Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
litir
scríbhinn thríd an bposta.
a.
·
Ní bhfuair mé litir ná scuan ó d'imigh sé — scéala ar bith
b.
scéala achainí.
·
Litir i ndiaidh an éaga duit a bheith ag tnúthán go dtabharfaidh an bhean sin a dhath airde ort anois — bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag súil go dtiocfadh marbhán ar ais beo le bheith ag súil go dtabharfadh an bhean sin aon chluais dhuit ná aon airde ort anois. Caith sneachta ar a lorg
"Litir i ndiaidh an éag, damhsa a bheith in do dhiaidh; agus nár aithris mé mo scéilín fós duit" (Nóra Ní Chonchubhair Bháin)

Féach freisin

litir in iontrálacha eile (36)

 
Ní bhfuair mé aon fhreagra ar mo litir ó shin
 
Uair fhánach a fhaigheas muid aon litir as Meiriceá anois — i bhfad ó chéile
 
Tuige nár chuir tú an litir sin chun bealaigh fós.
 
Ní fhaca tú aon fhear ariamh a chuaigh i ngeallta ach é nuair a thit an chuilín súí ar an bpáipéar. Ach ba bheag an dochar dó: b'éigean dó tosaí as a nua, agus chuile mhíle focal den litir a scríobh aríst.
 
beo 1
Níl aon tseachtain beo nach bhfaighim litir uaithi — níl aon tseachtain san aer nach bhfaighim litir uaithi.
 
aer
Dheamhan lá san aer nach dteagann (dtagann) litir chuige.
 
Scríobhfainn fhéin an litir murach leisce bualadh fúithi.
 
folamh 1
Fuair muid litir ach bhí sí folamh (gan aon airgead)
 
fraigh
Chuaigh sí sna fraitheachaí ansin. Bhuail sí síos Gaillimh agus d'imigh sí le mairnéalach agus níor tháinig litir ná scuan uaithi uaidh sin suas
 
Má fheiceann sibh J. ag dul thart fuagraidh air go bhfuil litir anseo dó — insidh dhó
 
Chuaigh an litir ar iarraidh orm
 
Ná failligh an litir sin. Scríobh í ar a dhul suas duit anois
 
fill
Más leat an litir sin a chur sa bpóca seo, ní mór di trí fhilleadh. Tá na pócaí (envelopes) sin an-bheag
 
Níor fhága sé foithnín den litir nár stróic sé
 
feire
Cén fáth an feire seo sa litir? — an stríoc poillíní a bhíos trasna ar chuid de na litreachaí i riocht is go mba éascaíocht é lena n-oscal
 
Rinne sé fudar fadar críochnaithe den litir a bhí sé a scríobh. Deir sé fhéin gurb é an gleo a chuir as a bhuille é, ach sílimse dheamhan litir ar bith atá sé in ann a scríobh ach go ligeann sé air fhéin go bhfuil
 
Bím in mo dhallarán d'uireasa mo chuid spéacláirí. An gcreidfeá mé nach léir dhom litir ar an bpáipéar sin anois
 
Deargán de dhúch é seo shílfeá. Ní raibh a fhios agam ariamh cheana go scríobhfaí litir le dúch dearg
 
dearmad 1
'Sé m'ainm féin a chuir mé i ndearmad leis an litir i leaba ainm an té a raibh mé ag scríobh dó, agus chaith páipéir agus litreachaí ag teacht chugam go ceann bliana faoi
 
de
Scríobh an litir de léim
+
Caithfidh mé an litir seo a léamh go deireadh shula n-imí mé
TUILLEADH (1) ▼
An litir faoi dheireadh a tháinig uaidh, dúirt sé go raibh sé ag déanamh mar adéarfá leis é
 
Seo í an litir dheireanach (an litir a tháinig scaitheamh ó shin; nó, an ceann nach dtiocfaidh litir ar bith eile ina dhiaidh, late: last)
 
dlús
Breá nach scríobhann sibh an litir sin agus gan a bheith dhá cur ar an méir fhada i gcónaí. Nach bhfuil a fhios agaibh féin go bhfuil dlús léithe
 
do- 2
Chaithfeadh sé go mba litir doscríofa a bhí inti, má chaith sí léithe ó eadarshuth go tráthnóna
 
An bhfuil sibh i ndoicheall le chéile chomh mór sin agus nach dtógfadh duine agaibh litir le tabhairt don cheann eile. Is dona an chomharsanacht é sin
 
domhan
Tá an domhan agus a mháthair aige sa litir seo. M'anam gurb aige atá an t-ionú go bhféadfaidh sé an oiread sin a scríobh
 
dona
Nach dona uaidh litir a scríobh. Shíl mé go raibh riar scoláireacht thairis sin air
 
Dhá mbeadh sé in áit ar bith ar dhromchlár an domhain, nach scríobhfadh sé agam leis an fhad seo, ach litir ná scuan níor tháinig uaidh le hocht mbliana
 
dáta
Cén dáta a bhí ar an litir
 
Níor dhátáil tú an litir sin chor ar bith
 
déan 1
Déanfaidh sí gáire nuair a gheobhas sí an litir sin. Diabhal bréag nach ndéanfaidh.
 
D'éirigh an mistake sin dó díobháil an litir a léamh mar ba cheart
 
Tá dúchan mór déanta agat bail ó Dhia ort (an-lear scríbhneoireachta). Ag scríobh ag do bhuachaill atá tú bail ó Dhia ort. Ní chuirfeá an méid sin i litir dole ar aon nós
 
Meas tú céard is cor do Phat bocht chor ar bith ar an saol seo. Diabhal mé go mba bharrúil (greannmhar) é céad slán dó. An dteagann litir ar bith uaidh ní mé? Tá sé i Sasana i gcónaí. Hé brí cén áit a bhfuil sé, tá sé dúlaí ag na mná i gcónaí. Bí siúráilte gob é (gurb é) atá
 
Chuaigh an litir sin daor go leor air. Dar príosta ní fiú litir ar bith dhá chéad punt. Múinfidh sin é céard adéarfas sé aríst. Beirtear ar adharca ar na ba adeir siad, ach ar theanga ar na daoine