Déidheannach
—Ina chuingir le deireannach. Ní feasach dom go bhfuil sé is an gcaint as fhéin
—
deireannach.
+–
Sin é an ceann deireannach déidheannach = an ceann deireadh ar fad; an ceann deireannach críochnuighthe; the very last one (níor chuala mé deidheannach is an gcaint ach in a chuingir le deireannach mar sin. Ní mheasaim go bhfuil sé ann ar a aghaidh féin)
Seo é an lá deireannach déidheannach agam istigh annseo choidhchin
TUILLEADH (7) ▼
Chaith mé an phighinn dheireannach dhéidheannach a bhí agam leis, agus sin é m'ómós agus mo bhuidheachas anois faoi dheireadh thiar
Ba é an fear deireannach déidheannach é a tháinic. Bhí an altóir ar fad tóigthe roimhe
Sin é an fód deireannach déidheannach a gheobhfas sé 'san teach seo. Teigheadh sé agus baineadh sé í feasta má's breagh leis. Tá congnamh aige féin cho maith agus atá againne
Sin í an ubh dheireannach dhéidheannach anois 'san teach agus gan a fhios cé'n uair a bhéas ach oiread. Tá na cearca fré chéile gaibhte ó bhreith
Casadh liom lá inG. í, agus í in ainriocht. Ní fhaca tú duine ar bith ariamh ba bhoichte béal ná í. Thug mé mo phunt deireannach déidheannach di, mar rinne mé truaighe di. Meastú arbh iongantaighe liom an sneachta dearg ná an lá aonaigh a bhí chugad, í a fheiceál ag ceannacht cuingir bhulán annsin thoir. Ní fhaca mise aon-amharc ar mo phunt ó shoin
An "feaig" deireannach déidheannach a bhí agam scar mé leis ar ball. Bhí an leota seo thuas ag imeacht scrúdtha, agus banlá dhá theanga amuigh. Chaith mé aige é!
Aindeoin a raibh aca annseo scathamh, sin í an ceann deireannach déidheannach anois. Chuaidh scaipeadh orra anonn agus anall. Ní bheadh grásta Dé agad 'san teach seo nach dtiubharfaí uait é