Díocasach
—aidiacht as díocas agus an chiall céadna leis.
—
+–
Tá sé an-díocasach chuig obair.
Tá sé díocasach go leor chuig feamainn agus má tá féin, is beag a eirigheas leis di. Dheamhan leath an chirt leis
TUILLEADH (5) ▼
'Sé a bhí díocasach ag dul ag baint mhóna imbliana. An té a d'fheicfeadh ag dul suas é agus é feistighthe amach, déarfadh sé go ndéanfadh sé cat agus dá rioball. Ach dheamhan mogal a rinne sé ariamh, aindeoin gur chaith sé trí lá ann, ach tuairim agus trí fhad an tighe seo a scrathadh. Do Sh. Th. ab éigin an mhóin a bhaint
Shílfeá agus cho díocasach agus atá sé chuig iascach go bhfuigheadh sé deis. Níl dorugha, snúda, glionnda ná ní dhár dhealbh an ghrian aige ach igcleitheamhnas 'chuile dhuine eile, agus gur minic a chaitheas an fear sin fanacht istigh (gan a dhul ag iasgach) an uair a bhíos a dheis imighthe amach aige-san
Dhá dhíocasaighe dhá bhfuil sé ag marbhú bradáin muis, is seacht ndíocasaighe dhá ól é. Ní túisce a bhéarfas sé ar a luach ná a fhágfas sé istigh tigh K. é. Sílim go leagann sé isteach ar fad ar aon-láimh amháin é agus an fhad agus a thiocfas sé teigheadh annsin
Dhá mbeadh sé sáthach díocasach chuig an scoil ní bhacfadh an méid sin é gan aire a thabhairt di. Is beag an luadh a bheadh ag clann M. fanacht uaithe
Ná h-abruigheadh fear ar bith liomsa go bhfuil sé sin díocasach ná scanruighthe chuig an saoghal mar níl. Fear ar bith a d'fhága a ghort annsin i lár a chruadhóige anuiridh gur bhuail sé soir ar chloisteáil dó go raibh "aeroplane" istigh ar Thráigh na Bh., ní fear sanntach é.
Féach freisin
→
díocas