Leitir
—
sgríobhainn thríd an bposta.
a.
·
Ní bhfuair mé leitir ná sguan ó d'imthigh sé — scéala ar bith.
b.
sgéala athchuinge.
·
'Leitir indiaidh an éag' duit a bheith ag tnuthán go dtiubharfa an bhean sin a dhath áird' ort anois = bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag súil go dtiocfadh marbhthán ar ais beo le bheith ag súil go dtiubharfadh an bhean sin aon-chluais dhuit, ná aon-áird' ort anois. Caith sneachta ar a lorg.
"Leitir indiaidh an éag, damhsa a bheith in do dhiaidh; agus nar aithris mé mo scéilín fós duit" ("Nóra Ní Chonchubhair Bháin")
Féach freisin
→
leitir 2
Leitir in iontrálacha eile (43)
→
cuilín
Ní fhaca tú aon-fhear ariamh a chuaidh ingeallta ach é, 'nuair a thuit an chuilín súighe ar a' bpáipéar. Ach ba bheag a' dochar dó: b'éigean dó tosuighe as a nuadh, a's chuile mhíle focal de'n leitir a scríobhadh aríst.
→
beo 1
Níl aon-tseachtmhain beo nach bhfaghaim leitir uaithe = níl aon-tseachtmhain 'san aer nach bhfaghaim leitir uaithe.
Bíonn brachlainneachaí mar sin ar chladaigh dána, an lá is ciúine sa mbliadhain. Is beag an bhrigh iad, le h-ais na nDásachtaí thiar i Leitir Mealláin.
+
→
amach
Ghearr sé amach Leitir Fir é = shiubhail sé amach (ó thuaidh) Leitir Fir.
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr amach chor a' bith, Leitir Meas = níl sé i bhfad ó láthair (ó thuaidh).
→
anachain
Is i Leitir Móir atá a tabhairt amach (tabhairt amach na h-anachain) = is ann atá an anachain críochnuighthe.
→
anlacan
Tá ánlacan mór ar Chnoc Leitir Caocháin = cineál sean-chille; áit a mbeadh daoine curtha ó'n tsean-aimsir.
→
fostaigh
Fastuíonn Carraig an Logáin Leitir Móir do Gharomna = greamuíonn sí dá chéile iad (dhá oileán, agus is droichead é Carraig an Logáin)
→
fraigh
Chuaigh sí sna fraghachaí annsin. Bhuail sí síos Gaillimh agus d'imigh sí le máirnéalach, agus níor tháinig leitir ná scuan uaithe uaidh sin suas
→
fuagair
Má fheiceann sib J. ag dul thart fuagruighidh air go bhfuil leitir annseo dó = innsighidh dhó
→
fill
Más leat an leitir sin a chur san bpóca seo, ní mór di trí fhilleadh. Tá na pócaí (envelopes) sin an-bheag
→
feire
Cén fáth an feire seo san leitir? = an stríoc puillíní a bhíos treasna ar chuid de na leitreachaí i riocht agus go mba éascaíocht é len a n-oscal
Rinne sé fudar fadar críochnaithe den leitir a bhí sé a scríobhadh. Deir sé fhéin gurb é an gleó a chuir as a bhuille é, ach sílimse dheamhan leitir ar bith atá sé indon a scríobhadh, ach go leigean sé air fhéin go bhfuil
Bím in mo dhallarán d'fhuireasbhaidh mo chuid spéacláirí. An gcreidfeá mé nach léar dhom leitir ar an bpáipéar sin anois
→
deargán
Deargán de dhubhach é seo shílfeá. Ní rabh fhios agam ariamh cheana go scríobhfaí leitir le dubhach dearg
'Sé m'ainm féin a chuir mé indearmad leis an leitir i leabaidh ainm an té a raibh mé ag scríobhadh dó, agus chaith páipéir agus leitreachaí ag teacht chugam go ceann bliana faoi
+
Caithfidh mé an leitir seo a léigheamh go deireadh shul a n-imighidh mé
TUILLEADH (1) ▼
An leitir faoi dheireadh a tháinic uaidh, dubhairt sé go raibh sé ag déanamh mar adéarfá leis é.
Seo í an leitir dheireannach (an leitir a tháinic scathamh ó shoin; nó, an ceann nach dtiocfaidh leitir ar bith eile in a dhiaidh, late: last)
→
dlús
Breagh nach scríobhann sib an leitir sin agus gan a bheith dhá cur ar an méir fhada i gcomhnaí. Nach bhfuil a fhios agaibh féin go bhfuil dlúthas léithe
→
do- 2
Chaithfeadh sé go mbadh leitir do-scríobhtha a bhí innte, má chaith sí léithe ó eadarshuth go trathnóna
An bhfuil sib indoicheall le chéile cho mór sin, agus nach dtóigfeadh duine agaibh leitir le tabhairt do'n cheann eile. Is dona an chomhursanacht é sin
→
domhan
Tá an domhan agus a mháthair aige 'san leitir seo. M'anam gurb aige atá an t-ionbhadh go bhféadfaidh sé an oiread sin a scríobhadh
Dhá mbeadh sé in áit ar bith ar dhromchlár an domhain, nach scríobhfadh sé agam leis an fhad seo, ach leitir na scuan níor tháinig uaidh le h-ocht mbliana
→
díonmhar
"Lean mise an seanchas agus d'fhiafruigheas cé dhár díobh í; 'Cá bhfuil do ghaolta nó an maireann siad beo; Nó an tú cineál Úa Chonchubhair a bhí againn 'sa tír seo; Mar bhí siad an-díonmhar a's in a bhfamily mór'; 'Ní mé cineál Úa Chonchubhair a bhí agaibh 'sa tír seo; Má bhí siad an-díonmhar a's in a bhfamily mór; Ach 'sé ainm agus sloinne dhom bainrioghan na bruidhne; Is mé cineál na síofraí as Cnoc Leitir Mhóir' (ceathramhadh as amhrán dár tús "ag gabhail Bealach na h-Olla dhom 'seadh chonnaic mé an t-iongantas")
→
dúchan
Tá dubhachan mór déanta agad bail ó Dhia ort (an-lear scríobhnóireachta). Ag scríobhadh ag do bhuachaill atá tú bail ó Dhia ort. Ní chuirfeá an méid sin i leitir "dole" ar aon-nús (nós)
→
dúlaí
Meastú céard is cor do Phat bocht chor ar bith ar an saoghal seo. Diabhal mé go mba bharamhail (greannmhar) é céad slán dó. An dteagann leitir ar bith uaidh nímé? Tá sé i Sasana igcomhnuí. Hébrí cé'n áit a bhfuil sé, tá sé dúlaidhe ag na mná igcomhnuí. Bí siúráilte go b'é (gurb é) atá.
→
téigh ar
Chuaidh an leitir sin daor go leor air. Dar príosta ní fiú leitir ar bith dhá chéad punt. Múinfidh sin é céard adéarfas sé aríst. Beirtear ar adharca ar na ba adeir siad, ach ar theanga ar na daoine