Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drúcht
Ainm-fhocal, fireann
geiniúnach uathaidh: drúicht, drúchta
1.
an fliuchán a bhíos ar an talamh ar maidin go h-áirid san samhradh.
a.
+
Ní fheicfeá drúcht trí mhaidin san mbliain anois. Sé leasú na talúna uiliog é. Nach bhfuil a fhios agadsa gurb shin smál eicínt ar an saol. = deirtear gur beag drúcht a bhíos ann anois le h-ais mar a bhíodh fadó
Is olc an rud siúl san drúcht coisnochttha. Tá sé indon bás a thabhairt d'aonduine
TUILLEADH (6) ▼
Chuir mé aithne uirre go minic gan a dhul amach san drúcht d'uireasa a bróga. Ach b'aon-mhaith amháin dom é. Ritheadh sí amach sna cosa buinn i gcomhnaí
Má ghníonn tú luighe san drúcht Lá Bealtaine ní thiocfaidh aon-slaghdán ort aríst igcaitheamh na bliana = deirtear seo, agus chuala mé faoi dhaoine a rinne é
Bhí P. Mh. Bh. a bhí annsin thiar agus níl aon-mhaidin lá Bealtaine dhá n-eiríodh ar a shúil, nach mbíodh sé amuigh dhá ionnfairt féin san drúcht agus gan sná air ach an oiread leis an lá ar rugadh é. Ba mhaith an mhaise dhó é freisin. Ní raibh pian ná tinneas air go dtí an lá a bhfuair sé bás. Bhí sé go h-árd as cionn na cheithre scóir
Deir na sean-daoine go mbeadh fad agus leithead an mhaide giúsaí gan aon-drúcht ar maidin. Theighidís amach nuair a bhíodh an ghrian ag eirghe agus d'aithnídís ar an toirt cá mbeadh carcair, mar bhíodh cuisle gan aon-drúcht ann. Tá an chomhraíocht len a chois. Fuair mé féin agus M. dhá mhaide annsin thuas sna riasca maidin, agus muid ag fiach
Bíonn drúcht mór caite aige na maidineachaí [seo] agus an-fhuacht ann le dhul amach ar mhochóirí
Ná fág amuigh iad. Caitheann sé an-drúcht na h-oícheanntaí seo
b.
+
D'imigh mé féin amach gan drúcht gan báisteach a rá = tada; focal ar bith, ach go h-áirid focal arannta
Ní abraím drúcht ná báisteach leis ach cead a chinn a thabhairt dó. Má theigheann tú ag cur chomhairle air, sén chaoi a mbeidh tú ag borradh leis. A chomhairle fhéin do mhac dhanra. Ní bhfuighidh sé aon-bhás nó go dtuige sé féin é
TUILLEADH (6) ▼
Níor cuireadh chuige ná uaidh; ná níor dúradh drúcht ná báisteach leis agus in a dheidh sin fhéin, thosaigh sé ag ollúchan achrainn. Sin é an chaoi a mbíonn an droch-dhuine igcomhnaí. Mara bhfagha sé údar, ní bheidh sé ag iarraidh aon-údar.
'Ar ndú' níl mise ag rá drúcht ná báisteach leat. Déan do rogha rud. Sé do chuid fhéin é agus thig leat a chaitheamh san bhfairrge más é sin is áin leat. Ná ceap agus ná síl go bhfuil muide indiaidh do chuid airgid. Mhair muid ariamh de t'uireasa, agus mairfidh muid anois le cúnamh Dé freisin
Níl ag duine drúcht ná báisteach a rá leis an bpóilí. Is maith ann é, ach leigeadh duine thairis é cho réidh agus a fhéadfas sé. Ar adharca a bheirtear ar na ba, adeir siad, ach ar theanga ar na daoine
Níor dhúirt mise drúcht ná báisteach, adeir an té a chuir an baile ag troid (sórt sean-fhocail)
Tá sé sin an-stuacach. Ní call duit drúcht ná báisteach a rá leis, agus aithneóidh tú pus air in a dheidh sin go ceann seachtaine. Nachar bhuail sé leithead a chraicinn ar T. Th. oíche a raibh sé ar cuairt ann faoi rá agus a dhul ag gáirí faoin mada nó faoin gcut. Ach duine soilíosach in a dheidh sin é, má tá rud aige ort
Dheamhan drúcht ná báisteach adeir B. leis ach an oiread agus atá mise a rá leatsa anois, ná an oiread sin féin, mar is minic liomsa rud eicínt a rá as greann le duine. Dhá gcuireadh sé caidéis ar bith air, déarfainn go dtug sé tsiocair eicínt dhó, ach bhuail sé cuaifeach air gan fá gan ábhar
c.
scráibín nó biadhú beag.
·
Tá drúcht reó ann inniu = sórt glaisreó seaca. Ní bheadh sioc ann ach ar éigin
Chaith sé drúcht reó aréir. Ba sioc gan aon-dochar é
+
Níor chaith sé ach drúcht beag sneachta = biadhú nó braitín beag
Sé a mbíonn in Árainn drúcht beag sneachta. Deir siad go bhfuil aos óg ann agus nach bhfaca siad aon-tsneachta ariamh. Dúirt Árannach liom an sneachta mór a bhí annseo anuiridh, nachar chaith sé gionnóid (dionnóid) dhe ann. Nach h-íontach an áit é míle buíochas le Dia!
TUILLEADH (2) ▼
'Ar ndú' ní thiúrfá sneachta ar an drúcht sin! Bhí mise in áit agus chaithfí scuaib dhreanncáin a fháil le barr an tsimléir a réiteach ann. Tabhair sneachta air sin! Ní fhéadfaí a dhul amach nó go sluaisteáilthí dhe na sráideannaí é.
Níor chaith sé ach drúcht beag sneachta anuiridh, ach thug sé isteach i mbliana é. D'fheicinn daoine ag breathnú amach annsin 'chuile phuinte agus ag rá go raibh sé in a chlaochmú, ach diabhal mé gur ag neartú ar a mhaidí a bhíodh sé. Shíl mé dheamhan claochmú a d'fheicfinn go brách faoi dheireadh
2.
brat, plá, carra.
+
Tá drúcht guiríní briste amach thríd = brat nó carra de ghuiríní beaga ar dhuine. D'fheicfeá go minic ar pháistí iad. Ní bhíonn siad cho mór leis an deilgnigh ach go mbíonn go leór aca ann
Tá sí in a ciseach le drúcht guiríní. Is gearr ó a bhí easbaí uirre, agus tháinig grís uirre an bhliain cheana agus bhí sí cho dona, agus gur shíl muid go ngiorródh sí léithe. Droch-chraiceann nó droch-fhuil nó rud eicínt
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá go bhfuil drúcht guiríní ort bail ó Dhia ort. Nigh thú fhéin chuile mhaidin as uisce te agus cuir gráinne salainn thríd. Mise i mbannaí gur gearr a fhágfas sé sin aon-cheann ort.
Níor chás é dhá mbadh goin adhairce é, ach ní h-eadh. Drúcht guiríní atá ag cruthú ann. Fuíoll eicínt é sin as an ngrís a bhí orm annseo imbliana. Sách rite a ghabh sé liom a cur as mo chraiceann, ach nuair a chuir féin d'fhága sí an féirín seo agam in a diaidh. Ní maith liom a dhul i láthair duine ar bith leó.
Ní shin deilgneach. Níl annsin ach drúcht guiríní agus ní fiú biorán é. Dheamhan gasúr san tír nach bhfuil ag fuasaoid leo sin. 'Ar ndú 'is beag a bhéas ar mhalrach nuair a éagnós sé é. Tá siad annsin thuas againn fhéin …

Féach freisin

Drúcht in iontrálacha eile (5)

 
dairt
Is deacair P. a chorruighe. D'fhéadfá a bhualadh treasna an smuit agus dheamhan drúcht ná báisteach adéarfad sé leat, ach tosuighe ag gáiridhe. Ach mo choinsias 'sdar m'anam, an uair a bhíos sé corruighe nach bhfuil beart ar bith is fhearr ná fanacht uaidh. Níl ins an gceann eile ach caitheamh dairteacha ar a ghualainn. Ní ag bagairt a bhíos sé ach ag bualadh. Speirfead sé nó sháithfead sé thú, ar ionntú an tsuip. Is fiú é a sheachaint má bhíonn aon-challóid air.
 
danra
h-Iarradh air fanacht ins an mbaile. Bhí siad in a suidhe go te, agus 'ar ndú is dó a shroichfeadh a raibh ann. 'Deile, agus é in a bhior in aon-tsúil. Ach ní bheadh aon-tsástuigheacht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn 'ar ndú'. Duine aerach a bhí ann, agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaghdadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneál, ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhubhairt an t-athair drúcht ná báisteach ach "A chomhairle féin do mhac dhanra" adeir sé "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa". B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann an uair a thuit ceann de na rudaí eile sin air — na "bombs"
 
diabhal 1
Diabhal drúcht na báisteach adúirt sé sin le aonduine ariamh
 
druas
Ní bhíonn ann ach druas beag san ngeimhreadh, ach bíonn an-drúcht ann 'san samhradh. D'fheicfeá drúcht maidineachaí samhraidh, agus thiubharfá an leabhar gur báisteach a bheadh caithte aige
 
Dheamhan sagart is réadhcha (réidhche) a chonnaic tú ariamh ná é, le dualgas a thabhairt dó. Mura dtugthá dhó ach scilling, ní abróchadh sé drúcht ná báisteach, ach buidheachas a ghabhail leat. Dar príostaí muis níl sé cho furasta sin a gcuid a thabhairt do thuilleadh aca. An phuic mhór seo thíos ugainn féin …