tairteoil
—
ar an bhfeóil dhuibh chruaidh a thiúrfadh cuid de na daoine é (codarsna na saille); ach daoine eile is ar fheóil a bheadh fuarbhruite a ghlaoidhfidís é, go háirid feóil a bheadh bruite thar oíche; ar fheóil fhuarbhruite is mó a chuala mé é
+–
Tá tairtfheóil annseo má itheann tú í … Is beag an locht í. Dhá bhfaghadh daoine eile í, is maith súite a d'íosfaidís í. Ach tá sibse bainte as ur gcleachta
Leag sé anuas pláta tairtfheóla a bhí ann thar oíche, agus thosuigh sé dhá smalcadh agus daba aige is chaon láimh leis. Is aige atá an coimpléasc! Bhí mise cho breóite agus nach bhféadfainn breathnú uirre amháin.
TUILLEADH (1) ▼
Ní íosfadh sibh an giota tairtfheola atá annsin? Tá sé ann ó Dhéardaoin. Bhí an lá inné in a throscadh. Níl tada uirre mara tromchroidheach lib í len ithe. Na madraí a gheobhas í mar sin.
·
Strachaill leat an méid tairtfheola (feoil dhubh) atá uirre, agus fág an tsaill annsin. Tá solamar maith ar an gcnáimh sin fós. In aice an chnáimh a bhíos an chuid is milse den fheóil, adeir siad