Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Istigh
1.
a.
+
Tá sé istigh (sa teach) faoi seo.
Pádraic: A Sheáin a mbeidh tú istigh ambáireach. Teastuigheann tosach ó mo bhróig; Seán: Má's istigh nó 'mu(igh) mé déanfa mé an méid sin
TUILLEADH (6) ▼
Bí istigh chomh maith le duine = déarfaidhe le duine é ag dorus tighe "ceoil", a mbeadh thob ann agus thob as aige faoi dhul isteach.
Ní raibh mo chloigeann istigh agam, nuair a d'ionnsuigh sí mé = is ar éigin a bhí mé istigh etc.
Cé tá istigh? = cé tá istigh sa teach agaibh.
Níl duine ar bith istigh againne = níl aon-duine sa teach se'againne.
Tá sé chomh maith dhúinn an áit istigh a thabhairt orainn fhéin = tá sé chomh maith dhúinn, a dhul isteach sa teach nó faoi dhídean.
Tá'n coirce istigh = tárluighthe 'san iothlainn nó san agaird.
+
A' rug tú istigh air = a' raibh sé sa teach romhat, nuair a chuaidh tú dhá thóruigheacht.
Is deacair breith istigh air.
TUILLEADH (3) ▼
B'fhéidir dhá dteightheá ann ar maidin go mbéarfá istigh air.
Níl uair ar bith is fhearr a mbéarfá istigh air ná taca an dó dhéag.
Má's leat breith istigh air, teirigh chuige árd-trathnóna.
+
Bhí mo leath istigh agus mo leath amuigh = nuair a bheadh duine ar thairsigh tighe nó é isteach go dtí 'na lár in uaimh nó a samhail.
Do leath-istigh agus do leath amuigh! — sin é an breith a thug an naomh Peadar ar anam bocht a bhí ar seachrán, de réir sean-scéil.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí leath-chos amuigh agus leath-chos istigh aige (déarfaidhe le duine a bheadh a' braithteoireacht nó idir dhá chomhairle faoi dhul amach in áit eicínt nó obair eicínt a dheanamh).
+
Tá tagtha faoi'n bplúr sin, mar tá sé istigh le fada = tá'n plúr sin a' lobhadh, faoi'n fhad's tá sé istigh (sa teach — ceannuighthe)
Is gearr istigh an fheoil sin chor ar bith, agus tá sí ag ionntú cheana, mar sin féin.
TUILLEADH (2) ▼
Ná fág mórán achair istigh í, gan í a chuir igcaitheamh = ná fág mórán achair sa teach í, go n-ithe tú í.
Cá'ide istigh an siúcra seo?
+
Ní fhéadfa mise a bheith istigh 's amuigh = ní fhéadfa mé freastal do'n obair istigh agus don obair amuigh; ní fhéadfa mé obair an tighe agus obair na talmhan a dhéanamh.
Is maith an rud (dh)uitse an obair istigh. Fág an obair amuigh (an áit amuigh) faoi na fir = tá do cheart le deanamh agadsa agus obair an tigh a dhéanamh. Déanadh na fir an talmhaidheacht.
TUILLEADH (7) ▼
Is meathta an obair istigh ná'n obair amuigh = is roighne agus is goilleamhnaighe le déanamh obair an tighe, ná obair na talmhan.
Seán: Bhrisfeadh an áit istigh do chroidhe; Tomás: Is maith an chiall agamsa é, a chaithfeas freastal do'n áit amuigh freisin = chiapfadh obair tighe duine adeir Seán, ach dubhairt Tomás go raibh ar fhéin obair na talmhan a dhéanamh idteannta obair an tighe.
Níl aon duine indon freastal do'n áit istigh ach na mná
Is maith an dicheall dhom freastal do'n áit istigh.
Bímse amuigh 's istigh = déanaim obair sa teach agus ar a' talamh.
Is mór an saothruidhe istigh í = tá sí in a h-oibridhe mhaith faoi'n teach.
Tá sé ag cothú na h-áite 'stigh go maith = fanann sé istigh d'fheacht agus go h-áithrid.
+
Ní sheasfa an áit istigh dhuit igcomhnuidhe = dubhradh le duine a chaitheadh cuid mhaith dá chuid aimsire sa teach in a leaduidhe na luaithe; ní bhfuighe tú biadh istigh igcomhnuidhe; caithfe tú a dhul agus é a shaothrú.
Leig mé an lá tharm istigh = chaith mé an lá sa teach.
TUILLEADH (8) ▼
Istigh a chaitheann sé leath a shaoghail.
Tá beith eicínt air, nach féidir leis an áit istigh a fhágáil beag ná mór = tá teir nó gus, nó slám nó míádh air, nach bhféadann sé a dhul amach.
Is gearr go mbí an sagart istigh (sa teach) in mo mhullach = is gearr go dteaga sé isteach orm.
'Sé'n chaoi a bhfuil sé aige sin: istigh sa ló agus amuigh 'san oidhche = bíonn sé amuigh, nuair nach ceart dó a bheith amuigh agus istigh nuair nach ceart dó a bheith istigh.
Dhá mbeadh call istigh dhuit, ní bheitheá istigh leath chomh maith.
Tá mé ithte liobruighthe istigh agus amuigh agaibh = ní fhaghaim fo[ra]s ná suaimhneas uaibh amuigh ná sa mbaile.
Níor fhága an fear céadna aon-duine istigh ariamh = níor thug sé lóistín na h-oidhche, do bhacach, do bhochtán ná do dhuine a bheadh in a chall.
Tá teas an aithinne in a thóin. Ní túisce istigh ná amuigh é = tá sé an-luaithneach ar fad.
+
Dhá mbeitheá istigh i bhFlaithis Dé, bheitheá beo-phianta go mbeitheá amuigh aríst = déarfaidhe le duine grionglóideach luaithneach é, nach ndéanfadh comhnuidhe aon-achar in aon-teach.
Tá sé istigh annsiúd ('sna Flaithis) agus coc Achrainn curta aige ar an Naomh Peadar (féach coc) = duine a bhí ar shlighe an fírinne.
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheidh iabh ná forus air istigh ('sna Flaithis), má chloiseann sé go mbeidh aon-snáth feamuinn' dearg isteach = duine a bhíodh i gcomhnuidhe le cladach ar thóir feamuinne, agus bhí sé básuighthe anois. Ba mhian leis an gcainnteoir a thabhairt i gceist as greann, go ngreamóchadh tóir na feamuinne dó ar an saoghal eile, chomh maith leis an saoghal seo.
Ní chreidfinn ó'n saoghal má tá sé istigh, nach ag saghdadh faoi Mhicilín atá sé = má tá a leithide seo de dhuine 'sna Flaithis, tá sé ag séideadh faoi Mhicilín, mar bhíodh sé ar an gceird sin d'fheacht a's go h-áithrid, chomh uain's a bhí an bheirt beo.
Mara bhfuil aon ionga tobac le cangailt aige, cuirfe sé an áit istigh thrídh na chéile = bhí an-tóir aige a bheith a' cangailt tobaic le na beo, agus mara bhfagha sé 'sna Flaithis é anois, cuirfe sé a bhfuil 'sna Flaithis in árachaí 'chéile (as greann adeirtear)
b.
·
Is fliche (flithí adeirtear) amuigh ná istigh é = droch-oidhche bháistighe a raibh daoine ar bhainis, agus gan a rath óil uirre. (Déarfaí freisin é nuair a bheadh cheal óil ar dhuine, agus é a' báisteach)
c.
+
Tá an capall ar chuir mise [...]te, istigh gnoithteach.
Ní túisce an capall istigh gnóithteach, ná d'éaluigh an marcach de chúrsa an rása, ingan-fhios de chuile dhuine.
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfe mé geall gurab é Johanny a bheidheas istigh gnoithteach, th'éis a bhfuil 'un tosaigh air fós.
d.
+
Dubhairt an fear istigh leis an bhfear amuigh, imtheacht go beo ó'n a dhorus = d'fhuagair an fear a bhí sa teach ar an bhfear a bhí ag an dorus, greadadh leis go scioptha.
Cé'r dubhairt an fear istigh (an bhean istigh)? = cé'r dubhairt an fear a bhí faoi chaolach an tighe.
TUILLEADH (1) ▼
Fainic an fear istigh ort fhéin. Tá'n buille feill' ann (tá nimh craithte air etc.) = seachain a dtiubharfadh an fear atá istigh sa teach (nó sa gcás sin, dá n-abruighthí istigh idteach an chainnt seo, chiallóchadh sé an duine is goire don bhalla, do'n teine etc.) droch-iarraidh dhuit, arae sé atá deas ar na droch-iarrantaí a thabhairt uaidh (feill' deirtear mar fie-ull. l leathan dúbalta)
+
Sé'n easóg sin istigh, an diabhal is measa a chonnaic mé ariamh
Fan amach as an áit sin istigh = teach, cúinne, crích driseachaí etc.
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon-lá de'n ádh orm ó thaobhuigh mé an teach sin istigh = níl aon fhorfhás orm ó chuaidh mé isteach sa teach sin; ó thug mé faoi deara dhom fhéin a dhul isteach ann (déarfá seo agus thú le h-ais an tighe)
Ní fhaca sé aon-lá dhá leas ariamh go dtí an lá ar phós sé an bhean sin istigh = rinne sé fíor-chlár a leasa an lá ar phós sé an bhean sin istigh sa teach (déarfá é agus thú taobh amuigh) nó sa gcúinne etc.
Ní fhaca sé aon-lá de'n mhíádh ariamh gur phós sé an ágóid (scubaide; bean fhágtha) sin istigh (gur thaobhuigh sé an teach malluighthe sin istigh; gur thaobhuigh sé an phruchóg de theach sin istigh etc)
Mallacht Dé ar an áit sin istigh = déarfaí le teach ósta, teach síbín, príosún, teach ceoil etc.
+
An taobh istigh de'n teach = an drom-chlár ó fhoth go fraigh agus as sin go maide mullaigh idteannta an urláir.
Tá scair eangaighe crochta ar an taobh istigh de'n teach ann = tá giota eangaighe crochta as na fraightheacha nó as an mboimbéal nó ar an mballa.
TUILLEADH (2) ▼
Tá'n taobh istigh de'n teach uilig faoi fhréileachas = tá na ballaí agus an ceann tais, nó ag déanamh uisce ("taobh amuigh an tighe" = drom-chlár na mballaí, na mbinn agus an chinn. "Tá taobh amuigh an tighthe i léig ar fad."
Is fearr an teach as an taobh amuigh ná as an taobh istigh = is fearr an chaoi atá amuigh ná istigh air
·
'Bhfuil aon-duine sa seomra (siúmra adeirtear) seo 'stigh = sa seomra thiar; sa seomra a mbeitheá ag breathnú chuige (ar a shon sin, ní abróchthaidhe ach go rí-annamh,"tá sé istigh sa seomra" — "tá sé thiar sa seomra" an chainnt ionndamhail — déarfaidhe dá mbeithidhe taobh amuigh ar an tsráid = "tá sé istigh sa seomra")
e.
+
'Bhfuil mórán feamuinne istigh? = 'bhfuil a' rath feamuinne sa snáth-mhara le cladach, le duirling nó le tír.
Tá rón istigh sa gcladach.
TUILLEADH (9) ▼
Bhí an luing (seo adeirtear i gcomhnuidhe i leabaidh long) istigh le cloich = ní raibh sí i bhfad amach ó'n talamh; ní raibh sí ach ar bhruach na gclochar sa gcladach.
Bhí sí buailte istigh ar an gcladach (an luing, bád, míol mór etc) = le h-ais an chladaigh.
Bhí mé buailte istigh ar an gclaidhe = le h-ais an chladaigh (buailte istigh ar an mballa, etc)
Bhí an madar-uisce istigh le bruach
Bhí an madar-uisce istigh faoin mbruach.
Bhí an gamhain sactha i lúibinn istigh le claidhe = bhí cruit air i gcúinne chois an chlaidhe.
Coinnigh istigh le balla
Bhí siad a' locadh caorach istigh le claidhe = bhí siad a' sáinniú caorach le h-ais an chlaidhe.
Níl mórán le faghail in aisce istigh in Gaillimh.
·
Teirigh istigh faoi; Beidh mé istigh leat = cuirfe mé mámh isteach fút (go h-iondamhail an rubáil, mámh cinn na rubála, rí nó h-aon ionntuighthe)
f.
·
Fritheadh ruainnín de'n tsnáthaid istigh le cnáimh
Bhí sé istigh go dtí na ascallaí (go h-ascallaí) ann = thíos go h-ascallaí.
2.
a.
+
Bhí fhios ag do chroidhe istigh nach raibh tú a' déanamh na fírinne.
Tá fhios ag mo chroidhe istigh, nach bhfuil focal bréige agam = tá fios ag an lá, gurab í lom chlár na fírinne atá sa gcainnt seo.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí fhios ag do chroidhe agus ag t'anam istigh, nach mbeadh aon-ghoir agad an méid sin a dhéanamh
Tá fhios ag do chroidhe istigh, nach bhfuil fear aonraic indon freastal do chuile rud = tá fhios agad go rí-mhaith nach bhfuil aon-ghoir ag fear atá taobh leis féin, chuile obair dhá dtiocfa treasna air a dhéanamh.
Tá fhios ag do chroidhe istigh nach bhfuil pighinn ruadh agamsa.
Tá fhios ag mo chroidhe istigh nach bhfuil fhios agam, céard is fearr dhom a dhéanamh; go gcuire Dia ar mo leas mé! (ní bhaintear aon leas as ar an mbealach seo ach le croidhe agus anam agus fios)
b.
+
Tá béilí maith istigh anois aige = ithte
Tá braon mhaith istigh aige = tá braon sa gcorraicín aige; tá braon ar bord aige; tá braon maith ólta
TUILLEADH (12) ▼
Dhá mbeadh aon-deor istigh, is mór an t-iongnadh liom, nach a' troid a thosóchadh sé.
Bhí maoil ar a phutóig (air a mhéadail, ar a bholg) le na raibh istigh aige = biadh nó ól.
Tá sceibhil (scibhil) ar a bholg le gach's a bhfuil istigh aige (sceibhil = an bhuillsceana a chuirtear ar chruaich choirce as cionn na coise)
Tá bleaghanach (taoscán, foracún, gleorach, tomhas, etc) istigh aige = cuid mhaith ólta; riar mór.
Tá bun-thaoscán maith istigh aige = tá roinnt mhaith óil caithte aige.
Nuair a bhío(nn)s aon deór istigh aige, is deacair a dhul in a ghoire (é a thaobhachtáil, drannadh leis, cur chuige ná uaidh etc.)
'Sé ubhall na h-aithne é, nuair a bhíonns gloine fuisce istigh aige = tá sé an-choiligneach; bíonn ruibh; bíonn nimh craithte air, bíonn an míádh air, nó na seacht ndiabhail déag.
''Siúd é ná bain liom' nuair a bhíos aon-bhraon istigh aige (féach bain)
Nuair a bhíos an braon istigh aige, leigeann sé amach a chuid droch-éisc = nuair a bhíos sé óltach, tugann sé le teasbánadh go bhfuil droch-bhraon ann; nó go bhfuil sé fealltanach (féach "iasc")
Tiocfa tú le na bhfuil istigh agad anois = tá do sháith ólta (freisin ithte) agad.
Caithfe tú theacht le na bhfuil istigh agad.
Teara le na bhfuil istigh agad anois.
c.
rún a choinneál; caomhamhaint rúin; guaim a chur ar do chuid cainnte.
+
Is mairg dhuit nach istigh in do bholg a choinnigh é = faraor ghéar má d'innis tú an rún sin, nó má dubhairt tú an chainnt sin, chor ar bith.
Níl goir aige tada a choinneál istigh nuair a bhíos aon-deor ólta (istigh) aige = deireann sé chuile rud; scéitheann sé chuile rún.
TUILLEADH (5) ▼
Coinnigh istigh é (scéal, rún) = ná labhair air.
Bhfuil tú indon scéal ar bith a choinneál istigh = 'bhfuil caomhamhaint ná fascadh ar bith ionnad (féach "caomhamhaint", "fascadh")
Marach go raibh cúl do chainnte leat choinneochthá (choinn-eá adeirtear) istigh é = dhá mbeadh fios do labhartha agad, ní thráchtfá air beag ná mór.
D'imthigh an diabhal ort nar choinnigh istigh é (féach d'imthigh)
Is mairg a innsighea(nn)s tada dhuit, mar níl tú indon tada a choinneál istigh.
d.
faltanas, cloch sa muinchille, olc nó droch-éisc.
+
Choinnigh sé an méid sin istigh dhom go dtí lá a bháis = bhí an rud sin aige in m'aghaidh go bhfuair sé bás.
Tá'n iarraidh sin istigh aige dó le fada = duine a thiubharfadh iarraidh do dhuine eile, agus an fonn sin a bheith air, i bhfad shul ar thug sé an iarraidh.
TUILLEADH (9) ▼
Is fada an méid sin istigh aige dhó.
Tá'n bualadh a thug sé dhom, istigh agam dó, agus íocfa sé fós é, má mhairimse.
Beidh sé istigh agam (dh)ó go gcuirtear na h-ordógaí orm = beidh an cloch sa muinchille agam dó, go gcailltear mé (go ndúintear mo shúile th'éis séaluighthe).
Tá'n chainnt sin istigh agam dó, agus ní racha sí leis nó gheobha mise giorrachan saoghail = tá'n cloch sa muinchille agam dó ingeall ar an gcainnt sin a chaith sé, agus mara bhfagha mise bás go goirid, ídeo mé air é.
Nach gearr a choinnigh siad istigh dhá chéile é.
Tá sé istigh agam dó, agus níl mé ach a' fuireacht (fuirígheacht adeirtear i gCois-Fhairrge) le mo dheis.
Thug mé a dhubhshlán an uair sin, agus tá sé sin istigh dhom fós aige.
Thugadar beagán sásamh uatha(b) an uair sin, agus tá sin istigh fós dóibh = níor thugadar mórán sásamh do'n duine nó do'n dream eile, agus ní dhearna an dream eile dearmad ar sin fós.
Choinneochadh sé istigh an rud choidhchinn, go n-eirigheadh leis an buille feill' a thabhairt duit = bhí sé i gcomhnuidhe san áirdeall ar a dheis, go bhfaghadh sé í le thú a bhualadh go fealltach.
3.
críochnuighthe, caithte.
a.
+
Tá mo lá istigh agam = an méid uaireannta a bhí le h-oibriú agam, tá siad oibrighthe, agus féadfa mé eirghe as an obair anois.
Cá'ide go mbí do lá istigh agad = cá'ide go sguire tú de'n obair.
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn a lá istigh ag fir oibre na Gaillimhe ag an h-aon a' chlog Dia Sathairn.
Tá a théarma istigh aige = fear a gcuirfí príosún air, duine a bheadh a' dul le ceird agus rl.
Tá a théarma istigh aige, ach sílim nach bhfuair sé na dindiúirí fós = dochtúr, duine a bheadh ag dul le dochtúr.
b.
caithte.
+
Tá a h-aimsir istigh = bó ionnlaigh go mbadh ceart di laogh a bheith aice lá ar bith.
Is gearr go mbí a h-am istigh = bean a bheadh le h-aghaidh (l'aghaidh adeirtear) cloinne.
TUILLEADH (3) ▼
Beidh an lá cáirde istigh go goirid = an lá ar ceapadh an cíos, an t-airgead acraí nó eile a íoc, nó an lá a dtiocfadh an margadh chun crích.
Tá'n t-áirleacan istigh aige = tá an lá cáirde nó lá na h-íocuigheachta ar fághail nó caithte.
Tá a lá istigh = nuair a gheobhfadh duine bás; tá a saoghal caithte.
·
Tá 'chuile shórt dhár dubhradh sa tar(n)gaireacht istigh anois = tárluighthe, tagtha sa saoghal.
c.
+
Tá'n eorna istigh cheana = tá sí aipidh; ionbhainte; tá sí in alt a gearrtha; in alt a bainte.
Tá'n chruithneacht istigh in áiteacha le trí seachtmhaine.
TUILLEADH (2) ▼
Ní istigh atá sé (an coirce), ach tá sé tuitim dhá cheann = ní hé amháin go bhfuil sé aipidh, agus in alt a bhainte, ach tá sé a' sceitheadh an ghráinne ar a' talamh.
Tá seachtmhain eile ar an Nodlaic, sul a mbí sí istigh (bíonn dhá chiall leis seo, go minic caithte, agus ar fághail, ach is iondamhla an chéad chiall. Rí-annamh a cloistear é an bealach eile — a' teacht isteach = ar fághail)
4.
tús, uain, mórtas ar leith.
+
Bhí mé mór léithe, ach chuaidh sé taobh istigh dhíom = sháruigh sé mé; chaith sí mise idtraipisí, agus bhrugh sí mórtas air-sean.
Fainic a dtiocfadh sé taobh istigh dhíot, arae is dearg-chluanaidhe é = tá sé imeartha, agus b'fhéidir go gcaithfeadh sí thusa de leithrigh ar a shon.
TUILLEADH (6) ▼
Tuige nach gcorruigheann tú amach agus a fhusacht dui[t] a dhul taobh istigh de'n smíste sin = tuige nach gcuireann tú crudh in a thosach, nó bealadh faoi t'ioscadaí, agus bleid a bhualadh uirre, mar tiubhra sí taithneamh duit, i leaba an smíste a bhfuil sí mór anois leis.
Bhí sé ar siubhal ariamh, ariamh, go ndeacha sé taobh istigh dhíom = bhí sé a' cluanaidheacht go dtug sí gean dó in mo leaba-sa; go raibh níos mó gnaoi air ná a bhí ormsa.
Thiocfadh sé siúd taobh istigh de Rí na Méaracán = chaithfí Rí na Méaracán, dhá imeartha é, i gcártaí, agus thiubhraí gean dó-siúd in 'áit.
Ní bheadh fhios agad cé'n bhriotais (cé'n bhuadh, cé'n ara etc) a bhí aige gur fhéad sé a dhul taobh istigh de Sheán.
Tá'n bhuarach bháis (tá'n tseamair Mhuire, tá ara an ghrádha, tá mámh níos fhearr ná'n cíonán aige etc) má's leis a dhul taobh istigh de Thomás = tá buadh mór aige, má chaiththeann sí Tomás i gcártaí, agus má thugann sí roghain dó-san in a leaba.
Is imeartha an cailín báire í, lá's go ndeacha sí taobh istigh de Neilí.
·
Tá Micil istigh, agus Seán amuigh = tá mórtas le Micil, nó meas air, agus Seán caithte idtraipisí nó i gcártaí, nó le leithrigh.
5.
i gcomhar; i bpáirt.
·
Tá siad istigh le chéile = mór le chéile; carthannas eatorra(b); iad i gcomhar le chéile.
Tá siad istigh le chéile faoi'n mbád = iad páirteach le chéile.
+
Cé atá isteach leat faoi'n móin = cé atá i bpáirt leat? Cé tá fúithe in éindigh leat? Cé atá innte leat?
Tá siad isteach le chéile faoi'n gcladach = tá roinn de'n chladach acu i gcomhar, agus baineann siad an fheamainn air, i gcomhar.
TUILLEADH (3) ▼
Ní túisce isteach le chéile iad, ná tuitthe amach aríst = ní túisce mór le chéile iad, nó i gcomhar faoi rud eicínt, ná iad scartha aríst.
Níl aon-ghnaithe agad isteach le leaduidhe = i gcomhar le duine díomhaoineach leisceamhail; ní dhéanfadh sé a chion fhéin de'n tsaothar nó de'n tsocrughadh.
Má's leat a bheith ar deire teirigh isteach leis siúd = má tá fút, gan aon-cheo a bheith agad, teirigh i bpáirt leis.
6.
gan a bheith críochnuighthe (cártaí).
+
Bun istigh fós é = níl an cluiche críochnuighthe; níl aon-dhuine cluiche; caithfe imirt eile a bheith air, sul a mbí an cluiche nó'n bonn sin thart.
Chinnfeadh ort an bun a choinneál istigh an babhta sin, mara leigteá liomsa sa gcéad tabhairt = mara bhfágtá an chúig sa gcéad lomadh agamsa.
TUILLEADH (19) ▼
Do cheann-fine, ní choinneochadh an bun-sin istigh, pé'r bith cé'n chaoi a dtiocfá dhó = rachadh an bun amach de do bhuidheachas. ("Bonn amuigh é" = tá'n cluiche sin thart; tá duine nó comlán eicínt cluiche).
Bhfuil an bun istigh nó amuigh?
Dhá lomtá, badh bun istigh é = dhá dtugtá an mámh le clár, ní rachadh an bun amach.
D'íosfadh sé thú, mara gcoinnightheá an bun istigh
Bun istigh fós é = caithfe ath-imirt a bheith ar na cártaí go dteighe duine eicínt cluiche.
Ní bhíonn áirde ar bith agad, ar an mbun a choinneál istigh, ach a' forcabhás ar chúig i gcomhnuidhe (ach a' forcabhás ar a dhul amach thú féin agus do pháirtidhe) = is cuma leis, faoi'n bhfear árd a choinneál anuas, agus gan aon-duine a leigean cluiche; ag iarraidh cúig nó a dhul amach cluiche é fhéin a bhíos sé i gcomhnuidhe.
Bhí chuile shúil le Dia agam go mbadh bun istigh é
Dhá leigteá de do chuid leiciméarachta badh bun-istigh é.
Imreoir ar bith nach bhféachfa leis an mbun a choinneál istigh, b'fhearr dhó eirghe as.
B'fhada a bhí sé idir-chamánuidhe, ach 's bun-istigh é, in a dhiaidh sin = fhobair an bun a dhul amach, ach ní dheacha.
Dhá dtapuighinnse mo ghnaithí, badh bun istigh é = dhá ndéanainnse an rud ceart idtráth, ní rachadh an bun amach.
Badh bun istigh é, dhá ndéanainnse mo ghnaithí ceart, ach in a dhiaidh is feicthear do'n Éireannach a leas.
Is mór a chruthuigh mé agus é choinneál istigh agus a raibh de mhadraí móra in m'aghaidh (madraí móra = mámhaisí maithe)
Cluiche istigh fós é! = níl an bun-amuigh.
Mo chuach óg annsin thú! Is tú a choinnigh an cluiche istigh!
Nar laga Dia thú! Marach tú, ní bheadh an cluiche istigh.
Fáinne óir ort! Is mór an saothruidhe thú agus an bun (an cluiche) a choinneál istigh
Ní féidir gur bun-istigh aríst é.
Marach an droch-imirt a rinne tú annsin, badh bun-istigh [é].
7.
a.
"Lámh istigh agus lámh amuigh" = leagan a bhaineas le carruidheacht. Nuair a bhíos beirt a' coruidheacht le chéile (ach nach mbíonn siad buailte ar a chéile: bíonn siad fad a lámh ó'n a chéile), cuireann duine acu a chiotóg ar ghualainn dheis a chéile carruidheachta, agus a dheasóg faoi na ghualainn chlí, agus déanann a chomh-chéile carruidheachta an cleas céadna i riocht's nach mbíonn brabach ag ceachtar acu ar an gceann eile; sin lámh istigh agus lámh amuigh.
+
Tiocfa mé leat má thugann tú lámh istigh agus lámh amuigh dhom = racha mé ag coruidheacht leat etc
Tabhair dhom (torm adeirtear) lámh istigh agus lámh amuigh, agus ní bheidh aon staonadh (stánadh; chúlú, aon loiceadh etc) agam uait = racha mé ag carruidheacht leat etc.
TUILLEADH (11) ▼
Ní bheidh a dhath loiceadh (lá loiceadh etc) agam uait má thugann tú lámh istigh agus lámh amuigh dhom.
Dhá mbeadh indán's go mbadh lámh istigh agus lámh amuigh a bheadh aca(b), déarfainn nach mbeadh ionga ná ordlach (ourlach adeirtear) aca(b) ar a chéile = bheidís an-chothrom agus ar chomh-spreacadh, dhá mbeidís ingreím in a chéile in a láimh-istigh agus in a láimh amuigh.
Bhí láimh istigh agus lámh amuigh aca(b) ar a chéile (láimh i gcomhnuidhe adeirtear is chuile áit in Gaillimh go bhfios domsa, sa tuiseal ainmneach. Is amhla le cois, gruaig, bois, etc é, cé go gcasfaidhe cás ar leithrigh leat amanntaí i.e. buail bos air)
Bhí siad ingreim láimh' istigh agus láimh' amuigh ar a chéile.
Thug sé láimh istigh agus láimh amuigh dhó.
Tá sé thar cíonn (toghtha, thar barr, go maith etc.) le láimh istigh agus láimh amuigh = go h-an-mhaith.
Níl a shárú ann le láimh istigh agus láimh amuigh
Leagfadh sé Goll (Gabhal adeirtear) Mac Móirne le láimh istigh agus láimh amuigh
Má fhaghann sé láimh istigh agus láimh amuigh ort, ní thiocfa tú as a chrúba (ar a chrúcaí) go réidh.
Má fhaghann sé lámh istigh agus láimh amuigh ort fáiscfe sé ort, agus 'sé 'tá deas air
Is ait a' caruidhe é le láimh istigh agus láimh amuigh = tá sé go maith a' carruidheacht, má fhaghann sé an greim sin.
b.
"Dhá láimh istigh" = leagan carruidheachta. Nuair a bhíos beirt a' carruidheacht (ach iad a bheith amach go maith ó chéile), agus má thugann duine acu cead dá chéile carruidheachta a dhá láimh a leigean i bhfastódh in a thaobh faoi na ascallaí agus a dhá láimh fhéin a bheith ar shlinneáin nó ar ghuaillí a chomh-chéile, sin dhá láimh istigh ag an gcéad duine.
+
Ní comórtas (comártas adeirtear) ar bith muid, mara dtuga tú dhá láimh istigh dhom {{(dhá láimh amuigh a bheadh ag a chéile annsin) = ní h-ionann muid nó tá buntáiste agadsa ormsa, nó is truime, is sine, nó is láidre thú ná mise, agus dhá bh(r)íthin sin, ba ceart duit dhá láimh istigh a thabhairt dom.
Baol beag orm go deimhin dhá láimh istigh a thabhairt duit. Nach sine tú fhéin ná mise.
TUILLEADH (12) ▼
Cuirfe mé geall (cuirfe mé mo rogha geall; racha mé faoi dhuit) go leagfa mé (sínfe mé, tiubharfa mé talamh etc.) dhuit má thugann tú dhá láimh istigh dhom.
Sé'n rud is lugha dhuit, dhá láimh istigh a thabhairt (dh)om a ghiolla mhóir = tá tú mór láidir tharmsa agus ní chuirfe sé aon-cheo as duit buntáiste carruidheachta a thabhairt dom.
Má thugaim dhá láimh istigh dhuit, ní bheidh buntáiste a' bith agam thart = beidh muid cothrom, má thugaim dhá láimh istigh duit.
Ní bheadh ionga ná ordlach aca(b) ar a chéile dhá mbadh dhá láimh istigh a bheadh aca(b) (féach thuas)
Is danardha an diabhal é, le dhá láimh istigh a fhaghail ort = tá sé cruaidh, fáiscthe, agus greim docht daingean aige, má fhaghann sé dhá láimh istigh.
Dhá bhfaghadh sé dhá láimh istigh air, chuirfeadh sé a chaoi féin air = leagfadh sé (dhéanfadh sé a rogha rud leis) é etc.
Is mairg a thiubharfadh dhá láimh istigh dhuit, agus chomh deacair (a dheacra) agus atá sé thú a leagan le láimh istigh agus láimh amuigh fhéin.
Aon-fhear dá bhfaighe (dhá bhfágha freisin) an t-Árannach dhá láimh istigh air, is fear anuas é (nó is fear thíos é) = leagfadh Árannach fear ar bith, ach greim dhá lámh istigh a fhaghail air.
Bhí siad ingreim dhá láimh istigh ar a chéile, agus gan bárr ag ceachtar aca(b) ar an gceann eile.
Is cleasach an greím é dhá láimh istigh = is furasta duine a leagan leis.
Is diabhaltaidhe (is ait, is dalba, is danardha, is toghtha etc) uaidh carruidheacht a dhéanamh le dhá láimh istigh.
Thug mé dhá láimh istigh dhó, agus shíl mé go ndéanfadh sé léitheachaí de mo thaobhanna, d'fháisc sé chomh mór sin iad.

Féach freisin

fios
anam

Istigh in iontrálacha eile (50+)

 
Shílfeá go bhfuil ath-fhéar annseo istigh agad. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
+
Is furasta faitíos a chur air sin. Torann ar bith a chloisfeadh sé taobh istigh de chlaidhe, thuitfeadh sé as a sheasamh!
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag dul chun faitiais ar an bhfear seo istigh
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth-feamainne a eirí leat, scoilt go maith í, faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo, agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghaís a bheadh orra a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
 
faoisc
Ní mór dhuit dhá fhaoscadh féin a bhaint asta sin. Tá siad do-bhruithe go leor. Níl a fhios agam cén sórt fataí chor ar bith iad. Mara bhfagha siad bruth thar cionn, bíonn rológaí istigh ionta mar a bheadh i gcáca
 
Tá chúig tithe déag istigh ar an mbaile, agus níl teach ar an bhfeáin aca a d'íoc aon-"phoor rate" fós. Is ar a chruachúis dóibh an baile uilig a chaitheamh amach. Ba cheart a íoc mar sin féin
 
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
 
Níl d'fhuighleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabhail le buile. Bíonn sé cho goineach le caraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sib arán ó thárla nach raibh mé fhéin istigh
 
Fan istigh fhad's bhéas sé ag fearúint mur sin. Beidh tú cailltí má thugann tú an bóthar ort fhéin anois
 
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis, agus ní imeódh sé uaim cho saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh in a shiopa, agus déarfadh sé in a dheidh sin gurb é atá ag coinneál leath na ndaoine beó! Nar ba gán measa a bhéas sé!
+
fios
An bhfuil iasc istigh ab ea. Níl a fhios sin agam (dheamhan a fhios sin agam)
TUILLEADH (1) ▼
Tá a fhios ag do chroí istigh nach bhfuil aon phínn airgid agamsa ach an oiread agus atá sé agad fhéin = you realize full well yourself
 
fliuch 2
Is fliche istigh ná amuigh é = déarfadh duine é a mbeadh a dhóthain ólta aige leis an rud sin a thabhairt len innseacht
 
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní samhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach annseo in aice chúnta Dé
 
focal
Níl aon-chaibhnsiléara istigh inGaillimh indon breith ar fhocal uirre siúd. Tá fios a labhartha agus deis a cainte aice
 
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirghe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shoin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith cho haiféalach leis. Mara bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
 
Is diabhlaí follasach atá tithe Bh. inniu. D'fheicfeá na cearca istigh ar an urlár ionta!
 
Bíonn féar agus fóthar annsin mar is minleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas annseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
 
Tháinig F. aréir le leoraí móna a cheannacht uaidh ach dheamhan leoraí freagrach aige. Níl ann ach a bhfuil istigh ar an bportach = feiliúnach; in áit chóiriúil; í a bheith so-láimsithe
 
Tá sí cho freochanta len a bhfaca tú ariamh. Níl aon-cheo san teach nach leagfaidh sí a súil air, mara mbeadh sí istigh ach dhá nóiméad
 
Ní iarrfadh sé go deó ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leór, ach caitheann sé a shaol ag cipiléaracht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leó. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shoin, agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann, agus nach raibh an oiread áite fágha aige ann san deireadh agus go suíofadh sé síos! B'éigin dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais!
+
fág
"Níor fhága an marbh láthair" adeir sé. "Tá mo phíopa ag duine eicínt san teach. Tóróidh mé a bhfuil istigh, agus an té a bhfuighidh mé aige é, ní leis a rachas (fc. marbh)
TUILLEADH (3) ▼
Ara a dhearthair ó mo chroí thú, ní raibh mo chois istigh agam, nuair a d'áitigh sí mé. Más thíos a fríodh mé thuas a fágadh mé ar chaoi ar bith. Ach d'airigh sé gur in a theach fhéin a bhí sé. Níor mhór dhó!
Fág aistir uisce istigh shul a dteighe tú soir san ngarraí
Fágadh sé móin istigh shul a dteighe sé ag an gcladach
+
Bhí sé istigh san gclúid agus é mar a bheadh cut ann ag cangailt fáideóige. Feiceamuist teirigh in a ghoire!
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé taobh istigh den sconnsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cut ag cangailt fáideóige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aonduine
 
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amáireach faitíos na fálach. Mara mbeidh t'ainm istigh agad Dé Céadaoin, dheamhan sdriog a gheobhas tú = ar fhaitíos go dtárlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé indon a dhul chuig an mbeairic len a ainm a chlárú
 
Tá ur gcuid féir ag imeacht go fánach annsiúd thíos cheal claidheachaí. Bíonn beithigh an bhaile istigh ann chuile ré solais = go neamh-thairbheach díbh fhéin
 
fán
Is fada a chaith mo pháiste ag dul i bhfán orm, ach ó atá sé agam anois ní leigfidh mé uaim é. Faghadh sé bean anois agus pósadh sé istigh san teach seo. Ní bhfuighidh aon-duine eile tús air
 
Bíonn an lá cáirde istigh lá Fheil' Mhuire na Féile Pádraig. Má bhíonn féarach agad caithfidh tú a fhágáil an lá sin
 
féar
Tá barr baile annseo againne muis agus is gearr le dhul é. Níl ann fré chéile ach féar gortach. Is fhearr aon-phóicín amháin istigh agaibhse le cruth a chur ar bheitheach ná a bhfuil de thalamh istigh ar na bailteachaí seo. Tá substaint san bhféar agaibhse
 
fíóg
Chaithfeá na fíógaí a bhaint idtosach. Nuair a bheitheá dhá ndlaoithiú níorbh fhuláir duit stríoc den dlaoinín a fhágáil uirre nó thuitfeadh a mbeadh istigh inte amach in a mionús. Chrochfá suas ar stálú san simléar annsin iad, nó go mbeidís tirm. Nuair a bheidís tirm sheasfaidís suas i lár an ruda, bheidís cho láidir sin. Annsin bheidís faoi réir len a lasadh
 
Nach diabhaltaidhe an éadáil do dhuine an oidhche a chaitheamh in a chaidhfte thoir annsin thoir ar choirnéil dhá phréachadh féin. Shílfeá go mba mhó an tsamhaoine do dhuine fanacht istigh 'san áit a mbeadh teine 'gus teas aige, ná bheith ar a' gceird sin.
 
Tá sí sin chomh caidéiseach, a's nach mbeadh rud istigh faoi chaolach do thighe nar mhaith léithe cainnt a dhéanamh dhe. B'fhearr liom go mór go bhfanadh sí amach uileag uainn.
 
Bhí an oiread tairt air, a's gur scríob sé an chaile mhineog de linn atá tae(bh) istigh de chlaidhe annsin thiar ar thalamh J. Ph., a's d'ól sé suas a sháith dhi. Dheamhan a raibh sé d'fhoighid [ann] fanacht go bhfaghadh sé deoch tigh Ch.
+
Ar a theacht faoi'n dorus dhom, chuala mé an chantaireacht istigh, a's staon mé nóiméad, go bhfeicinn cé 'bhí ann.
TUILLEADH (1) ▼
Marach go raibh mallú (mathshluagh) mór istigh, ní bheadh an oiread siod cantaireachta le cloisteáil ann, a's an dorus dúinte.
 
Tá snáth deas feamuinne istigh thiar ag an gcarracáinín atá aníos ó Charraig Mhurrchadha.
 
ceal 1
Is beag nar préachadh muid istigh ar a' teallach 'cheal aon-fhód móna a bheith sa teach.
 
Tá'n slám féir sin thiar in a chiseach ag na caoirigh. Dheamhan puínnte a' bith nach istigh ann a bhío(nn)s siad.
 
'Bhfuil fhios agad áit a' bith a mbeadh ciseadóir a dhéanfadh cupla ciseog, a's ciseán dhom. Ó d'imthigh S. Mh. dheamhan duine istigh ar a' mbaile acmhúinneach ar bhuinne ciseáin a thógáil.
 
clab
Tá clab istigh annseo i gcomhnuidhe air, a' sluigeadh scéalta = a bhéal an-oscluighthe aige, a's stiúir éisteachta air.
+
cleite
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach breith ar Sheán Mh., idir chorp, chleite agus sciathán, a's é 'leagan istigh sa gcarr.
TUILLEADH (3) ▼
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonnaic mise é lá an t-am a raibh an 'motor-bicycle' aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. a's bhí sé dhá sháthadh anoir chomh fada leis a' teach seo. Ba mheathta leis an sáthadh, a's dheamhan ceo a rinne sé, ach é 'árdú faoi'n ascaill, idir chorp, chleite a's sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár annseo é!
Ó 'chuala mé an cleite comhrádha 'bhí istigh ar a theacht faoi'n dorus dom, ghread liom aríst. Is beag a bheadh le deanamh ag duine oidhche áirneáin a chaitheamh ag éisteacht le sprus-chainnt de'n tsórt sin.
Nach hé an saoghal a d'imthigh, a's a liachtaighe cleite comhrádha a tarraingeadh anuas ariamh istigh ann (idteach). Is fuar na ballaí atá ann anois.
 
Níl 'píosa' istigh ar' fhuaid, nó má [tá], sé a chloch neart é. Ach cá'ide le dhul 'píosa' fataí ar lán tighe! (comhairtear na páirceannaí a's na goirt in a 'bpíosaí' i gConamara. Is deacair a rádh áithrid cé mhéad é an píosa, ach gur sé phíosa a ceaptar do'n acra. Sin tomhaiseadh maolscríobach) = níl an garrdha 'píosa' etc.
+
Siod é an fear a bhfuil an chló-stiúrtha aige ar a chlann inghean, a's nach mbéarfa cead dóibh, corruighe amach thar a' tearsa (tairsigh) ó thuitfeas oidhche. Daighean mé gur aige atá an ceart freisin. Istigh is córa do 'chuile chailín óg a bheith 'san oidhche.
TUILLEADH (1) ▼
Tá cúigear cleathairí mac aige a's iad gan chló-stiúrtha ar bith, dhá bhfaca tú ariamh. Má mhaireann dóbhtha, is gearr nach bhféadfa na daoine an bóthar a shiubhal chor ar bith ucu (acu). Is mór a' t-iongnadh nach gcuirfead sé iad siod amach a' saothrú; seachas iad a bheith a' baint na sála dhá chéile istigh annsiod aige.