Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aireachtáil
ainmfhocal
cuid den briathar airigh: an t-ainm briathartha de, fc. airigh le haghaidh samplaí dhe sin
1.
cloisteáil, mothú; tabhairt faoi deara.
+
"Tháinig sé isteach as faltanas, (.i. madadh); Maidin agus í ag gléas a bricfeasta; agus sciob sé an ceann gan aireachtáil; de mháthair an dáreag bhoicht" (Sliocht as Sicíní Bhríd Éamoinn, amhrán a rinneadh faoi Ghnó Mhór)
Tháinig sé isteach gan aireachtáil orainn — níor airigh muid ná níor chuala muid ag teacht é
TUILLEADH (7) ▼
Tháinig sé isteach sa teach gan aireachtáil de shiúl oíche agus d'ardaigh sé leis a sheaneire beatha
Tá siúl chomh mion aige agus go dtiocfadh sé ort gan aireachtáil (fc. mion)
Seo isteach é gan aireachtáil idir chlár is chuinneog chugainn — tháinig sé isteach chugainn, ina chruth agus ina dhealramh, gan muid dhá chloisteáil ná dhá fheiceáil go dtáinig sé thar an doras isteach
Théaltaigh sé aníos leis an móta gan aireachtáil agus chuir sé cluais air fhéin leis an gclaí go gcloiseadh sé an seanchas.
Fhóbair dhó bás a fháil gan aireachtáil — is beag nár bhásaigh sé i ngan fhios
Tháinig mé isteach gan aireachtáil orthub agus toit bhairnigh dhá róstadh acub.
Tháinig mé faoin doras gan aireachtáil agus dheamhan bréag nach breá an streancán de phort a bhí Micilín a chasadh
+
D'ól sé a raibh de bhainne in íochtar an drisiúir gan aireachtáil
Ghoid sé a raibh ag gabháil liom gan aireachtáil — ghoid sé chuile mhíle pínn dá raibh agam i ngan fhios
TUILLEADH (1) ▼
Amach san oíche, d'imigh sé gan aireachtáil agus d'ardaigh sé leis a raibh de phínneachaí beaga sa sparán — d'imigh sé deireanach san oíche, i ngan fhios do chuile dhuine, agus thug sé leis pé ar bith beagán airgid a fuair sé sa sparán
2.
+
Tháinig sé fúm gan aireachtáil ar bith agus shín sé ar shlatrachaí mo dhroma mé d'aon iarraidh.
Murach gur áitigh sé mé gan aireachtáil, thabharfainn fuílleach le déanamh dhó — murach gur ionsaigh sé mé gan aon tsúil agam leis, dhéanfainn seasamh maith ina aghaidh
TUILLEADH (10) ▼
D'éalaigh sé orm gan aireachtáil agus thug sé fadhb den fhás dhom — tháinig sé orm i ngan fhios agus thug sé a sheanbhuille den mhaide fuinseoige dhom.
Bhuail sé a sheandorna gan aireachtáil ar cheangal an ghéill orm — bhuail sé chomh maith agus a bhí sé in ann mé dhá dhorna ar chnámh snadhmtha an ghéill
Ainneoin gur ionsaigh sé mé gan aireachtáil, ní raibh tada le reic aige nuair a bhí sé réidh liom (fc. reic)
Sin é a fhaisean sin chuile lá ariamh — duine a ionsaí gan aireachtáil.
D'ionsaigh sé mé de ghorta gharta gan aireachtáil ar bith, ach má chuaigh leis, bíodh aige — d'ionsaigh sé mé d'aon iarraidh, gan súil ar bith agam leis, ach dhó fhéin ba mheasa é as a dheireadh.
Thug sé farra faoi gan aireachtáil agus bhuail sé ar a bhéal agus ar a fhiacla amuigh faoin tsráid é.
Deir siad go raibh scian i gcúl a ghlaice aige agus gur sháigh sé é gan aireachtáil.
Bhuail sé de chloich é gan aireachtáil.
Buaileadh lofar (lofachar?) eicínt gan aireachtáil isteach sa mbéal orm as doras tí ar an mBalla Fada.
Fhóbair go ndeachaigh sé i ngeallta nuair a buaileadh méaróg gan aireachtáil air.
+
Bhuail an daigh i mbéal mo chléibh mé gan aireachtáil ar bith — tháinig pian i mbéal mo chléibh orm gan aon donacht orm roimhe sin
Buaileann an bás duine gan aireachtáil.
TUILLEADH (4) ▼
Buaileann an slaghdán duine gan aireachtáil.
Tagann tinneas den tsórt sin gan aon aireachtáil.
Ag tarraingt aniar ar ard Iothlainn Shéamais dom, bhuail an t-ocras céatach mé gan aon aireachtáil agus fhóbair dhom titim i mbun mo chos — tháinig sé de phlimp agus gan aon údar aige
Tháinig dúrúch dárach ar an mbó gan aireachtáil agus ní raibh mac na sceiche ann a sheolfadh ag an tarbh í.
·
Síneadh ar an leic mé gan aireachtáil agus chuir mé cnapán mo ghlúnach as áit.
Gan aireachtáil ar bith, cé bhuailfeadh anoir chugainn Dia Domhnaigh ach é.
3.
+
Níl aon aireachtáil aige ar thinneas — ní mhothaíonn sé tinneas; ní ghoilleann tinneas air
Níl aon aireachtáil aige ar theas (ar fhuacht srl.) — tá acmhainn teasa, fuaicht srl. aige
TUILLEADH (3) ▼
An bhfuil aon aireachtáil ar an bhfuacht agat? — an airíonn tú (an mothaíonn tú?) an fuacht?
Is beag an aireachtáil atá aige ar an teas — ní airíonn sé an teas mórán
Dhá mbeadh aireachtáil agat air (ar an tinneas), bheadh athrú scéil agat.

Féach freisin

aireachtáil in iontrálacha eile (37)

 
Bhí mise amuigh ansin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fúthu agus thóg mé na céadta acu leis an líon. Bhí báid eile fúm is tarm agus gan a fhios acu a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom sa mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
 
ceas
Bíonn duine chomh dúlaí ann agus go gcuirfeadh sé ceas air fhéin gan aireachtáil leis. Is amhlaidh a bhíonns bia nua ar bith.
 
Dhonódh an clifeartach sin duine gan aireachtáil, agus ní fhanann misneach ar bith aige má ionsaíonn duine de shoinneán é.
 
Nach é an chloigis mhístuama é ag cur an tí thrí lasadh. Is maith an t-ádh a bhí orthub nár dódh fré chéile é gan aireachtáil.
 
Má thagann cuaifeach as calm, níl léamh ar bith uirthi. Báitheadh bád i gConamara, tá blianta beaga ó shin, agus bhí an lá ar áilleacht. Dream a bhí amuigh ag déanamh aeir agus bhuail cuaifeach iad gan aireachtáil agus d'iontaigh sí an bád droim ar ais. Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia, dheamhan ar fágadh sa gcomhaireamh ceann acub ach duine.
 
Bhí neart aireachtála (.i. freagairt, priocaí) ach ní raibh bualadh ar bith.
+
buille
Fainic é siúd, nó tabharfaidh sé an buille feill dhuit gan aireachtáil.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh a mhalrait de bhéas ag siúl ariamh fhéin leob: buille na feill a thabhairt do dhuine gan aireachtáil — sin é a mbeadh uathub.
 
Fuair mé dubh-bhuille uaidh gan aireachtáil ar bith.
 
aire
Murach chomh haireach agus a bhí an madadh, bheidís in mo mhullach gan aireachtáil.
+
airigh
Is beag an dochar dhuit é a aireachtáil fuar agus laghad an chlúdú atá ort — is suarach an t-ionadh go n-airíonn tú fuar é agus gan mórán éadaigh ort.
TUILLEADH (13) ▼
Ní milleán duit é a aireachtáil fuar, scáth a bhfuil fút is tharat (ar an leaba)
Dheamhan ceo aireachtála aige ar an bhfuacht.
Ab in é a bhfuil d'aireachtáil agat ar an bhfuacht (ar an sioc, srl.) — adéarfá le duine nach mbeadh ag cur aon tsuime sna síonta sin, nó pé ar bith cén tsíon acub a bheadh ann)
Is deacair leis an teas a aireachtáil; is éasca leis an teas a aireachtáil srl.
Níl mé ag aireachtáil (níl mé do m'aireachtáil féin; ní airím mé fhéin) ar fónamh (go maith, ar mo chóir fhéin srl.) le fada — tá rud eicínt ag gabháil dom le fada.
Tá sé luath agat aon ocras a aireachtáil fós agus a ghairdeacht agus ó d'éirigh tú ó do bhéilí.
Níor lig mé tionúr as mo cheann aréir féint a n-aireoinn ag teacht iad, ach dheamhan aireachtáil.
Tá rudaí le n-aireachtáil ag Droichead na gCnoc adeir siad (rudaí = taibhsí)
Dheamhan lá ariamh nach raibh sé de cháil ar an áit go raibh an rud (nó an taibhse) le n-aireachtáil ann.
Teach síúil é sin. Bhí rudaí le n-aireachtáil ariamh ann.
Bíonn rudaí le n-aireachtáil ón dó dhéag amach
Tá siad le n-aireachtáil chuile phointe ó thitfeas oíche ann (taibhsí)
Bhí le rá go raibh drochrud eicínt le n-aireachtáil sa teach sin fadó, ach dheamhan is móide a raibh ann ach caint.
 
ascar
Ghlac sí scéin eicínt ag droichead na gCnoc; thug sí léim leataoibhe gan aireachtáil, agus chuir sí anuas glan as ascar na diallaite mé
 
farra
Ní suaimhneas dóibh fós. Feicfidh tú ina chogadh é anois aríst go deo. Náisiún ar bith acu sin a aireos aon spreacadh ann fhéin tabharfaidh sé farra gan aireachtáil faoi cheann eicínt eile
 
fás 2
Bhí muid istigh i dteach ósta ann. Geospailín beag feosaí a bhí san óstóir, ach d'aireodh sé an féar ag fás. Mo léan ní thiocfadh aon phóilí gan aireachtáil air!
 
Beidh an Nollaig istigh ina mullach gan aireachtáil — ní fada go mbí an Nollaig againn (ar fáil, ar an talamh) anois
 
Ara muise níor chuala tú an scéal deacrach seo: go ndearna an lad rua (an sionnach) sléacht anseo inniu! Cearc an áil a mh'anam. 'Sciob sé an ceann gan aireachtáil de mháthair an dáréag bhoicht,' mar adeireadh N.
 
dealg
Má tá tú ag aireachtáil pian ar bith, is fhearr a dhul roimpi in am ná in antráth. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
 
deara
Bhí an torann le n-aireachtáil i gcónaí agam, ach níor thug mé tada faoi deara, bíodh aon cheo ann nó ná bíodh. Diabhal mé go mb'aisteach an rud é ar aon chor
 
dearg 1
Bheadh an saighdiúr ina spól dhearg taobh thiar den ghunna gan aireachtáil (fc. spól)
 
diaidh
Chuir sé turraic ionam, agus caitheadh i ndiaidh mo mhullaigh mé isteach i dtom neantóg atá ar cholbha an bhóthair ann. Bruitheadh agus loisceadh mé ceart críochnaithe. Bhí sé ag faire ariamh nó gur tháinig sé fúm gan aireachtáil, agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Beidh a shliocht air: ní ghabhfaidh leis. Tabharfaidh mise an buille feill dósan agus gan cuimhne ar bith aige air
 
doras
Bhíodh C. a bhí ansin thuas i mballa Ch. ag sirtheoireacht ó theach go teach agus ag ól an uachtair den bhainne nuair a bhí muintir an tí ina gcodladh … Cén stró a bhíodh air a dhul isteach agus gan de dhoirse ar na tithe ach birt shlat, nó fhraoigh. Nach bhféadfadh a rogha duine a dhul isteach agus cén aireachtáil a bheadh air
 
droim
Bhí muid ag ealaín thíos tigh J. aréir. Bhí sé i ngreim láimhe mar sin ionam dhá cur anonn is anall. Pé ar bith cén chaoi ar éirigh liom mo láimh a ligean marbh gan aireachtáil, bhuail sé de dhroim mo láimhe féin isteach ar an bpus mé. Murach chomh beo agus a lig sé leis féin bheadh scéal aige air feadh is mise éirí aige
 
díol 2
Is mór an díol trócaire na créatúir bhochta atá i Sasana agus na rudaí eile sin ag titim orthu chuile ré solais. Deir siad nach bhfuil maith ar bith sna teáltaí a bhíodh acu ar na báid aeir. Níl aireachtáil ar bith orthu seo ag teacht go gcnioga siad thú d'aon iarraidh
 
Chuaigh an lá thart gan aireachtáil — d'imigh sé