ionú
—focal an-choitianta ar Achréidh na Gaillimhe. Is minicí go mór a bhaintear leas as ansin ná as am
—
am, cairde, airleacan, babhta.
+–
Níl aon ionú agam aon chúnamh a thabhairt duit anois — aon am
Thiocfainn abuil thú dá mbeadh an t-ionú agam
TUILLEADH (1) ▼
Is beag ionú a bhíos ag na daoine ó thagas siad isteach ó obair tráthnóna
+–
Fan go bhfaighe mé ionú amach anseo
Fan le t'ionú — bíodh foighid agat go dtige do bhabhta fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Cén chaoi a bhféadfadh aon fhoghlaim a bheith air agus nár chaith sé aon ionú ar scoil — aon achar
·
Tabhair ionú don fhear — nuair a bheadh duine ag obair, agus fear eile dhá bhrosnú, déarfaí seo le giolla a bhrosnaithe
Is mairg nach dtabharfadh ionú dhó — dá dtugtaí ionú dó, tá an gníomh ann
ionú in iontrálacha eile (41)
→
faitíos
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Faigh cearrbhach eicínt eile anocht. Théis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear sa gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
→
bannaí 1
Gheobhaidh sé an t-iasacht ceart go leor, má fhaigheann sé mórán airleacain ná ionú lena íoc nó nach bhfaighidh. Ar ndóigh is ag an gceann a chuaigh i mbannaí air is fhearr a fhios sin.
→
bannaí 2
Togha tuíodóra é, dhá nglacadh sé a ionú ceart agus bannaí a chur ar na scoilb, agus is cuma leis é ach rith uirthi (.i. ar an tuí)
Imíonn a leithide sin tobann i gcónaí. Duine ar bith atá crua cuisneach mar sin, ní fhaigheann sé ionú ar bith. Scuabtar é d'aon iarraidh — faigheann sé bás de léim.
→
buail ar
Cuir na seanbhreacáin sin ar bogadh, agus b'fhéidir go mbeadh ionú agam amárach boslach uisce a bhualadh orthub.
Thosaigh an bheirt ag coraíocht ach níor thug an stumpán beag ionú ar bith dó gur bhuail sé faoi é ar an talamh.
→
buail
Buailfidh mé siar go dtí an fíodóir amárach le snáth leonta a fháil uaidh má bhíonn ionú agam.
→
amach
Tá neart ionú acub i mbliana mar tá an Inid ag dul amach go dtí an chéad tseachtain de Mhárta.
Glac t'ionú agus feicfidh tú fhéin air go dtiocfaidh an scéal ar fad amach i leaba a chéile.
M'anam go ndeirim leat gur seifte fáltasach iad na faochain an té a mbeadh ionú aige caitheamh leo. Ach níor mhór do dhuine cúnamh maith
→
faillí
D'fhan an méid sin sprémhóna gan tógáil i mbliana lenár gcuid faillí fhéin, mar m'anam go raibh neart ionú againn ach gur scaoil muid thar ar gcluasa í. Bíodh aice
→
fia
Ba cheart duit cearc mar sin a fhágáil píosa maith ar an uibh: a dóthain ionú a thabhairt di théis breith. Mura dtuga, sáróidh sí thú le luí fia. Bhí sé ar na cearca seo ar fad anuraidh.
→
foirbe
Tabhair ionú di anois go ceann nóiméide. Ní bheidh sí bruite (feoil dhá róstadh) nó go dtige foirbhe uirthi — craiceann donn mar sin ón teas
+
→
deis
Ní mó ná dá mbeadh sé ar mo dheis ceart anois go ngabhfainn do mo mhearú féin ag biorú claíochaí. Tiocfaidh na claíochaí leis an gcaoi atá orthu, nó go bhfaighe na daoine ionú maith ar a dhul ina n-éadan. Seo í an mhí dhubh ar aon chor, agus níl mórán bearradh le baint ag aon cheo den talamh
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon ghair aige chaon tsórt a dhéanamh in éindí. Tabhair ionú dhó. Bainfidh sé deatach as Sasana nuair a thiocfas sé ar a dheis. Siúd é an buachaill aice
+
→
diaidh
Glac t'ionú a dhuine sin. Nach breá nach gcuirfeá stuaim ar an bhfoighid. I ndiaidh a chéile a dhéantar na caisleáin
TUILLEADH (1) ▼
Fainic anois a dtiocfá i ndiaidh do mhullaigh ann. Tabhair ionú dhuit féin, agus ná bí in aiféala aríst. Ina dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas. Níl aon mhaith san obair sin. Do leas romhat agus go mbeire tú air mar adeireadh M. Ph. Mh. fadó
→
diogáil
Is deas teolaí an teach atá aige anois. Tá brat nua díon aige air, agus an tuí chomh diogáilte le eireoig air. Déanann sé ionú ceart lena chuid oibre, agus bíonn a shliocht air: bíonn sí slachtmhar ina dhiaidh hé brí céard a dhéanas an mhoill
→
dlúsúil
Cén fáth a bhfuil an t-airgead acraí chomh dlúsúil sin i mbliana seachas bliain ar bith. Bhí ionú dhá mhí faoi anuraidh
Deiseal! Deiseal! Glac t'ionú, agus ná bíodh an oiread sin uafáis ort. Shílfeá nach bhfuil breith bonn báis agat go mbeidh an greim deireanach slogtha agat. Ní hé a ghoid ná a fhuadach uait a dhéanfar. Ach tá a fhios agam go maith céard atá ort: fonn bóithreoireachta agus rabhaiteála (fc. rabhait). Is fada leat go mbeidh tú amuigh aríst
→
dol 1
Tugaim corrdhol dhó de réir mo láimhe, léar (de réir) mar a fhaighim ionú air. Is iomaí dola éisc a d'éireodh liom murach go bhfuil mo chuid eangachaí roiste ar fad, agus ní féidir scair eangaí a fháil anois
→
domhan
Tá an domhan agus a mháthair aige sa litir seo. M'anam gurb aige atá an t-ionú go bhféadfaidh sé an oiread sin a scríobh
Thóg mé staic dheas de mhaide donn réidh thuas sa bportach anuraidh, agus chuir mé d'anró orm fhéin a thabhairt anuas abhaile anseo. Chaith mé ansin amuigh é go dtéinn dhá shnoíchan nuair a gheobhainn ionú air. Dhá lá a bhí sé ann, nó gur scuabadh é de shiúl oíche. Ar an mbaile soir a chuaigh sé freisin. Fuair mé lorgachaí na gcos, agus bearnaíochaí leagtha go talamh amach go C. na gC. Ghoidfidís an tsúil amach as do cheann a dheartháir mo chroí thú, mura mbeifeá dubhairdeallach
→
dreoigh
An bhfeiceann tú an féar sin? Rinne sé dreochan riar orm. Bhí an-aimsir ann nuair a bhain mé é, ach bhí deabhadh orm go dtéinn in éadan móna, agus bhuail mé ar a chéile é chomh héasca in Éirinn agus a d'fhéad mé. Diabhal mé gur shíl mé go bhfuair sé neart gréine agus fuair, ach ní foláir dó an t-ionú a fháil ina dhiaidh sin
Bhí sé ina shuí ar an teallach an oíche cheana, agus an treabhsar geal siúd a thug sé as Sasana air. D'fheicfeá chuile phointe é ag cuimilt, faitíos go lonnódh donóid (deannóid) ar bith shalachair air. An chéad rud eile a mhic ó mo chroí, thit dhá ghriúillín súí anuas in éindí: ceann ar chaon ghlúin den treabhsar. B'fhada a chaith sé ag breathnú orthu gan ceo ar bith a dhéanamh. Ag tabhairt ionú dóibh go dtriomaídís a bhí sé b'fhéidir. Ach dheamhan a fhios agam. 'Céard iad sin,' adeir N. faoi dheireadh. 'Griúillíní súí,' arsa seisean go míchéatach. Thosaigh N. ag déanamh bean mhaith di féin dhá chuimilt lena naprún. 'Sé an chaoi ar leathnaigh sí amach uilig ina phráisc ar fud a threabhsair é!
→
dréim
Dhá bhfaigheadh an cat a dhul ag dréim lena chuid crúcaí, bheadh gnaithe dhá dhícheall ag an madadh, ach níor thug sé an t-ionú dhó, ach breith i ngreim cúl cinn air, agus a chroitheadh …
→
déan 1
Tabhair cead dó a shlat a dhéanamh. Ar ndóigh ní ag iarraidh é a chur suas uirthi as cosa i dtaca a bheifeá. Tabhair ionú dó. Tiocfaidh an-tsearrach uaidh sin
→
dóigh 1
Níl aon tobac agat. Dar mo choinsias muis, is dona an dóigh a dtáinig tú anois. Tá mé féin sportha ó am dinnéir, agus gan aon ionú ag aon duine sa teach a dhul dhá iarraidh, bhí muid chomh cruógach sin. Beidh sí seo ag dul ina choinne ar ball beag, má ghníonn sin thú
→
dóigh 3
Níl aon ghnaithe na beithígh a chur amach ar an gcriathrach dóite siúd. Ach beidh cimín súite ann fós ach a bhfaighe sé ionú fás
An claí dólámhach atá tú ag brath ar a dhéanamh ansin? Cén tsomhaoine dhuit thú féin a mharú leis. Nach bhfuil a fhios agat gur gearr go mbainfidh tú stangadh asat féin le na clocha móra sin, mura nglaca tú t'ionú nó go bhfaighe tú cúnamh. M'anam nach ceird do dhuine a bheith ina scanrachán mar sin
→
dún
Beidh greadadh ionú agat. Nach mbeidh tú críochnaithe roimh dhúnadh na hoíche, agus nach in é do dhóthain. Is suarach an cheird do dhuine ar bith a dhul ag déanamh éagóir air fhéin ag obair d'antlachán mar sin. Ní thabharfadh sé uisce na bhfataí dhuit, ní hé amháin a mhalrait
→
dúradán
Chuaigh dúradán faoi shúil an chapaill agus tá sí caoch anois i leathshúil nó i ndáil leis. Deir an sórt dochtúr beithíoch sin atá ag dul thart gur fionn atá ar a súil, ach diabhal fionn ná fionn. B'fhurasta a aithinte an dúradán istigh inti na chéad laethantaí, dá dtapaínn an uair sin í, ach ó fuair sé ionú, bhí sé mall a dhul di. Is mór an babhta uirthi é pé acu sin é
Ní raibh ag dul fúm ná tharam ó mhaidin ach sciorradh suas go bhfeicinn cén chaoi atá ar an tseanbhean seo thuas, ach bhí an oiread le déanamh ina dhiaidh sin agus nach bhfuair mé ionú air. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, gabhfaidh mé ag breathnú uirthi amárach. Níor chomaoin dom a dhul; ba mhaith í fhéin nuair a bheadh an t-anó ar dhuine. Diabhal bréag nár mhaith