Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díolaidhe
ainm-fhocal; fireann
iolraidh = díoluidhthe. Ach tá claonadh ann dhá iolraidh eile a chur i leabaidh an iolraidh -uidhthe ins na focla a bhfuil deire lag aca mar sin: (a) -eachaí .i. gadaidhe — gaduidheachaí; rubálaidhe — rubálaidheachaí; tóiridhe — tóiridheachaí; leadaidhe — leadaidheachaí. Baineann an claonadh sin go h-áirid le Iarthair Chonamara (Rosmuc, Cárna, na h-Oileáin). (b) -s mar atá i mBéarla — rubálaidhes, tóiridhes díoluidhes agus rl. Tá an t-iolraidh -uidhthe ro-chosamhail leis an uathaidh agus é anróighteach len a idir dhealú ó'n uathaidh i gcaint.
fear nó duine a ghníos díolaidheacht; fear a íocas airgead cáirde nó earraidhthe cáirde; fear íoctha rud ar bith.
+
Is dona an díolaidhe é = ní íocann sé an trust a fhaghas sé ins an siopa; ní íocann sé cíos, airgead acraí, ná dola ar bith a bhíos ag teacht treasna air
Is ait an díolaidhe é = íocann sé go maith an trust a fhaghas sé nó na dola a bhíos ag teacht treasna air
TUILLEADH (2) ▼
Marach a dhaoireacht agus atá 'chuile rud, b'fhurasta do dhaoine a bheith in a ndíoluidhthe maithe, ach tá 'chuile shórt anois ar a dhaoirse, ach an rud a bhéas tú a dhíol. Níl a dhuth ná a dhath ar sin
Deir siad go mbadh an-díolaidhe é an t-Athair M. ach nach raibh rath ná rígheacht ar an Athair D. Bhíodh S. Ph. Th. ag imeacht ag carraeracht aige — ag an Athair D. — ag tabhairt mhóna agus phlúir agus 'chuile shórt dhá dteastuigheadh uaidh chuige. Bhí dubh-phlód beithidheach aige agus bheathuigheadh sé thar cionn iad le bran, agus min mhór, agus cácaí. Idir 'chaon tsórt bhíodh S. Ph. Th. ar bóthar 'chuile lá, nó ionann agus é. Meastú 'chuile uair a dteastuigheadh a pháighe uaidh nach gcaithfeadh sé a dhul agus a mheabhrú do'n tsagart, agus annsin féin, b'fhéidir go gcaithfeadh sé an cleas sin a dhéanamh faoi dhó agus trí h-uaire, shul a gheobhadh sé aon-phighinn. Ba deacair leis an Athair D. scaradh le tada. Níorbh fhéidir díolaidheacht a bhaint as

Díolaidhe in iontrálacha eile (1)

 
dúch
Dheamhan mórán dubhaigh a ídighim-se sa mbliain a mhic ó. Dhá n-ídighinn a laghad de 'chuile rud agus a ídighim de dhubhach, déarfadh lucht na siopaí go mbadh díolaidhe maith mé