istigh
1.
a.
+–
Tá sé istigh (sa teach) faoi seo
Pádraic: A Sheáin an mbeidh tú istigh amárach. Teastaíonn tosach ó mo bhróig; Seán: Más istigh nó amuigh mé déanfaidh mé an méid sin
TUILLEADH (6) ▼
Bí istigh chomh maith le duine — déarfaí le duine é ag doras tí "ceoil" a mbeadh hob ann agus hob as aige faoi dhul isteach
Ní raibh mo chloigeann istigh agam nuair a d'ionsaigh sí mé — is ar éigean a bhí mé istigh srl.
Cé atá istigh? — cé atá istigh sa teach agaibh
Níl duine ar bith istigh againne — níl aon duine sa teach s'againne
Tá sé chomh maith dhúinn an áit istigh a thabhairt orainn fhéin — tá sé chomh maith dhúinn a dhul isteach sa teach nó faoi dhídean
Tá an coirce istigh — tarlaithe san iothlainn nó san agaird
+–
Ar rug tú istigh air — an raibh sé sa teach romhat nuair a chuaigh tú dhá thóraíocht
Is deacair breith istigh air
TUILLEADH (3) ▼
B'fhéidir dhá dtéiteá ann ar maidin go mbéarfá istigh air
Níl uair ar bith is fhearr a mbéarfá istigh air ná taca an dó dhéag
Más leat breith istigh air, téirigh chuige ardtráthnóna
+–
Bhí mo leath istigh agus mo leath amuigh — nuair a bheadh duine ar thairsigh tí nó é isteach go dtína lár in uaimh nó a samhail
Do leath istigh agus do leath amuigh! — sin é an breith a thug an naomh Peadar ar anam bocht a bhí ar seachrán, de réir seanscéil
TUILLEADH (1) ▼
Bhí leathchos amuigh agus leathchos istigh aige (déarfaí le duine a bheadh ag braiteoireacht nó idir dhá chomhairle faoi dhul amach in áit eicínt nó obair eicínt a dhéanamh)
+–
Tá tagtha faoin bplúr sin mar tá sé istigh le fada — tá an plúr sin ag lobhadh faoin fhad is atá sé istigh (sa teach — ceannaithe)
Is gearr istigh an fheoil sin chor ar bith agus tá sí ag iontú cheana mar sin féin
TUILLEADH (2) ▼
Ná fág mórán achair istigh í gan í a chur i gcaitheamh — ná fág mórán achair sa teach í go n-ithe tú í
Cáide istigh an siúcra seo?"
+–
Ní fhéadfaidh mise a bheith istigh is amuigh — ní fhéadfaidh mé freastal don obair istigh agus don obair amuigh; ní fhéadfaidh mé obair an tí agus obair na talún a dhéanamh
Is maith an rud dhuitse an obair istigh. Fág an obair amuigh (an áit amuigh) faoi na fir — tá do cheart le déanamh agatsa agus obair an tí a dhéanamh. Déanadh na fir an talmhaíocht
TUILLEADH (7) ▼
Is meata an obair istigh ná an obair amuigh — is righne agus is goilliúnaí le déanamh obair an tí ná obair na talún
Seán: Bhrisfeadh an áit istigh do chroí; Tomás: Is maith an chiall agamsa é a chaithfeas freastal don áit amuigh freisin — chiapfadh obair tí duine adeir Seán, ach dúirt Tomás go raibh ar fhéin obair na talún a dhéanamh i dteannta obair an tí
Níl aon duine in ann freastal don áit istigh ach na mná
Is maith an dícheall dhom freastal don áit istigh
Bímse amuigh is istigh — déanaim obair sa teach agus ar an talamh
Is mór an saothraí istigh í — tá sí ina hoibrí mhaith faoin teach
Tá sé ag cothú na háite istigh go maith — fanann sé istigh d'acht is go háirid
+–
Ní sheasfaidh an áit istigh dhuit i gcónaí — dúradh le duine a chaitheadh cuid mhaith dá chuid aimsire sa teach ina leadaí na luatha; ní bhfaighidh tú bia istigh i gcónaí; caithfidh tú a dhul agus é a shaothrú
Lig mé an lá tharam istigh — chaith mé an lá sa teach
TUILLEADH (8) ▼
Istigh a chaitheann sé leath a shaoil
Tá beith eicínt air nach féidir leis an áit istigh a fhágáil beag ná mór — tá teir nó gus, nó slám nó mí-ádh air, nach bhféadann sé a dhul amach
Is gearr go mbí an sagart istigh (sa teach) in mo mhullach — is gearr go dteaga sé isteach orm
'Sé an chaoi a bhfuil sé aige sin: istigh sa ló agus amuigh san oíche — bíonn sé amuigh nuair nach ceart dó a bheith amuigh agus istigh nuair nach ceart dó a bheith istigh
Dhá mbeadh call istigh dhuit, ní bheifeá istigh leath chomh maith
Tá mé ite liobraithe istigh is amuigh agaibh — ní fhaighim foras ná suaimhneas uaibh amuigh ná sa mbaile
Níor fhága an fear céanna aon duine istigh ariamh — níor thug sé lóistín na hoíche do bhacach, do bhochtán ná do dhuine a bheadh ina chall
Tá teas an aithinne ina thóin. Ní túisce istigh ná amuigh é — tá sé an-luaineach ar fad
+–
Dhá mbeifeá istigh i bhflaithis Dé, bheifeá beophianta go mbeifeá amuigh aríst — déarfaí le duine grionglóideach luaineach é nach ndéanfadh cónaí aon achar in aon teach
Tá sé istigh ansiúd (sna flaithis) agus coc achrainn curtha aige ar an Naomh Peadar (fc. coc) — duine a bhí ar shlí an fírinne
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheidh iamh ná foras air istigh (sna flaithis) má chloiseann sé go mbeidh aon snáth feamainne dearg isteach — duine a bhíodh i gcónaí le cladach ar thóir feamainne, agus bhí sé básaithe anois. Ba mhian leis an gcainteoir a thabhairt i gceist as greann, go ngreamódh tóir na feamainne dó ar an saol eile chomh maith leis an saol seo
Ní chreidfinn ón saol má tá sé istigh nach ag saighdeadh faoi Mhicilín atá sé — má tá a leithide seo de dhuine sna flaithis, tá sé ag séideadh faoi Mhicilín, mar bhíodh sé ar an gceird sin d'acht is go háirid, chomhuain is a bhí an bheirt beo
Mura bhfuil aon ionga tobac le cangailt aige, cuirfidh sé an áit istigh thrína chéile — bhí an-tóir aige a bheith ag cangailt tobaic lena beo, agus mura bhfaighe sé sna flaithis é anois, cuirfidh sé a bhfuil sna flaithis in árachaigh a chéile (as greann adeirtear)
b.
·
Is fliche (flithí adeirtear) amuigh ná istigh é — drochoíche bháistí a raibh daoine ar bhainis, agus gan a rath óil uirthi. Déarfaí freisin é nuair a bheadh cheal óil ar dhuine agus é ag báisteach
c.
+–
Tá an capall ar chuir mise [...]te, istigh gnóiteach
Ní túisce an capall istigh gnóiteach ná d'éalaigh an marcach de chúrsa an rása i ngan fhios de chuile dhuine
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mé geall gurb é Johnny a bheas istigh gnóiteach théis a bhfuil chun tosaigh air fós
d.
+–
Dúirt an fear istigh leis an bhfear amuigh imeacht go beo óna dhoras — d'fhuagair an fear a bhí sa teach ar an bhfear a bhí ag an doras greadadh leis go sciobtha
Cér dúirt an fear istigh? (an bhean istigh) — cér dúirt an fear a bhí faoi chaolach an tí
TUILLEADH (1) ▼
Fainic an fear istigh ort fhéin. Tá an buille feille ann (tá nimh croite air srl.) — seachain a dtabharfadh an fear atá istigh sa teach (nó sa gcás sin, dá n-abraítí istigh i dteach an chaint seo, chiallódh sé an duine is gaire don bhalla, don tine srl.) drochiarraidh dhuit, arae sé atá deas ar na drochiarrantaí a thabhairt uaidh; (feille deirtear mar fie-ull — l leathan dúbalta)
+–
'Sé an easóg sin istigh an diabhal is measa a chonaic mé ariamh
Fan amach as an áit sin istigh — teach, cúinne, crígh driseachaí srl.
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon lá den ádh orm ó thaobhaigh mé an teach sin istigh — níl aon fhorás orm ó chuaigh mé isteach sa teach sin; ó thug mé faoi deara dhom fhéin a dhul isteach ann (déarfá seo agus thú le hais an tí)
Ní fhaca sé aon lá dhá leas ariamh go dtí an lá ar phós sé an bhean sin istigh — rinne sé fíorchlár a leasa an lá ar phós sé an bhean sin istigh sa teach (déarfá é agus thú taobh amuigh) nó sa gcúinne srl.
Ní fhaca sé aon lá den mhí-ádh ariamh gur phós sé an ágóid (scubaide; bean fhágtha) sin istigh (gur thaobhaigh sé an teach mallaithe sin istigh; gur thaobhaigh sé an phrochóg de theach sin istigh srl.)
Mallacht Dé ar an áit sin istigh — déarfaí le teach ósta, teach síbín, príosún, teach ceoil srl.
+–
An taobh istigh den teach — an dromchlár ó fhoth go fraigh agus as sin go maide mullaigh i dteannta an urláir
Tá scair eangaí crochta ar an taobh istigh den teach ann — tá giota eangaí crochta as na fraitheacha nó as an mboimbéal nó ar an mballa
TUILLEADH (2) ▼
Tá an taobh istigh den teach uilig faoi fhraighfhliuchas — tá na ballaí agus an ceann tais, nó ag déanamh uisce. taobh amuigh an tí = dromchlár na mballaí, na mbinn agus an chinn. Tá taobh amuigh an tí i léig ar fad
Is fearr an teach as an taobh amuigh ná as an taobh istigh — is fearr an chaoi atá amuigh ná istigh air
·
An bhfuil aon duine sa seomra (siúmra adeirtear) seo istigh — sa seomra thiar; sa seomra a mbeifeá ag breathnú chuige. Ar a shon sin, ní abrófaí ach go rí-annamh, tá sé istigh sa seomra — tá sé thiar sa seomra an chaint iondúil — déarfaí dá mbeifí taobh amuigh ar an tsráid, tá sé istigh sa seomra.
e.
+–
An bhfuil mórán feamainne istigh? — an bhfuil a rath feamainne sa snáth mhara le cladach, le duirling nó le tír
Tá rón istigh sa gcladach
TUILLEADH (9) ▼
Bhí an loing (seo adeirtear i gcónaí i leaba long) istigh le cloich — ní raibh sí i bhfad amach ón talamh; ní raibh sí ach ar bhruach na gclochar sa gcladach
Bhí sí buailte istigh ar an gcladach (an loing, bád, míol mór srl.) — le hais an chladaigh
Bhí mé buailte istigh ar an gclaí — le hais an chladaigh (buailte istigh ar an mballa, srl.)
Bhí an madra uisce istigh le bruach
Bhí an madra uisce istigh faoin mbruach
Bhí an gamhain sactha i lúbainn istigh le claí — bhí cruit air i gcúinne chois an chlaí
Coinnigh istigh le balla
Bhí siad ag locadh caorach istigh le claí — bhí siad ag sáinniú caorach le hais an chlaí
Níl mórán le fáil in aisce istigh i nGaillimh
·
Téirigh istigh faoi; Beidh mé istigh leat — cuirfidh mé mámh isteach fút (go hiondúil an robáil, mámh cinn na robála, rí nó haon iontaithe)
f.
·
Frítheadh ruainnín den tsnáthaid istigh le cnáimh
Bhí sé istigh go dtí n-a ascallaí (go hascallaí) ann — thíos go hascallaí
2.
a.
croí istigh
+–
Bhí a fhios ag do chroí istigh nach raibh tú ag déanamh na fírinne
Tá a fhios ag mo chroí istigh nach bhfuil focal bréige agam — tá fios ag an lá gurb í lom chlár na fírinne atá sa gcaint seo
TUILLEADH (4) ▼
Bhí a fhios ag do chroí agus ag t'anam istigh nach mbeadh aon ghair agat an méid sin a dhéanamh
Tá a fhios ag do chroí istigh nach bhfuil fear aonraic in ann freastal do chuile rud — tá a fhios agat go rímhaith nach bhfuil aon ghair ag fear atá taobh leis féin chuile obair dhá dtiocfaidh trasna air a dhéanamh
Tá a fhios ag do chroí istigh nach bhfuil pínn rua agamsa
b.
+–
Tá béilí maith istigh anois aige — ite
Tá braon mhaith istigh aige — tá braon sa gcorraicín aige; tá braon ar bord aige; tá braon maith ólta
TUILLEADH (12) ▼
Dhá mbeadh aon deoir istigh, is mór an t-ionadh liom nach ag troid a thosódh sé
Bhí maoil ar a phutóig (air a mhéadail, ar a bholg) lena raibh istigh aige — bia nó ól
Tá sceimhil (scibhil) ar a bholg le gach is a bhfuil istigh aige (sceimhil = an bhoilsceana a chuirtear ar chruaich choirce os cionn na coise)
Tá bleánach (taoscán, foracún, gleorach, tomhas, srl.) istigh aige — cuid mhaith ólta; riar mór
Tá bunthaoscán maith istigh aige — tá roinnt mhaith óil caite aige
Nuair a bhíonns aon deor istigh aige, is deacair a dhul ina ghaire (é a thaobhachtáil, drannadh leis, cur chuige ná uaidh srl.)
'Sé úll na haithne é nuair a bhíonns gloine fuisce istigh aige — tá sé an-choilgneach; bíonn ruibh, bíonn nimh croite air; bíonn an mí-ádh air, nó na seacht ndiabhail déag
Siúd é ná bain liom nuair a bhíos aon bhraon istigh aige (fc. bain)
Nuair a bhíos an braon istigh aige, ligeann sé amach a chuid drochéisc — nuair a bhíos sé óltach, tugann sé le taispeánadh go bhfuil drochbhraon ann; nó go bhfuil sé fealltanach (fc. iasc)
Tiocfaidh tú lena bhfuil istigh agat anois — tá do sháith ólta (freisin ite) agat
Caithfidh tú a theacht lena bhfuil istigh agat
Teara lena bhfuil istigh agat anois
c.
rún a choinneáil; caomhúint rúin; guaim a chur ar do chuid cainte.
+–
Is mairg dhuit nach istigh in do bholg a choinnigh é — faraor ghéar má d'inis tú an rún sin, nó má dúirt tú an chaint sin chor ar bith
Níl gair aige tada a choinneáil istigh nuair a bhíos aon deoir ólta (istigh) aige — deireann sé chuile rud; sceitheann sé chuile rún
TUILLEADH (5) ▼
Coinnigh istigh é (scéal, rún) — ná labhair air
An bhfuil tú in ann scéal ar bith a choinneáil istigh — an bhfuil caomhúint ná foscadh ar bith ionat (fc. caomhúint, foscadh)
Murach go raibh cúl do chainte leat, choinneófá (choinn-eá adeirtear) istigh é — dhá mbeadh fios do labhartha agat, ní thráchtfá air beag ná mór
D'imigh an diabhal ort nár choinnigh istigh é (fc. imigh)
Is mairg a insíonns tada dhuit, mar níl tú in ann tada a choinneáil istigh.
d.
faltanas; cloch sa muinchille; olc nó drochéisc.
+–
Choinnigh sé an méid sin istigh dhom go dtí lá a bháis — bhí an rud sin aige in m'aghaidh go bhfuair sé bás
Tá an iarraidh sin istigh aige dó le fada — duine a thabharfadh iarraidh do dhuine eile agus an fonn sin a bheith air i bhfad shular thug sé an iarraidh
TUILLEADH (9) ▼
Is fada an méid sin istigh aige dhó
Tá an bualadh a thug sé dhom istigh agam dó, agus íocfaidh sé fós é má mhairimse
Beidh sé istigh agam dhó go gcuirtear na hordógaí orm — beidh an cloch sa muinchille agam dó go gcailltear mé (go ndúntar mo shúile théis séalaithe)
Tá an chaint sin istigh agam dó, agus ní rachaidh sí leis nó gheobhaidh mise giorrachan saoil — tá an cloch sa muinchille agam dó i ngeall ar an gcaint sin a chaith sé, agus mura bhfaighe mise bás go gairid, ídeoidh mé air é
Nach gearr a choinnigh siad istigh dhá chéile é
Tá sé istigh agam dó, agus níl mé ach ag fuireacht (fuiríocht adeirtear i gCois Fharraige) le mo dheis
Thug mé a dhúshlán an uair sin, agus tá sé sin istigh dhom fós aige
Thugadar beagán sásaimh uathub an uair sin agus tá sin istigh fós dóibh — níor thugadar mórán sásaimh don duine nó don dream eile agus ní dhearna an dream eile dearmad air sin fós
Choinneodh sé istigh an rud choíchin go n-éiríodh leis an buille feille a thabhairt duit — bhí sé i gcónaí san airdeall, ar a dheis, go bhfaigheadh sé í le thú a bhualadh go fealltach
3.
críochnaithe, caite.
a.
+–
Tá mo lá istigh agam — an méid uaireanta a bhí le hoibriú agam, tá siad oibrithe agus féadfaidh mé éirí as an obair anois
Cáide go mbí do lá istigh agat — cáide go scora tú den obair
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn a lá istigh ag fir oibre na Gaillimhe ag an haon a chlog Dia Sathairn
Tá a théarma istigh aige — fear a gcuirfí príosún air, duine a bheadh ag dul le ceird srl.
Tá a théarma istigh aige, ach sílim nach bhfuair sé na dintiúirí fós — dochtúr, duine a bheadh ag dul le dochtúr
b.
caite.
+–
Tá a haimsir istigh — bó inlao go mba ceart di lao a bheith aici lá ar bith
Is gearr go mbí a ham istigh — bean a bheadh le haghaidh (l'aghaidh adeirtear) clainne
TUILLEADH (3) ▼
Beidh an lá cairde istigh go gairid — an lá ar ceapadh an cíos, an t-airgead acraí nó eile a íoc, nó an lá a dtiocfadh an margadh chun crích
Tá an t-airleacan istigh aige — tá an lá cairde nó lá na híocaíochta ar fáil nó caite
Tá a lá istigh — nuair a gheobhadh duine bás; tá a saol caite
·
Tá chuile shórt dhár dúradh sa tairngreacht istigh anois — tarlaithe, tagtha sa saol
c.
+–
Tá an eorna istigh cheana — tá sí aibí; inbhainte; tá sí in alt a gearrtha; in alt a bainte
Tá an chruithneacht istigh in áiteacha le trí seachtaine
TUILLEADH (2) ▼
Ní istigh atá sé (an coirce), ach tá sé ag titim dhá cheann — ní hé amháin go bhfuil sé aibí agus in alt a bhainte, ach tá sé ag sceitheadh an ghráinne ar an talamh
Tá seachtain eile ar an Nollaig sula mbí sí istigh (bíonn dhá chiall leis seo go minic: caite agus ar fáil, ach is iondúla an chéad chiall. Rí-annamh a cloistear é an bealach eile — ag teacht isteach = ar fáil)
4.
tús, uain, mórtas ar leith.
+–
Bhí mé mór léithe, ach chuaigh sé taobh istigh dhíom — sháraigh sé mé; chaith sí mise i dtraipisí agus bhrúigh sí mórtas airsean
Fainic a dtiocfadh sé taobh istigh dhíot, arae is deargchluanaí é — tá sé imeartha, agus b'fhéidir go gcaithfeadh sí thusa de leithrigh ar a shon
TUILLEADH (6) ▼
Tuige nach gcorraíonn tú amach agus a fhusacht duit a dhul taobh istigh den smíste sin — tuige nach gcuireann tú crú ina thosach, nó bealadh faoi t'ioscadaí, agus bleid a bhualadh uirthi, mar tabharfaidh sí taitneamh duit i leaba an smíste a bhfuil sí mór anois leis
Bhí sé ar siúl ariamh ariamh go ndeachaigh sé taobh istigh dhíom — bhí sé ag cluanaíocht go dtug sí gean dó in mo leabasa; go raibh níos mó gnaoi air ná a bhí ormsa
Thiocfadh sé siúd taobh istigh de Rí na Méaracán — chaithfí Rí na Méaracán, dhá imeartha é, i gcártaí agus thabharfaí gean dó siúd ina áit
Ní bheadh a fhios agat cén bhriotais (cén bhua, cén ara srl.) a bhí aige gur fhéad sé a dhul taobh istigh de Sheán
Tá an bhuarach bháis (tá an tseamair Mhuire, tá ara an ghrá, tá mámh níos fhearr ná an cíonán aige srl.) más leis a dhul taobh istigh de Thomás — tá bua mór aige má chaitheann sí Tomás i gcártaí agus má thugann sí roghain dósan ina leaba
Is imeartha an cailín báire í, lá is go ndeachaigh sí taobh istigh de Neilí.
·
Tá Micil istigh, agus Seán amuigh — tá mórtas le Micil, nó meas air, agus Seán caite i dtraipisí, nó i gcártaí, nó le leithrigh
5.
i gcomhar; i bpáirt.
·
Tá siad istigh le chéile — mór le chéile; carthanas eatarthub; iad i gcomhar le chéile
Tá siad istigh le chéile faoin mbád — iad páirteach le chéile
+–
Cé atá isteach leat faoin móin — cé atá i bpáirt leat? Cé atá fúithi in éindí leat? Cé atá inti leat?
Tá siad isteach le chéile faoin gcladach — tá roinn den chladach acu i gcomhar agus baineann siad an fheamainn air i gcomhar
TUILLEADH (3) ▼
Ní túisce isteach le chéile iad ná tite amach aríst — ní túisce mór le chéile iad, nó i gcomhar faoi rud eicínt, ná iad scartha aríst
Níl aon ghnaithe agat isteach le leadaí — i gcomhar le duine díomhaoineach leisciúil; ní dhéanfadh sé a chion fhéin den tsaothar nó den tsocrú
Más leat a bheith ar deireadh, téirigh isteach leis siúd — má tá fút gan aon cheo a bheith agat, téirigh i bpáirt leis
6.
gan a bheith críochnaithe (cártaí).
+–
Bun istigh fós é — níl an cluiche críochnaithe; níl aon dhuine cluiche; caithfidh imirt eile a bheith air sula mbí an cluiche nó an bonn sin thart
Chinnfeadh ort an bun a choinneáil istigh an babhta sin mura ligteá liomsa sa gcéad tabhairt — mura bhfágtá an chúig sa gcéad lomadh agamsa
TUILLEADH (19) ▼
Do cheann fine ní choinneodh an bun sin istigh, pé ar bith cén chaoi a dtiocfá dhó — rachadh an bun amach de do bhuíochas. bonn amuigh é = tá an cluiche sin thart; tá duine nó comlán eicínt cluiche)
An bhfuil an bun istigh nó amuigh?
Dhá lomtá, ba bun istigh é — dhá dtugtá an mámh le clár, ní rachadh an bun amach
D'íosfadh sé thú mura gcoinníteá an bun istigh
Bun istigh fós é — caithfidh athimirt a bheith ar na cártaí go dté duine eicínt cluiche
Ní bhíonn airde ar bith agat ar an mbun a choinneáil istigh, ach ag forcamhás ar chúig i gcónaí (ach ag forcamhás ar a dhul amach thú féin agus do pháirtí) — is cuma leis faoin bhfear ard a choinneáil anuas agus gan aon duine a ligean cluiche; ag iarraidh cúig nó a dhul amach cluiche é fhéin a bhíos sé i gcónaí
Bhí chuile shúil le Dia agam go mba bun istigh é
Dhá ligteá de do chuid leiciméireachta ba bun istigh é
Imreoir ar bith nach bhféachfaidh leis an mbun a choinneáil istigh, b'fhearr dhó éirí as
B'fhada a bhí sé idir chamánaí, ach is bun istigh é ina dhiaidh sin — fhóbair an bun a dhul amach, ach ní dheachaigh
Dhá dtapaínnse mo ghnaithí, ba bun istigh é — dhá ndéanainnse an rud ceart i dtráth, ní rachadh an bun amach
Ba bun istigh é dhá ndéanainnse mo ghnaithí ceart, ach ina dhiaidh is feictear don Éireannach a leas
Is mór a chruthaigh mé agus é a choinneáil istigh agus a raibh de mhadraí móra in m'aghaidh (madraí móra = mámhaisí maithe)
Cluiche istigh fós é! — níl an bun amuigh
Mo chuach óg ansin thú! Is tú a choinnigh an cluiche istigh!
Nár laga Dia thú! Murach tú, ní bheadh an cluiche istigh
Fáinne óir ort! Is mór an saothraí thú agus an bun (an cluiche) a choinneáil istigh
Ní féidir gur bun istigh aríst é
Murach an drochimirt a rinne tú ansin, ba bun istigh é
7.
a.
lámh istigh agus lámh amuigh: leagan a bhaineas le coraíocht. Nuair a bhíos beirt ag coraíocht le chéile (ach nach mbíonn siad buailte ar a chéile: bíonn siad fad a lámh óna chéile), cuireann duine acu a chiotóg ar ghualainn dheis a chéile coraíochta agus a dheasóg faoina ghualainn chlí, agus déanann a chomhchéile coraíochta an cleas céanna i riocht is nach mbíonn brabach ag ceachtar acu ar an gceann eile; sin lámh istigh agus lámh amuigh.
+–
Tiocfaidh mé leat má thugann tú lámh istigh agus lámh amuigh dhom — rachaidh mé ag coraíocht leat srl.
Tabhair dhom (torm adeirtear) lámh istigh agus lámh amuigh agus ní bheidh aon staonadh (stánadh; chúlú, aon loiceadh srl.) agam uait — rachaidh mé ag coraíocht leat srl.
TUILLEADH (11) ▼
Ní bheidh a dhath loiceadh (lá loiceadh srl.) agam uait má thugann tú lámh istigh agus lámh amuigh dhom
Dhá mbeadh i ndán is go mba lámh istigh agus lámh amuigh a bheadh acub, déarfainn nach mbeadh ionga ná orlach (ourlach adeirtear) acub ar a chéile — bheidís an-chothrom agus ar chomhspreacadh dhá mbeidís i ngreim ina chéile ina láimh istigh agus ina láimh amuigh
Bhí láimh istigh agus lámh amuigh acub ar a chéile (láimh i gcónaí adeirtear i chuile áit i nGaillimh go bhfios domsa, sa tuiseal ainmneach. Is amhlaidh le cois, gruaig, bois, srl. é, cé go gcasfaí cás ar leithrigh leat amantaí .i. buail bos air)
Bhí siad i ngreim láimhe istigh agus láimhe amuigh ar a chéile
Thug sé láimh istigh agus láimh amuigh dhó
Tá sé thar cionn (tofa, thar barr, go maith srl.) le láimh istigh agus láimh amuigh — go han-mhaith
Níl a shárú ann le láimh istigh agus láimh amuigh
Leagfadh sé Goll (Gabhal adeirtear) Mac Móirne le láimh istigh agus láimh amuigh
Má fhaigheann sé láimh istigh agus láimh amuigh ort, ní thiocfaidh tú as a chrúba (ar a chrúcaí) go réidh
Má fhaigheann sé lámh istigh agus láimh amuigh ort, fáiscfidh sé ort, agus 'sé atá deas air
Is ait an coraí é le láimh istigh agus láimh amuigh — tá sé go maith ag coraíocht má fhaigheann sé an greim sin
b.
dhá láimh istigh: leagan coraíochta. Nuair a bhíos beirt ag coraíocht (ach iad a bheith amach go maith ó chéile), agus má thugann duine acu cead dá chéile coraíochta a dhá láimh a ligean i bhfostú ina thaobh faoina ascallaí agus a dhá láimh fhéin a bheith ar shlinneáin nó ar ghuaillí a chomhchéile, sin dhá láimh istigh ag an gcéad duine.
+–
Ní comórtas (comártas adeirtear) ar bith muid mura dtuga tú dhá láimh istigh dhom (dhá láimh amuigh a bheadh ag a chéile ansin) — ní hionann muid nó tá buntáiste agatsa ormsa, nó is troime, is sine, nó is láidre thú ná mise, agus dhá bh(r)íthin sin, ba ceart duit dhá láimh istigh a thabhairt dom
Baol beag orm go deimhin, dhá láimh istigh a thabhairt duit. Nach sine tú fhéin ná mise
TUILLEADH (12) ▼
Cuirfidh mé geall (cuirfidh mé mo rogha geall; rachaidh mé faoi dhuit) go leagfaidh mé (sínfidh mé, tabharfaidh mé talamh srl.) dhuit má thugann tú dhá láimh istigh dhom
'Sé an rud is lú dhuit dhá láimh istigh a thabhairt dhom, a ghiolla mhóir — tá tú mór láidir tharamsa agus ní chuirfidh sé aon cheo as duit buntáiste coraíochta a thabhairt dom
Má thugaim dhá láimh istigh dhuit, ní bheidh buntáiste ar bith agam tharat — beidh muid cothrom má thugaim dhá láimh istigh duit
Ní bheadh ionga ná orlach acub ar a chéile dhá mba dhá láimh istigh a bheadh acub (fc. thuas)
Is danartha an diabhal é le dhá láimh istigh a fháil ort — tá sé crua fáiscthe, agus greim docht daingean aige má fhaigheann sé dhá láimh istigh
Dhá bhfaigheadh sé dhá láimh istigh air, chuirfeadh sé a chaoi féin air — leagfadh sé (dhéanfadh sé a rogha rud leis) é srl.
Is mairg a thabharfadh dhá láimh istigh dhuit agus chomh deacair (a dheacra) agus atá sé thú a leagan le láimh istigh agus láimh amuigh fhéin
Aon fhear dá bhfaighidh (dhá bhfáighe freisin) an tÁrannach dhá láimh istigh air, is fear anuas é (nó is fear thíos é) — leagfadh Árannach fear ar bith ach greim dhá lámh istigh a fháil air
Bhí siad i ngreim dhá láimh istigh ar a chéile agus gan barr ag ceachtar acub ar an gceann eile
Is cleasach an greim é dhá láimh istigh — is furasta duine a leagan leis
Is diabhaltaí (is ait, is dalba, is danartha, is tofa srl.) uaidh coraíocht a dhéanamh le dhá láimh istigh
Thug mé dhá láimh istigh dhó agus shíl mé go ndéanfadh sé leitheachaí de mo thaobhanna, d'fháisc sé chomh mór sin iad
istigh in iontrálacha eile (50+)
→
athfhéar
Shílfeá go bhfuil athfhéar anseo istigh agat. Diabhal mé má mhaireann dó sin, gur gearr go bhféada tú a spealadh!
+
→
faitíos
Is furasta faitíos a chur air sin. Torann ar bith a chloisfeadh sé taobh istigh de chlaí, thitfeadh sé as a sheasamh!
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag dul chun faitís ar an bhfear seo istigh
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth feamainne a éirí leat, scoilt go maith í faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghais a bheadh orthu a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
→
faoisc
Ní mór dhuit dhá fhaoisceadh féin a bhaint astu sin. Tá siad dobhruite go leor. Níl a fhios agam cén sórt fataí chor ar bith iad. Mura bhfaighe siad bruith thar cionn, bíonn rollógaí istigh iontu mar a bheadh i gcáca
→
feadhain
Tá chúig tithe déag istigh ar an mbaile, agus níl teach ar an bhfeadhain acu a d'íoc aon phoor rate fós. Is ar a chruachúis dóibh an baile uilig a chaitheamh amach. Ba cheart a íoc mar sin féin
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
→
fearann
Níl d'fhuílleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabháil le buile. Bíonn sé chomh goineach le carraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sibh arán ó tharla nach raibh mé fhéin istigh
→
fearúint
Fan istigh fhad is bheas sé ag fearúint mar sin. Beidh tú caillte má thugann tú an bóthar ort fhéin anois
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
+
→
fios
An bhfuil iasc istigh ab ea. Níl a fhios sin agam (dheamhan a fhios sin agam)
TUILLEADH (1) ▼
Tá a fhios ag do chroí istigh nach bhfuil aon phínn airgid agamsa ach an oiread is atá sé agat fhéin — you realize full well yourself
→
fliuch 2
Is fliche istigh ná amuigh é — déarfadh duine é a mbeadh a dhóthain ólta aige leis an rud sin a thabhairt le n-inseacht
→
fliuchán
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní somhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach anseo in aice chúnta Dé
→
focal
Níl aon chabhnsailéara istigh i nGaillimh in ann breith ar fhocal uirthi siúd. Tá fios a labhartha agus deis a cainte aice
→
foirgthe
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirgthe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith chomh haiféalach leis. Mura bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
Is diabhlaí follasach atá tithe Bh. inniu. D'fheicfeá na cearca istigh ar an urlár iontu!
→
fothair
Bíonn féar agus fothair ansin mar is mínleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas anseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
Tháinig F. aréir le leoraí móna a cheannacht uaidh ach dheamhan leoraí freagrach aige. Níl ann ach a bhfuil istigh ar an bportach — feiliúnach; in áit chóiriúil; í a bheith soláimhsithe
Tá sí chomh friochanta lena bhfaca tú ariamh. Níl aon cheo sa teach nach leagfaidh sí a súil air, mura mbeadh sí istigh ach dhá nóiméad
→
froigisí
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
+
→
fág
'Níor fhága an marbh láthair,' adeir sé. 'Tá mo phíopa ag duine eicínt sa teach. Tóróidh mé a bhfuil istigh, agus an té a bhfaighidh mé aige é, ní leis a rachas' (fc. marbh)
TUILLEADH (3) ▼
Ara a dheartháir ó mo chroí thú, ní raibh mo chois istigh agam nuair a d'áitigh sí mé. Más thíos a frítheadh mé thuas a fágadh mé ar chaoi ar bith. Ach d'airigh sé gur ina theach fhéin a bhí sé. Níor mhór dhó!
Fág aistir uisce istigh shula dté tú soir sa ngarraí
Fágadh sé móin istigh shula dté sé ag an gcladach
+
→
fáideog
Bhí sé istigh sa gclúid agus é mar a bheadh cat ann ag cangailt fáideoige. Feiceamuist téirigh ina ghaire!
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé taobh istigh den sconsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cat ag cangailt fáideoige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aon duine
→
fálach
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amárach faitíos na fálach. Mura mbeidh t'ainm istigh agat Dé Céadaoin, dheamhan striog a gheobhas tú — ar fhaitíos go dtarlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé in ann a dhul chuig an mbeairic lena ainm a chlárú
→
fánach
Tá bhur gcuid féir ag imeacht go fánach ansiúd thíos cheal claíochaí. Bíonn beithígh an bhaile istigh ann chuile ré solais — go neamhthairbheach díbh fhéin
→
fán
Is fada a chaith mo pháiste ag dul i bhfán orm, ach ó tá sé agam anois ní ligfidh mé uaim é. Faigheadh sé bean anois agus pósadh sé istigh sa teach seo. Ní bhfaighidh aon duine eile tús air
→
féarach
Bíonn an lá cairde istigh Lá Fhéil Mhuire na Féile Pádraig. Má bhíonn féarach agat caithfidh tú a fhágáil an lá sin
→
féar
Tá barr baile anseo againne muis agus is gearr le dhul é. Níl ann fré chéile ach féar gortach. Is fhearr aon phóicín amháin istigh agaibhse le cruth a chur ar bheathach ná a bhfuil de thalamh istigh ar na bailteachaí seo. Tá substaint sa bhféar agaibhse
→
fíóg
Chaithfeá na fíógaí a bhaint i dtosach. Nuair a bheifeá dhá ndlaoithiú níorbh fholáir duit stríoc den dlaoinín a fhágáil uirthi nó thitfeadh a mbeadh istigh inti amach ina mionbhas. Chrochfá suas ar stálú sa simléar ansin iad nó go mbeidís tirim. Nuair a bheidís tirim sheasfaidís suas i lár an ruda, bheidís chomh láidir sin. Ansin bheidís faoi réir lena lasadh
→
caidhfte
Nach diabhaltaí an éadáil do dhuine an oíche a chaitheamh ina chaidhfte thoir ansin thoir ar choirnéil dhá phréachadh féin. Shílfeá go mba mhó an tsomhaoine do dhuine fanacht istigh san áit a mbeadh tine agus teas aige ná bheith ar an gceird sin.
Tá sí sin chomh caidéiseach agus nach mbeadh rud istigh faoi chaolach do thí nár mhaith léithe caint a dhéanamh dhe. B'fhearr liom go mór go bhfanadh sí amach uileag uainn.
Bhí an oiread tairt air agus gur scríob sé an chailimhineog de linn atá taobh istigh de chlaí ansin thiar ar thalamh J. Ph., agus d'ól sé suas a sháith dhi. Dheamhan a raibh sé d'fhoighid ann fanacht go bhfaigheadh sé deoch tigh Ch.
+
Ar a theacht faoin doras dhom, chuala mé an chantaireacht istigh agus staon mé nóiméad go bhfeicinn cé a bhí ann.
TUILLEADH (1) ▼
Murach go raibh mallú (mathshlua) mór istigh, ní bheadh an oiread siod cantaireachta le cloisteáil ann agus an doras dúnta.
→
ciseach
Tá an slám féir sin thiar ina chiseach ag na caoirigh. Dheamhan pointe ar bith nach istigh ann a bhíonns siad.
An bhfuil a fhios agat áit ar bith a mbeadh ciseadóir a dhéanfadh cupla ciseog agus ciseán dhom. Ó d'imigh S. Mh., dheamhan duine istigh ar an mbaile acmhainneach ar bhuinne ciseáin a thógáil.
→
clab
Tá clab istigh anseo i gcónaí air, ag slogadh scéalta — a bhéal an-osclaithe aige agus stiúir éisteachta air.
+
→
cleite
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach breith ar Sheán Mh. idir chorp chleite is sciathán, agus é a leagan istigh sa gcarr.
TUILLEADH (3) ▼
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonaic mise é lá an t-am a raibh an motorbicycle aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. agus bhí sé dhá shá anoir chomh fada leis an teach seo. Ba mheata leis an sá, agus dheamhan ceo a rinne sé, ach é a ardú faoin ascaill, idir chorp chleite is sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár anseo é!
Ó chuala mé an cleite comhrá a bhí istigh ar a theacht faoin doras dom, ghread liom aríst. Is beag a bheadh le déanamh ag duine oíche airneáin a chaitheamh ag éisteacht le spruschaint den tsórt sin.
Nach é an saol a d'imigh agus a liachtaí cleite comhrá a tarraingeadh anuas ariamh istigh ann (i dteach). Is fuar na ballaí atá ann anois.
Níl píosa istigh ar a fhuaid, nó má tá, 'sé a chlochneart é. Ach cáide le dhul píosa fataí ar lán tí! (comhairtear na páirceannaí agus na goirt ina bpíosaí i gConamara. Is deacair a rá áirid cé mhéad é an píosa, ach gur sé phíosa a ceaptar don acra. Sin tomhaiseadh maolscríobach) — níl an garraí píosa srl.
+
Siod é an fear a bhfuil an chló stiúrtha aige ar a chlann iníon, agus nach mbéarfaidh cead dóibh corraí amach thar an tearsa (tairsigh) ó thitfeas oíche. Daighean mé gur aige atá an ceart freisin. Istigh is córa do chuile chailín óg a bheith san oíche.
TUILLEADH (1) ▼
Tá cúigear cleathairí mac aige agus iad gan chló stiúrtha ar bith dhá bhfaca tú ariamh. Má mhaireann dófa, is gearr nach bhféadfaidh na daoine an bóthar a shiúl chor ar bith acu. Is mór an t-ionadh nach gcuirfeadh sé iad siod amach ag saothrú; seachas iad a bheith ag baint na sála dhá chéile istigh ansiod aige.