Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
tairteoil
ar an bhfeoil dhuibh chrua a thabharfadh cuid de na daoine é (codarsna na saille); ach daoine eile is ar fheoil a bheadh fuarbhruite a ghlaofaidís é, go háirid feoil a bheadh bruite thar oíche; ar fheoil fhuarbhruite is mó a chuala mé é.
+
Tá tairteoil anseo má itheann tú í … Is beag an locht í. Dhá bhfaigheadh daoine eile í, is maith súite a d'íosfaidís í. Ach tá sibhse bainte as bhur gcleachta
Leag sé anuas pláta tairteola a bhí ann thar oíche agus thosaigh sé dhá smailceadh agus daba aige i chaon láimh leis. Is aige atá an coimpléasc! Bhí mise chomh breoite agus nach bhféadfainn breathnú uirthi amháin
TUILLEADH (1) ▼
Ní íosfadh sibh an giota tairteola atá ansin? Tá sé ann ó Dhéardaoin. Bhí an lá inné ina throscadh. Níl tada uirthi mura tromchroíoch libh í le n-ithe. Na madraí a gheobhas í mar sin.
·
Streachaill leat an méid tairteola (feoil dhubh) atá uirthi agus fág an tsaill ansin. Tá solamar maith ar an gcnáimh sin fós. In aice an chnáimh a bhíos an chuid is milse den fheoil, adeir siad