Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhrabhán
/dūrəwān/
ainm-fhocal
geineamhnach uathaidh agus ainmneach iolraidh: dubhrabháin
talamh a mbíonn an chréafóg agus an gaineamh meadh ar mheadh ann nó ionann agus é. Tá cineálachaí áiride dubhrabháin ann de réir na talmhana nó de réir an méid gainimh a bhíos thríd an gcréafóig. An dubhrabhán dubh: ní bhíonn aon-chloch bheag ann ná mórán gainimh. Annsin tá dubhrabhán láidir, dubhrabhán fliuch, dubhrabhán tirm, dubhrabhán domhainn agus eile ann. Dubhrabhán de chineál eicínt an chuid is mó de thalamh na h-Éireann. (Loam).
+
Talamh dubhrabháin a bhí i leath na muinge, agus talamh cloch bheag 'sa leath eile
Dubhrabhán dubh é in íochtar agus in uachtar. Talamh tirm créafóg dhubh. Dubhrabhán tirm an talamh is fhearr
TUILLEADH (13) ▼
Dubhrabhán: sin talamh nach mbeadh mórán cloch bheag ná gaineamh thríd, ach an chréafóig ar a h-aghaidh féin
An bhfeiceann tú garrdha Dh. Fh. sin thuas agamsa. Sin ithir dhubhrabháin: ithir dheas bhog agus í leasuighthe go maith. Creafóg dhubh í. Ní dubhrabhán é garrdha Dh. Fh. se'agaibhse: cloch bheag é. Tá sé do-leasuighthe thar mo gharrdha-sa. Tá agus an-do-leasuighthe, agus níl an tabhairt ann ar aon-chor
Dá mbeadh dubhrabhán láidir agad, agus craiceann maith air, agus gan é a bheith ro-uisceamhail, sin é an dóigh cruithneacht' a mhic ó. Deir siad go bhfuil talamh na h-áite seo ro-chaithte do chruithneacht. Feacha an barr a bhí annsin thíos i mbliana ag A. Bhí sí cho maith le cruithneacht Achréidh
Dhá mbeadh talamh deas dubhrabháin tirm ann thíos annsin le íochtar, ní bheadh cinneamhaint air l'aghaidh "swedes". Bhí siad agam-sa anuiridh annsin thíos inGarrdha M. L. an togha go deo
'Sé an talamh dubhrabháin an buachaill l'aghaidh 'chuile rud: l'aghaidh na cruithneacht' agus na bhfataí, agus na dturnapaí agus na dtorthaí, agus 'chaon tsórt. 'Sé talamh na beatha é. Mara bhfuil corr-ghiodán dubhrabháin agad 'sa tír seo, tá tú in an-chaoi. Do cheannfinne ní choinneochadh na taltaí eile leasuighthe ná glanta
Mara bhfuil an domhainn agus an triomach 'sa dubhrabhán, ní fiú dhuit a rádh go mbeidh aon-mheangail air, is cuma cé'n leasú a ghabhfas air. Chonnaic mé annsin thuas anuiridh agam iad 'sa nGarrdha Páirteach …
Dubhrabhán éadtrom é. Ba cheart go dtiubharfadh sé eorna maith go leor. Ach beidh pláigh shalachair innte cheapfainn.
Ab í an scainimheáin sin thiar! Ní bheadh seasamh ar bith aice sin dhá dteagadh spalpadh mór, fearacht na bliana anuiridh. B'fhearr dhuit a dhul in éadan an dubhrabháin i mbliana. Cé méad bliain atá craiceann ar an bpáirc sin thuas agad
Dhá gcuirtheá daithín beag de'n "dearg" (feamainn dearg) air sin, bheadh togha turnapaí agad ann. Dubhrabhán deas tirm é, mara bhfuil sé ro-spíonta
Níl a fhios agam faoi mo righe cé'n t-údar a mbuaileann maotháin 'chuile bhó a chuirim 'sa talamh sin thoir. Dheamhan a mbíonn coicís ann dóib aon-uair, go mbíonn siad orra. Shílfeá gur dubhrabhán maith é, marab é a bhfuil d'uisce air atá dhá dhéanamh. Deir daoine go ndéanfadh sé é
Má's dubhrabhán fhéin é, tá sé sin ina stupóig. Beannacht Dé dhuit tá sé chomh céireáilte, agus nach dtarraingeochthá do chosa as, tada leis
Tá an dubhrabhán sin cho h-uaibhreach, cho séasúrach sin, agus nach maith go mbeadh a fhios agad, céard ba cheart a dhéanamh leis. Ní fhéadfaidh mé a leigean amach 'un báin ar aon chor
Má fhaghann tusa dubhrabhán deas tirm, nach mbeidh ro-dhubh críochnuighthe, ní sháróchadh an saoghal é. Ach is beag de'n talamh sin atá annseo. Nuair a bhíos dubhrabhán fhéin ann, bíonn sé ro-fhliuch nó ro-éadtrom i gcomhnaí

Dubhrabhán in iontrálacha eile (1)

 
danra
Chaith muid an bhliain ag athchuinghe air an garrdha thíos a chur. Bhí sé comhgarach agus so-leasuighthe. Dubhrabhán atá ann agus ní iarrfadh sé ach daithín beag leasuighthe le an-fhataí a thabhairt. Ach thug sé an chluais bhodhar dhuinn. An garrdha seo thuas i mbarr an bhaile a bhí dhá chur thar bharr a chéille. An-dóigh fataí é, adeireadh sé. Níor chuir an t-aistear suas aon-chúl air, ná an chreafóig chloch bheag a dteastuigheann riar maith uaithe len a leasú. Chuir sé é. Ní raibh ann ach scriocháin (creacháin). Tabhair scriocháin orra. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa agus ní bhfuair sé ariamh níos measa