feac
—Briathar
—
lúbadh nó cúbadh nó cromadh, go háirid faoin gcolainn.
+–
D'fheac sé a ghlúin {{= í a lúbadh; a dhul ar a ghlúine
Seo! Feac do ghlúin ag do pháidrín anois. Sé is goire do [do] leas = gabh ar na glúine go n-abruíomuid an paidrín
TUILLEADH (6) ▼
"Feac do ghlúin agus déan sléacht agus cuimhnigh cé a chuir iasc ar linn; Cuimhnigh gurb é Rí na nGrást a rug buadh ar Fhiannta Fhinn." "Má fheacaim mo ghlúin agus déanaim sléacht ní mar gheall ar do Dhia é … " (as "Argóinteacht Oisín agus Phádraig")
Sin gnás a bhí aice ariamh: gan a dhul thar an áit sin gan a glúin a fheacadh. Deir siad go raibh tobar beannuithe ann fadó
Is fadó an lá nar fheac sé a ghlúin i láthair Dé, ní dhá roinnt leis é = is fadó an lá nach raibh sé ag an Aifreann
An bhfuil tú indon do dhruim a fheacadh anuas rud beag go gcuirfidh mé é seo ort = a chromadh, a lúbadh
Feacfaidh sé é féin an t-Earrach seo, ní hionann agus ariamh. Tá an cúnamh imithe uaidh anois = lúbfaidh sé é féin; caithfidh sé obair a dhéanamh
Ní fhéadaim mo chois a fheacadh chor ar bith le pianta. Dúirt an dochtúr liom a bheith dhá haclú, ach tá a scéal breá go leór. Dhá mbeadh mo phiansa air, ba bheag an aclú a dhéanfadh sé deirimse leat.
·
Ní féidir filleadh ná feacadh a bhaint as; ní fhéadaim filleadh ná feacadh ag mo dhruím etc. (fc. fill)
Féach freisin
→
fill
feac in iontrálacha eile (50+)
→
cleite
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach breith ar Sheán Mh., idir chorp, chleite agus sciathán, a's é 'leagan istigh sa gcarr.
Ní chasfadh a' diabhal fóidín baic ar na h-íochtair fhliucha údaidh. Tá siad in a gcíb ar éigin as éadan. Fhobair mé feac a bhriseadh leo(b) indiu.
→
beann
Is geall le binn shléibhe é, ní bhainfeá filleadh ná feacadh as dá mbeadh gró agad in' éadan.
→
buail ar
Ní dhearna sí filleadh ná feacadh ach seál a bhuaileadh aniar ar a brághaid, a's bóthar abhaile a thabhairt di fhéin. Ó'n lá sin go dtí an lá seo, níor thaobhuigh sí an teach aige, ach sa mbaile abuil a h-athair a's a máthair.
Ní dhearna sé, filleadh ná feacadh ach breith air, a's é 'bhualadh anuas faoi'n talamh.
→
buail
Bhuail tuirse mé árd-trathnóna, a's dheamhan filleadh ná feacadh a bhí goir agham a dheanamh aige.
Bhí sé in a bhúilleach ag a' gcloich, ag iarraidh í 'chur isteach sa gclaidhe, a's dá mbeadh sé léithe ó shoin, ní bhainfead sé filleadh ná feacadh aisti, go dtáinic congnamh.
→
amach
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach a íoc amach as láimh = ní dheacha sé anonn ná anall leis, ach é íoc ar a' toirt boise
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul glan-ascartha amach as a' gcurra(igh) ar a' gcarraig, agus fanacht annsin, go dteagadh cabhair.
→
oscartha
Ní raibh goir agam filleadh ná feacadh a dhéanamh ag na fir mhóra ascartha a bhí fúm a's tarm.
→
fostaigh
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne J. ach a raibh d'airgead ar an gclár a fhastú, agus leigean leis fhéin amach. D'fhága sé an dream istigh gan pínn gan bonn
→
féith 1
Ná bac le M. Sbogán fir é sin. Ach sin fear a bhfuil féith ón tsinsir ann, P. Sin é a shean-athair déanta. Tá bunríocha aige mar bheadh feac láighe ann
→
iompair
Níl filleadh ná feacadh ionnam, ó shníomh mé mo dhruim ag iomchur málaí = níl mé indon mé fhéin a lúbadh etc.
+
→
fill
Ní fhéadaim filleadh ná feacadh ag mo dhruim = díriú ná cromadh; corraí chor ar bith
TUILLEADH (14) ▼
Níl filleadh ná feacadh ionam (agam) ó bhuail an phian seo san gceathrú mé = níl aon-chor ionam
A, tá mé gan filleadh ná feacadh le seachtain ag rúitín atá agam. Breathnuigh uirre sin (cois)! Nach bhfeiceann tú in a spól í
Tá faitíos orm go mbeidh mé scathamh eile muise gan filleadh gan feacadh. Tá lot dainnséarach orm
Tá sé gan filleadh gan feacadh anois le ráithe mór fada, ach léar (de réir) mar a iontóchas san leabaidh é
Ní raibh sé indon filleadh ná feacadh a bhaint as an gcloich = a corraí chor ar bith
Chaith mé uair leis an nglas sin aréir agus go deimhin má chaith féin níor bhain mé filleadh ná feacadh as. Is suarach an t-íonadh: cheal a choinneál acluithe
Rug an bheirt isteach ar a chéile, ach dhá mbeadh sé ag dul do Phádraig go deó dearg na díle, ní bhainfeadh sé filleadh ná feacadh as = cor ná car
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul anonn go dtí é agus a bhualadh ar an smaois = ní dhearna sé braiteóireacht ar bith; rinne sé maolabhrach é; rinne sé é gan stánadh ar bith
Ní dheárna J. Mór filleadh ná feacadh ach a theacht aníos ón teine agus an píosa dhá scilling a leag sé ar bhord an tsagairt a thógáil dhó aríst. "Bíodh agad, a shagairt" adeir sé. Mara nglaca tú dhá scilling, glacfaidh mé féin iad. Ach ní bhfuighidh tú aon-leathchoróin ar chuma ar bith
Ní dheárna sé filleadh ná feacadh ach fáisceadh ar a chapall agus isteach Gaillimh, nó gur tharraing sé "summonsachaí"
Feicfidh tú féin air anois nach ndéanfaidh sé filleadh ná feacadh go dteighe sé cho fada leis an deartháir agus go gceaduighe sé é. Sin é a níos sé i gcomhnaí
Bhain sé as gan filleadh gan feacadh go ndeachaidh sé go bearaic, agus go dtug sé anoir na póilíos. Marach sin 'ar ndú' d'fhuaródh an scéal ar an toirt. Ach ní raibh an ceann céanna ariamh gan a dhá dhíol luadair a bheith faoi
Níor chodail mé néal aige sin dhá fhilleadh agus dhá fheacadh féin i gcaitheamh na hoíche san leabaidh = ag iontú agus ag crapadh
Ara ní dhéanfá aon-chodladh in éineacht leis. Bíonn sé ag filleadh agus ag feacadh i gcomhnaí
Is mór an fleascach thú gan bhréig gan mhagadh má chinn ort an feac sin a chur san láighe. Is olc an aghaidh bean a thabhairt duit!
→
fuasaoid
Dúirt S. rud eicínt leis, agus ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul dhá fhuasaoid air (ar Sh.) leis an sagart. Sílim nach aon-bharr-shásamh a fuair sé ón sagart. Tháinig sé abhaile sách bréan dó fhéin ar chaoi ar bith
→
abair
Abair: "cearc uisce i bpoll uisce agus í slubarnaighil slabarnaighil. Cé a déarfadh naoi n-uaire é gan filleadh gan feacadh" (Abair naoi n-uaire é gan t'anáil a thabhairt leat!)
→
dairt
"Feac do ghlúin agus déan sléacht agus cuímnigh cé a chuir iasc ar linn; Cuímnigh gurb é Rí na nGrást a rug buadh ar Fhiannta Fionn; Bhí sé cho maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh siar; nó ag sníomh gádrachaí de ghaineamh trágha; Ná aon anam amháin dá bhfuil in Ifreann íochtair; A thabhairt as aríst go bráth" (As Argóinteacht Oisín agus Phádraig. Ó m'athair a thóig mé é).
→
danra
Sin é an fear is dan(d)ra a chonnaic mise i gcaitheamh an tsaoghail ariamh. Bhíomar thíos annsin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gludhadh (glaodhadh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sáthach tomhaiste. Bhí sé domhain go leor ins an oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mara raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat aca ann agus gan aghainne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuinneamh agus ag athchuinge air a thoidheacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach in a sheasamh annsin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba dan(d)ra é a chonnaic mé ó rugadh mé
→
deannach
Ná raibh Dia ag asail muise mara raibh sé ag baint deannaigh as ceathramhnaí an asail soir le fánaidh. Feac láighe a bhí aige agus níl aon-iarraidh dhá raibh sé a thabhairt ar na h-easnachaí dhó nach gcloisfeá go mín réidh socair thiar ag tigh Mh. "Tiubharfaidh mé ag an bpóilí tú" adeireadh sé, agus díocas air leis an bhfeac
→
deatach
Bhain mise deatach as a[...] ar maidin. Cheangail mé do'n ursain é, agus chuir mé taobhach air le'r bhuail mé air, le feac láighe. Feicfidh tú féin air go gcomhairleochaidh mise é, gan a dhéanamh aríst
+
→
deilbh 1
Cheannuigh sé feac deilbhthe indiu (deilthe; deilighthe?) = feac a bheadh snuighte amach, réidh le cur 'san láighe
TUILLEADH (3) ▼
Tá an feac seo deilbhthe anois le cur 'san láighe. Fagh an t-iarann. Ní fhágfamuid leithscéal ar bith agad gan a dhul ag réabadh craicinn amáireach
Caithfidh mé an feac a dheilbhiú beagán shul a fhéadfas mé a chur 'san láighe. Tá an bhróigín buille ro-fhairsing
Mara ndeilbhidh tú an feac sin roint ní ghabhfaidh sé 'sa sleaghán. Dar fiadh, is feac breagh teangmháilte é
+
→
deil 1
Dar fia tá deil san bhfeac seo. Fagh an t-iarann go gcuirtear isteach é. Go leige Dia do shlainte dhuit, beidh láighe shlachtar agam de do bharr. Anois b'fhéidir! Chugad a gharraí!
TUILLEADH (1) ▼
An mar sin atá tú! Níor leag tú aon-láimh ar an bhfeac fós agus gur shíl mise go mbeadh deil agad ann faoi seo. Sílim go bhfuil drugal ort an láighe a chur isteach le faitíos roimh an Earrach. Do leithide de scrománach luath láidir!
→
dia 1
Ná raibh Dia le mádraí muise mara bhfuair siad faoin mbalcais ar maidin uaimse é. D'oscail mé an doras gur leig mé isteach iad, agus annsin dhúin mé é, agus fuair mé feac láidhe!
+
→
diaidh
Is fhearr dhuit an láighe a chur ins an talamh indiaidh a feac agus ní indiaidh a h-iarainn. Coinneochaidh sí an ghreim ar an gcaoi sin.
TUILLEADH (1) ▼
Chinn air aon-deoch a fháil in aon-teach ins an tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh ins an áirdeall orra. Tháinic sé abhaile agus chuir sé na buinn le teine. Ba ghearr go dtáinic M. Bh. isteach agus d'innis sé dhó faoi'n gcaoi ar chinn air aon-deoch a fháil. "'Chuile sheans go bhfuil siad ag leigean isteach daoine faoi seo" adeir M. Bh. "ní mhaireann an daol sin ach tamall." Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaol a mhainge. Ina dheidh sin féin nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
→
Diarmaid
Nó go ndéanaidh Dia dearmad dó, daidhean sluasaid a gheobhas sé uaimse aríst ná cuid de shluasaid. Is dathamhail an scéal é, an feac a bhriseadh innte, agus gan fad méire ag gabhail liom ach í
→
drad
Bhí tigh Sh. líonta go drad. Ní fhéadfá filleadh ná feacadh a dhéanamh ann. Is dóigh gur dhíol sé an domhan bráthach óil indiu. Bhí an-mhathsluagh ann
+
→
déan 1
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach siubhal anonn aige agus a bhualadh
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach eirghe agus a dhul abhaile (fc. filleadh, feacadh)