Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ionbhadh (Ionú)
focal an-choitcheannta ar Achréidh na Gaillimhe. Is minicí go mór a bhaintear leas as annsin, ná as am
am, cáirde, airleacan, babhta.
+
Níl aon-ionbhadh agam, aon-chongnamh a thabhairt duit anois = aon-am.
Thiocfainn ab uil thú, dá mbeadh an t-ionbhadh agam
TUILLEADH (1) ▼
Is beag ionbhadh a bhíos ag na daoine ó thagas siad isteach ó obair trathnóna.
+
Fan go bhfagha mé ionbhadh amach annseo.
Fan le t'ionbhadh = bíodh foighid agad, go dtige do bhabhta fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Cé'n chaoi bhféadfadh aon-fhoghluim a bheith air agus nar chaith sé aon-ionbhadh ar scoil = aon-achar.
·
Tabhair ionbhadh do'n fhear = nuair a bheadh duine ag obair, agus fear eile dhá bhrosnú, déarfaidhe seo le giolla a bhrosnuighthe.
Is mairg nach dtabharfadh ionbhadh dhó = dá dtugtaí ionbhadh dó, tá'n gníomh ann.

Ionbhadh in iontrálacha eile (31)

 
Dheamhan caolóid choirce a spréidh mé fós i mbliadhna, ná a bhfuair mé an t-ionbhadh.
 
bannaí 1
Gheobha sé an t-iasacht ceart go leor, má fhaghann sé mórán áirleacain ná ionbhadh len' íoc, nó nach bhfaighe. Ar ndú (ndóigh) is ag a' gceann a chuaidh i mbannuidhe air, is fhearr fhios sin.
 
bannaí 2
Togha tuigheadóra é, dhá nglacadh sé 'ionbhadh ceart, a's bannuidhe a chuir ar na scoilb, a's is cuma leis é, ach rith uirre (i.e. ar a' tuighe).
 
Imthigheann a leithide sin tobann igcomhnuidhe. Duine a' bith atá cruadh cuisneach mar sin, ní fhaghann sé ionbhadh a' bith. Scuabtar é d'aon-iarraidh = faghann sé bás de léim.
 
aibigh
Níor thug sé aon-ionbhadh aibiúchain dó! (Achréidh) = níor thug sé am aibiúchain dó.
 
Cuir na sean-bhriocáin sin ar bogadh, a's b'fhéidir go mbeadh ionbhadh agam ambáireach baslach uisce a bhualadh orra(b).
 
Thosuigh an bheirt a' carruidheacht, ach níor thug a' stumpán beag ionbhadh a' bith dó, gur bhuail sé faoi é, ar a' talamh.
 
amach
Tá neart ionbhadh aca(b) imbliadhna, mar tá'n Inid (a)g (d)ul amach go dtí an chéad tseachtmhain de Mhárta.
 
Glac t'ionbhadh agus feicfe tú fhéin air, go dtiocfa an scéal ar fad amach i leaba a chéile.
 
anam
Ní móide go bhfaightheá an t-ionbhadh t'anam a dhéanamh an uair sin.
 
Árduigh an bhrúisc de bhearna chomh luath a's bheidheas ionbhadh agad.
 
Daingneochaidh mé é ach a bhfaghaidh mé ionbhadh air
+
deis
Ní mó ná dá mbeadh sé ar mo dheis ceart anois go ngabhfainn do mo mheárú féin ag biorrú claidheachaí. Tiocfaidh na claidheachaí leis an gcaoi atá orra, nó go bhfaghaidh na daoine ionbhadh maith ar a dhul in a n-éadan. Seo í an mhí dhubh ar aon-chor, agus níl mórán bearradh le baint ag aon-cheo de'n talamh
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-ghoir aige 'chaon tsórt a dhéanamh in éindigh. Tabhair ionbhadh dhó. Bainfidh sé deatach as Sasana 'nuair a thiocfas sé ar a dheis. Siúd é an buachaill aice
+
diaidh
Glac t'ionbhadh a dhuine sin. Nach breagh nach gcuirfeá stuaim ar an bhfoighid. Indiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin
TUILLEADH (1) ▼
Fainic anois a dtiocfá indiaidh do mhullaigh ann. Tabhair ionbhadh dhuit féin, agus ná bí in aithmhéala aríst. In a dhiaidh a fheicthear do'n Éireannach a leas. Níl aon-mhaith insan obair sin. Do leas romhat agus go mbeiridh tú air, mar adeireadh M. Ph. Mh. fadó
 
Is deas teoluidhe an teach atá aige anois. Tá brat nua díon aige air agus an tuighe cho diogáilte le eireoig air. Déanann sé ionú (ionbhadh) ceart len a chuid oibre, agus bíonn a shliocht air: bíonn sí slachtar in a dhiaidh hébrí céard a dhéanas an mhoill
 
Cé'n fáth a bhfuil an t-airgead acraí cho dlúthasamhail sin imbliana seach agus bliain ar bith. Bhí ionbhadh dhá mhí faoi anuiridh
 
Deiseall! Deiseall! Glac t'ionbhadh, agus ná bíodh an oiread sin uathbháis ort. Shílfeá nach bhfuil breith bonn báis agad go mbeidh an greim deireannach sluigthe agad. Ní hé a ghoid ná a fhuadach uait a dhéanfar. Ach tá a fhios agam go maith céard atá ort: fonn bóithreoireachta agus rabhtála ("routeála". fc. rabht). Is fada leat go mbeidh tú amuigh aríst
 
dol 1
Tugaim corr-dhol dhó de réir mo láimhe léar (de réir) mar a fhaghaim ionbhadh air. Is iomdha dola éisc a d'eireochadh liom marach go bhfuil mo chuid eangachaí roistthe ar fad, agus ní féidir scair eangaighe a fháil anois
 
domhan
Tá an domhan agus a mháthair aige 'san leitir seo. M'anam gurb aige atá an t-ionbhadh go bhféadfaidh sé an oiread sin a scríobhadh
 
Thóig mé staic dheas de mhaide donn-réidhe thuas 'sa bportach anuiridh, agus chuir mé d'anró orm fhéin a thabhairt anuas abhaile annseo. Chaith mé annsin amuigh é, go dteighinn dhá shnoidheachan nuair a gheobhainn ionbhadh air. Dhá lá a bhí sé ann, nó gur scuabadh é de shiubhal oíche. Ar an mbaile soir a chuaidh sé freisin. Fuair mé lorgachaí na gcos, agus bearnaidheachaí leagtha go talamh amach go C. na gC. Ghoidfidís an tsúil amach as do cheann a dhearbhráthair mo chroidhe thú, mara mbeitheá dubh-áirdeallach
 
'Bhfeiceann tú an féar sin? Rinne sé dreoghchan riar orm. Bhí an-aimsir ann nuair a bhain mé é, ach bhí deabhadh orm go dteighinn in éadan móna, agus bhuail mé ar a chéile é cho h-éascaidh in Éirinn agus a d'fhéad mé. Diabhal mé gur shíl mé go bhfuair sé neart gréine agus fuair, ach ní fuláir dó an t-ionbhadh a fháil in a dheidh sin
 
Bhí sé in a shuidhe ar an teallach an oíche cheana, agus an treabhsar geal siúd a thug sé as Sasana air. D'fheicfeá 'chuile phuínte é ag cuimilt, faitíos go lonnóchadh donóid (deannóid) ar bith shalachair air. An chéad-rud eile a mhic ó mo chroidhe, thuit dhá ghriúillín súighe anuas in éindigh: ceann ar 'chaon ghlúin de'n treabhsar. B'fhada a chaith sé ag breathnú orra gan ceo ar bith a dhéanamh. Ag tabhairt ionbhadh dóibh go dtriomuighidís a bhí sé b'fhéidir. Ach dheamhan a fhios agam. "Céard iad sin" adeir N. faoi dheire. "Griúillíní súighe" arsa seisean go mí-chéadtach. Thosuigh N. ag déanamh bean mhaith di féin dhá chuimilt len a naprún. 'Sé an chaoi ar leathnuigh sí amach uilig in a phráisc ar fud a threabhsair é!
 
dréim
Dhá bhfághadh an cut a dhul ag dréim len a chuid crúcaí, bheadh gnatha dhá dhicheall ag an madadh, ach níor thug sé an t-ionbhadh dhó, ach breith ingreim cúl cinn air, agus a chraitheadh …
 
déan 1
Tabhair cead dó a shlat a dhéanamh. 'Ar ndú' ní ag iarraidh é a chur suas uirre as cosa i dtaca a bheitheá. Tabhair ionbhadh dó. Tiocfaidh an-tsearrach uaidh sin
 
dóigh 1
Níl aon-tobac agad. Dar mo choinsias muis, is dona an dóigh a dtáinic tú anois. Tá mé féin spurtha ó am dinnéir, agus gan aon-ionbhadh ag aonduine ins an teach a dhul dhá iarraidh, bhí muid cho cruadhógach sin. Beidh sí seo ag dul in a choinne ar ball beag, má ghníonn sin thú
 
dóigh 3
Níl aon-ghnatha na beithidhigh a chur amach ar an gcriathrach dóighte siúd. Ach beidh cimín súighte ann fós ach a bhfaghaidh sé ionbhadh fás
 
An claidhe dólámhach atá tú ag brath air a dhéanamh annsin? Cé'n tsamhaoine dhuit thú féin a mharbhú leis. Nach bhfuil a fhios agad gur gearr go mbainfidh tú stangadh asad féin le na clocha móra sin, mara nglacaidh tú t'ionbhadh nó go bhfaghaidh tú congnamh. M'anam nach ceird do dhuine a bheith in a scanrachán mar sin
 
Chuaidh dubhradán faoi shúil an chapaill agus tá sí caoch anois i leath-shúil nó indáil leis. Deir an sórt dochtúr beithidheach sin atá ag dul thart gur fionn atá ar a súil, ach diabhal fionn ná fionn. B'fhurasta aithinte an dubhradán istigh innte na chéad laetheantaí, dá dtapuighinn an uair sin í, ach ó fuair sé ionbhadh, bhí sé mall a dhul di. Is mór an babhta uirre é pé aca sin é
 
Ní raibh ag dul fúm ná tharm ó mhaidin ach sciorradh suas go bhfeicinn cé'n chaoi atá ar an tsean-bhean seo thuas, ach bhí an oiread le déanamh in a dheidh sin, agus nach bhfuair mé ionbhadh air. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire gabhfaidh mé ag breathnú uirre imbáireach. Níor chumaoin dom a dhul; ba mhaith í fhéin nuair a bheadh an t-anshógh ar dhuine. Diabhal bréag nar mhaith