxī/) srl.
TUILLEADH (5) ▼
Dar príosta tá sibh ina muintir Dhorchaigh. Shílfeá nach mbeadh leithscéal ar bith agaibh anois. Tá dalladh ola le fáil
Ina muintir Dhorchaigh atá an tír anois. Ní raibh dé sholais againn i gcaitheamh na bliana anuraidh
D'fhéadfá a rá nach teach atá ina muintir Dhorchaigh anois ach an tír uileag. A dhul ag déanamh fáideogaí a bhí againn a dhul anois. Tá neart fiógaí suas ansin
Tá siad ina muintir Dhorchaigh chuile oíche mar sin. Níl easpa ola ar bith ann, ach ní ligfeadh an chaillteacht don bhean a ceannacht. Ní chaithfidh sí cianóg ar bith nó go gcinne an saol uirthi
Tá muid ina (ár) muintir Dhorchaigh aríst. Cén smál atá ar an seanlampa seo. Tá sé múchta aríst. Dar fiagaí, chuir mé an iomadú carbide ann, ach b'fhéidir nach bhfuil an t-uisce ag dul chuige. Caithfidh tú fuiríocht liom aríst nó go ndeisí mé é