Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiann, An Fhéinn
Geiniúnach Uathaidh: na Féinne
Ainmneach scaití: An Fhiann .i. "ní mar gheall ar do Dhia é, ná mar gheall ar Fhionn ná'n Fhiann gan a bheith beó" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
Uimhir Iolraidh: na Fianna; na Fiannta .i. "na Fiannta(bh) Éireann", ach "an Fhéinn" mar shluagh ainm .i. "na seacht gcatha breá a bhí ar an bhFéinn".
na saighdiúir a bhí ag Fionn Mhac Umhail.
+
Mharódh an poitín siúd na Fianna bhí sé cho láidir sin
Na Fianna(bh) Éireann ní bhfuigheadh an láimh in uachtar air siúd
TUILLEADH (4) ▼
"Cuimhnigh gurb é Rí na nGrást a rug buadh ar Fhiannta Fínn" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
"B'fhearr É (Dia) in aon lá ná Fiannta(bh) Éireann ar feadh an tsaoil" (ditto)
Ba é an Craosach Dearg sleagh na bhFiann (as scéal a chuala mé é)
Tá féith ó na Fianna in Patch. Go deimhin tá. Is furasta aithinte ar an dá chaol láimhe atá aige é bail ó Dhia air! = tá sé ag dul i gcosúlacht le na Fianna idtaobh spreacadh; tá dúchas na bhFiann ann
+
Ní chorródh seacht gCatha na Féinne as siúd é = duine nó rud a bheadh daingean do-chorruithe
Dhá mbeinn leis ó shoin ní bhainfinn feannc as. Ní bhainfeadh ná seacht gCatha na Féinne. Tá sé in aon-tulóig amháin agad!
TUILLEADH (1) ▼
Bail ó Dhia ar do chuid gróití in éadan na cloiche sin. Dheamhan seacht gcatha na Féinne a bhainfeadh aon-ionntú aisti, tá sí cho geanntáilte sin ann. Mara gcuire "blast" as í. Níor mhóir di sin cheithre channda
+
"Na seacht gCatha breá a bhí ar an bhFéinn"
Ba é Oscar an fear ab fhearr a bhí ar an bhFéinn agus sén t-ainm a thugadh Conán in a dheidh sin air an Laighneach Leath-mhagairleach. Graiscín ceart a bhí in Conán
TUILLEADH (4) ▼
Níl duine ar an bhFéinn aca nach mara chéile atá = ar an bhfeáin (deirtear "féinn" in áit "feáin" scaití san leagan seo fc. "feáin")
Sé an fear is measa liom ar an bhféinn é
Thairg sé fear ar bith dhá raibh ann a "thraíáil". Ach diabhal thiomanta duine ar an bhféinn aca a ghabhfadh leis in a dhiaidh sin. Nach deacair dhuitse a rá anois nachar dhona na sbogáin fhir iad sin!
Níl mac ar an bhféinn aige a bhainfinn as margadh. Cuid den mhuic an drioball. Tá an braoinín salach ionta fré na chéile
+
Leágha na bhFíann (/v′īn/) ní leigheasfadh an té a mbeadh cancar air = ní féidir a leigheas
Deirim leat dheamhan leágha na bhFiann a leigheasfas í, má tá an cailín siúd in a crioslaigh. Ná bac thusa le na dochtúir. Déarfaidh siad sin rud ar bith leis an airgead a mhealladh uait
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanfadh leágha na bhFiann aon-mhaith don ghalra sin go dtuga sé a sheal. Caithfidh sé a sheal a thabhairt agus imeóidh sé uaidh fhéin annsin
+
Tá sé ar dheireadh na Féinne (fc. deireadh)
Tá tú in t'Oisín indiaidh na Féinne = duine fágha in a chadhan aonraic idteach a mbeadh an mhuirín ar fad scaiphe nó básuithe; teach d'fhuighleach baile agus rl.
TUILLEADH (1) ▼
Tá Seán anois in a Oisín indiaidh na Féinne. Níl beó dhá raibh ann ach é féin

Féach freisin

fiann in iontrálacha eile (23)

 
feanc
É sin riu! Tá sé in aon-tulán amháin, agus ní bhainfeadh seacht gCatha na Féinne feanc as
 
fóir
"An bhfuil fionnuardas ná fóirínt le fáil agam ar an bpian", adeir Oisín le Pádraig. Agus aríst dúirt sé: "Dhá mba é toil do Thiarna é beagán fóirínte d'anamnacha na bhfianna ón bpéin"
 
Dhá gcuirtheá slat ar pharráiste, ní bhfuightheá a leithide de chlifeartach sa méid sin. Tá féith ó na Fianna(bh) Éireann ann, a's chomh mór a's tá sé.
 
Deir siad gur iomchuir sé fothlach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheadhchain abhaile ó'n S. thrídh chíocraí a's thrídh bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndeárna sé gníomh mar sin.
 
buail
Bhuail na Fianna tír i gcrích Lochlainn.
 
aire
Ghoidfeadh cuid de na daoine í, a's bíodh seacht gcatha na Féinne in a cíonn, a' tabhairt aire dhi.
 
Sin é Oisín indiaidh na Féinne. 'Sé ar fhága an anachain ar an ál = sin é an ceann deireannach déigheannach, agus níl beo de'n ál ach é anois.
 
'Dhá bhfaghainnse mé fhéin ar a' gcolainn aríst' adeir a' cloigeann 'leagha na bhFiann, ní bhainfeadh anuas mé' (as scéal fiannuidheachta — is minic 'na 'sheoraidhe' i scéalta é.)
 
M'anam gur Fiannaí mór é. Ó L. a thóg sé uilig iad. Ní raibh cinneadh go deó le L. Ní raibh aon-dhuine de sheacht gCatha na Gnáth Fhéinne dhá raibh i bhFormaoil na bhFiann nach raibh sé indon a innseacht amach indiaidh a chéile. Déarfá go raibh meabhair chinn aige
+
Fionn 1
D'imigh Fionn agus na Fianna = tá an dream sin básuithe, sean-bhásuithe; tá an mhaith nó an saol sin imithe anois
TUILLEADH (3) ▼
Bhí siad sin láidir. Níl a leithidí ann anois. Is fada go ngabhfadh daoine síos Gaillimh ar chíollacan anois. (céallacan). Dheamhan é dhá naomhthaí iad. D'imigh Fionn agus na Fianna a mhic ó
Sea bhí pórtar ar dhá phínn, agus tobac ar thrí pínne, agus punt tae ar cheithre buínn. Ach d'imigh an saol sin. D'imigh Fionn agus na Fianna freisin
B'ait iad na sean-unndúirí go ndéanaidh Dia maith orra! Bhuailidís griosáil ar a chéile scaití, nuair a bheadh braoinín ar bord aca ach ní bheadh aon-chuímne air lár na mháireach. Dheamhan gangaide ná aicís a bhí ionta. Bhí siad go maith lá an anshógh. Á is cóir adeir siad gur imigh Fionn agus na Fianna
 
Ní choinneochadh na Fianna Éireann leis agus an t-ionnsuidhe a bhí faoi.
 
Leágha na bhfiann ní fhuasclódh (ní leigheasfadh) é más canncar atá air, agus sé a chosúlacht gurb ea. Tá an phian síorraí san ngiodán céanna, agus í ag neartú
 
Measaim go bhfuil an capall sin aige sáthach daighceamhail. Bhí siad thíos annsin an lá faoi dheire agus chaith siad uair an chluig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aice, ach in a staic i lár an gheata. Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corruighe. Is diabhlaidhe contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
+
'Sé deireadh na Féinne é = Oisín indiaidh na Féinne é; muirín a bhánóchaí go dtí duine nó beirt, nó baile go dtí teach, nó ál éan go dtí éan amháin agus rl.
TUILLEADH (5) ▼
Smál eicínt a bhí orra sin. Tá sé sin anois ar dheireadh na Féinne. Níl an deoraidhe eile aca 'san gcomhaireamh ceann, th'éis go raibh dháréag aca ann
Is mise deireadh na Féinne anois. Dhealuigh a raibh de thighthe eile ann uaim síos go bóthar. Tá mé liom féin anois ar bharr an bhaile
'Sí deireadh na Féinne anois an chearc sin. Níl fágtha agam dhá raibh de chearca agam ariamh ach í féin. Agus ní bheidh sí sin fhéin i bhfad ann má fhaghann sé siúd aon-leigean uirre. Bhí chúig cinn fhichead aca agam dhá bhliain ó shoin. Sin í an chreach agus an chreach nachar roinneadh
Chonnaic mise dhá theach déag annsin 'san am a raibh mé mo bhuachaill ag an S., agus níl ann indiu ach G. Tá sé ar dheireadh na Féinne … Ghread an chuid eile leo go Meiriocá, agus chuaidh scaipeadh orra ar 'chuile chaoi. Ba deacair a gcur idtoll a chéile indiu
Tá an bheirt sin anois ar dheireadh na Féinne. Bhuail díleághadh eicínt an chuid eile. Cailleadh iad ó dhuine go duine. Bhí ráidhte gurb é an teach nua a rinne é. D'athruigh siad amach aríst i sean-scioból agus dheamhan imeacht a tháinig ar aon-duine aca ó shoin. Ach is beag an chreach atá ann anois go bhfóiridh Dia orainn, ar scáth beirt
 
Teirigh roimhe in am: sin é a bhfuil le déanamh agad. Má theagann sé isteach aon-oíche agad agus lorg óil air, tabhair an tsráid amach aríst dó. 'Sé a dhéanamh leis é. Má thugann sé faoi deara dhó fhéin tosaighe ag ól, leagha na bhFiann ní choinneochadh uaidh é