1.
croch suas.
a.
+–
Árduigh do cheann = croch do cheann.
Ní árduigheann sé chloigeann ó mhaidin go faoithin, ach ag obair leis ar a tháirm
TUILLEADH (3) ▼
Ní árduigheann sí cloigeann de'n leabhar ó thagann sí ó scoil trathnóna.
Níor fhéad mé mo chloigeann árdú as a' gcreafóig ariamh = cuibhrigheadh leis an obair ariamh mé. Ní bhfuair mé aon eolus ar a' saoghal.
Dhá gcuirtheá farradh chainnte air, míle uair sa ló, ní árdóchadh sé a cheann, le thú 'fhreagairt.
+–
Ní fhéadfa mé mo cheann árdú aríst go bráthach le náire, faoi'n méid sin.
Cé'n chaoi n-árdócha sí a ceann choidhchin aríst, th'éis a' méid atá déanta aice.
TUILLEADH (1) ▼
Dá ba dhomsa d'eireochadh sé, ní bheadh aon-ghoir agam mo chloigeann árdú go h-éag aríst, ach dheamhan lá mairge airsean.
+–
Níl mé indon mo chois 'árdú de'n talamh chor a' bith, in áit ar thuit cloch uirre.
Tuige nach bhfuil tú in don í 'árdú de'n talamh fós? = an chois.
TUILLEADH (2) ▼
Ní mian leis a' gcapall an chois deire a árdú chor a' bith, maran tairnge a thóig sí.
Ní árduigheann sé na cosa de'n talamh chor a' bith a's é siubhal.
+–
Árduigh suas do chois = tóig suas í.
Árduigh suas chugam a' canna, go n-óla mé deoch.
TUILLEADH (2) ▼
D'árduigh sí suas íochtar a gúna = d'fhill sí suas é.
Árduigh suas do chloigeann, a's ná bíodh sé buailte fút agad mar sin igcomhnuidhe.
·
Árduigh an fhuinneog = croch í.
D'árduigh sé dhá leath-chlaidhe an chairr 'san aer.
+–
Níl sé indon leath-chéad meadhchain 'árdú de'n talamh, ní áirmhighim é 'iomchur.
Corr-fhear atá indon an chloch sin a árdú.
TUILLEADH (1) ▼
Duine sa gcéad atá indon leath-bharaille lán 'árdú anois.
b.
tóg, méaduigh; déan níos mó, cuir farr-a's-barr air.
+–
Tá siad leis a' mbóthar 'árdú 'san áit a bhfuil na gleannta ann = a chrochadh suas; na gleannta a líonadh.
Tá árdú mór ar a' mballa agaibh le seachtmhain.
TUILLEADH (3) ▼
Caithfe mé árdú — cúrsa nó dhó — a chuir ar a' mballa.
Má tá tú le ceann slinne a chuir suas, ní mór dhuit árdú a chuir ar a' mballa.
D'árduigh mé an claidhe = chuir mé clocha air; bhí sé leagtha, agus rinne mé suas aríst é.
+–
D'fhága sib an bhearna sin thiar gan árdú 'na ndiaidh trathnóna.
Tá claidhe le n-árdú agam imbarr a' bhaile, pébrí céard a leag é.
TUILLEADH (4) ▼
Tá bearnaidheachaí le n-árdú agus claidheachaí le biorrú ann.
Má theigheann tú ag árdú an chlaidhe sin, ní f'leárr (fuláir?) dhuit, a dhul dhó mar is ceart, agus na máithreachaí in íochtar a dhaingniú. Mara ndéana tú sin, beidh sé le n-árdú aríst agad.
B'éigin dom brúisc de bhearna a bhí tuithte annsin thiar a árdú.
Árduigh an bhrúisc de bhearna chomh luath a's bheidheas ionbhadh agad.
+–
Tá'n tuile ag árdú = ag eirghe.
Má árduigheann a' taoille mórán eile, sceithfe sí an bóthar.
TUILLEADH (1) ▼
Tá ardú ar a' taoille ó aréir — taoille rabharta í.
c.
+–
Tá árdú páighe fáighte aige le goirid.
Tá máighistirí scoile a' cur a gcosa uatha(b) anois, ag iarra árdú páighe.
TUILLEADH (6) ▼
Níl fir oibre na Gaillimhe ag obair a' tseachtmhain seo, a' ceasacht páighe. Tá siad ag iarra tuille árduighthe.
Tá sé 'strócántacht ag iarraidh árdú páighe, rud nach bhfuighe sé.
Tá 'chuile dhuine a' fághail árdú, ach an feilméar a's a' talmhaidhe
Beidh árdú coróin sa tseachtmhain aige ó'n mí seo amach.
Ní thiubhra an dream sin aon-árdú uatha(b) go gcínne críochnuighthe orra(b).
Tá'n pinsean len' árdú má cuirtear a' dream seo isteach (i.e mar riaghaltas).
·
Is gearr ó fuair sé árdú posta = fuair sé posta níos aoirde ná bhí aige.
d.
+–
Tá'n stoirm ag árdú = a' neartú.
Is diabhaltaidhe a d'árdu(igh) an ghaoth le cupla uair.
TUILLEADH (3) ▼
Is mó an chosamhlacht árdú atá uirre (ar a' stoirm) ná claochmú. Oidhche gártha anois í.
Feicthear dhom go bhfuil an oidhche ag árdú, marab iad na crainnte atá a' fuagairt a' ghála.
Má mhaireann di ag árdú mar seo, ní bheidh cleith as a' (ar) gcíonn ar maidin.
+–
Tá'n tinneas árduighthe air = tá sé gaibhte 'un donacht
Tá'n phian árduighthe air.
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr ó d'árduigh an phian air.
Má árduigheann an phian tada eile, cuirfe mé fios ar a' dochtúr.
Tá'n doigh bhuilg ag árdú air.
e.
+–
Tá sé árduighthe ceart críochnuighthe anois agad = fearg air; é le buile. (Iarthair Chonamara agus áiteachaí eile) "risen", "you have risen him"
Is furasta é 'árdú = is furasta buile chuthach a chuir air.
TUILLEADH (10) ▼
Níl goir agad 'druid' a rádh leis, nuair atá sé árduighthe.
Ná bí ghá árdú anois, nó imtheocha sé ar fad.
Níl acmhúinn grinn a' bith aige. Níl ort ach breathnú cam air a's tá sé árduighthe ar a' bpuínnte.
Má tá tú ag iarra é árdú, níl agad ach a rádh leis, go bhfuil cruach bhreagh choirce ag P. Sh. Th.
Sin é an droch-éadáil, agus é árduighthe.
Ná cuir ceist a' bith air, Aingeal ceart é sin, agus é árduighthe.
B'fhearr dhuit gan a dhul i gcleitheamhnas é 'árdú, mar speirfeadh sé sin duine ar a' bpuínnte boise.
Marach leisce 'bheith dhá árdú as comhair na strainséaraí, gheobhfadh muid an-scath(amh) grínn air.
Níor mhaith liom é 'árdú faitchíos go dtarraingeochadh sé an baile orm
Tá an-éisteacht aige, nuair nach n-árduigheann an nathaidheacht sin é.
2.
+–
D'árduigh an t'ól air, d'aon iarraidh = chuaidh an t-ól sa gceann air; thuit a' t-ól air; chuir a' t-ól cuthach air.
Dia aithnighthear é siúd, má árduigheann a' t-ól.
TUILLEADH (10) ▼
Tabhair rí-aire dhuit fhéin air, má árduigheann a' t-ól air; bí ar t'áirdeall fhéin air, má árduigheann a' t-ól air.
Ní féidir ceart a' bith 'bhaint dhe, nuair 'árduighea(nn)s a' t-ól air
'Sé is socra dhá bhfaca tú ariamh go n-árduighe 'n t-ól. Uaidh sin amach, 'sé ubhall na h-aithne é.
D'árduigh an t-ól in a cheann, a's bhí sé éadtrom aige.
Sháruigh sé luirgní dóighte, tráth ar árduigh an t-ól air.
Níl ceart a' bith le baint dhe ar a mheisce. 'San am a n-árduigheann a' t-ól air, bíonn sé 'na chiseach críochnuighthe.
D'eirigh sé as ar fad, mar d'árduigheadh a' t-ól in a cheann.
Is anna(mh) óla(nn)s sé deoir a' bith, a's ní fearr dhó fhéin 'ól, mar ní túisce cupla ceann caithte aige, ná árduighe(ann)s sé in a cheann.
Is éasca leis an ól árdú air.
Níl ól a' bith indon árdú ar dhuine ach poitín.
+–
'Ar a' ngreann ar fad, ní thiubharfá ceo; Gur árduigh an t-ól i stuaic na mbacach' (Rafteri — "Bainis a' tSleadhtháin Mhóir — tá'n leagan seo le cloisteáil fós).
Ó d'árduigh an t-ól in a stuaic, bhí sé fánach agam é 'thabhairt abhaile.
TUILLEADH (5) ▼
Má árduigheann a' t-ól in a stuaic, déanfa sé réabadh a's mísc.
Ní teach bainse bhí ann, ach teach amhus, 'san am ar árduigh an t-ól sa stuaic aca(b).
Má árduigheann a' poitín 'sa stuaic aige siúd, déanfa sé sléacht ar fud a 'bhaile.
Ná tabhair an oiread dó a's go n-árdó(cha) sé sa stuaic aige.
D'árduigh an t-ól i stuaic na mbacach, a's bhí sé in a 'reaintí bó leáraí' uaidh sin amach.
+–
Árduigheann a' braon cruadh an coiricín aige = cuireann sé thar bharr a chéille é.
'Sén poitín atá indon cirín (ceann, cloigeann) duine 'árdú.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn ciall ná coimheas ag Tom, nuair árduighe(ann)s sugh an ghráinne-eorna air.
3.
+–
Tá sé ag árdú an chnuic = ag dul in aghaidh an chnuic (Iarthar Chonamara); a' crochadh an chnuic, nó a' maolú an chnuic.
'Dhá bhfeictheá Máirtín a's é ag árdú an Mháma; a's a phílí mná leis, má b'fhíor dhó fhéin!' ("Amhráin Chloinne Gaedheal" — l. 47).
TUILLEADH (4) ▼
D'árduigh sé an cnoc ar maidin, agus ní fhaca muid ó shoin é.
Bhí sé ag árdú suas an cnoc, nuair a chonnaic mise é.
Tá'n cnoc árduighthe aige = tá sé ar a bharr.
Nuair a d'árduigh muid an cnoc, chonnaic muid an baile fúinn thíos.
Féach freisin
→
ardú
Árduigh in iontrálacha eile (50+)
→
fáinneog
D'árduigh sé an fháinneóig agus chuaigh sé ag plé léithe ar feadh scathamh, ach chinn air a cur i dtiúin
+
→
cleite
Chuaidh sé faoi gur árduigh sé suas é, idir chorp, chleite agus sciathán.
TUILLEADH (1) ▼
Árduigh leat é, idir chorp, chleite agus sciathán as seo.
→
baile
Ní bhfuair mé dubh ná dath ná tuairisc mo chaoirín amuigh ná i mbaile, ariamh ó shoin. Cneamhaire eicínt a d'árduigh leis í a's a d'ith í. 'D'eile!
→
cuilín
D'árduigh sé in a gheal-stoirm a's muid leath-cuain. Bhí muid dhár gcaidhleadh le fairrge cháithte, a's cuilíní bána ar an uisce is 'chuile áit. B'ait na bádóirí muid, a's talamh a dheanamh chor a' bith.
+
→
bhíogaíl
Chuala mé an ghoisín roilleach a' bhíodhgaighil istigh i bpoll a' chlaidhe. Tá mé 'ceapadh gur easóg a d'árduigh léithe í.
TUILLEADH (1) ▼
Cé'n sórt 'bhíodhgaighil atá ortsa. Má tá pian ort, árduigh leat a' chodladh.
→
buail ar
Soitheach mór a buaileadh ar an gcladach ann, a's dheamhan thiomanta nídh a' gabhail léithe, nar árduigh muinntear na mbailteachaí aisti. Tá a sliocht orra(b): tá éadalachaí aca(b) ó shoin dhá barr.
→
buail
Bhuail cuaibhtheach de'n ghaoth timceallach sin mé ar árd J. S. a's dheamhan mórán a' bith, nar árduigh sí idir chlár a's chuinneog de lom a' bhóthair mé.
+
Tháinic sé isteach sa teach gan aireachtáil, de shiubhal oidhche, agus d'árduigh sé leis a shean-eire beatha
TUILLEADH (1) ▼
Amach san oidhche, d'imthigh sé gan aireachtáil, agus d'árduigh sé leis, a raibh de phighneachaí beaga sa sparán = d'imthigh sé deireannach san oidhche, ingan fhios do chuile dhuine, agus thug sé leis, pé'r bith beagán airgid a fuair sé sa sparán.
+
Árduigh orm a' cliabh seo = cuir láimh ann, le na chrochadh suas orm.
TUILLEADH (1) ▼
D'árduigh sé orm a' beart.
+
D'árduigh sé leis é = thug sé leis é; thárluigh sé leis é; ghoid sé é (amanntaí)
TUILLEADH (13) ▼
D'árduigh sé leis a' 'bicycle', árd-tráthnóna, agus dheamhan fhios againn céard is cor dó ó shoin.
D'árduigh sé leis 'chuile phighinn bheag dhá raibh sa teach againn.
D'árduigh Micil a' capall leis faoi na thóin.
D'árduigh inghean Mh. Bh. léithe leabhar as, tá mí ó shoin, agus dheamhan a dhuth ná a dhath fhéin, ná an leabhar a chonnaic muid ó shoin.
Árduigh leat na cártaí sin anois go beo; níl muid dhá n-iarraidh.
D'árduigh sé leis fear a' tighe seo, ar maidin go moch, a's níor tháinic sé ar ais ó shoin.
Dheamhan ab é an oiread sin dhá fhonn a bhí ar a' gceann seo imtheacht, marach gur árduigh Maitiú leis é.
Árduigh leat abhaile é, má fhéadann tú, a's ná bíodh sé 'deanamh cír-thuaithbhill de'n teach.
D'árduigh T. Bh. leis an inghean air, agus phós sé í.
D'árduigh P. Sh. leis é, ar maidin pé'r bí cé'n tabhairt a thugadar orra(b) fhéin.
D'árduigh sé [leis] chuig a' damhsa é = thug sé (mheall sé) chuig a' damhsa
D'árduigh sé leis fhéin abhaile óg go maith 'san oidhche = leig sé leis fhéin abhaile; thug sé an baile air fhéin.
D'árduigh sé leis fhéin síos go Gaillimh.
→
foireann
Nuair a cailleadh an mháthair, d'árduigh an cliamhain an foireann leis ar fad. Ní raibh oiread agus priocach de láighe aige seo nuair a chuaigh sé isteach ann. Ba é an chéad-mhaith ab éigin dó a dhéanamh, a dhul agus foireann nua a fháil: céachta agus cliath fhursta agus sluaiste agus 'chaon tsórt.
→
feothan
D'árduigh sé chun feóchain as sin go maidin. Bhí daoine in a suí ag ceapadh go mbeadh tithe ag fuadach
→
fulaing
D'árduigh an bheirt againn gob na curaí, agus chuaigh mise fúithe, ach dhá mbeadh mo chailleadh den tsaol leis ní fhéadfainn a fuilint. D'fhuagair mé air go raibh mé ag dul dhá leigean anuas. Sin é an uair a bhrath sé na clocha — dhá dhaigéad mhóra — agus iad ceangailte ar na seasannaí. "M'anam nach iontas ar bith nach bhfuil tú indon a fuilint" adeir sé
→
deachma
Fág annsiúd ag an deachma í! Bail ó Dhia ort! Ní tú a fuair a h-anró dhá baint. Feamuinn bhreagh chosach í aníos de'n Locháinín Thoir, agus tá cion boirdín an asail ann di. Síos leat agus árduigh aníos í. Tá an iomarca spreallaireacht' ort ar fad. Marach sin, d'fhéadfá í a bheith aníos cheana agad.
→
deibhil
Dhá dteagadh deibhil ar bith d'fhéadfadh dream eicínt a dhul amach cho fada leo, ach ní raibh aon-bhád dhá rinneadh (dhár dearnadh) ariamh indon é a mharaidheacht (bharraidheacht?). B'fhada a chaith duine aca ar an gcarraig: nó gur árduigh an taoille tuile léithe an duine bocht. Ach cé'n neart a bhí air. Céad fáilte roimh Ghrásta Dé
+
Bhain sé an deireadh as an lorry agus d'árduigh siad isteach an t-asal ann
TUILLEADH (2) ▼
Gabh faoi'n a dheireadh agus árduigh orm é
Níl a fhios agam cé'n chaoi a mbeadh sé as a dheireadh marach gur árduigh mise liom T. Bhí an ceann eile an-líomhtha ag troid
→
dodach
Sagart sáthach dodach é indomhnach mara bhfaghaidh sé a chuid ceart. D'árduigh sé an tuarastal orainn anuraidh, agus bhí cuid aca a chuir taobh leis an sean-rud é, agus 'sé a bhí musánach orra. Bhagair sé a léigheamh ó'n altóir, ach níor léigh in a dheidh sin. Níor bheag dóib ar thug sé de scaimhléaracht dóibh thairis
'Ar ndú' bhí sé ag plé le ceann a bhí 'chuile orlach cho dórainneach leis féin: M. seo thiar. Níor thug sé sin aon-tsásamh d'aonduine ariamh, agus diabhal baoghal a bhí air é a thabhairt do Sh. Chaith siad an-fhada ag cothuigheacht le chéile, agus 'chaon duine aca ní ba mheasa ná a chéile. "Dar diaguí" adeir M. faoi dheire "déanfaidh mé aon-lá amháin díot a Sh. shalach na míol. Rinne T. Mh. eadarscán annsin agus d'árduigh an dream thiar M. leo abhaile. Marach gur [a]rduigh chuirfeadh sé luighe fiadha ar Sh.
→
draoi
Tá an draoi sionnach anois ins na clochair sin siar. Tá siad beo leo ó a tháinig an cogadh agus nach bhfuil aon-phúdar le fáil. Go gcuiridh Dia an t-ádh ort! Nach ndearna siad sladadh orainn. Dheamhan thiomanta cearc de cheithre cinn déag nachar árduigh siad uainn anuiridh. Tá muid bánuighthe aca.
→
dris
Bhí mo shean-athair ag teacht abhaile oíche Shamhna fadó. Tháinic an púca faoi annsin thiar i nG. Bh. D'árduigh sé leis é agus níor chomhnuigh sé gur chaith sé isteach i gcrígh driseachaí é thiar faoi'n bP. (féach crích)
+
→
droim
Tá fíogach caithte thíos ar dhruim na trágha agus é lobhtha. Bhí sé thoir ins an bhfearsaid, ach d'árduigh buachaill báire eicínt anoir é, agus chaith sé imbéal an tseoil igcasán na ndaoine é, le faitíos nach mbeadh a dhóthain baladh bréan uaidh ins an áit a raibh sé.
TUILLEADH (1) ▼
Meastú an féidir druim díbeartha a chur chor ar bith ar an sionnach. Tá an baile — an tír arsa tusa — sladtha aige. Céard adeir tú leis a d'árduigh leis cearc de'n tsráid annsin indé go deireannach, as comhair mó dhá shúl. Airigheann sé go bhfuil púdar gann. Marach sin is beag de'n tsireoireacht seo a bheadh air in aice na dtighthe
Tháinig faoilleán druimfhionnach annsin ar an tsráid ar ball beag, agus diabhal easna dhó nachar árduigh leis sceallóg d'fhata: fataí a' (ar) mbéilí a bhí mé a fhuarú. Thosuigh sé ag scréachghail cho h-acmhuinneach agus a bhí sé indon, agus leig sé an fata uaidh aríst. Dhóigh sé é cheapfainn!