Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Iomaire
iolraidh = iomrachaí
druim, ionnlach cuir idir dhá chlaise, cruit i dtlacht na talmhan.
a.
+
Tá cupla iomaire phlanndaí (oinniúin, mheacan, choilís, ghabáiste etc) curtha agam.
Is gearr ar a mhuirghín an cupla iomaire ghágach (fhataí) a chuireann(s) sé = ní lón dá bhfuil de chloinn aige i bhfad, sgáth a gcuireann sé d'fhataí.
TUILLEADH (9) ▼
Tá'n iomaire fóduighthe agam = fód curtha as an gclaise isteach ar an iomaire.
Caithfeamuid iomrachaí a dhéanamh de'n fheamuinn = caithfeamuid í ' sgaradh i gcumraidheacht iomrach.
Caithfeamuid an fheamuinn a sgaradh in a h-iomrachaí.
Tá cion iomaire d'fheamuinn le cois agam; tá cion iomaire d'fheamuinn d'fhuighleach (an dá d annseo deirtear mar g iad) = tá an oiread feamuinne fágtha agus a dhéanfadh iomaire a leasú.
Tá cion dhá iomaire fataí sa gcárnán sin = an oiread fataí agus a bheadh i dhá iomaire.
Níor thoghuigh (how adeirtear) mé ach cupla iomaire = níor phioc mé ach cupla iomaire.
Ag casadh fóidín baic ar an iomaire a bhí sé = talamh bán nó bran(t)ra, gan aon-leasú ach a bheadh roinnte amach in' iomrachaí agus casfaidhe fód nó sgrath le láighe air.
Nuair a bheidheas an chlaise comh-aoirde leis an iomaire trí h-uaire beidh deire an domhain ann annsin = talamh a mbainfí barr di agus é in a iomaire agus in a chlaise. D'fhágfaí mar sin é gan na bruachannaí a leagan, go mbeadh gruadh na talmhan fásta cothrom aríst. Cuirfí ar an gcóir chéadna é an dara h-uair; nuair a bheadh an chlaise cothrom leis an iomaire taréis an tríomhadh cuir, bheadh deire an domhain ann. Bealach eile ("trí aois chlaise fórlaigh (fuarlaigh?) deire an domhain")
Bhí poilitéaraí annsin fadó, sin é an fáth na h-iomrachaí bána a bheith ann anois = is iomdha áit go h-áirid ar thamhnógaí sléibhe atá bánuighthe anois, a mbíodh comhnuidhe fadó roimhe an droch-shaol. Bhíodh daoine (poilitéaraí) go síorruidhe ag aistriú ó áit go h-áit. Dhéanaidís teach sgratha ar chnocán nó ar thulaigh nó ar thamhnóig nó ar an móinín bán chois an chasáin, agus shaothruighidís binn de'n talamh nó de'n tulaigh etc. Bhainidís an barr nó'n bearradh sin de, ach shul a mbíodh ionbadh ag an measadóir a theacht agus a dteáltaí, agus a n-áirgí a mheas, leigidís an comhnuidhe sin de léig, agus theighidís go dtí tamhnaigh eile. Go h-iondamhail, ní bhainidís ach barr amháin de'n ghiodán talmhan, a dtógaidís bínn air agus d'imthighidís gan na bruachannaí a leagan. Is dá bharr sin, atá comraidheacht na n-iomrach le feiceál ar chnocáin agus ar thamhnachaí sléibhe fós, nach raibh aon-chomhnuidhe orra le linn na ndaoine. Poilitéaraí na daoine a mbíodh an súnás (saobhnós?) sin orra, agus iomrachaí bána atá ar na cnocáin etc. dá mbárr.
·
Is minic sin searrach ar iomaire bhán gan féar (líne nach dtuigim as "Táilliúr an Mhaga")
b.
An Iomaire Ruadh — druim nó roc árd, i dtuinn na talmhan in áit eicínt i gCois Fhairrge. Tá tracht uirre sa tar(n)gaireacht, ach níl aon-duine in ann 'innseacht go barrainneach anois cá bhfuil sí. Deir furmhór na ndaoine go síneann sí treasna ó'n Aill Fhínn, ag Roillic an Chnuic i gCois Fhairrge go ceanntar Uachtar Árd. Tá'n druim san talamh feadh an achair sin ceart go leor.
·
Deir an tar(n)gaireacht nach marbuighthidhe (marbhóchthaidhe — marbhuighthe go h-iondamhail i gCois Fhairrge, ach chloisfeá maróifí amanntaí freisin) aon-dhuine taobh thiar de'n Iomaire Ruadh (de réir na tar(n)gaireachta sa Spidéal a thosóchas an cath. Tiocfá na Gaill i dtír ag Cuan Dú(mh)óige in aice Thobar Cholm Cille. Beidh triúr ban ruadh de mhuinntir Fhátharta an t-am sin i bpobal an Chillín. Tiocfa na gaill aniar, agus beidh an sagart ag rádh an aifrinn i dteach pobail na Tulaighe, ach ní bhainfe siad le aonduine annsin. Aniar leo(b) go dtí an Spidéal. Beidh ceann-phuirt ag tabhairt deoch dhá chapall san abhainn annsin, agus caithfidh duine as fuinneoig "an tighe mhóir" é (teach an Tighearna Chill Ainín, atá buailte ar an abhainn.). Tosócha an t-ár annsin, agus rachadh duine go dtí lascaí i bhfuil ag "Tóchar an Chláir" (tuairim's míle taobh thoir de'n Spidéal ar bhóthar na Gaillimhe). Suas an bóthar lathaighe (an bóthar atá ag dul ó'n Spidéal go Muigh Cuilinn) a rachas na Gaill)
c.
Iomaire an Líonáin = roc idtuinn na talmhana atá ag síneadh ó dheas taobh thiar de'n Líonán, leis an mbóthar ó'n Líonán do'n Mhám.
·
Amuigh ag iomaire an Líonáin a chomhnuigheas sé.
Cuirfeamuid sconnsa le iomaire an Líonáin agus ní leigfe muid aniar é thar Mhám an Tuirc Mhóir (sliocht as Amhrán an Phúca, Micheál 'ac Suibhne).

Iomaire in iontrálacha eile (41)

 
Ní leigfeadh aonduine beó an feithideach sin amach san ngarraí agus gan a fhios aige nach hé a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
 
Tá faitíos orm do na beithigh más ar a fhágáil sin a bhí siad. Beannacht Dé dhuit! Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, ba é an cleas céanna a dhéanfadh sé sin. Níl aon-chomhairleachan in a chionn
 
Chuaigh Inín an Rí suas go dtí an fhuinneóig ab airde san gcaisleán agus d'fhéach sí i bhfáinne na feiceála agus chonnaic sí an Gruagach ag teacht agus naoi n-iomairí agus naoi n-eitrí aige is gach coisméig, agus chúig ghleann is gach truslóig
 
Is fhearr dhuit a bhfuil de scriocháin (screacháin, creacháin) ar 'chuile iomaire, a chaidhleadh suas le chéile in a gcárnáinín, a's iad a thabhairt abhaile trathnóna igcléibh an asail.
+
Nach hí an chlársach d'iomaire í! = ceapach mór leathan d'iomair[e.]
TUILLEADH (1) ▼
Tá clársach mhór d'iomaire oinniún annsin thiar aige, nar bhain sé fós.
 
Is beag a' soilgheas é a Thighearna! Ní chuirfeadh sé é fhéin as a bhealach, uair a' chluig duit, dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire aghad.
 
Dar brigh an leabhair, bhí cuaibhtheachaí áithbhéalta ann indiu. Cé'r chás é, marach an scéird sin thuas a raibh mé ag obair, ar aghaidh na ruithteachta. Fhobair nach bhfágfaidhe aon-síol ar an iomaire agam!
 
Dheamhan fear ar a' talamh chomh cunntasach leis. Thug mé cion cupla iomaire síol turnapaí dhó anuraidh, in áit ar tháinic sé gearr, a's meastú, nar chuir sé aníos oiread agam an lá faoi dheire.
 
Ní fhaca tú aon-chubharláin d'fhataí ariamh is lugha ná iad. Ní bheadh lán boscaeidín acab agad ar chion iomaire fhada.
 
bruach
Nuair a leagann siad sin na bruachannaí leagann siad an iomaire as éadan: ní fhágann siad caolóid a' bith 'na ndiaidh. Is fusa an ithir a spréidheadh mar sin, má's fíor dóib fhéin.
 
aer
Ar an dá luath a's a gcaithfe sé an chéad deoir as aer, d'fhágfadh sé na seacht sratha ar an iomaire, faitchíos a bhfliuch(f)aidhe é.
 
buail
Buaileann codladh é taca an ama seo chuile lá, a's dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, caithfe sé néal a thabhairt leis, shul (dh)á dhéanfas sé aon-bhuille aríst.
 
amach
Spréidh amach an iomaire.
 
Cuir ceóbáinín beag eile feamainne ar an iomaire sin
+
Íochtar na h-iomaire = an ceann di atá ag an gclaise srotha.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí na Lochlannaigh indon uachtar na h-iomaire a leasú as a h-íochtar (sin rún a bhí acu, agus nar leigeadar le aon-Éireannach ariamh é — tá sean-scéal faoi)
+
feadh
Bhí na fataí sin ar an iomaire feadh an tseaca
TUILLEADH (1) ▼
Tá na léasáin soir feadh na hiomaire ón gclaise sruth go claidhe. 'Deile céard a chart í (feamainn) ach cearca?
+
fód
Fód fíáin uiliog atá sna garrantaí sin thuas ar bharr an bhaile. Bhí mise cheana dhá gcur ag S., agus dheamhan a raibh faoi fhód na láighe ann ach dabaí móna. Chaithfeá an fód fíáin a bhaint ionta sin shul a dteagadh na dasachaí aníos, agus é a chur amach ar an iomaire, agus é a sceannadh agus a thalltú len a mhíniú. Níl aon-mhaith dhuit ann mara gcuire tú gabhail ar chur bharr an bhaile. Tá an talamh breagh sprosach anuas annseo.
TUILLEADH (1) ▼
Spíontán uilig é an leathbhaile sin thiar. Níl an oiread athfhóid ann agus a chlúdódh iomaire amháin fhataí
 
M'anam nach leath-fhód a fhágas sé sin le claidhe, ach cion iomaire. Bíonn splannc ar a chraiceann igcomhnaí go mbeidh sé amuigh as garraí
 
Shílfeá le breathnú air ag fódú an chéad-iomaire go ndéanfadh sé cat agus dá rioball de rith agus de léim. Ach ní dhéanann. Fuaraíonn sé san bpoll céanna a dtéann sé. Ní buan tréan, adeir siad agus ní den abhras an chéad-shnáth
 
fuar 2
Is minic ariamh a d'ith mé fuar beithioch mar sin iad. Nuair a bhíodh muid ag teacht abhaile ó oícheanntaí ceoil fadó dhéanadh muid maolabhrach ar gharraí turnapaí eicínt, agus diabhal blas nuair a bhíodh fuireann mór againn ann nach dtarraingíodh muid cion iomaire aca! Is muid a phlacadh go súite iad. Ach níl aon-fhiacail agam anois
 
Dar príosta tá sé ag sioc go daingean agus cupla iomaire "mhangals" annsiúd thíos agam gan clúdú, ná a dhath. Is dathamhail an chaoi a bhéas orra ar maidin
 
Níl T. daor-bhasctha chor ar bith marach go mbuaileann an oiread fonn cainte é scaithtí, agus nach gcuimhnigheann sé a dhul ag a ghna (gno) chor ar bith. Dheamhan mórán gaisce ar an mac eile. Bheadh sé mí ingarrdha agus ní fheicfeá creachlaois ar bith i ndiaidh a láimhe. Bhí sé ag gort-ghlanadh annsin thuas anuiridh agus níl a fhios ag Dia ná duine ar chríochnuigh sé an garrdha ariamh nó ar ghlan sé thar dhá iomaire thiar le bóthar. Glanadh nó ná glanadh níorbh fhearrde an gort é ar aon-chor. Loic a raibh ann
 
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ionn. Ní hé an ministéara a chruinnigheadh chor ar bith iad, ach bhí proctéara aige a theigheadh thart. Chuala mé an tsean-mhuinntir ag rádh go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na h-iomrachaí annsin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichmheadh h-iomaire a d'fhágaidís aige. Deantaí an cleas céadna le na stucaí coirce: stoca as 'chaon deich stuca a fhágáil gan tárlúghadh, nó go dtugadh an proctéara leis é. Badh shin é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm agus an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt annsin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fhaghail: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ionn. 'Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatorra … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na sean-daoine ag rádh go mbídís ag blaodhach i dtóin an phroctéara an uair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaidhe. Bheadh rud ar a shon agad dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (ins an bpríosún). Ach ní raibh baoghal orru siúd go raibh siad cho h-adhartha agus go mbéarfaí orru. Measaim go mbíodh an ministéara féin ionn scaithtí, mar chuala mé P. N. ag rádh an uair a bhí siad in a bputaigh, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaidhe ag fuagairt indiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cá'r fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'ionntuigh, a bhí ins an ministéara a bhí annseo … (Cunntas faoi na deachmaí ins an gceanntar sin ó Sheán Ó Bheáin, Páirc Gharbh, Cearnmór, Baile an Chláir)
 
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
 
dearg 2
An fear a bhíos ag oscailt (claise) bíonn sé ag deargadh an bhuird ó thaobh, agus tá an bord le cur ar an iomaire eile; nó fear a bheadh ag casadh na bhfóid d'fhear an bhuird bheadh sé ag oscailt freisin = mar sin a chuirtear fataí le láidhe
 
dlúth 2
Rinne tú an iomaire turnapaí sin a ghortghlanadh. Ní mór duit a dhul uirre aríst. Tá siad ro-dhlúth fós. Plúchfaidh siad a chéile
 
Bíonn sé ag obair chuile Dhomhnach agus tá rath an Domhnaigh air freisin. Níl greim aige le cur in a bhéal. I gcruthamhnas duit gur dona an rud gan an Domhnach a leigean thart dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
 
donán
Tá an donáinín sin muise cho suimiúil le fear ar fónamh. Cén bhrí ach go gcuirfeá seacht n-iomairí agus seacht n-eitrí uait an dreóláinín bocht de shéideóig
+
droim
Tá druim na h-iomaire faoi scáineadhachaí uiliog. Is olc é an spalpadh seo ag fataí
TUILLEADH (1) ▼
An bhfeiceann tú druim na h-iomaire agus gan a dhath ariamh fóid uirre. Is geall le cráin é le leigean isteach ingarrdha.
 
Tá drumainn ins an iomaire. Chuir sé lán ar a lár, ach níor chuir sé a dhath ar na bruachannaí. B'fhurasta aithinte dhom gurb shin é an deis a bheadh orra, agus mé dhá bhfágáil aige. Tá smál eicínt ar an gceann céadna nach bhféadfadh sé tada a dhéanamh ceart
 
Cuir dhá iomaire fataí = beagán
 
déan 1
M'anam gur beag an baoghal uirre siúd teas an aithinne a bheith in a tóin ag dul amach. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, dhéanfadh sí a cuairt
 
M'anam muise go bhfuair tú amach an fear a mbeadh 'chuile fhéith ag gabhail leis faoi dhíocas ag obair! Bheadh mo chreach! Ní lúbfadh sé a dhruim dá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
 
Chuaidh siad ar chur na bhfataí annsin, ach ní raibh dhá iomaire curtha aca trathnóna
 
Ní rachadh aon-duine aca lá leat dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire agad, th'éis cúigear leoistí aca ann agus gan tada ó Dhia anuas ar a n-aire féin ach ag coinneál míoltógaí de na fuinneogaí
 
Ní raibh ag dul fúm ná tharm ó mhaidin ach sciorradh suas go bhfeicinn cé'n chaoi atá ar an tsean-bhean seo thuas, ach bhí an oiread le déanamh in a dheidh sin, agus nach bhfuair mé ionbhadh air. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire gabhfaidh mé ag breathnú uirre imbáireach. Níor chumaoin dom a dhul; ba mhaith í fhéin nuair a bheadh an t-anshógh ar dhuine. Diabhal bréag nar mhaith