Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúrabhán
/dūrəwān/
ainmfhocal
ginideach uatha agus ainmneach iolra: dúrabháin
talamh a mbíonn an chréafóg agus an gaineamh meá ar mheá ann nó ionann is é. Tá cineálachaí áiride dúrabháin ann de réir na talúna nó de réir an méid gainimh a bhíos thríd an gcréafóig. An dúrabhán dubh: ní bhíonn aon chloch bheag ann ná mórán gainimh. Ansin tá dúrabhán láidir, dúrabhán fliuch, dúrabhán tirim, dúrabhán domhain agus eile ann. Dúrabhán de chineál eicínt an chuid is mó de thalamh na hÉireann (Loam).
+
Talamh dúrabháin a bhí i leath na moinge, agus talamh cloch bheag sa leath eile
Dúrabhán dubh é in íochtar agus in uachtar. Talamh tirim créafóg dhubh. Dúrabhán tirim an talamh is fhearr
TUILLEADH (13) ▼
Dúrabhán: sin talamh nach mbeadh mórán cloch bheag ná gaineamh thríd, ach an chréafóig ar a haghaidh féin
An bhfeiceann tú garraí Dh. Fh. sin thuas agamsa. Sin ithir dhúrabháin: ithir dheas bhog agus í leasaithe go maith. Créafóg dhubh í. Ní dúrabhán é garraí Dh. Fh. s'agaibhse: cloch bheag é. Tá sé doleasaithe thar mo gharraísa. Tá agus an-doleasaithe, agus níl an tabhairt ann ar aon chor
Dá mbeadh dúrabhán láidir agat, agus craiceann maith air, agus gan é a bheith ró-uisciúil, sin é an dóigh cruithneachta a mhic ó. Deir siad go bhfuil talamh na háite seo róchaite do chruithneacht. Féacha an barr a bhí ansin thíos i mbliana ag A. Bhí sí chomh maith le cruithneacht Achréidh
Dhá mbeadh talamh deas dúrabháin tirim ann thíos ansin le íochtar, ní bheadh cinniúint air le aghaidh swedes. Bhí siad agamsa anuraidh ansin thíos i nGarraí M. L., an togha go deo
'Sé an talamh dúrabháin an buachaill le aghaidh chuile rud: le aghaidh na cruithneachta agus na bhfataí, agus na dtornapaí, agus na dtorthaí, agus chaon tsórt. 'Sé talamh na beatha é. Mura bhfuil corrgheadán dúrabháin agat sa tír seo, tá tú in anchaoi. Do cheann fine ní choinneodh na taltaí eile leasaithe ná glanta
Mura bhfuil an domhain agus an triomach sa dúrabhán, ní fiú dhuit a rá go mbeidh aon mheaingeal air, is cuma cén leasú a ghabhfas air. Chonaic mé ansin thuas anuraidh agam iad sa nGarraí Páirteach …
Dúrabhán éadrom é. Ba cheart go dtabharfadh sé eorna maith go leor. Ach beidh plá shalachair inti cheapfainn
Ab í an scaineamháin sin thiar! Ní bheadh seasamh ar bith aici sin dhá dteagadh spalpadh mór fearacht na bliana anuraidh. B'fhearr dhuit a dhul in éadan an dúrabháin i mbliana. Cé méad bliain atá craiceann ar an bpáirc sin thuas agat
Dhá gcuirtheá daithín beag den dearg (feamainn dearg) air sin, bheadh togha tornapaí agat ann. Dúrabhán deas tirim é, mura bhfuil sé róspíonta
Níl a fhios agam faoi mo rí cén t-údar a mbuaileann maotháin chuile bhó a chuirim sa talamh sin thoir. Dheamhan a mbíonn coicís ann dóibh aon uair go mbíonn siad orthu. Shílfeá gur dúrabhán maith é, murab é a bhfuil d'uisce air atá dhá dhéanamh. Deir daoine go ndéanfadh sé é
Más dúrabhán fhéin é, tá sé sin ina stopóig. Beannacht Dé dhuit, tá sé chomh céireáilte agus nach dtarraingeofá do chosa as, tada leis
Tá an dúrabhán sin chomh huaibhreach, chomh séasúrach sin, agus nach maith go mbeadh a fhios agat céard ba cheart a dhéanamh leis. Ní fhéadfaidh mé a ligean amach chun báin ar aon chor
Má fhaigheann tusa dúrabhán deas tirim, nach mbeidh ródhubh críochnaithe, ní sháródh an saol é. Ach is beag den talamh sin atá anseo. Nuair a bhíos dúrabhán fhéin ann, bíonn sé rófhliuch nó ró-éadrom i gcónaí

dúrabhán in iontrálacha eile (4)

 
Teagann dallamullóg ar na caoirigh as béal éadain ann. Ach is suarach an t-ionadh sin. Tá sé an-fhliuch. Tá an cat mara ar an gcimín dúrabháin sin le dallamullóg, mura mbeidh sé an-tirim, agus sin caoi nach bhfuil an áit sin
 
dán
Dhá gcuirtheá leasú ar an ngarraí dúrabháin sin thíos le cladach agat, ní raibh sé ar dhánta na talúna ariamh aon swedes mar a bheadh ann. Ach is beag an mhaith an dearg (feamainn dearg). B'fhearr duit daithín feamainn dubh ná ar thug tonn ar thrá den dearg
 
danra
Chaith muid an bhliain ag achainí air an garraí thíos a chur. Bhí sé cóngarach agus soleasaithe. Dúrabhán atá ann agus ní iarrfadh sé ach daithín beag leasaithe le an-fhataí a thabhairt. Ach thug sé an chluais bhodhar dhúinn. An garraí seo thuas i mbarr an bhaile a bhí dhá chur thar bharr a chéille. An-dóigh fataí é, adeireadh sé. Níor chuir an t-aistear suas aon chúl air, ná an chréafóig chloch bheag a dteastaíonn riar maith uaithi lena leasú. Chuir sé é. Ní raibh ann ach screacháin (creacháin). Tabhair screacháin orthu. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
 
dóigh 1
Níl aon dóigh cruithneachta istigh ar do bhaile. Cá'il sé? Shílfeá go raibh an talamh dhúrabháin sin thíos agamsa chomh maith agus a bhí le fáil lena haghaidh, agus chonaic tú féin an cleas a rinne sí ann an bhliain cheana. Ní raibh ceo dhá barr ariamh agam nach síobhaisín beag nárbh fhiú do sheacht mallacht é. Ba í an díogha ceart í lá is nach ndrannfadh J. Ph. É. léithe agus é thart cheal údar poitín