Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dhorchaigh (14)

+
dorcha
Tá sibh ina (bhur) muintir Dhorchaigh — teach a bheadh dorcha cheal solais. B'fhéidir gur magadh focail atá ann. Muintir Dhorchaigh — Darcys. Tomás Ó Dorchaigh (/durəxī/) srl.
TUILLEADH (5) ▼
Dar príosta tá sibh ina muintir Dhorchaigh. Shílfeá nach mbeadh leithscéal ar bith agaibh anois. Tá dalladh ola le fáil
Ina muintir Dhorchaigh atá an tír anois. Ní raibh dé sholais againn i gcaitheamh na bliana anuraidh
D'fhéadfá a rá nach teach atá ina muintir Dhorchaigh anois ach an tír uileag. A dhul ag déanamh fáideogaí a bhí againn a dhul anois. Tá neart fiógaí suas ansin
Tá siad ina muintir Dhorchaigh chuile oíche mar sin. Níl easpa ola ar bith ann, ach ní ligfeadh an chaillteacht don bhean a ceannacht. Ní chaithfidh sí cianóg ar bith nó go gcinne an saol uirthi
Tá muid ina (ár) muintir Dhorchaigh aríst. Cén smál atá ar an seanlampa seo. Tá sé múchta aríst. Dar fiagaí, chuir mé an iomadú carbide ann, ach b'fhéidir nach bhfuil an t-uisce ag dul chuige. Caithfidh tú fuiríocht liom aríst nó go ndeisí mé é
+
Dhorchaigh an spéir ar fad le scaitheamh
TUILLEADH (7) ▼
Is mór a dhorchaigh an fharraige le scaitheamh
Dhorchaigh an fharraige chun ceo orainn
Is mór a dhorchaigh an teach ó tháinig méid sna crainnte sin ó dheas
Dhorchaigh sé go mór le ceathrú uair. Ach níl aon mhoill ar an tráthnóna an tráth seo bhliain. "Tráthnóna fómhair nó bheith ag caitheamh clocha i bpoll móna"
Dhorchaigh sé orm ag Ard Th. — tháinig an oíche orm
"A Dhonnchadha, A Dhonnchadha, céard a dhorchaigh an poll? Má chliseann bun feáin agus tóin Mhic Dabhach, beidh a fhios ag do cheann céard a dhorchaigh an poll" (Beirt fhear a bhí ann agus chuaigh duine acu isteach i scailp le cuain madra alla a mharú. Bhí an fear eile (Donnchadha) ag béal na scailpe. Chomh uain is a bhí sé ina n-éadan istigh tháinig an seanmhadra alla agus thug sí farra isteach i mbéal na scailpe. Nuair a fuair an fear amuigh a leath istigh agus a leath amuigh, aimsíonn sé i ngreim driobaill tóna í, agus choinnigh sé í. Sin é an uair a d'fhiafraigh an fear istigh céard a dhorchaigh an poll, agus d'fhreagair an fear amuigh é, dhá gcinneadh air féin a ghreim a choinneáil, go raibh cnaipe an fhir istigh déanta. Bun feáin — drioball? Cynffon — drioball (Breatnais). Ffon — maide, bata (Breatnais na haimsire seo); Mac Dabhach — an madra alla)
Dhorchaigh siad ar a chéile le gairid — gan mórán a bheith le rá acu le chéile