Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díocasach
aidiacht as díocas agus an chiall céanna leis
+
Tá sé an-díocasach chuig obair
Tá sé díocasach go leor chuig feamainn agus má tá féin, is beag a éiríos leis di. Dheamhan leath an chirt leis
TUILLEADH (5) ▼
'Sé a bhí díocasach ag dul ag baint mhóna i mbliana. An té a d'fheicfeadh ag dul suas é agus é feistithe amach, déarfadh sé go ndéanfadh sé cat agus dá rioball. Ach dheamhan mogall a rinne sé ariamh, ainneoin gur chaith sé trí lá ann, ach tuairim is trí fhad an tí seo a scrathadh. Do Sh. Th. ab éigean an mhóin a bhaint
Shílfeá agus chomh díocasach agus atá sé chuig iascach go bhfaigheadh sé deis. Níl dorú, snúda, glionda ná ní dhár dhealbh an ghrian aige ach i gcleithiúnas chuile dhuine eile, agus gur minic a chaitheas an fear sin fanacht istigh (gan a dhul ag iascach) nuair a bhíos a dheis imithe amach aigesean
Dhá dhíocasaí dhá bhfuil sé ag marú bradáin muis, is seacht ndíocasaí dhá ól é. Ní túisce a bhéarfas sé ar a luach ná a fhágfas sé istigh tigh K. é. Sílim go leagann sé isteach ar fad ar aon láimh amháin é agus an fhad is a thiocfas sé téadh ansin
Dhá mbeadh sé sách díocasach chuig an scoil ní bhacfadh an méid sin é gan aire a thabhairt di. Is beag an lua a bheadh ag clann M. fanacht uaithi
Ná habraíodh fear ar bith liomsa go bhfuil sé sin díocasach ná scanraithe chuig an saol mar níl. Fear ar bith a d'fhága a ghort ansin i lár a chruóige anuraidh gur bhuail sé soir ar chloisteáil dó go raibh aeroplane istigh ar Thrá na Bh., ní fear santach é

Féach freisin