Drisín
—/d′r′išīn/
—ainm-fhocal buineann
—
cuid de phutógaí caorach nó gabhar. Bíonn sé siar ó'n gcaolán indiaidh na méadaile móire agus na stéigeachaí. Rud an-fhada é, agus bíonn sé cornuighthe ar a chéile nó go mbeirtear ar chloigeann air. Bíonn ruainne beag de'n bheatha nach mbíonn leaighte thríd an gcaolán fanta sa driseachán. Nuair a baintear as na caoirigh, líontar an driseachán le min-choirce agus rudaí de'n tsórt sin, agus a róstadh annsin ar an teine. Solamar maith é. Tugtar driseachán nó drisín air. Deirtear nach bhfuil fás bliana ar bith is fuide ná driseachán na caorach, ach an dris choille.
Drisín in iontrálacha eile (6)
+
→
dreancán
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mbadh drisín ná dreancán a bheadh innte is mór adéarfadh duine, ach níorbh eadh muis ach an bhean is geanamhla a shiubhail talamh ná féar ariamh. 'Ar ndú' is ar a leithide a bhuailfí an droch-fhear!
Is beag an baoghal orm a mh'anam. Má shíleann tú go rachaidh mise ag tarraint drisín ná dreancán ar bith mar é sin isteach faoi chaolachaí mo thighe, tá tú ag dul amú. Fuair muid a' (ar) ndóthain cheana dhíob sin, agus ní ingan-fios duinn féin é, ní ag ceasacht ar Dhia é
Tá mé ag ceapadh dhá gcuirtheá slat ar an bpobal nach bhfuightheá drisín ná dreancán ar an bhfad sin is mó ná is cantalaighe ná é
Má theighimse ag tabhairt cuirídheachaí uaim, ní do dhrisín ná de dhreancán mar é sin é; nach mbeadh ball in mo theach nach mbeadh briste aige dhá bhfaghadh sé cupla gloine fuisce.
Níl droch-mhúineadh ná oilbhéas ann, agus go deimhin sin é atá indán agus i ndúchas aige freisin. Níor tháinig drisín ná dreancán ar a chine ariamh