tar amach
—
ligeadh amach; tugadh; tháinig sé sa saol, tionsclaíodh.
+–
Tá sé deich mbliana fichead anois ó tháinig (ó tugadh; ó ligeadh) an pinsean amach an chéad uair.
Cuimhnímse go maith nuair a thosaigh an Ghaeilge ag teacht amach i dtosach — nuair a tosaíodh ag cur suime inti, nó ag cur dlúis léithe.
TUILLEADH (25) ▼
Is cam a bhreathnófaí ort ag an scoil dhá labhraíteá Gaeilge shular thosaigh sí ag teacht amach an chéad uair.
Is fadó an lá ó tháinig an t-amhrán sin amach sna leabhra an chéad uair
Ní chuimhnímse cén uair ar tháinig na motors amach.
'Sé mo ghéarchuimhne é na bicycles a theacht amach an chéad uair.
Is fada an lá an leabhar sin amuigh anois — ar fáil
Tá scéalta ag chuile dhuine ó tháinig na leabhra Gaeilge sin amach.
Is minic a chuala mé mo sheanathair ag cur síos ar an gcéad am a dtáinig an tae amach. Fataí a bhíodh ann uileag go dtí sin.
Tá dlí nua eile anois le theacht amach, chuala mé, nach bhféadfaidh aon mháistreás scoile pósadh; nó má phósann, go gcaithfidh sí éirí as an scoil
Sin é an dlí is fhearr a tháinig amach ariamh, go gcaithfidh aithreachaí agus máithreacha a gcuid clainne a choinneáil ag an scoil.
Tá athrúintí nua ag teacht amach chuile lá.
Tá sé le theacht de dhlí amach anois nach bhféadfaidh duine ar bith níos mó ná fiche acra talún a bheith aige.
Ba mhaith an ceart dhá dtagadh sé amach de dhlí go gcaithfeadh na boic mhóra sin scaradh lena gcuid airgid.
Ní bheadh iontas orm dhá dtagadh sé amach de dhlí go gcaithfeadh chuile fhear talúna pósadh.
Tá sé de dhlí amuigh anois go gcaithfidh chuile dhuine aire a thabhairt dhá chuid beithíoch ar phéarslaí. Mura ndéana, cuirfear dlí orthub
"Nuair nach dtagann sé d'Act amach, mar atá ar bhó is ar chaora; an té nach dtaitníonn a bhean sa mbaile leis í a thiomáint chun an aonaigh" — as An Ceamach — seanamhrán; d'eacht a bhí ann ó thús, sílim, ach tá sé athraithe go dtí Act anois
Is iomaí dlí aisteach atá ag teacht amach le gairid fhéin.
Le gairid anuas a tháinig an cheird sin amach — an béas sin; le gairid a thug na daoine faoi deara dhóibh fhéin an faisean sin.
Tá cineál bicycle le teacht amach anois a bheas ag imeacht le geas (aibhléis)
Is fada fiannach an lá an faisean sin amuigh sa taobh seo.
Níor tháinig a leithide de dheis amach ariamh (deis le uibheachaí a ghor)
Tá deiseannaí nua ag teacht amach chuile lá — rudaí nua; cóireanna nua; gléasannaí nua
Tá cóir nua amuigh le gairid a bhainfeas, agus a cheanglós an t-arbhar in éindí.
Tá a chuid cainte ag teacht amach ar na páipéir nuaíochta chuile lá — bíonn a chuid cainte iontub
Is beag dhá chuid cainte a d'fheicfeá ag teacht amach chor ar bith le gairid, agus ba mhór i gceist é scaitheamh.
Níor tháinig an chúis amach chor ar bith fós — níor tionsclaíodh í nó níor pléadh í chor ar bith fós.
+–
Tá a chuid drochéisc ag teacht amach anois — tá a dhrochfhaltanas dhá thaispeánadh aige anois, nó tá sé ag ligean a chuid oilc amach anois.
Tiocfaidh a chuid drochéisc amach anois.
TUILLEADH (6) ▼
Tiocfaidh an scéal ar fad amach anois — cloisfear an scéal ar fad anois.
Tiocfaidh sé ar fad amach leis an aimsir.
Anois atá sé ag teacht amach fré chéile
Glac t'ionú agus feicfidh tú fhéin air go dtiocfaidh an scéal ar fad amach i leaba a chéile.
Nach fada go dtáinig sé amach — nach fada gur poiblíodh an scéal.
Is fadó an lá ó bhí an scéal sin ann, agus nach fada go dtáinig sé fré chéile amach.
tar amach in iontrálacha eile (50+)
+
→
fearúint
Tháinig an rosamh sin isteach den fharraige scaithín ó shin. Tá sé ag fearúint sa taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beola
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios amach nach lá é a thiocfadh ina dhórtadh. An bhfeiceann tú ag fearúint cheana é amach údan?
→
fliuchán
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní somhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach anseo in aice chúnta Dé
→
framsáil
Is tarbh oilbhéasach é sin aige. An bhfaca tú ariamh é ag framsáil agus duine ag dul thairis an bóthar. M'anam go gcuirfeadh sé a smut amach thar chlaí go dtí thú!
Bhí sé chomh maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslogaide ansin amuigh ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siobháin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin ansin go raibh sé in am a bheith ag gliondáil as
→
froigisí
Tá na seálta froigisí ag dul i léig. Seálta dubha is mó atá ag teacht amach anois. Chreidim gurb iad is fhearr le aghaidh na strácála, agus nach mbíonn an salachar chomh suntasach orthu le na seálta eile
Tháinig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam tráthnóna agus thosaigh sé ag bualadh na mbeathach orm. Dheamhan a leithide d'fhudairnéis a chonaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ann. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
→
fág ar
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín sa gcúlteach é an lá sin. Thar éis an aifrinn thug siad amach é nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lá arna mhárach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: 'an té a chruthaigh neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh.' Ba in é an fear agat le fágáil i gcionn poitín!
→
fáideog
Ní raibh ach an cléireach ag teacht amach leis an bhfáideoig lena coinnle a lasadh san am ar shroich mé an séipéal. Ní raibh ceathar ann romham
→
fáinne
Bhí sí sin ina beathach chomh tógtha agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannaigh sé ina gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirthi. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó tháinig an geimhreadh agus gan aon ghabháil a chaitheamh ariamh aici. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheathach ar bith mar siúd
→
fálach
Breathnaigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneámhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaí gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má théann sé ina chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraingt ort ná an tÁibhirseoir
→
caidhl
Déan caidhlín de na píosaí bhuidéal sin go gcuirtear amach i bpoll an chlaí iad. Fainic Dia aithnítear, an dtiocfadh aon sclamh acub in do chois!
→
ceas
Fuair mise daba mairteola an tseachtain seo caite agus bhí sí ag fíniú. Níor chaith mé amach fós í fhéint a dtiocfadh aon cheannaí thart go gcuirinn ceas air léithe.
→
claibín
Ní raibh smid ar bith aige i dtosach, le coimhthíos tá mé ag ceapadh, ach san am ar bhain sé amach, tháinig an díle cainte air in éindí. Dheamhan a leithide de chlaibín muilinn a chuala tú ariamh i gcaitheamh do shaoil.
+
→
cleite
Dheamhan easna dhó nach mbeireann ar an gcapall idir chorp chleite is sciathán, agus nach gcaitheann sé amach thar sconsa an gharraí gabhann í. Tabhair fear air sin! (Maitias Ó Dubháin — an fireannach lúfar — a bhí in ainm is é seo a dhéanamh)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé meata ag an ngamhain an áit nach ngabhfadh sé amach an bhearna dhó, agus ná raibh ann mura mbeireann sé chuige ar an ngamhain, idir chorp chleite is sciathán, agus nach gcaitheann sé amach thar an gclaí é.
Siod é an fear a bhfuil an chló stiúrtha aige ar a chlann iníon, agus nach mbéarfaidh cead dóibh corraí amach thar an tearsa (tairsigh) ó thitfeas oíche. Daighean mé gur aige atá an ceart freisin. Istigh is córa do chuile chailín óg a bheith san oíche.
Tháinig na trí seachtainí nó an choicís seo a caitheadh an-choimhthíoch, agus sé is dóigh anois, go mbainfidh sé an ghealach seo as. Cáide go dté sí amach, ní mé?
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo acub sin nach dtiocfadh sé inti, agus nach gcuirfeadh sé na coiníní astub amach agus deifir orthub.
→
cóirséad
Tá sé chomh triollata air fhéin agus nach dtiocfadh sé amach an lá is breátha sa mbliain d'uireasa cóirséid — tá sé chomh haireach air fhéin, agus go mbíonn cóirséad air i gcónaí.
+
→
colg
Tháinig eorna amach anseo an bhliain cheana, agus is beag an cholg a bhí chor ar bith uirthi.
TUILLEADH (2) ▼
Chonaic mé an sceanadóir de mhadadh sin aige ag teacht amach agus ag cur choilg air fhéin liom, agus dheamhan a raibh a fhios agam an dtiocfainn ar m'aghaidh nó ar mo chúl.
Bhí sé istigh ansiúd i súil na háfaí agus colg air; féint a dtiocfadh aon ghadhar isteach chomh fada leis. Dheamhan bealach le é sin (broc in áfach) a chur amach, ach neart deataigh a chur faoin tsrón aige. Chaithfeadh sé treabhadh nó tiomáilt (tiomáint) a dhéanamh ansin.
→
cora
Chuir sé amach a rúitín ag teacht thar an gcora, agus dheamhan corraí amach a rinne sé ó shin.
→
corradh
Tá sé corradh ar dheich mbliana fichead anois ó tháinig an seanphinsean amach an chéad uair, nó an bhfuil? Sibhse a bhfuil an scoláireacht oraibh, ba cheart go mbeadh a fhios agaibh sin.
→
cuideáin
Ní den ál an sicín ghliadhbhuí sin chor ar bith. 'Sé an chaoi ar casadh ina héan cuideáin ar an tsráid í scaitheamh théis an chuid eile a ligean amach. Chuir muid tuairisc le chuile theach ar an mbaile, agus dheamhan duine ar bith a tháinig ina coinne. I nDomhnach, d'fhága mise ansin í nuair nár chuir aon duine bonn uirthi.
Dheamhan stopadh a tháinig uirthi ó chuaigh sí isteach chuig an aifreann go dtáinig sí amach aríst, ach ag céithireacht chasachta mar sin. Ach dheamhan is móide neart a bhí aici air.
→
abhaile
Níor airigh mé an bicycle imithe go dtáinig mé amach, agus dheamhan a dhath a d'fhéadfainn a dhéanamh ach é shiúl. Dar príosta, sin é an 'marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile'.
+
→
bannaí 1
Ligeadh amach ar bhannaí é, ach chinn air aon duine fháil a thiocfadh i mbannaí air.
TUILLEADH (1) ▼
Ní cás dhuit é ó tháinig tú amach ar bhannaí?
→
bealach
Nuair a tháinig muid amach ar an mbóthar, bhí muid míle as a mbealach. Nach mór an mearbhall a bhí orainn!
→
coraice
Tá díth céille ort ag baint do dhrár dhíot féin, go gcaitear coraice dhubh na bliana ar aon nós. Dar ndóigh, níor tháinig táirm ar bith ar an ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
Tháinig racht casachta air, agus chuir sé cláirseach de chrochaille mhór amach a raibh leithead do bhoise ann.
Chaith sé amach baintreach ansin thiar a bhí taobh le páiste amháin. Bhí sagart óg ar an gC. an t-am céanna, agus dúirt sé go bhfeicfí na B. fós agus gan ina gcuid tithe móra ach na carógaí. Tháinig an tairngreacht ansin isteach fíor. Dheamhan teach mór dá raibh ag gabháil leob nach bhfuil bánaithe anois, agus tá leá chúr na habhann orthub fhéin. Ba bheag an scéal iad. Is iomaí créatúlacht a rinne siad ar dhílleachtaí agus ar dhaoine bochta.
+
→
beo 1
Bhí mé craptha suas mar sin ar feadh na hoíche, ach nuair a fuair mé faill iontú ar an taobh eile, d'airigh mé éasc beo ag teacht aníos thrí mo chorróig agus shíl mé go dtiocfadh sé amach thríd mo chraiceann, bhí an oiread sin léimní aige.
TUILLEADH (1) ▼
Ní thiocfadh Críostaí an bhéil bheo amach anocht. Ní oíche ineolta í.
Má tá faoi na Flaithbheartaigh a thabhairt chun cúirte, tiocfaidh sé sa mbile buaic orthub lena shásamh a bhaint amach
→
bocht 1
Tá cois sách bocht aige fós. Chaithfeadh sé nach dtáinig máthair an drochábhair amach chor ar bith.
→
brabach
Má fhaigheann an póilí aon bhrabach ar an méid adéarfas tú, tiocfaidh chuile fhocal de do chuid cainte amach in t'aghaidh lá na cúirte.
→
breoigh
Tháinig sé ina dhórtadh an lá a raibh muid ag cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaitheamh anuas agus a ligean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téamh ná breo a rinne sí ina dhiaidh sin.
+
→
bruach
Tá claise Gharraí an Chladaigh ag cur thar bruach. Tá mé ag ceapadh gurb é an cúltsruth agus súiteán an rabharta is ciontaí leis. Is beag an mhaith a bheith leis an gclaise chéanna go ndéantar tóchar ceart amach ar an duirling.
TUILLEADH (2) ▼
Tiocfaidh an Cháisc amach ar bhruach na Bealtaine i mbliana. Tá sí an-deireanach.
Briseann a bhéal amach agus tagann bruachannaí air i gcónaí an t-am seo bhliain.