iomaire
—iolra: iomrachaí
—
droim, ionlach cuir idir dhá chlaise, cruit i dtlacht na talún.
a.
+–
Tá cupla iomaire phlandaí (oinniúin, mheacan, chóilis, ghabáiste srl.) curtha agam
Is gearr ar a mhuirín an cupla iomaire ghágach (fhataí) a chuireanns sé — ní lón dá bhfuil de chlainn aige i bhfad, scáth a gcuireann sé d'fhataí
TUILLEADH (9) ▼
Tá an iomaire fódaithe agam — fód curtha as an gclaise isteach ar an iomaire
Caithfidh muid iomrachaí a dhéanamh den fheamainn — caithfidh muid í a scaradh i gcumraíocht iomrach
Caithfidh muid an fheamainn a scaradh ina hiomrachaí
Tá cion iomaire d'fheamainn le cois agam; tá cion iomaire d'fheamainn d'fhuílleach (an dá d anseo deirtear mar g iad) — tá an oiread feamainne fágtha agus a dhéanfadh iomaire a leasú
Tá cion dhá iomaire fataí sa gcarnán sin — an oiread fataí agus a bheadh i dhá iomaire
Níor thogh (how adeirtear) mé ach cupla iomaire — níor phioc mé ach cupla iomaire
Ag casadh fóidín baic ar an iomaire a bhí sé — talamh bán nó bran(t)ra gan aon leasú ach a bheadh roinnte amach ina iomrachaí agus casfaí fód nó scrath le láí air
Nuair a bheas an chlaise comhairde leis an iomaire trí huaire, beidh deireadh an domhain ann ansin — talamh a mbainfí barr di agus é ina iomaire agus ina chlaise. D'fhágfaí mar sin é gan na bruachannaí a leagan go mbeadh grua na talún fásta cothrom aríst. Cuirfí ar an gcóir chéanna é an dara huair; nuair a bheadh an chlaise cothrom leis an iomaire tar éis an tríú cuir, bheadh deireadh an domhain ann. Bealach eile "trí aois chlaise fórlaigh (fuarlaigh) deireadh an domhain"
Bhí pailitéaraí ansin fadó, sin é an fáth na hiomrachaí bána a bheith ann anois — is iomaí áit, go háirid ar thamhnógaí sléibhe atá bánaithe anois, a mbíodh cónaí fadó roimhe an drochshaol. Bhíodh daoine (pailitéaraí) go síoraí ag aistriú ó áit go háit. Dhéanaidís teach scratha ar chnocán nó ar thulaigh nó ar thamhnóig nó ar an móinín bán chois an chosáin, agus shaothraídís binn den talamh nó den tulaigh srl. Bhainidís an barr nó an bearradh sin de, ach shula mbíodh ionú ag an measadóir a theacht agus a dteáltaí agus a n-áirgí a mheas, ligidís an cónaí sin de léig agus théidís go dtí tamhnaigh eile. Go hiondúil, ní bhainidís ach barr amháin den gheadán talún a dtógaidís binn air agus d'imídís gan na bruachannaí a leagan. Is dá bharr sin atá cumraíocht na n-iomrach le feiceáil ar chnocáin agus ar thamhnachaí sléibhe fós, nach raibh aon chónaí orthu le linn na ndaoine. Pailitéaraí na daoine a mbíodh an súnás (saobhnós) sin orthu agus iomrachaí bána atá ar na cnocáin srl. dá mbarr
·
"Is minic sin searrach ar iomaire bhán gan féar" (líne nach dtuigim as Táilliúr an Mhagaidh)
b.
An Iomaire Rua: droim nó roc ard, i dtoinn na talún in áit eicínt i gCois Fharraige. Tá trácht uirthi sa tairngreacht, ach níl aon duine in ann a inseacht go barainneach anois cá bhfuil sí. Deir formhór na ndaoine go síneann sí trasna ón Aill Fhinn, ag Reilig an Chnoic i gCois Fharraige, go ceantar Uachtar Ard. Tá an droim sa talamh feadh an achair sin ceart go leor.
·
Deir an tairngreacht nach maraithe (marófaí — maraithe go hiondúil i gCois Fharraige, ach chloisfeá maróifí amantaí freisin) aon dhuine taobh thiar den Iomaire Rua — de réir na tairngreachta, sa Spidéal a thosós an cath. Tiocfaidh na Gaill i dtír ag Cuan Dumhóige in aice Thobar Cholm Cille. Beidh triúr ban rua de mhuintir Fhatharta an t-am sin i bpobal an Chillín. Tiocfaidh na gaill aniar agus beidh an sagart ag rá an aifrinn i dteach pobail na Tulaí, ach ní bhainfidh siad le aon duine ansin. Aniar leob go dtí an Spidéal. Beidh ceannphoirt ag tabhairt deoch dhá chapall san abhainn ansin agus caithfidh duine as fuinneoig an tí mhóir é (teach an Tiarna Chill Ainín atá buailte ar an abhainn). Tosóidh an t-ár ansin agus rachadh duine go dtí lascaí i bhfuil ag Tóchar an Chláir (tuairim is míle taobh thoir den Spidéal ar bhóthar na Gaillimhe). Suas an bóthar lathaí (an bóthar atá ag dul ón Spidéal go Maigh Cuilinn) a rachas na Gaill
c.
Iomaire an Líonáin: roc i dtoinn na talúna atá ag síneadh ó dheas taobh thiar den Líonán leis an mbóthar ón Líonán don Mhám.
·
Amuigh ag Iomaire an Líonáin a chónaíos sé
"Cuirfidh muid sconsa le Iomaire an Líonáin agus ní ligfidh muid aniar é thar Mhám an Toirc Mhóir" (sliocht as Amhrán an Phúca, Micheál Mac Suibhne)
iomaire in iontrálacha eile (41)
Ní ligfeadh aon duine beo an feithideach sin amach sa ngarraí agus gan a fhios aige nach é a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
→
fág ar
Tá faitíos orm do na beithígh más ar a fhágáil sin a bhí siad. Beannacht Dé dhuit! Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, ba é an cleas céanna a dhéanfadh sé sin. Níl aon chomhairleachan ina chionn
→
fáinne
Chuaigh inín an rí suas go dtí an fhuinneoig ab airde sa gcaisleán agus d'fhéach sí i bhfáinne na feiceála agus chonaic sí an Gruagach ag teacht agus naoi n-iomairí agus naoi n-eitrí aige i ngach coisméig, agus chúig ghleann i ngach truslóig
→
cadhail
Is fhearr dhuit a bhfuil de screacháin (creacháin) ar chuile iomaire a chaidhleadh suas le chéile ina gcarnáinín agus iad a thabhairt abhaile tráthnóna i gcléibh an asail.
+
Nach í an chláirseach d'iomaire í! — ceapach mór leathan d'iomaire.
TUILLEADH (1) ▼
Tá cláirseach mhór d'iomaire oinniún ansin thiar aige nár bhain sé fós.
→
bealach
Is beag an soilgheas é a Thiarna! Ní chuirfeadh sé é fhéin as a bhealach uair an chloig duit, dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire agat.
Dar brí an leabhair, bhí cuaifeachaí áibhéalta ann inniu. Cér chás é, murach an sceird sin thuas a raibh mé ag obair, ar aghaidh na riteachta. Fhóbair nach bhfágfaí aon síol ar an iomaire agam!
Dheamhan fear ar an talamh chomh cuntasach leis. Thug mé cion cupla iomaire síol tornapaí dhó anuraidh an áit ar tháinig sé gearr, agus meas tú nár chuir sé aníos oiread agam an lá faoi dheireadh.
→
boscaed
Ní fhaca tú aon chúrláin d'fhataí ariamh is lú ná iad. Ní bheadh lán boscaeidín acub agat ar chion iomaire fhada.
→
bruach
Nuair a leagann siad sin na bruachannaí, leagann siad an iomaire as éadan: ní fhágann siad caolóid ar bith ina ndiaidh. Is fusa an ithir a spré mar sin, más fíor dóibh fhéin.
→
aer
Ar an dá luath agus a gcaithfidh sé an chéad deoir as aer, d'fhágfadh sé na seacht sratha ar an iomaire faitíos a bhfliuchfaí é
→
buail
Buaileann codladh é taca an ama seo chuile lá, agus dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, caithfidh sé néal a thabhairt leis shula dhéanfas sé aon bhuille aríst.
+
→
íochtar
Íochtar na hiomaire — an ceann di atá ag an gclaise srutha
TUILLEADH (1) ▼
Bhí na Lochlannaigh in ann uachtar na hiomaire a leasú as a híochtar (sin rún a bhí acu agus nár ligeadar le aon Éireannach ariamh é — tá seanscéal faoi)
+
→
feadh
Bhí na fataí sin ar an iomaire feadh an tseaca
TUILLEADH (1) ▼
Tá na léasáin soir feadh na hiomaire ón gclaise sruth go claí. Deile céard a chart í (feamainn) ach cearca?
+
→
fód
Fód fiáin uileag atá sna garrantaí sin thuas ar bharr an bhaile. Bhí mise cheana dhá gcur ag S., agus dheamhan a raibh faoi fhód na láí ann ach dabaí móna. Chaithfeá an fód fíáin a bhaint iontu sin shula dteagadh na dasachaí aníos, agus é a chur amach ar an iomaire agus é a sceanadh agus a thaltú lena mhíniú. Níl aon mhaith dhuit ann mura gcuire tú gabháil ar chur bharr an bhaile. Tá an talamh breá sprusach anuas anseo.
TUILLEADH (1) ▼
Spíontán uilig é an leathbhaile sin thiar. Níl an oiread athfhóid ann agus a chlúdódh iomaire amháin fhataí
M'anam nach leathfhód a fhágas sé sin le claí, ach cion iomaire. Bíonn splanc ar a chraiceann i gcónaí go mbeidh sé amuigh as garraí
→
fuaraigh
Shílfeá le breathnú air ag fódú an chéad iomaire go ndéanfadh sé cat agus dá rioball de rith is de léim. Ach ní dhéanann. Fuaraíonn sé sa bpoll céanna a dtéann sé. Ní buan tréan, adeir siad, agus ní den abhras an chéad shnáth
→
fuar 2
Is minic ariamh a d'ith mé fuar beathach mar sin iad. Nuair a bhíodh muid ag teacht abhaile ó oícheantaí ceoil fadó dhéanadh muid maolabhrach ar gharraí tornapaí eicínt, agus diabhal blas nuair a bhíodh foireann mór againn ann nach dtarraingíodh muid cion iomaire acu! Is muid a phlacadh go súite iad. Ach níl aon fhiacail agam anois
Níl T. daorbhasctha chor ar bith murach go mbuaileann an oiread fonn cainte é scaití agus nach gcuimhníonn sé a dhul ag a ghnaithe chor ar bith. Dheamhan mórán gaisce ar an mac eile. Bheadh sé mí i ngarraí agus ní fheicfeá creachlaois ar bith i ndiaidh a láimhe. Bhí sé ag gortghlanadh ansin thuas anuraidh agus níl a fhios ag Dia ná duine ar chríochnaigh sé an garraí ariamh nó ar ghlan sé thar dhá iomaire thiar le bóthar. Glanadh nó ná glanadh, níorbh fhearrde an gort é ar aon chor. Loic a raibh ann
→
deachma
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
Lá de na laethanta deannachtacha sin i dtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na seanbhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarraí Mh. G. Ar éigean saoil a bhí mé in ann seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shantaigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst nuair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige, go mbaininn scaitheamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé cara chainte orm. 'Cá'il tú ag dul,' adeirim féin. 'Síos ar snámh,' adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach nárbh ea. Ní raibh sé seachtain ón lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighe (sa ngealtlann)
→
dearg 2
An fear a bhíos ag oscailt (claise) bíonn sé ag deargadh an bhoird ó thaobh, agus tá an bord le cur ar an iomaire eile; nó fear a bheadh ag casadh na bhfóid d'fhear an bhoird bheadh sé ag oscailt freisin — mar sin a chuirtear fataí le láí
→
dlúth 2
Rinne tú an iomaire tornapaí sin a ghortghlanadh. Ní mór duit a dhul uirthi aríst. Tá siad ródhlúth fós. Plúchfaidh siad a chéile
→
Domhnach
Bíonn sé ag obair chuile Dhomhnach agus tá rath an Domhnaigh air freisin. Níl greim aige le cur ina bhéal. I gcruthúnas duit gur dona an rud gan an Domhnach a ligean thart dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
→
donán
Tá an donáinín sin muise chomh suimiúil le fear ar fónamh. Cén bhrí ach go gcuirfeá seacht n-iomairí agus seacht n-eitrí uait an dreoláinín bocht de shéideoig
+
→
droim
Tá droim na hiomaire faoi scáiniúchaí uileag. Is olc é an spalpadh seo ag fataí
TUILLEADH (1) ▼
An bhfeiceann tú droim na hiomaire agus gan a dhath ariamh fóid uirthi. Is geall le cráin é le ligean isteach i ngarraí
→
dromainn
Tá dromainn san iomaire. Chuir sé lán ar a lár, ach níor chuir sé a dhath ar na bruachannaí. B'fhurasta a aithinte dhom gurb in é an deis a bheadh orthu agus mé dhá bhfágáil aige. Tá smál eicínt ar an gceann céanna nach bhféadfadh sé tada a dhéanamh ceart
→
déan 1
M'anam gur beag an baol uirthi siúd teas an aithinne a bheith ina tóin ag dul amach. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, dhéanfadh sí a cuairt
→
díocas
M'anam muise go bhfuair tú amach an fear a mbeadh chuile fhéith ag gabháil leis faoi dhíocas ag obair! Bheadh mo chreach! Ní lúbfadh sé a dhroim dá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
→
téigh le
Ní rachadh aon duine acu lá leat dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire agat, théis cúigear leoistí acu ann agus gan tada ó Dhia anuas ar a n-aire féin ach ag coinneáil míoltógaí de na fuinneogaí
Ní raibh ag dul fúm ná tharam ó mhaidin ach sciorradh suas go bhfeicinn cén chaoi atá ar an tseanbhean seo thuas, ach bhí an oiread le déanamh ina dhiaidh sin agus nach bhfuair mé ionú air. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, gabhfaidh mé ag breathnú uirthi amárach. Níor chomaoin dom a dhul; ba mhaith í fhéin nuair a bheadh an t-anó ar dhuine. Diabhal bréag nár mhaith
→
daingean
Dar príosta tá sé ag sioc go daingean agus cupla iomaire mheaingeals ansiúd thíos agam gan clúdú ná a dhath. Is dathúil an chaoi a bheas orthu ar maidin