airigh
1.
mothú ionat fhéin, tinneas, fuacht srl.
+–
Airím fuar é — mothaím fuar é; tá fuacht orm.
Muran orm fhéin atá sé, airím fuar é
TUILLEADH (17) ▼
Is beag an dochar dhuit é a aireachtáil fuar agus laghad an chlúdú atá ort — is suarach an t-ionadh go n-airíonn tú fuar é agus gan mórán éadaigh ort.
Caithfidh sé go bhfuil sé ag cur sheaca as ucht, mar airím an-fhuar é.
Níor airigh mé aon oíche ariamh chomh fuar leis an oíche aréir. Chaith mé ó oíche go maidin ag deasú an éadaigh fúm is tharam agus shíl mé go bpréachfaí mé ina dhiaidh sin.
Má airíonn tú fuar é, cuirfidh mé tuilleadh éadaigh thart — cuirfidh mé tuilleadh éadaigh ort ar an leaba.
Ní milleán duit é a aireachtáil fuar, scáth a bhfuil fút is tharat (ar an leaba)
Níl a fhios agam beirthe tuige a n-airím chomh fuar é, muran fraighfhliuchas atá san éadach leabthan.
Airím an fuacht céatach. De dhroim sneachta atá an ghaoth aduaidh sin ag éirí in áit eicínt.
Airím fuaraíocht eicínt air (ar an aimsir) inniu, muran tuairt shneachta a chaithfeas sé.
Airím an farra sin do mo tholladh — airím goimh na gaoithe sin ag dul thríom.
Airím maidí seaca le mo dhroim. Tá sé ag sioc thar cionn.
Níor airigh mé a leithide d'fhuacht ó rugadh mé agus a d'airigh mé aréir (níl an d séimhithe le cloisteáil, ach an-lag ar fad in "rugadh" agus "mé" ina dhiaidh)
Dhá mbeadh sé ag séideadh dubhoighir, ní aireodh sé sin a dhath fuaicht.
Má airíonn sé an fuacht, dheamhan mórán dhá aithne air.
Ní aireodh sé sin é (an sioc) dhá dtéadh sé thrí chlár daraí.
Dheamhan ceo aireachtála aige ar an bhfuacht.
An airíonn tú an fuacht (an sioc, an sneachta, an bháisteach) — adéarfá le duine a chasfaí ort agus ceachtar de na síonta sin ann
Ab in é a bhfuil d'aireachtáil agat ar an bhfuacht (ar an sioc, srl.) — adéarfá le duine nach mbeadh ag cur aon tsuime sna síonta sin, nó pé ar bith cén tsíon acub a bheadh ann)
+–
An airíonn tú an teas (an teaspach, an ghrian)
Airím meirbh é.
TUILLEADH (7) ▼
D'airigh mé an-teas inné.
Ní airím go bhfuil an aimsir bhreá chor ar bith ann lena bhfuair mé d'fhuacht ar bhóthar Bhoth Loiscthe an t-earrach seo (chuaigh) bhart (thart)
An airíonn tú an teas ag priocadh leat?
Níor airigh tú an teas ag dul faoin gcraiceann fós agat — níor theangaigh an teas leat mar is ceart fós.
Ach a n-airí tú teas an Mí Mheáin ag dul faoin gcraiceann agat, tiocfaidh an cóta mór anuas (caithfidh tú dhíot é.)
Ní aireodh sé aon teas dhá mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach, pé ar bith cén sórt scruit é thar dhuine ar bith.
Is deacair leis an teas a aireachtáil; is éasca leis an teas a aireachtáil srl.
+–
Cá n-airíonn tú an phian?
An airíonn tú aon ardú — aon donacht
TUILLEADH (10) ▼
Cá n-airíonn tú an donacht?
Cáid ó d'airigh tú an donacht ort féin
Cén ball de do chois a n-airíonn tú an t-othras (tinneas)
Cá n-airíonn sé an fabht?
Cá n-airíonn tú ag gabháil duit é? (tinneas)
Ní airíonn sé pian ná tinneas, agus níl sé ar fónamh ina dhiaidh sin
Pé ar bith cén mhaith a airím orm fhéin, ní airím donacht ar bith, míle buíochas le Dia.
Níor airigh mé blas de go dtí ardtráthnóna inné
Níor airigh sé a dhath gur bhuail sé d'aon iarraidh é.
Is beag a aireos tú nach n-éagnóidh tú (adéarfaí le páiste a bhíos ag fuasaoid tinnis i gcónaí)
+–
D'airigh mé mar a bheadh snáthadaí dhá sá in mo thaobh leis an bpian a bhuail mé.
Airím ualach i mbéal mo chléibh.
TUILLEADH (12) ▼
D'airigh sí arraing ina taobh
D'airigh sé daigh ag teacht ina bholg agus chuir sé fios ar bhraoinín brandy le cúl a chur uirthi.
Is fadó nár airigh mé aon tslaghdán, ní ag tabhairt gutha air é (fc. guth)
Is fada cheana nár airigh mé aon fhuadach faoi mo chroí.
Is maith an scaitheamh anois nár airigh mé aon daigh (fhiacal), míle buíochas le Dia.
Airím éasc beo ag léimneach in mo chois (fc. éasc)
D'airigh mé fonn urlacain (múisc) ag teacht orm agus théaltaigh mé liom amach.
D'airigh mé tonn taoscach (múisc) ag teacht orm, i gcead don chomhluadar, agus lig mé liom féin ar an tsráid.
Airím an bhróig seo do mo phianadh
Airím tairne ag dul in mo chois.
D'airigh mé corr (cabhar adeirtear) na diallaite ag tógáil sáimhín earrach orm (fc. aireach)
Airím ré roithleagán in mo chloigeann.
+–
Níl mé ag aireachtáil (níl mé do m'aireachtáil féin; ní airím mé fhéin) ar fónamh (go maith, ar mo chóir fhéin srl.) le fada — tá rud eicínt ag gabháil dom le fada.
Cén chaoi a n-airíonn tú thú fhéin anois.
TUILLEADH (11) ▼
Cén chaoi a n-airíonn tú é? — cén chaoi a bhfuil an tinneas ag gabháil duit (pian, lagar nó eile)
An airíonn tú aon bhiseach ort fhéin.
An airíonn tú maith ar bith ort fhéin ó bhí an dochtúr agat.
Airím maith mhór orm fhéin le cupla lá, murab é buidéal an dochtúra a rinne dhom é.
Ní mó ná go n-airím go maith fós — is ar éigean atá biseach chugam fós.
An airíonn tú snadhmach beag ar bith fút féin — an airíonn tú ag teacht agat fhéin thú; an airíonn tú borradh fút féin (nó bheadh ciall gháirsiúil leis freisin)
An airíonn sé traoitheadh ar bith ag an at.
Ní airíonn tú chugat fhéin ón slaghdán fós.
Níor airigh mé chomh tugtha anuas mé féin ariamh agus tá mé le cupla mí — mothaím go bhfuil mé imithe ar an uisce bruite ("run down")
Airím mé fhéin ag tabhairt uaim go mór; airím mé féin do mo ghoid as — mothaím mé fhéin ag imeacht as
Airím mé fhéin chomh séidte sin agus go bhfuil mé i gcruth pléasctha (séidte — ata le donacht; freisin, gan puth de t'anáil a bheith agat)
+–
D'airigh mé driogannaí agus drithlíní ag dul thríom idir fheoil is leathar nuair a thug mé faoi deara an sonda romham — d'airigh mé an-fhaitíos ag teacht orm fhéin nuair a chonaic mé an toirt romham (fc. driog, drithlín, sonda)
D'airigh mé gruaig mo chinn ag seasamh ina slatachaí agus bhí na báití allais liom — duine a raibh faitíos air, tháinig colg ar a chuid gruaige agus bhí an t-allas síos leis.
TUILLEADH (2) ▼
D'airigh mé an braon a bhí i laidhricín mo choise ag dul i bpoll mo chluaise leis an olc a bhuail mé.
D'airigh mé scáth do mo bhualadh agus gan fhios agam cén t-údar.
+–
'Ní airíonn subhach sách anó an ocrais' (seanfhocal)
Tá sé luath agat aon ocras a aireachtáil fós agus a ghairdeacht agus ó d'éirigh tú ó do bhéilí.
TUILLEADH (5) ▼
D'airigh mé meirfean ag teacht orm fhéin agus d'éirigh mé leis an áit amuigh a thabhairt orm féin.
Airím lagar do mo bhualadh chuile uair dhá ndéanaim geábh ar bith siúil
D'airigh mé tart taca an dó dhéag agus tharraing mé ar an teach ósta gur ól mé pionta.
D'airigh mé an t-an-ocras orm fhéin agus mé taobh le sé pínne.
Mura n-airíonn tú ach tart, ní cás duit é.
2.
torann nó rud a chloisteáil.
a.
+–
Ar airigh tú aon urchar aréir? — ar chuala tú aon urchar aréir
Ar airigh tú an bháisteach aréir (na clocha sneachta, an toirneach, na hurchair, na carrannaí, an ghlaoch, an screadach, an bhéicíl, an troid, an caoineachán srl.)
TUILLEADH (9) ▼
Níor airigh mé aon toirneach ariamh ba mheasa ná í sílim.
D'airigh mé troimpléasc eicínt taobh amuigh agus shíl mé gurb í an capall a thug a ceann as an gceangal.
D'airigh mé fothramán diabhalta, mar bhuailfí dhá chlár an domhain faoi chéile.
Níor airigh mé a leithide de ruagán ó rugadh mé (ruagán = torann mór, mar thorann gunna, plump toirní nó eile)
Níor airigh mé aon toirneach ariamh ba mheasa ná í sílim.
Ní aireodh sé gunna mór agus caití lena chluais sa leaba í le neart codlata.
D'aireodh sé an biorán beag a thitfeadh sa domhan thoir, bíonn na cluasa chomh bioraithe sin aige.
Bioraigh do chluasa agus aireoidh tú é chomh maith le duine.
Ní aireodh sé an cuaille cúraic (comhraic) údaí a bhuail Céatach nár fhága searrach i láir, lao i mbó, ná páiste i mbroinn fhoisceacht seacht míle dhó.
+–
Murar airigh sé mé ag glaoch air, ní cheal biorú ar a chluasa é muis.
Muran neamhairdiúil atá sé, níor airigh sé mé ag glaoch air.
TUILLEADH (13) ▼
Chuir mé mo sheanghlaoigh asam, agus dheamhan ar airigh sé mé ina dhiaidh sin.
D'fhuagair mé air seacht n-uaire ach ní aireodh sé bunán, tá sé chomh bodhar sin.
Bhí sé chomh maith dhuit a bheith in do chónaí le bheith ag uallfairt air siúd mar nach n-aireoidh sé thú.
Níor tháinig sibh isteach i ngan fhios dhom aréir, arae d'airigh mé go maith sibh.
D'airigh mé an choisméig ag teacht faoin doras agus shíl mé gurb é Pádraig a bhí ann ag teacht ó chuairt
Níor lig mé tionúr as mo cheann aréir féint a n-aireoinn ag teacht iad, ach dheamhan aireachtáil.
Seas thíos ar an aill féint a n-aireofá an carr ag teacht.
Tá cluais orm le uair féint a n-aireoinn torann cairr ar bith anoir, ach dheamhan thiomanta torann.
An airíonn tú na fataí ag fiuchadh fós.
Ar airigh tú rud ar bith ar an mbóthar ag teacht abhaile dhuit aréir.
D'airigh mé an ghiúin (geoin = sioscadh; comhrá íseal) ar mo chúla.
D'airigh mé ag cur dhe é agus mé ag dul thar an doras tráthnóna — chuala mé ag caint go tréan, nó ag troid é, agus mé ag dhul thar a dhoras tráthnóna
"Bhí sé ag faire ar a bheart nó gur airigh sé chun suaimhnis a raibh sa teach" (Loinnir Mac Leabhair, lch 73.) — bhí sé ar an airdeall go dtapaíodh sé a dheis nó gur chuala sé chuile dhuine ina gcodladh.
+–
D'airigh sé an rud (an taibhse, an sonda, an drochspioraid) ag dul de sciotán thairis amach ach chinn air tada a fheiceáil.
Tá rudaí le n-aireachtáil ag Droichead na gCnoc adeir siad (rudaí = taibhsí)
TUILLEADH (8) ▼
Dheamhan lá ariamh nach raibh sé de cháil ar an áit go raibh an rud (nó an taibhse) le n-aireachtáil ann.
Teach síúil é sin. Bhí rudaí le n-aireachtáil ariamh ann.
Bíonn rudaí le n-aireachtáil ón dó dhéag amach
Níor airigh mé tada ariamh, míle buíochas le Dia — níor chuala ná ní fhaca mé taibhse ariamh.
Bhí mé amuigh moch is deireanach, agus níor airigh mé a dhubh ná a dhath ariamh; go gcoinní Dia mar sin mé!
Tá siad le n-aireachtáil chuile phointe ó thitfeas oíche ann (taibhsí)
Bhí le rá go raibh drochrud eicínt le n-aireachtáil sa teach sin fadó, ach dheamhan is móide a raibh ann ach caint.
D'airigh sé toirt eicínt buailte air (chuala sé toirt eicínt i ngar dhó)
b.
scéal, scuan, caint nó tuairisc a chloisteáil. Is rí-annamh an chiall seo leis i gConamara, ach chloisfeá ag corrdhuine é.
+–
D'airigh mé go raibh Nóra le pósadh — chuala mé ag dul tharam é go raibh sí le pósadh.
Ar airigh tú go raibh Seáinín Sheáin le n-imeacht go Sasana — ar chuala
TUILLEADH (3) ▼
D'airigh mé, mar adeir Meáirtin, go mbeadh céilí thiar faoin bPúirín Dia Domhnaigh beag seo ('Speáineann "mar adeir Meáirtin" dúinn, go bhfuil an leagan seo ionann is seargtha sa logán sin)
D'airigh mé luaidreán eicínt faoi sin chuala mé ráfla eicínt faoi sin; (bheadh leagain den tsórt seo fairsing go maith)
D'airigh mé caint den tsórt sin ag dul thart ach shíl mé gur pait é (bréag)
3.
rud a chronú, a thabhairt faoi deara, nó a fháil amach. Is ionann is gur mar a chéile (3) agus (4).
+–
Airíonn sé lag mise nó is beag an ghiolcadh a bheadh aige timpeall an tí seo — tá a fhios aige go bhfuil mise lag; murach sin, ní bheadh sé ag glaoch agus ag tabhairt údar achrainn uaidh timpeall mo thí.
Murach go n-airíonn sé go dona sibh, ní bheadh sibh ionsaithe aige i chuile áit.
TUILLEADH (9) ▼
Airíonn sí bog iad agus teannfaidh sí leob — bean a bheadh ag brú ar an gcomharsa agus ag mealladh rudaí uathu.
Murach go n-airíonn sé gan gus sibh, ní bheadh sé ag déanamh dóighe (mhagaidh) dhaoibh os comhair a dhá súl.
Duine ar bith a aireos sé sin faoina neart, leagfaidh sé air.
Murach go n-airíonn sé dícéillí sibh, b'fhada uaidh sin comhluadar a thabhairt daoibh.
Airíonn sé gan an teannadh ar mo chúl agamsa — tá a fhios aige nach bhfuil aon chúnamh agam.
Murach go n-airíonn sé róshásta sibh, ba bheag an baol air a dhul ag brú isteach ar a (bhur) gcuid feamainne.
Dhá n-airínn aon anó air, ní fhágfainn ar deireadh é — dhá mbeadh a fhios agam go mbeadh sé i gcontúirt nó in anachain ar bith, thiocfainn de chabhair air.
Murach go n-airíonn sé anó ormsa, ní bheadh baol ina chraiceann air achrann a tharraingt ar mo shráid — murach go bhfuil a fhios aige go bhfuil donacht nó lagar nó éalang ormsa, is fada go dtiocfadh sé i gcleithiúnas troid a chur ar siúl ar mo shráid.
Murach go n-airíonn sé cóir iad, ní thabharfadh sé an oiread aire dhóibh agus a thugann sé — tá a fhios aige go bhfuil siad gnaíúil agus sin é an fáth go dtéann sé go dtí iad chomh minic.
+–
Tuige ar thaobhaigh tú isteach an teach acub má d'airigh tú aon tinneas a bheith ann — má chuala tú, má chronaigh tú, má thug tú faoi deara.
D'airigh mé aistíl eicínt ag teacht air le scaitheamh — thug mé faoi deara go ndeachaigh sé chun aistíola le píosa anuas.
TUILLEADH (1) ▼
Níor airigh duine ar bith an saochan dhá bhualadh, bhuail sé é chomh tobann sin.
+–
Duine ar bith a n-aireoidh sé sin aon phínn aige, beidh cion aige air — beidh sé spleách le fear an airgid.
Murach go n-airíonn sí an brabach uirthi, is beag an carthanas a bhrúfadh sí oraibh.
TUILLEADH (6) ▼
Caithfidh sé go n-airíonn sé ól ag imeacht ar sliobarna ann agus chomh taithithe agus atá sé ann le gairid — caithfidh sé go bhfuil a fhios aige go dtugtar ól do dhaoine in aisce ann; murach sin, ní bheadh a tharraingt agus a lonnú síoraí san áit.
Murach go n-airíonn sé solamar eicínt ina dtimpeall, ní bheadh sé dhá dtíolacan i chuile áit mar atá sé — murach go bhfaigheann sé brabach eicínt orthu, ní bheadh sé abuil iad agus ag déanamh treoraíochta dóibh i chuile áit.
Airíonn sé an t-airgead ina hascaill. Murach go n-airíonn, dheamhan a chos a phósfadh í.
Airíonn siad ollmhaitheasa eicín aniar faoi na bólaí seo agus chomh minic agus atá siad ann le scaitheamh.
Airíonn sé poitín i mbarr an bhaile ar an aimsir seo, mar níl sé ag déanamh cónaí ar bith ach ann.
Caithfidh sé go n-airíonn sé ciste (.i. ór folaithe) i ngarraí na hiothlann, mar is ann atá sé ó tháinig earrach.
+–
Níor airigh mé an gamhain imithe go dtí inniu — níor chronaigh mé imithe é go dtí inniu
Níor airigh mé an t-uascán dubh ar iarraidh go dtí ar baillín.
TUILLEADH (4) ▼
Níor airigh mé aon fhód móna goidte uaim fós i mbliana go dtí inné
Cén uair a d'airigh tú an eireog ar iarraidh
Níor airigh mé Seán imithe gur ghlaoigh mé air ar maidin — níor chronaigh mé gur fhága sé an teach ar feadh na hoíche
Níor airigh mé mo bhríste stróicthe gur bhain mé dhíom é aréir
·
D'airigh mé áit bhog faoi mo chosa agus d'fhan mé as.
Airím an talamh ag creathadh fúm.
4.
easpa nó uireasa a mhothachtáil.
a.
+–
D'airigh sibh imithe mise chuirfinn geall — ba mhaith dhaoibh agaibh mé le bheith a chúnamh dhaoibh srl.
Aireoidh siad an t-athair má imíonn sé — má fhaigheann an t-athair bás, is mór an babhta orthub é.
TUILLEADH (17) ▼
Airím Nóirín ó chuaigh sí go Sasana — ba mhór an leas dom a cúnamh nuair a bhí sí agam.
'Leabharsa, aireoidh muid Seán má tá i ndán is go dtabharfaidh sé an tAchréidh air fhéin.
Airíonn muid na gasúir, théis a mbíonn de sclafairt orthub.
Ní inniu ná amárach a aireos mé é, ach aireoidh mo chuid páistí é go deo (bean a bhfuair a fear bás)
D'airigh an teach tú scáth an t-achar a bhí tú imithe — níor tugadh an airde chéanna ar chúrsaí an tí ó d'imigh tú agus a thabharfása orthub.
Ní aireoidh sibh mise go n-imí mé — athair ná máthair ag cur i dtuiscint dá gclainn go mbeadh caitheamh ina ndiaidh fhéin acub, nuair a gheobhaidís bás.
Aireoidh sí an tseanbhean anois: is iomaí giotamáil bheag a dhéanfadh sí dhi.
Aireoidh sí fhéin agus a háilín lag lúbach é — ag casú faoi bhean ar cailleadh a fear (áilín = muirín)
Airíonn muid an seanbhuachaill ó buaileadh suas é (ó chuaigh sé ó mhaith)
Aireoidh tú é, a bhean chroí, lá is faide anonn ná inniu — duine ag cásamh báis a fir le bean.
Ní aireoidh mé í go dtaga an t-earrach agus gan aon duine agam le fágáil i gcionn na bpáistí — san earrach a thuigfeas mé go mba mhór an leas dom a cúnamh agus bíodh sé agam.
Abair go n-aireoidh muid Bríd. Ach ní fhéadfadh sí a bheith againn i gcónaí.
D'aireofá duine is lú maitheasa ná é, d'aireofá sin.
Dhá laghad de phiodarlán é, aireoidh mé é, mar is iomaí teachtaireacht a dhéanfadh sé dhom.
Ní airíonn sí chomh mór anois é leis an gcéad am, mar tá an chlann ag éirí suas agus beidh an chuid is sine acub inchúntach lá ar bith feasta — ní fhearann bás a fir chomh mór ar an mbean sin anois leis an am ar cailleadh é mar tá an chlann ag neartú agus beidh an chuid is sine in ann cúnta a thabhairt di go gairid.
Goilleann sé orm i gcónaí, ach ní airím anois baol air chomh mór leis an gcéad am.
Aireoidh siad an mháthair anois, mar níl aon duine le láimh a thógáil os a gcionn — is mór an buille orthu bás na máthar mar níl aon duine eile le iad a oiliúint ná aire a thabhairt dóibh.
+–
Airíonn sé an capall ó dhíol sé í.
Ní raibh aon mheas againn air nuair a bhí sé againn, ach anois a airíonns muid é.
TUILLEADH (9) ▼
Aireoidh siad an pinsean anois (déarfaí é nuair a gheobhadh seanduine bás i dteach)
Dhá laghad iad, airíonn an teach cupla scilling dole Sheáin.
M'anamsa fhéin go n-aireoidh siad an bhó sin má bhíonn aon cheo uirthi; gur hiomaí bainne a bhíodh aici.
Is géar a aireos sé an pinsean a bhaint dhe.
Aireoidh muid gan na cearca a bheith ag breith, mar ba mhór an mhaith orainn a gcuid uibheachaí ó tháinig an bhliain.
Aireoidh na daoine an mhairteoil seo a bheith caite in aer, mar b'iomaí gríscín a d'fhaigheadh muid ó thosaigh sí.
Aireoidh na daoine é má stoptar na busannaí, mar b'iomaí slí agus seifte beag a bhfaightheá lán laidhre i nGaillimh air tharas é a chaitheamh uait ag cneámhairí an bhaile sin thoir (I leaganachaí de shamhail an phéire dheiridh sin, ciallaíonn "daoine", "muid" nó "muintir na háite seo" nó "muintir an tí seo". Ní chiallaíonn sé na daoine i gcoitinne. Tá an sainiú céille sin an-choitianta leis ar fud na Gaillimhe fré chéile)
Aireoidh Both Loiscthe an poitín anois má cuirtear cúl leis, mar 'sé bhí dhá dtógáil (dtoigeál adeirtear)
Is beag a aireos an bus (an capall, an rothar srl.) muid a iompar, ní hé sin is fadó nuair a chaithfeá é a thabhairt do na bonnaíocha i ndeireadh oíche (ag dul ar aistir)
+–
Aireoidh na sléibhte na beithígh a bheith saoirsithe, mar is leob is mó a bhíodh a bplé — is mór a chuirfeas sé as do mhuintir an tsléibhe go bhfuil díol saor ar na beithígh anois mar bhíodar ina dtuilleamaí.
Aireoidh an mhóin an aimsir bhreá a bheith imithe — ní thriomóidh sí leis an drochaimsir.
TUILLEADH (3) ▼
Aireoidh na muca an bran a bheith ídithe. Ní chuirfidís smut sa tobán inniu nuair a shín mé beatha chucab.
Aireoidh na daoine an t-iasc glas a bheith ídithe, ach bhain muid solamar maith dhe an fhad is a sheas sé (iasc glas = ronnaigh, bolmáin, mangaigh srl. a bhuaileanns an cladach agus na glaschuanta ina gcluichí sa bhfómhar)
Aireoidh sibh cuid nuaíocht na Nollag a bheith caite anois mar is iomaí beadaíocht a d'éirigh libh.
+–
Ní aireodh sé cúnamh beag a thabhairt dhá dheirfiúr anois agus arís, agus a ghéireacht agus atá sí ina chall.
Ní aireofá lá a thabhairt dúinn anois le na fataí ó tharla an cur réidh agat fhéin — ní chuirfeadh sé aon cheo as duit anois lá oibre a thabhairt dúinn ag cur na bhfataí ós rud é go bhfuil siad curtha agat fhéin.
TUILLEADH (5) ▼
Is beag a d'aireodh sibh lá a thabhairt do dhuine aon(t)raic agus a bhfuil de chúnamh agaibh, slán a bheas na daoine — ní chuirfeadh sé tada as daoibh lá oibre a thabhairt don té nach bhfuil aige ach é féin, agus go leor agaibhse ann.
Ní aireofá a theacht lá liomsa anois ó tá tú féin os cionn do ghnaithe (.i. do chuid oibre réidh agat, nó obair na huaire críochnaithe agat)
Is beag a aireos sé siúl. Tá sé breá láidir
Ní mórán a d'aireodh do dhroim an máilín sin a iompar go dtí an carr dom.
Ní mórán a aireos tú an méid sin a dhéanamh dhom
+–
Is beag a aireos sé sin deoch a sheasamh — tá dalladh airgid aige — ní chuirfidh sé aon cheo as dá chuid airgid luach deoch a bhaint as.
Is beag a aireos tú mótar a cheannacht agus a bhfuil de theacht isteach duit.
TUILLEADH (8) ▼
Is beag a d'aireodh sé siúd an oiread eile a chaitheamh, ní hionann sin agus duine bocht.
Ní mórán a aireos tú cupla scilling a chaitheamh chugam
Shílfeá gur beag a d'aireodh sé bronntanas beag eicínt a thabhairt chuig an ngasúr.
Is beag a d'airigh sé sin punt de dhualgas Nollag a chaitheamh chuig an sagart.
Ní aireodh sé sin punt ach an oiread agus a d'aireodh duine eile leithphínn.
Cár airigh tú puintín gágach? — nach beag a d'airigh tú puintín beag suarach airgid!
'Sé atá cráite faoi scilling airgid a chaitheamh agus laghad is a d'aireodh sé í.
Chaith tú go fánach aréir é agus airíonn do pháistí inniu é — bean ag díbliú ar a fear faoi airgead a ól.
+–
Ní aireofá agat nó uait an punt sin — déarfá seo le duine a thug punt uaidh, nó a chaith punt, agus é buntsaibhir
Ní mórán a aireos tú scilling agat ná uait.
TUILLEADH (8) ▼
Ní aireoidh tú agat ná uait an píopa tobac sin agus tá mo theangasa calcaithe cheal gail — scorach a bhí ag iarraidh píopa tobac ar fhear adúirt seo
Ní aireoidh tú agat ná uait cupla scilling agus ní fiú dhuit droch-cháil a chur amach duit fhéin scáth luach deoch — ní chuirfidh cupla scilling (luach deoch) mórán as duit agus tá sé chomh maith dhuit iad a thabhairt uait i riocht is nach dtiocfaidh cáil péisteánaigh amach duit.
Murach an chreagaireacht, is beag a d'aireodh sé aige ná uaidh na cupla pínnín ghágacha sin (creagaireacht = tútaíl ; crás croí; péisteántacht; carghas scaradh le airgead)
Ní aireoidh tú agat ná uait go brách cupla scilling, agus b'fhéidir go mba mór an tslí chun dé don chréatúr iad (slí chun dé = leas; fearadh; maith)
Ní aireoidh tú uair an chloig agat ná uait, scáth a ndéarfaidh tú.
Ní aireoidh tú agat ná uait an t-achar a bheas tú ag dul siar chomh fada leis.
Maidir leis an tamall de lá a thug mé dhuitse leis an bhféar, níor airigh mé agam ná uaim é, agus ní hé atá mé a chásamh chor ar bith ach ar thug mé don ógánach seo thíos agus nár chúitigh sé liom (comhar oibre atá i gceist ann)
Is beag a aireos mé agam ná uaim an méid laethanta a thug mé dhó ariamh — ní mórán laethanta a bhí mé a chúnamh dhó ag obair ariamh
b.
+–
Ní aireodh muid uainn thú, dá gcaitheá imithe ar fad — ní aireodh muid do chúnamh uainn, dá bhfantá imithe uilig. Is annamh a cloistear uainn, uaim srl. i ráití den tsórt seo faoi Chonamara. Bíonn sainchiall le uainn srl. iontu.
Níor airigh muid uainn tú ó bhí tú againn cheana.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá bhfanadh sé amach uileag, ní aireodh muid uainn é — ní bheadh aon chaitheamh ina dhiaidh againn dhá dtugadh sé cúl don teach seo ar fad.
Is fadó cheana nár thaobhaigh sé isteach muid agus níor airigh muid uainn é.
·
Ní airíonn muid uainn é (as an teach) ó imíonn sé go dtagann sé aríst — níl aon ghnaoi mór againn air. Sna leagain a mbíonn uainn, uait srl. iontu, cronaigh go mbíonn baint acu le teach nó a leithide agus go dtagann uireaspa gnaoi i gceist
Dhá dtugadh sé cúl don bhaile seo uileag, ní aireodh an baile uaidh é — níl aon ghnaoi ag muintir an bhaile air, agus dá bhfanadh sé as ar fad, 'sé b'fhearr leob, agus b'fhearrde iad é.
airigh in iontrálacha eile (50+)
+
→
faiteach
Airíonn an giorria sin nach bhfuil aon chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na hIothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaoll ansin gan mórán achair muis má mhairimse.
TUILLEADH (1) ▼
Tá na caoirigh sin thuas an-fhaiteach má airíonn siad an madadh in éindí leat
→
fear
Má phósann tú ní aireoidh tú go mbeidh na gasúir — má gheallann Dia dhuit iad — ag fearadh ort. Gheobhaidh tú do chuid leathchorónachaí, agus ní bhíonn achar ar bith orthu go mbíonn siad inchúntach. Ní aireoidh tú go mbeidh siad in ann cuid den obair a bhaint dhíot
Bhí mise amuigh ansin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fúthu agus thóg mé na céadta acu leis an líon. Bhí báid eile fúm is tarm agus gan a fhios acu a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom sa mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
→
foláir
Níorbh fholáir dó chomh láidir agus a bhí sé. Dar fia dhá n-airíodh an ceann eile buille marbh ar bith ann, thapódh sé é. Is buachaillín crua é an fear eile fhéin
+
Shílfeá go bhfuair tú freagairt. Coinnigh leis é. Má d'airigh sé blasta é (.i. baoite) tiocfaidh sé aríst
TUILLEADH (1) ▼
Airíonn sé freagairt eicínt sa bpoll siúd thoir agus chomh taithithe agus atá sé ann le mí — fear ag suirí le cailín ag áit áirid
Bíonn luchain bheaga ag foléimneach agus ag fiodrince ar fud an urláir ansin ar feadh na hoíche. Dheamhan a leithide de rírá a chuala tú ariamh agus a bhíos acu! Airíonn siad nach bhfuil aon chat anseo
→
fág
Ara a dheartháir ó mo chroí thú, ní raibh mo chois istigh agam nuair a d'áitigh sí mé. Más thíos a frítheadh mé thuas a fágadh mé ar chaoi ar bith. Ach d'airigh sé gur ina theach fhéin a bhí sé. Níor mhór dhó!
Feicim an-mháinneáil ag an gcat sin soir ag an gcró. Diabhal easna dhó, nó airíonn sé luch ann
+
→
fálach
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín anseo ar an teallach, agus má airím aon ghéim ón mbodóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní foláir do bhó ar a céad lao airdeall maith
TUILLEADH (1) ▼
Socraigh an clog sin anois go siúráilte ar fhaitíos nach n-aireodh muid éirí le fálach thuas ar bith. Ba bheag nach raibh mé mall ag an aifreann Dé Domhnaigh seo caite — sleamchúis; go gcodlódh muid thar an am
→
caidhl
Tá an cat mara ar na gasúir sin síos ag cur caidhleannaí cloch ar an mbóthar. Dheamhan a n-aireofá iad go mbuailtheá fúthub
→
carraera
D'airigh mé carraera ag dul soir an tráth sin agus gan an chéad eadarshuth gluite (glaoite) ag an gcoileach — d'airigh mé carr ualaigh (mar a bheadh carr móna ann, nó carr ualaigh. 'Sé an carr a d'airigh sé, ach 'sé fear an chairr adeirtear go minic i gcásannaí den tsórt seo) ag dul soir (go Gaillimh) agus gan an coileach glaoite an chéad uair san oíche.
+
→
ceal 1
Ní airím pian ná tinneas. 'Sé a bhfuil orm, cheal gan aon mhisneach a bheith agam corraí isteach ná amach.
TUILLEADH (2) ▼
An airíonn tú cheal ar bith ort fhéin, a scolóig? — an bhfuil uireasa tada ort a dhuine sin?
Má airím aon cheal orm fhéin, cuirfidh mé scéal chugat agus déanfaidh tú tarrtháil.
→
ceas
Bíonn duine chomh dúlaí ann agus go gcuirfeadh sé ceas air fhéin gan aireachtáil leis. Is amhlaidh a bhíonns bia nua ar bith.
→
cleite
Bheannaíomar dhá chéile agus tharraingeamar anuas cleite comhrá, agus níor airíomar an tráthnóna dhá chaitheamh mar sin.
+
→
cliar
Airím mar a bheadh ualach i mbéal mo chléibh i gcónaí, agus dheamhan a bhfuil an chliar ag scaradh liom chor ar bith.
TUILLEADH (1) ▼
D'airigh mé clochar ag teacht aníos i mbéal mo chléibh aréir agus bhuail cliar mé, agus dheamhan bréag nár shaothraigh mise an oíche. Bhí sé ina hóró lae shul ó thit mo dhá shúil ar a chéile.
Dhonódh an clifeartach sin duine gan aireachtáil, agus ní fhanann misneach ar bith aige má ionsaíonn duine de shoinneán é.
→
cloigis
Nach é an chloigis mhístuama é ag cur an tí thrí lasadh. Is maith an t-ádh a bhí orthub nár dódh fré chéile é gan aireachtáil.
Is furasta a aithinte nach n-airíonn siad aon duine ina n-aice a choinneodh aon chló stiúrtha orthu nó ní bheidís ar an gceird sin. Dual na droinne a theastódh a bhualadh orthu sin. Ní chomhairleodh a mhalrait iad.
→
clóic
Má airíonn sibh aon chlóic air, b'fhearr fios a chur ar an sagart dhó — má airíonn sibh aon ardú, aon bharr, nó aon donacht air srl.
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní anois, agus gan blas coimhthís acub le aon duine. Airíonn siad nach bhfuil aon mhadadh de rath ar an mbaile.
→
cóirséad
Bain díot an cóirséad sin chomhuain is a bheas tú istigh nó ní aireoidh tú ort fhéin chor ar bith é ar a dhul amach faoin bhfuacht duit aríst.
→
colgach
Madadh sách colgach é má airíonn sé duine cuideáin, ach an té a mbeadh aithne aige air, dheamhan ar mhiste dhó a bheith ag dul faoi is thairis go brách mar nach gcuirfeadh sé aon araoid air.
→
colg
D'airigh an madadh easóg nó luch ann, arae chuir sé colg ar fhéin, agus d'ionsaigh air ag smúracht agus ag sméarthacht faoi bhun an chlaí.
+
→
cuideáin
Ní bheadh aon ghé chuideáin in éindí le na géabha s'agaibhse. Airím imithe le seachtain í, agus níl a fhios agam ó ardbhonnaíochaí an chat mara cá ndeachaigh sí, murab é an sionnach a tharlódh leis í.
TUILLEADH (3) ▼
Ní aireoidh tú an chomharsa choíchin go mbí tú in t-éan chuideáin in áit eicínt, agus gan duine ná deoraí agat le triall air.
Shílfeá go n-airíonn siad cuideáin anseo muid lena bhfuil de dhearcadh acub orainn.
Airíonn na caoirigh eile cuideáin í agus iad a bheith ag tabhairt fuatha di mar sin.
→
cóisir
Airíonn siad buille bog san oinseoigín bhoicht. Murach sin, ní bheadh an saol bruíonach ina diaidh. An áit a mbíonn an óinseach, bíonn a cóisir ann.
Ní aireofá leathchíos chor ar bith, ach nuair a bheas an cíos bliana 'inár mullach agus gan aon tslí againn faoina chomhair.
→
abhaile
Níor airigh mé an bicycle imithe go dtáinig mé amach, agus dheamhan a dhath a d'fhéadfainn a dhéanamh ach é shiúl. Dar príosta, sin é an 'marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile'.
→
bannaí 2
Deirimse tuíodóir leat! Dheamhan a fhios aige le bannaí a chur ar scolb, ní airím a mhalrait.
+
→
bealach
Níl bealach an asail fhéin ann, ní airím bealach cairr
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeadh an luascáinín feamainne sin ar bhealach a chairr agam, ní aireoinn í a chur amach.
Dhá mbeifeá ar an mbóthar chor ar bith, ní aireofá ag giorrú an bhealaigh abhaile.
Níor airigh muid an bealach dhá ghiorrú aige lena chuid scéalta agus barrúlachta — is gearr a d'airigh muid an t-aistear, mar ba mhór an chuideachta dhúinn é.
Ní aireofá ag giorrú an bhealaigh é lena bhfuil dhe nathaíocht agus de dhea-chaint aige.
Dhá mbeadh mo chois ar an mbealach agam uair amháin, ní aireoinn dhá shrianadh suas.
Dhá mbeinn leath bealaigh ann, ní aireoinn dhá chur siar — dá mbeadh sé curtha agam go dtí lár báire srl.
Thug mé deich fichead liom agus fhóbair nach mbeadh díol an bhealaigh agam ina dhiaidh sin. Ní aireofá ag imeacht é. Cáide le dhul puintín gágach agus chomh daor agus atá chuile mhíle ní!
Dhá phunt as bealach a bhí an cuntas. Dhá mbaintí an méid sin de dhuine, deirimse leat, go n-aireodh sé é.