Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díolaí
ainmfhocal, fireann
iolra: díolaithe. Ach tá claonadh ann dhá iolra eile a chur i leaba an iolra -aithe sna focla a bhfuil deireadh lag acu mar sin: (a) -eachaí .i. gadaí — gadaíochaí; robálaí — robálaíochaí; tóirí — tóiríochaí; leadaí — leadaíochaí. Baineann an claonadh sin go háirid le iarthar Chonamara (Ros Muc, Carna, na hOileáin). (b) -s mar atá i mBéarla — robálaís, tóirís, díolaís srl. Tá an t-iolra -aithe róchosúil leis an uatha agus é anróiteach lena idirdhealú ón uatha i gcaint
 fear nó duine a ghníos díolaíocht; fear a íocas airgead cairde nó earraithe cairde; fear íoctha rud ar bith.
+
Is dona an díolaí é — ní íocann sé an trust a fhaigheas sé sa siopa; ní íocann sé cíos, airgead acraí, ná dola ar bith a bhíos ag teacht trasna air
Is ait an díolaí é — íocann sé go maith an trust a fhaigheas sé nó na dola a bhíos ag teacht trasna air
TUILLEADH (2) ▼
Murach a dhaoireacht agus atá chuile rud, b'fhurasta do dhaoine a bheith ina ndíolaithe maithe, ach tá chuile shórt anois ar a dhaoirse ach an rud a bheas tú a dhíol. Níl a dhubh ná a dhath air sin
Deir siad go mba an-díolaí é an tAthair M. ach nach raibh rath ná ríocht ar an Athair D. Bhíodh S. Ph. Th. ag imeacht ag carraeireacht aige — ag an Athair D. — ag tabhairt mhóna agus phlúir agus chuile shórt dhá dteastaíodh uaidh chuige. Bhí dubhphlód beithíoch aige agus bheathaíodh sé thar cionn iad le bran, agus min mhór, agus cácaí. Idir chaon tsórt bhíodh S. Ph. Th. ar bóthar chuile lá, nó ionann is é. Meas tú chuile uair a dteastaíodh a pháí uaidh nach gcaithfeadh sé a dhul agus a mheabhrú don tsagart, agus ansin féin, b'fhéidir go gcaithfeadh sé an cleas sin a dhéanamh faoi dhó agus trí huaire, shula gheobhadh sé aon phínn. Ba deacair leis an Athair D. scaradh le tada. Níorbh fhéidir díolaíocht a bhaint as

díolaí in iontrálacha eile (5)

+
Is dea-dhíolaí é anois le gairid. Fadó ní íocfadh sé tada. Bhíodh a raibh de lucht siopaí anseo thoir roimhe chuile uair dhá dtéadh sé soir ag fuagairt fiacha air, ach ba bheag an mhaith dóibh sin.
TUILLEADH (2) ▼
Is doiligh do na siopaí tada a dhéanamh mar má tá an dea-dhíolaí ann, tá triúr ina aghaidh sin atá ina ndrochdhíolaithe. Dheamhan neart a bhíos ag fear an tsiopa air. Tá a chuid dola féin air, agus caithfidh sé an saol a ríochan chomh maith le duine
Más dea-dhíolaí féin é, is dó is fusa. Cuireann sé dhá fhoireann muc amach chuile bhliain agus níl seachtain ag éirí ar an mbean nach mbíonn seifte Gaillmheach aici. Tá sí in ann a dhul Gaillimh ar sheascach na gcearc féin, agus gan ubh ná eirín ag daoine eile le cur isteach ar a gcroí, ní áirím a ndíol. Is furasta dhá leithidí sin a bheith glan sna siopaí
 
Dá mbeifeá ag déileáil leis, níor mhiste dhuit a bheith in do dhrochdhíolaí thar a bheith in do dhea-dhíolaí, gheofá a dteastódh uait uaidh. Nach é atá ag coinneáil an dreama sin siar beo. Ach an té nach dtaobhaíonn é ach go hannamh, ní thabharfadh sé biorán beag — agus is fánach an rud é — dó gan an seachadadh amach. Aithníonn sé a dhuine féin i gcónaí
 
dúch
Dheamhan mórán dúigh a ídímse sa mbliain a mhic ó. Dhá n-ídínn a laghad de chuile rud agus a ídím de dhúch, déarfadh lucht na siopaí go mba díolaí maith mé