tar amach
—
leigeadh amach; tugadh; tháinic sé sa saoghal, tionnscluigheadh.
+–
Tá sé deich mbliadhna fichead anois, ó tháinic (ó tugadh; ó leigeadh) an pinsean amach a' chéad uair.
Cuimhnighim-se go maith 'nuair a thosuigh an Ghaedhilge a' teacht amach idtosach = nuair a tosuigheadh a' cur suime innti, nó a' cur dlúthais léithe.
TUILLEADH (25) ▼
Is cam a bhreathn(óchth)aidhe ort ag a' scoil dhá labhr(uighth)eá Gaedhilge, shul ar thosuigh sí a' teacht amach an chéad uair.
Is fadó an lá ó tháinic a' t-amhrán sin amach sna leabhra an chéad uair
Ní chuimhnighimse cé'n uair ar tháinic, na 'motorss' amach.
'Sé mo ghéar-chuimhne é, na 'bicycles' a theacht amach, an chéad uair.
Is fada an lá an leabhar sin amuigh anois = ar fághail.
Tá scéalta ag 'chuile dhuine ó tháinic na leabhra Gaedhilge sin amach.
Is minic a chuala mé mo shean-athair a' cur-síos ar a' gcéad am a dtáinic a' tae amach. Fataí bhíodh ann uiliog go dtí sin.
Tá dlighe nuadh eile anois le theacht amach, chuala mé, nach bhféadfa aon-mhaighistreás scoile pósadh; nó má phósann go gcaithfe sí eirghe as an scoil.
Sin é an dlighe is fhearr a tháinic amach ariamh, go gcaithfe aithreachaí agus máithreacha a gcuid cloinne a choinneál ag a' scoil.
Tá athrúintí nuadha a' teacht amach 'chuile lá.
Tá sé le theacht de dhlighe amach anois, nach bhféadfa duine 'bith níos mó ná fiche acra talmhan a bheith aige.
Ba mhaith an ceart dhá dtagadh sé amach de dhlighe, go gcaithfeadh na buic mhóra sin, scaradh le na gcuid airgid.
Ní bheadh iongantas orm dhá dtagadh sé amach de dhlighe, go gcaithfeadh 'chuile fhear talmhana pósadh.
Tá sé de dhlighe amuigh anois, go gcaithfe chuile dhuine aire a thabhairt dhá chuid beithidheach ar phéarsálaí. Mara ndéana, cuir(f)eár dlighe orra(b)
'Nuair nach dtagann sé d'Act amach, mar tá ar bhó 's ar chaora; an té nach dtaithnigheann a bhean sa mbaile leis í 'thiomáint 'un an aona(igh)' (as "an gCiomach" — sean-amhrán) (D'eacht a bhí ann ó thús, sílim, ach tá sé athruighthe go dtí Act anois).
Is iomdha dlighe aisteach atá a' teacht amach le goirid fhéin.
Le goirid anuas a tháinic an cheird sin amach = an béas sin; le goirid a thug na daoine faoi deara dhóib fhéin, an faisean sin.
Tá cineál 'bicycle' le teacht amach anois, a bheidheas ag imtheacht le geas (aibhléis).
Is fada fíannach a' lá an faisean sin amuigh, sa taobh seo.
Níor tháinic a leithide de dheis amach ariamh (deis le uibheachaí a ghor).
Tá deiseannaí nuadha a' teacht amach 'chuile lá = rudaí nuadha; cóireanna nuadha; gléasannaí nuadha.
Tá cóir nuadh amuigh le goirid, a bhainfeas, agus a cheangló(ch)as an t-arbhar in éindigh.
Tá a chuid cainnte a' teacht amach ar na páipéir nuaidheachta chuile lá = bíonn a chuid cainnte ionnta(b).
Is beag dhá chuid cainnte a d'fheicfeá 'teacht amach, chor a' bith le goirid, agus ba mhór i gceist é scathamh.
Níor tháinic a' chúis amach chor a' bith, fós = níor tionnscluigheadh í nó níor pléidheadh í chor a' bith fós.
+–
Tá a chuid droch-éisc a' teacht amach anois = tá a dhroch-fhaltanas dhá theasbánadh aige anois, nó tá sé 'leigean a chuid uilc amach anois.
Tiocfa a chuid droch-éisc amach anois.
TUILLEADH (6) ▼
Tiocfa an scéal ar fad amach anois = cloisfear an scéal ar fad anois.
Tiocfa sé ar fad amach leis an aimsir.
Anois atá sé 'teacht amach fré chéile
Glac t'ionbhadh agus feicfe tú fhéin air, go dtiocfa an scéal ar fad amach i leaba a chéile.
Nach fada go dtáinic sé amach = nach fada gur puibligheadh an scéal.
Is fadó an lá ó 'bhí an scéal sin ann, agus nach fada go dtáinic sé fré chéile amach.
tar amach in iontrálacha eile (50+)
+
→
fearúint
Tháinig an rosamh sin isteach den fhairrge scaithín ó shoin. Tá sé ag fearúint san taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beóla
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios amach nach lá é a thiocfadh in a dhórtadh. An bhfeiceann tú ag fearúint cheana é amach údan?
→
fliuchán
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní samhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach annseo in aice chúnta Dé
→
framsáil
Is tarbh oilbhéasach é sin aige. 'Bfhaca tú ariamh é ag framsáil agus duine ag dul thairis an bóthar. M'anam go gcuirfeadh sé a smut amach thar chlaidhe go dtí thú!
Bhí sé cho maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslugaide annsin amuigh, ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siúáin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin annsin go raibh sé in am a bheith ag glionndáil as
→
froigisí
Tá na seálta fruigisí ag dul i léig. Seálta dubha is mó atá ag teacht amach anois. Chreidim gurb iad is fhearr l'aghaidh na strácála, agus nach mbíonn an salachar cho sunntasach orra le na seálta eile
→
fág ar
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín san gcúilteach é an lá sin. Thar éis an Aifrinn thug siad amach é, nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lár na mháireach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: "an Té a chruthaigh Neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh." Ba shin é an fear agad le fágáil i gcionn poitín!
→
fáideog
Ní raibh ach an cléireach ag teacht amach leis an bhfáideóig len a coinnle a lasadh san am ar shroich mé an séipéal. Ní raibh ceathar ann rómham
→
fáinne
Bhí sí sin in a beitheach cho tóighe agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannuigh sé in a gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirre. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó a tháinig an geimhreadh agus gan aon-ghabhail a chaitheamh ariamh aice. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheitheach ar bith mar siúd
→
fálach
Breathnuigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneamhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaidhe gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má theigheann sé in a chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraint ort ná an t-Ábhairseoir
→
caidhl
Déan caidhlín de na píosaí ' bhuidéal sin, go gcuirtear amach i bpoll a' chlaidhe iad. Fainic Dia aithnightear a' dtiocfadh aon-sclamh aca(b) in do chois!
→
ceas
Fuair mise daba mairtfheola an tseachtmhain seo caithte, a's bhí sí a' fínniú. Níor chaith mé amach fós í fhé'int a dtiocfadh aon-cheannuidhe thart, go gcuirinn ceas air léithe.
→
cinceach
Ní thiormóchadh an saoghal an chinnceach sin ar a' bhfaslach, mara dtagadh an-tsamhradh amach.
+
→
cleite
Dheamhan easna dhó, nach mbeireann ar a' gcapall idir chorp, chleite agus sciathán, a's nach gcaitheann sé amach thar sconnsa an gharrdha gabhann í. Tabhair fear ar sin! (Maitias Ó Dubháin — "an fireannach lúthmhar" — a bhí in ainm's é seo a dhéanamh).
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé meathta ag a' ngamhain 'n áit nach ngabhfad sé amach a' bhearna dhó, a's ná raibh ann mara mbeireann sé chuige ar a' ngamhain, idir chorp, chleite agus sciathán, a's nach gcaitheann sé amach thar a' gclaidhe é.
Siod é an fear a bhfuil an chló-stiúrtha aige ar a chlann inghean, a's nach mbéarfa cead dóibh, corruighe amach thar a' tearsa (tairsigh) ó thuitfeas oidhche. Daighean mé gur aige atá an ceart freisin. Istigh is córa do 'chuile chailín óg a bheith 'san oidhche.
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo aca(b) sin, nach dtiocfadh sé innte, a's nach gcuirfeadh sé na coiníní asta(b) amach a's deifir orra(b).
+
→
colg
Chonnaic mé an sceannadóir de mhadadh sin aige a' teacht amach, a's a' cur chuilg air fhéin liom, a's dheamhan a rabh fhios agam a dtiocfainn ar m'aghaidh nó ar mo chúl.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé istigh annsiúd i súil na h-áfaighe a's colg air; fé'int a dtiocfadh aon-ghadhar isteach chomh fada leis. Dheamhan bealach le é sin (broc in áfach) a chur amach, ach neart deataighe a chuir faoi'n tsrón aige. Chaithfeadh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh annsin.
→
cora
Chuir sé amach a rúitín a' teacht thar a' gcarra, a's dheamhan corruighe amach a rinne sé ó shoin.
→
bannaí 1
Leigeadh amach ar bhannuidhe é, ach chinn air aon-duine fhaghail a thiocfadh i mbannuidhe air.
+
→
beo 1
Bhí mé cruptha suas mar sin ar feadh na h-oidhche, ach nuair a fuair mé fáill ionntú ar a' taobh eile, d'airigh mé iasc beo a' teacht aníos thrídh mo chorróig, a's shíl mé go dtiocfad sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimnighe aige.
TUILLEADH (1) ▼
Ní thiocfadh críostuidhe an bhéil bheo amach anocht. Ní oidhche in eolta í.
+
→
bruach
Tá claise Gharrdha an Chladaigh a' cur thar bruach. Tá mé 'ceapadh gurab é an cúl tsruth a's súighteán a' rabharta, is cionntaighe leis. Is beag a' mhaith a bheith leis a' gclaise chéadna, go ndeantar tóchar ceart amach ar a' dúirling.
TUILLEADH (1) ▼
Briseann a bhéal amach a's tagann bruachannaí air i gcomhnuidhe, an t-am seo 'bhliadhain.
Rinne sé béiceadán de fhéin le poitín. Bhí sé 'teacht amach thrídh na shúile, ní áirmhighim a mhaltraid.
→
aer
Ní raibh oiread a's deoir as aer, agus ní thiocfadh sé amach na dheidh sin d'uireasbha a chóta mór.
+
→
buadán
Is beag a' mheas a bhí aige ar mo chuid buadáin-sa, ach dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige, ní thiocfadh sé fhéin amach dá bh'uireasbha, a's ar baineadh de threascairt as ar a' leic oidhre.
TUILLEADH (1) ▼
Teastuigheann buadán uait anois! Tuilleadh diabhail agad — croisim aríst tú! — dubhairt mé leat fanacht amach ó'n gcrích dhriseachaí sin, a's sin é bhfuil dhá bharr agad anois. Má chuirimse aithne aríst ort, tiubhra tú áird orm, feicfe tú fhéin! = gasúr a chuaidh isteach igcrích dhriseachaí thar aithne a mháthar, a's bhí a chosa roistí (roiste) ag na driseachaí.
→
buail ar
Aindeoin go raibh an teach ceannuighthe aige thar barr-amach, shíl siad cíos a bhualadh air.
→
buille
Níor fhéad mé aon-bhuille marbh a leigean in mo chuid oibre indiu, arae bhí féar leigthe amach agham, a's dheamhan a rabh fhios agham, cé'n puinnte a dtiocfadh an múr.
→
buinne 2
In iochtar a' bhuinne, in aice na créafóige, a thionnscluigheanns a' dubhachan i gcomhnuidhe. Cairthigheann sé as sin amach ar na billeogaí. Sin é an fáth, go measaimse, gur as a' talamh a thaga(nn)s sé.
→
aire
Ghoin 'aire an fear a bhí taobh amuigh, faoi nach raibh aon-duine a' teacht amach as a' gcaisleán = chuimhnigh sé go gcaithfeadh sé go raibh mísc eicínt ar siubhal istigh, nuair nach raibh aon-duine a' teacht amach.
+
→
airigh
Ní aireochadh sé aon-teas, dhá mbeadh a' fiadhach dubh 'cur a theanga amach, pé'r bith cé'n sórt scruit é thar dhuine 'bith.
TUILLEADH (1) ▼
D'airigh mé fonn uarlacain (urlacain = múisc) a' teacht orm, agus théaltuigh mé liom amach.
+
→
amach
Fear thar baile amach atá sí a phósadh.
TUILLEADH (10) ▼
Fear thar baile amach a tháinic dhá h-iarraidh.
Ní cháinfinn iad le fear thar baile amach.
Má bhíonn mórán thar baile amach ann, ní mór dhaoib sib fhéin a ghlacadh go réidh.
Thógfadh sé páirt a' duine thar baile amach in aghaidh a dhuine fhéin.
Níl aon-chall duit a dhul thar baile amach le do dhíol de bhean a fhaghail.
Ná corruigh do chois thar baile amach, ag iarraidh broma(igh) mar tá ughdar maith capaill ag P. Mh. annsin thíos.
'mbeidh tú 'gabhail thar baile amach anocht.
Ní dheacha mé treasna na troighe thar baile amach ag damhsa ná ceol ariamh.
Níorbh ait liom a dhul thar baile amach ag bainis ariamh.
B'fhearr liom igcomhnuidhe a dhul ag ól thar parráiste amach, 'san áit nach mbeadh aithne ag aon-duine orm.