fiann, féinn
—ginideach uatha: na Féinne
—ainmneach scaití: an Fhiann .i. "ní mar gheall ar do Dhia é, ná mar gheall ar Fhionn ná an Fhiann gan a bheith beo" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
—
na saighdiúir a bhí ag Fionn Mhac Cumhaill.
+–
Mharódh an poitín siúd na Fianna bhí sé chomh láidir sin
Na Fiannaibh Éireann ní bhfaigheadh an láimh in uachtar air siúd
TUILLEADH (4) ▼
"Cuimhnigh gurb é Rí na ngrást a rug bua ar Fhiannta Finn" (as Argóinteacht Oisín agus Phádraig)
"B'fhearr é (Dia) in aon lá ná Fianntaibh Éireann ar feadh an tsaoil" (ditto)
Ba é an Craosach Dearg sleá na bhFiann (as scéal a chuala mé é)
Tá féith ó na Fianna in Patch. Go deimhin tá. Is furasta a aithinte ar an dá chaol láimhe atá aige é bail ó Dhia air! — tá sé ag dul i gcosúlacht le na Fianna i dtaobh spreacadh; tá dúchas na bhFiann ann
+–
Ní chorródh seacht gcatha na Féinne as siúd é — duine nó rud a bheadh daingean dochorraithe
Dhá mbeinn leis ó shin ní bhainfinn feanc as. Ní bhainfeadh ná seacht gcatha na Féinne. Tá sé in aon tulóig amháin agat!
TUILLEADH (1) ▼
Bail ó Dhia ar do chuid gróití in éadan na cloiche sin. Dheamhan seacht gcatha na Féinne a bhainfeadh aon iontú aisti, tá sí chomh geantáilte sin ann. Mura gcuire blast as í. Níor mhóir di sin cheithre chanta
+–
"Na seacht gcatha breá a bhí ar an bhFéinn"
Ba é Oscar an fear ab fhearr a bhí ar an bhFéinn agus 'sé an t-ainm a thugadh Conán ina dhiaidh sin air, an Laighneach Leathmhagarlach. Gráiscín ceart a bhí in Conán
TUILLEADH (4) ▼
Níl duine ar an bhFéinn acu nach mar a chéile atá — ar an bhfeadhain. Deirtear féinn in áit feadhain scaití sa leagan seo; fc. feadhain
'Sé an fear is measa liom ar an bhFéinn é
Thairg sé fear ar bith dhá raibh ann a thraíáil. Ach diabhal thiomanta duine ar an bhFéinn acu a ghabhfadh leis ina dhiaidh sin. Nach deacair dhuitse a rá anois nár dhona na spogáin fhir iad sin!
Níl mac ar an bhFéinn aige a bhainfinn as margadh. Cuid den mhuic an drioball. Tá an braoinín salach iontu fréna chéile
+–
Leagha na bhFiann (/v′īn/) ní leigheasfadh an té a mbeadh cancer air — ní féidir a leigheas
Deirim leat dheamhan leagha na bhFiann a leigheasfas í má tá an cailín siúd ina crioslaigh. Ná bac thusa le na dochtúir. Déarfaidh siad sin rud ar bith leis an airgead a mhealladh uait
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhéanfadh leagha na bhFiann aon mhaith don ghalra sin go dtuga sé a sheal. Caithfidh sé a sheal a thabhairt agus imeoidh sé uaidh fhéin ansin
+–
Tá sé ar dheireadh na Féinne (fc. deireadh)
Tá tú in t'Oisín i ndiaidh na Féinne — duine fágtha ina chadhan aonraic i dteach a mbeadh an mhuirín ar fad scaipthe nó básaithe; teach d'fhuílleach baile srl.
TUILLEADH (1) ▼
Tá Seán anois ina Oisín i ndiaidh na Féinne. Níl beo dhá raibh ann ach é féin
fiann in iontrálacha eile (34)
→
fóir
"'An bhfuil fionnuartas ná fóirithint le fáil agam ar an bpian,' adeir Oisín le Pádraig. Agus aríst dúirt sé: 'Dhá mba é toil do Thiarna é beagán fóirithinte d'anamnacha na bhFianna ón bpéin'"
Dhá gcuirtheá slat ar pharóiste, ní bhfaightheá a leithide de chlifeartach sa méid sin. Tá féith ó na Fianna Éireann ann agus chomh mór agus atá sé.
→
corradh
Deir siad gur iompar sé folach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheáchain abhaile ón S. thrí chíocraí agus thrí bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndearna sé gníomh mar sin.
+
→
beo 1
Leagha na bhFiann ní dhéanfadh beo aríst é; ní dhéanfadh dochtúirí na hairí beo aríst é.
TUILLEADH (1) ▼
Má chailltear tú aon uair amháin, leagha na bhFiann ní dhéanfadh beo aríst thú.
+
→
buail
Bhuail na Fianna tír i gcrích Lochlainn
TUILLEADH (1) ▼
Má tá sé buailte ag an gcailín siúd (.i. eitinn) leagha na bhFiann ní chuirfeadh as a chrioslaigh í
→
buille
Ní fheicfidh tú aon bhuille sa mbéim ionam níos mó. Leagha na bhFiann ní leigheasfadh mé anois.
→
aire
Ghoidfeadh cuid de na daoine í agus bíodh seacht gcatha na Féinne ina cionn ag tabhairt aire dhi.
+
→
anachain
Sin é Oisín i ndiaidh na Féinne. 'Sé ar fhága an anachain ar an ál — sin é an ceann deireanach déanach, agus níl beo den ál ach é anois.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan anachain ar bith ann ach caint. Má tá an rud ag dul duit, fanfaidh sé agat (mairfidh sé) agus mura bhfuil, leagha na bhFiann ní choinneodh beo é. (Tabhair faoi deara go bhfuil an dá chuid den chaint in aghaidh a chéile anseo. Sa gcéad chuid dúirt sé nach raibh aon anachain ann agus sa darna cuid, bhréagnaigh sé sin aríst)
'Dhá bhfaighinnse mé fhéin ar an gcolainn aríst,' adeir an cloigeann, 'leagha na bhFiann ní bhainfeadh anuas mé' (as scéal fiannaíochta — is minic ina sheoraí i scéalta é.)
→
fiannaí
M'anam gur fiannaí mór é. Ó L. a thóg sé uilig iad. Ní raibh cinneadh go deo le L. Ní raibh aon dhuine de sheacht gcatha na gnáthFhéinne dhá raibh i bhFormaoil na bhFiann nach raibh sé in ann a inseacht amach i ndiaidh a chéile. Déarfá go raibh meabhair chinn aige
+
→
Fionn 1
D'imigh Fionn agus na Fianna — tá an dream sin básaithe, seanbhásaithe; tá an mhaith nó an saol sin imithe anois
TUILLEADH (3) ▼
Bhí siad sin láidir. Níl a leithidí ann anois. Is fada go ngabhfadh daoine síos Gaillimh ar chíolacan (céalacan) anois. Dheamhan é dhá naomhthaí iad. D'imigh Fionn agus na Fianna a mhic ó
Sea, bhí pórtar ar dhá phínn, agus tobac ar thrí pínne, agus punt tae ar cheithre boinn. Ach d'imigh an saol sin. D'imigh Fionn agus na Fianna freisin
B'ait iad na seanfhondúirí go ndéana Dia maith orthu! Bhuailidís greasáil ar a chéile scaití nuair a bheadh braoinín ar bord acu, ach ní bheadh aon chuimhne air lá arna mhárach. Dheamhan gangaide ná aicis a bhí iontu. Bhí siad go maith lá an anó. Á, is cóir adeir siad, gur imigh Fionn agus na Fianna
→
fuascail
Leagha na bhFiann ní fhuasclódh (ní leigheasfadh) é más cancer atá air, agus sé a chosúlacht gurb ea. Tá an phian síoraí sa ngeadán céanna, agus í ag neartú
Ansin, slán an tsamhail, i gcaol an droma a sádh é. Dhá dtéadh sé ionga eile isteach, bhí sé thrína chuid aobha agus leagha na bhFiann ní leigheasfadh é. Is maith a chuaigh sé as
Measaim go bhfuil an capall sin aige sách daidhciúil. Bhí siad thíos ansin an lá faoi dheireadh agus chaith siad uair an chloig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aici, ach ina staic i lár an gheata. Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corraí. Is diabhlaí contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
+
'Sé deireadh na Féinne é — Oisín i ndiaidh na Féinne é; muirín a bhánófaí go dtí duine nó beirt, nó baile go dtí teach, nó ál éan go dtí éan amháin srl.
TUILLEADH (5) ▼
Smál eicínt a bhí orthu sin. Tá sé sin anois ar dheireadh na Féinne. Níl an deoraí eile acu sa gcomhaireamh ceann, théis go raibh dháréag acu ann
Is mise deireadh na Féinne anois. Dhealaigh a raibh de thithe eile ann uaim síos go bóthar. Tá mé liom féin anois ar bharr an bhaile
'Sí deireadh na Féinne anois an chearc sin. Níl fágtha agam dhá raibh de chearca agam ariamh ach í féin. Agus ní bheidh sí sin fhéin i bhfad ann má fhaigheann sé siúd aon ligean uirthi. Bhí chúig cinn fhichead acu agam dhá bhliain ó shin. Sin í an chreach agus an chreach nár roinneadh
Chonaic mise dhá theach déag ansin san am a raibh mé mo bhuachaill ag an S., agus níl ann inniu ach G. Tá sé ar dheireadh na Féinne … Ghread an chuid eile leo go Meiriceá, agus chuaigh scaipeadh orthu ar chuile chaoi. Ba deacair a gcur i dtoll a chéile inniu
Tá an bheirt sin anois ar dheireadh na Féinne. Bhuail díleá eicínt an chuid eile. Cailleadh iad ó dhuine go duine. Bhí ráite gurb é an teach nua a rinne é. D'athraigh siad amach aríst i seanscioból agus dheamhan imeacht a tháinig ar aon duine acu ó shin. Ach is beag an chreach atá ann anois go bhfóire Dia orainn, ar scáth beirt
→
diocach
Ní cheannódh aon duine beo í ach é féin. Bhí sí ina giocach thoir ansiúd le claí agus gan an ceannaitheoir féin ag breathnú sa taobh a raibh sí. Tháinig sé aniar agus bhuail sé fúithi. Diabhal mé go bhfuair sé ar amhrán í. Nach ait a scinn sí amach ina dhiaidh sin. 'Sé an chaoi a bhfuil sé, má tá an beithíoch ag dul duit, níor mhiste dhuit dá mbeadh sé ar a chailleadh ach éireoidh sé. Mura bhfuil, ní choinneodh leagha na bhFiann beo é
Má fhaighim aon phléisc amháin ort ar dhroichead na smaoise, leagha na bhFiann ní dheasóidh aríst í
Cén áit sa mí-ádh a dtabharfadh do chosa thú amach chun criathraigh i lár an dubhgheimhridh. Má thugann tú S. C. ort féin anois, báite i gcaochpholl a gheofar thú. Ní shiúlfadh na fianna an sliabh anois
→
déidín
Dhá bhfágtaí capall rófhada gan rud le n-ithe, thitfeadh déidín aici. Thit déidín ag capall le N. Th. fadó an lá. 'Sé mo ghéarchuimhne iad a fheiceáil thuas ina héadan sa gcró. Bhí chuile dheis acu léithe, ach chinn orthu ina dhiaidh sin. Bhí an giall craptha ar fad, agus as sin ní fhágfadh sé. Leagha na bhFiann ní dhéanfadh aon mhaith di … is cosúil gur fágadh rófhada ina troscadh í, ainneoin go mba set(dream) iad a thugadh an-ghiollaíocht don rud a bhíodh acu. Ach rinneadh éagóir uirthi ar chuma eicínt — rinneadh sin
→
téigh do
Tá sé ina luí ansiúd ag osnaíl agus ag éagaoineadh, agus leagha na bhFiann ní dhéanfadh amach céard atá ag dul dó. Sílim féin nach bhfuil air ach neart dhíomhaointis agus ealaín
Téirigh roimhe in am: sin é a bhfuil le déanamh agat. Má theagann sé isteach aon oíche agat agus lorg óil air, tabhair an tsráid amach aríst dó. 'Sé a dhéanamh leis é. Má thugann sé faoi deara dhó fhéin tosaí ag ól, leagha na bhFiann ní choinneodh uaidh é