Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drisín
/d′r′išīn/
ainmfhocal, baineann
cuid de phutógaí caorach nó gabhar. Bíonn sé siar ón gcaolán i ndiaidh na méadaile móire agus na stéigeachaí. Rud an-fhada é agus bíonn sé cornaithe ar a chéile nó go mbeirtear ar chloigeann air. Bíonn ruainne beag den bheatha nach mbíonn leáite thríd an gcaolán fanta sa driseachán. Nuair a baintear as na caoirigh, líontar an driseachán le min choirce agus rudaí den tsórt sin, agus a róstadh ansin ar an tine. Solamar maith é. Tugtar driseachándrisín air. Deirtear nach bhfuil fás bliana ar bith is faide ná driseachán na caorach ach an dris choille.

Féach freisin

drisín in iontrálacha eile (7)

+
Go deimhin ní drisín ná dreancán é, ní hé t'fhearacht féin sin (fc. dris. Cuirtear drisín agus dreancán le chéile mar sin)
TUILLEADH (4) ▼
Dhá mba drisín ná dreancán a bheadh inti is mór adéarfadh duine, ach níorbh ea muis ach an bhean is geanúla a shiúil talamh ná féar ariamh. Ar ndóigh is ar a leithide a bhuailfí an drochfhear!
Is beag an baol orm a mh'anam. Má shíleann tú go rachaidh mise ag tarraingt drisín ná dreancán ar bith mar é sin isteach faoi chaolachaí mo thí, tá tú ag dul amú. Fuair muid a (ár) ndóthain cheana dhíobh sin agus ní i ngan fios dúinn féin é, ní ag ceasacht ar Dhia é
Tá mé ag ceapadh dhá gcuirtheá slat ar an bpobal nach bhfaightheá drisín ná dreancán ar an bhfad sin is mó ná is cantalaí ná é
Má théimse ag tabhairt cuiríochaí uaim, ní do dhrisín ná de dhreancán mar é sin é; nach mbeadh ball in mo theach nach mbeadh briste aige dhá bhfaigheadh sé cupla gloine fuisce
 
Is iad is drisíní chantalaí dhá bhfaca mise ariamh. Níl aon mhaith a bheith dhá mbualadh. Tá an oiread buailte orthu agus a mharódh múille ach cén mhaith sin. Níl aon tsuaimhniú i ndán dóibh ach suaimhniú amháin: chaon nduine acu a chur in ísle bhrí le drochiarraidh
 
Níl drochmhúineadh ná oilbhéas ann agus go deimhin sin é atá i ndán is i ndúchas aige freisin. Níor tháinig drisín ná dreancán ar a chine ariamh