Fleascach
—Ainmfhocal, Fireann
—Tuiseal Gairmeach: a fhleascaigh (/ə l′asɡə/). Tá an gairmeach an-choitianta i gcaint. Is minice fleascach i gcaint an Achréidh ná Chonamara anois (mar ainmneach), ach tá sé tréan go maith fós is gach uile áit)
1.
buachaill nó cailín ag teannadh leis an scór nó ó chúig bhliana déag go dtí bliain agus fiche nó mar sin.
+–
Liam! M'anam gur fleascach maith é = buachaill óg atá go maith ag obair etc
Tá fleascaí(gh) maithe aige. An-rúpálaí oibre iad! Ní mór dóibh sin ar a shon seisean
TUILLEADH (7) ▼
An uair dheireadh a bhfaca mise é, ní raibh ann ach gasúr, ach tá sé suas in a fhleascach anois: fleascach slachtar de bhuachaill
Cé hé an fleascach de bhuachaill óg sin a bhí in éindigh leat, bail ó Dhia ort?
Is diabhlaí an fleascach fir atá sé a dhéanamh le goirid
Tá fleascach d'inín aige cho slachtar agus a d'iarrfá a fheiceál
Cé leis an fleascach mná sin siar?
Tá fleascach d'fhear óg aige anois. Is gearr go mbeidh sé siúd indon tuí shrathair a bhualadh air
Is dona an fleascach thú, mara raibh tú indon an Domhnaillín sin a leagan. Déarfaidh mé le t'athair an chéad-uair eile a bhfeicfidh mé é gan aon-arán "bocstaí" a thabhairt duit níos mó! Sin é atá de do choinneál siar
2.
a.
duine aerach nó bainte.
·
Fleascach aerach go maith é sin. Ní tada eile é. Tá sé dealuithe leis chuile phuinnte a bhfuighidh sé an dóigh. Damhsaí! Deile!
Nach hé an fleascach é atá bainte amach! A dhul siar chuig céilídh go dtí an Ch. R. Nar mhaire sé a cheird muis!
b.
beitheach a bheadh meanmnach, contráilte, bradach, macnasach, nó tugharach do theasbach nó d'fhíbín.
+–
Sin fleascach de bhó! Ní mian léithe duine ar bith a leigean dhá bleán, agus nuair a tháilfeas sí fhéin, ní móide go dtiúrfadh sí leath bainne dhuit
Nach diabhlaí an fleascach d'asal é má tá sé leighe leis fhéin aríst.
TUILLEADH (1) ▼
Tá capall aige agus ní tada í ach fleascach. Níl sí indon carr a thabhairt in aistreán ar bith dhá fhánaí, nach bhfuil sí tuithe leis an truisle atá inte. Ní bheidh lá sása(imh) aige uirre go deó go ndíola sé í
3.
"cailleach", "cladhaire", duine místuama nó duine a bheadh ciotach nó tuatúil ag déanamh rud; pleib, bobarún.
a.
+–
Is tú an fleascach! Nach diabhlaí nach ndéanfá é, má tá do láimh ann, agus gan a bheith ag putráil leis mar sin. Tá tú cho místuama agus a bheadh bó imbuidéal!
Níl ann ach fleascach, mara leigeadh an mhisneach dó bualadh faoin méid sin! Más mé féin nach bhfuil deaslámhach chor ar bith, chuirfinn doras ar an gcró sin.
TUILLEADH (4) ▼
Ná leig é sin suas ag déanamh na cruaiche. Níl ann ach fleascach. Beidh dronn soir agus dronn siar uirre in a dhiaidh — agus 'chuile dhronn ach an dronn ceart.
Níl ann ach fleascach timpeall ar "bhicycle". Milleann sé 'chuile shórt agus ní leasaíonn sé tada
Fleascaigh bradacha atá istigh ar an mbaile sin. Bhí sé cho maith dhuit a dhul ag ceartú do scéal do mhúille le dhul dhá cheartú dóibh sin
Is mór an fleascach thú gan bhréig gan mhagadh má chinn ort an feac sin a chur san láighe. Is olc an aghaidh bean a thabhairt duit!
b.
+–
Anois a fhleasca(igh) leag air! = anois a "chailleach", a "chladhaire", a dhiabhail!; déarfaí le duine é a bheadh i muinín a chroí agus a chruite in éadan obair sháruithe .i. ag caraíocht, ag iarraidh beart a árdú, ag iarraidh marcaíocht a bhaint d'asal nó de chapall, ag rith indiaidh duine eile, ag bualadh báire nó peile, ag argóinteacht agus rl.
Ara a fhleascaigh cár fríodh thú chor ar bith! Cuimnigh ar t'athair! Ab shin é a bhfuil de mhaith ionad?
TUILLEADH (5) ▼
Anois a fhleascaigh deasuigh isteach faoi agus tabhair cor coise dhó!
Bain as a fhleascaigh agus bí ag an mbóthar roimhe!
Ná leig uait é a fhleascaigh, nó go mbeire mise air!
Fáisc ar marcaíocht (maircíocht, adeirtear) air a fhleascaigh!
Rith a fhleascaigh, agus tabhair scéala dó seo thuas!
+–
Buachaill a fhleascaigh! Ciceáil chuig S. í. (liathróid pheile)
Buachaill a fhleascaigh! Coinnigh leis iad ag bun an bhalla = mo chuach thú! Coinnigh an liathróid "ailí" buailte ar íochtar an bhalla
TUILLEADH (2) ▼
Buachaill a fhleascaigh! Sin é an chaoi le boc a thabhairt di (liathróid bháire)
Tá sé in am agad rud eicínt a dhéanamh. Bhíomar ag leigean uisce isteach. Cáil do chíonán anois le lomadh? Buachaill a fhleascaigh! Fáinne óir ort annsin!
Fleascach in iontrálacha eile (21)
→
fáinne
Ná leig ón méir anois é. Ionntuigh é a fhleascaigh … fáinne óir ort! Tá muid fhéin cluiche = d'ionntuigh sé an chúig
→
fána
Fan amach uatha a fhleascaigh! Leigfeamuid le fánaidh ón ngaoith í, nó tiúrfaidh an Chorainn timpeall í
→
fonn
Croch suas strionncán fuínn a fhleascaigh! … Ara éist anois … Cho maith agus nach bhfuil aon-amhrán agad! Tá lán mála agad agus sriogán (sreangán) cuachóige air!
→
fonnmhar
Leag ort fhéin anois a fhleascaigh. Scar amach í (móin) go beo deifreach. Is maith fonnmhar a ghabhfá amach go barr scarha dhá mbeadh bean rómhat amuigh ann!
+
→
fuil 1
Ná leig do chuid fola leis a fhleascaigh = ó thárla gur bhuail seisean thusa, bain thusa díoltas amach thú fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta aithinte nach bhfuil aon-fhuil ionad. Dhá mba liomsa adéarfadh sé é, speirfinn é. Ara beir ar chloich a fhleascaigh, agus cuir báite in a bhaithis í
Cas amach é (súgán). Cuir fuinneamh ann a fhleascaigh! Nach bhfuil sé cho bog le gruth agad.
→
fuis
Th'anam ón diabhal tú a fhleascaigh ná caill go deó é! Bíodh teacht i láthair fir ionnad, agus seas amach roimpe seo anoir, agus cuir fuis uirre. Má thugann sí aon-taithneamh dhuit, tá an báire leat
Daingnigh ort a fhleascaigh nó go bhfuagruighidh mise ort stopadh … Hó teaga leis. Ba cheart go ndéanfadh sin cúis anois
Tabhair an dara thairt dó a fhleascaigh! An bhfuil fuil ar bith ionnad. Má tá an sramacháinín sin ag cínnt ort, is mairg a bheadh de do bheathú!
→
dearna
Má imigheann tú ar do dhearnachaí siar ins na raithneachaí, dheamhan a bhfeicfidh sé dhíot. Cuir bealadh faoi t'ioscadaí nó beidh sé in do mhullach. Corruigh leat a fhleascaigh!
→
dol 2
Cuir dol den cheann téide sin ar an gcloich sin thuas ar an gcala. Daingnigh thairis sin í a fhleascaigh! An síleann tú gur asal atá san mbád! Ní chorródh asal b'fhéidir, ach corróidh an bád
→
déan 1
Déanfaidh tú fós é ach ná leig dó cor coise a chur ionnad, a fhleascaigh! (leagfaidh tú fós é)
→
dóigh 3
Dóigh é a fhleascaigh, dóigh é. Cé leis a ndeachaidh tú chor ar bith. Shíl mé go raibh rath eicínt ort thairis sin. Beidh sé "ins an mbaile" shul a bhéas an liathróid caithte agad. Tá cor tuaithbheall in do láimh. Chlis tú go dona air!
→
téigh ar
Cheal nach bhfuil de rath leat ach sin a fhleascaigh, th'éis an aire atá mé a thabhairt duit. Tá dul ort. Déanfaidh malrachán a bhfuil dhá bhliain agad air puca dhíot, déanfaidh sin
→
téigh le
Níl a fhios agam cé leis a ndeachaidh tú chor ar bith le go mbeitheá in do fhleascach mar atá tú. Is deas puinteáilte an bhean í do mháthair, agus ní taise do t'athair é: tá sé sáthach gusamhail len a rogha gnatha a dhéanamh