fleascach
—ainmfhocal, fireann
—tuiseal gairmeach: a fhleascaigh (/ə l′asɡə/). Tá an gairmeach an-choitianta i gcaint. Is minice fleascach i gcaint an Achréidh ná Chonamara anois (mar ainmneach), ach tá sé tréan go maith fós i ngach uile áit
1.
buachaill nó cailín ag teannadh leis an scór nó ó chúig bhliana déag go dtí bliain agus fiche nó mar sin.
+–
Liam! M'anam gur fleascach maith é — buachaill óg atá go maith ag obair srl.
Tá fleascaigh maithe aige. An-rúpálaí oibre iad! Ní mór dóibh sin ar a shon seisean
TUILLEADH (7) ▼
An uair dheiridh a bhfaca mise é, ní raibh ann ach gasúr ach tá sé suas ina fhleascach anois: fleascach slachtmhar de bhuachaill
Cé hé an fleascach de bhuachaill óg sin a bhí in éindí leat, bail ó Dhia ort?
Is diabhlaí an fleascach fir atá sé a dhéanamh le gairid
Tá fleascach d'inín aige chomh slachtmhar agus a d'iarrfá a fheiceáil
Cé leis an fleascach mná sin siar?
Tá fleascach d'fhear óg aige anois. Is gearr go mbeidh sé siúd in ann tuí shrathair a bhualadh air
Is dona an fleascach thú mura raibh tú in ann an Dónaillín sin a leagan. Déarfaidh mé le t'athair an chéad uair eile a bhfeicfidh mé é gan aon arán bacstaí a thabhairt duit níos mó! Sin é atá de do choinneáil siar
2.
a.
duine aerach nó bainte.
·
Fleascach aerach go maith é sin. Ní tada eile é. Tá sé dealaithe leis chuile phointe a bhfaighidh sé an dóigh. Damhsaí! Deile!
Nach é an fleascach é atá bainte amach! A dhul siar chuig céilí go dtí an Ch. R. Nár mhaire sé a cheird muis!
b.
beathach a bheadh meanmnach, contráilte, bradach, macnasach, nó tugtharach do theaspach nó d'fhíbín.
+–
Sin fleascach de bhó! Ní mian léithe duine ar bith a ligean dhá bleán, agus nuair a thálfas sí fhéin, ní móide go dtabharfadh sí leath bainne dhuit
Nach diabhlaí an fleascach d'asal é má tá sé ligthe leis fhéin aríst.
TUILLEADH (1) ▼
Tá capall aige agus ní tada í ach fleascach. Níl sí in ann carr a thabhairt in aistreán ar bith dhá fhánaí nach bhfuil sí tite leis an truisle atá inti. Ní bheidh lá sásaimh aige uirthi go deo go ndíola sé í
3.
cailleach, cladhaire, duine místuama nó duine a bheadh ciotach nó tuatúil ag déanamh rud; pleib, bobarún.
a.
+–
Is tú an fleascach! Nach diabhlaí nach ndéanfá é, má tá do láimh ann, agus gan a bheith ag potráil leis mar sin. Tá tú chomh místuama agus a bheadh bó i mbuidéal!
Níl ann ach fleascach mura ligeadh an mhisneach dó bualadh faoin méid sin! Más mé féin nach bhfuil deaslámhach chor ar bith, chuirfinn doras ar an gcró sin.
TUILLEADH (4) ▼
Ná lig é sin suas ag déanamh na cruaiche. Níl ann ach fleascach. Beidh dronn soir agus dronn siar uirthi ina dhiaidh — agus chuile dhronn ach an dronn ceart.
Níl ann ach fleascach timpeall ar bhicycle. Milleann sé chuile shórt agus ní leasaíonn sé tada
Fleascaigh bradacha atá istigh ar an mbaile sin. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul ag ceartú do scéal do mhúille le dhul dhá cheartú dóibh sin
Is mór an fleascach thú gan bhréig gan mhagadh má chinn ort an feac sin a chur sa láí. Is olc an oidhe bean a thabhairt duit!
b.
+–
Anois a fhleascaigh leag air! — anois a chailleach, a chladhaire, a dhiabhail!; déarfaí le duine é a bheadh i muinín a chroí agus a chruite in éadan obair sháraithe .i. ag coraíocht, ag iarraidh beart a ardú, ag iarraidh marcaíocht a bhaint d'asal nó de chapall, ag rith i ndiaidh duine eile, ag bualadh báire nó peile, ag argóinteacht srl.
Ara a fhleascaigh, cár frítheadh thú chor ar bith! Cuimhnigh ar t'athair! Ab in é a bhfuil de mhaith ionat?
TUILLEADH (5) ▼
Anois a fhleascaigh, deasaigh isteach faoi agus tabhair cor coise dhó!
Bain as a fhleascaigh agus bí ag an mbóthar roimhe!
Ná lig uait é a fhleascaigh, nó go mbeire mise air!
Fáisc ar marcaíocht (maircíocht, adeirtear) air a fhleascaigh!
Rith a fhleascaigh, agus tabhair scéala dó seo thuas!
+–
Buachaill a fhleascaigh! Ciceáil chuig S. í. (liathróid pheile)
Buachaill a fhleascaigh! Coinnigh leis iad ag bun an bhalla — mo chuach thú! Coinnigh an liathróid ailí buailte ar íochtar an bhalla
TUILLEADH (2) ▼
Buachaill a fhleascaigh! Sin é an chaoi le boc a thabhairt di (liathróid bháire)
Tá sé in am agat rud eicínt a dhéanamh. Bhíomar ag ligean uisce isteach. Cá'il do chíonán anois le lomadh? Buachaill a fhleascaigh! Fáinne óir ort ansin!
fleascach in iontrálacha eile (31)
→
fáinne
Ná lig ón méir anois é. Iontaigh é a fhleascaigh … fáinne óir ort! Tá muid fhéin cluiche — d'iontaigh sé an chúig
→
fána
Fan amach uathu a fhleascaigh! Ligfidh muid le fána ón ngaoith í, nó tabharfaidh an Chorainn timpeall í
+
→
buail
Buail é a fhleascaigh! — ag muinniú nó ag maíomh gasúir a bheadh ag troid
TUILLEADH (1) ▼
Tarraing a fhleascaigh, tá sí buailte!
→
fonn
Croch suas streancán foinn a fhleascaigh! … Ara éist anois … Chomh maith agus nach bhfuil aon amhrán agat! Tá lán mála agat agus sreangán cuachóige air!
→
fonnmhar
Leag ort fhéin anois a fhleascaigh. Scar amach í go beo deifreach (móin). Is maith fonnmhar a ghabhfá amach go barr scartha dhá mbeadh bean romhat amuigh ann!
→
isteach
Beir isteach air a fhleascaigh (a chladhaire, a chailleach) — seo é an rud adéarfadh duine a bheadh ag saighdeadh duine eile le dhul ag coraíocht. (breith isteach = do dhá láimh a chur siar thíos faoi phoill ascallaí do chéile coraíochta agus snaidhm a chur ar a dhroim. Ach ciallaíonn sé go minic breith íochtarach ar dhuine, cuirim i gcás faoina lár)
+
→
fuil 1
Ná lig do chuid fola leis a fhleascaigh — ó tharla gur bhuail seisean thusa, bain thusa díoltas amach thú fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta a aithinte nach bhfuil aon fhuil ionat. Dhá mba liomsa adéarfadh sé é, speirfinn é. Ara beir ar chloich a fhleascaigh, agus cuir báite ina bhaithis í
Cas amach é (súgán). Cuir fuinneamh ann a fhleascaigh! Nach bhfuil sé chomh bog le gruth agat.
→
fuis
Th'anam ón diabhal tú a fhleascaigh, ná caill go deo é! Bíodh teacht i láthair fir ionat agus seas amach roimpi seo anoir agus cuir fuis uirthi. Má thugann sí aon thaitneamh dhuit, tá an báire leat
Daingnigh ort a fhleascaigh nó go bhfuagraí mise ort stopadh … Hó teaga leis. Ba cheart go ndéanfadh sin cúis anois
Tabhair an dara hairt dó a fhleascaigh! An bhfuil fuil ar bith ionat. Má tá an sramacháinín sin ag cinnt ort, is mairg a bheadh do do bheathú!
→
dearna
Má imíonn tú ar do dhearnachaí siar sna raithneachaí, dheamhan a bhfeicfidh sé dhíot. Cuir bealadh faoi t'ioscadaí nó beidh sé in do mhullach. Corraigh leat a fhleascaigh!
→
deasaigh
Deasaigh isteach léithe a fhleascaigh! Bí ag baint corrscealpóig as na colpaí aici. Is beag a aireos sí é, bail ó Dhia uirthi
→
ding
Ginn thú! Ginn thú a bhuachaill! Leag air a fhleascaigh. Tabhair an dara hairt dhó! Tabhair cor coise dhó agus buail fút é a chailleach … Dheamhan de rath ort ina dhiaidh sin … Dar fiagaí, tá tú in do phuca aige … Ginn é an fear eile féin … Aire dhuit … Diabhal mé go gcuirfidh sé taobh na bpoll os do chionn fós … Tá féith ón tsinsir sa ngearrbhodach sin.
→
dol 2
Cuir dol den cheann téide sin ar an gcloich sin thuas ar an gcaladh. Daingnigh thairis sin í a fhleascaigh! An síleann tú gur asal atá sa mbád! Ní chorródh asal b'fhéidir, ach corróidh an bád
→
déan 1
Déanfaidh tú fós é ach ná lig dó cor coise a chur ionat a fhleascaigh! (leagfaidh tú fós é)
→
dóigh 3
Dóigh é a fhleascaigh, dóigh é. Cé leis a ndeachaigh tú chor ar bith. Shíl mé go raibh rath eicínt ort thairis sin. Beidh sé "sa mbaile" shula bheas an liathróid caite agat. Tá cor tuaifeal in do láimh. Chlis tú go dona air!
→
téigh ar
Cheal nach bhfuil de rath leat ach sin a fhleascaigh, théis an aire atá mé a thabhairt duit. Tá dul ort. Déanfaidh malrachán a bhfuil dhá bhliain agat air puca dhíot, déanfaidh sin
→
téigh le
Níl a fhios agam cé leis a ndeachaigh tú chor ar bith le go mbeifeá in do fhleascach mar atá tú. Is deas pointeáilte an bhean í do mháthair, agus ní taise do t'athair é: tá sé sách gusúil lena rogha gnaithe a dhéanamh