Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
1.
mothú ionnat fhéin, tinneas, fuacht etc.
+
Airighim fuar é = mothuighim fuar é; tá fuacht orm.
Maran orm fhéin atá sé airighim fuar é
TUILLEADH (17) ▼
Is beag a' dochar dhuit é 'aireachtáil fuar, agus laghad a' chlúdadh atá ort = is suarach a' t-iongnadh go n-airigheann tú fuar é, agus gan mórán éadaigh ort.
Caithfe sé go bhfuil sé 'cur sheaca as ucht, mar airighim an-fhuar é.
Níor airigh mé aon-oidhche ariamh, chomh fuar leis an oidhche aréir. Chaith mé ó oidhche go maidin a deasú an éadaigh fúm agus tharm, agus shíl mé go bpréach(f)aidhe mé in a dheidh sin.
Má airigheann tú fuar é, cuirfe mé tuille éadaigh thart = cuirfe mé tuille éadaigh ort ar a' leaba.
Ní milleán duit é 'aireachtáil fuar, scáth 'bhfuil fút agus thart (ar a' leaba).
Níl fhios agam beirthe, tuige a n-airighim chomh fuar é, maran fraighfhliuchas atá san éadach leapthan.
Airighim a' fuacht céadtach. De dhruim sneachta atá an ghaoth adtuaidh sin ag eirghe in áit eicínt.
Airighim fuaraidheacht eicínt air, (ar an aimsir), indiu, maran tuairt shneachta a chaithfeas sé.
Airighim an farradh sin do mo tholladh = airighim gaimh na gaoithe sin ag dul thríom.
Airighim maidí seaca le mo dhruím. Tá sé 'sioc thar cíonn.
Níor airigh mé a leithide d'fhuacht ó ruga(dh) mé agus d'airigh mé aréir (níl an d séimhighthe le cloisteáil, ach an-lag ar fad in "rugadh" agus "mé" ina dhiaidh)
Dhá mbeadh sé a' séideadh dubh-(gh)-oidhir, ní aireochadh sé sin a dhath fuaicht.
Má airigheann sé an fuacht, dheamhan mórán dhá aithne air.
Ní aireochadh sé sin é (an sioc), dhá dteigheadh sé thrídh chlár daraighe.
Dheamhan ceo aireachtál' aige ar a' bhfuacht.
A' n-airigheann tú an fuacht (a' sioc, a' sneachta, an bháisteach) (adéarfá le duine a chasfaidhe ort agus ceachtar de na síonta sin ann).
Ab in é a bhfuil d'aireachtáil agad ar a' bhfuacht (ar a' sioc, etc) (adéarfá le duine nach mbeadh a' cur aon tsuime 'sna síonta sin, nó pé'r bith cé'n tsíon aca(b) a bheadh ann).
+
An airigheann tú an teas (an teasbach, an ghrian)
Airighim meirbh é.
TUILLEADH (7) ▼
D'airigh mé an-teas indé.
Ní airighim go bhfuil an aimsir bhreagh chor a' bith ann, le na bhfuair mé d'fhuacht ar bhóthar bhol 'uisce, an t-Earrach seo (chuaidh) bhart (thart).
An airigheann tú an teas a' priocadh leat?
Níor airigh tú an teas a' dul faoi'n gcraiceann fós agad = níor theang(mh)uigh an teas leat, mar is ceart fós.
Ach a' n-airighe tú teas an Mí Mheadhoin ag dul faoi'n gcraiceann agad, tiocfa an cóta mór anuas (caithfe tú dhíot é.)
Ní aireochadh sé aon-teas, dhá mbeadh a' fiadhach dubh 'cur a theanga amach, pé'r bith cé'n sórt scruit é thar dhuine 'bith.
Is deacair leis a' teas a aireachtáil; is éasca leis a' teas a aireachtáil etc.
+
Cá n-airigheann tú an phian?
An airigheann tú aon árdú = aon-donacht.
TUILLEADH (10) ▼
Cá n-airigheann tú an donacht?
Cá'id'ó d'airigh tú an donacht ort féin
Cé'n ball de do chois a n-airigheann tú an t-óthras (tinneas)
Cá n-airigheann sé an fabht?
Cá n-airigheann tú gabhail duit é? (tinneas)
Ní airigheann sé pian ná tinneas, agus níl sé ar foghnamh ina dheidh sin
Pé'r bith cé'n mhaith a airighim orm fhéin, ní airighim donacht a' bith, míle buidheachas le Dia.
Níor airigh mé blas de, go dtí árd-trathnóna indé
Níor airigh sé a dhath, gur bhuail sé d'aon-iarraidh é.
Is beag 'aireochas tú, nach n-éagnócha tú (adéar(f)aidhe le páiste a bhíos a' fuasaoid tinnis i gcomhnuidhe).
+
D'airigh mé mar bheadh snathadaí dhá sáthadh in mo thaobh, leis a' bpian a bhuail mé.
Airighim ualach imbéal mo chléibh.
TUILLEADH (12) ▼
D'airigh sí arraing in a taobh
D'airigh sé doigh 'teacht in a bholg, agus chuir sé fios ar bhraoinín braindí, le cúl a chuir uirre.
Is fadó nar airigh mé aon-tslaghdán, ní a' tabhairt gotha air é (féach "gothadh")
Is fada cheana, nar airigh mé aon-fhuadach, faoi mo chroidhe.
Is maith an scathamh anois, nar airigh mé aon-doigh (fhiacal), míle buidheachas le Dia.
Airighim iasc beo a' léimneach in mo chois (féach "iasc")
D'airigh mé fonn uarlacain (urlacain = múisc) a' teacht orm, agus théaltuigh mé liom amach.
D'airigh mé tonn-taoscach (múisc) a' teacht orm, igcead do'n chomhluadar, agus leig mé liom féin ar an tsráid.
Airighim an bhróig seo do mo phianadh
Airighim tairnge a' dul in mo chois.
D'airigh mé corr (cabhar adeirtear) na diallaide a' tógáil saimhín earrach orm (féach aireach).
Airighim rae-roilleacán in mo chloigeann.
+
Níl mé ag aireachtáil (níl mé do m'aireachtáil féin; ní airighim mé fhéin) ar foghnamh (go maith, ar mo chóir fhéin etc) le fada = tá rud eicínt a' gabhail dom le fada.
Cé'n chaoi' n-airigheann tú thú fhéin anois.
TUILLEADH (11) ▼
Cé'n chaoi a n-airigheann tú é? = cé'n chaoi 'bhfuil a' tinneas ag gabhail duit (pian, lagar nó eile)
An airigheann tú aon bhiseach ort fhéin.
An airigheann tú maith 'bith ort fhéin, ó bhí an dochtúr agad.
Airighim maith mhór orm fhéin le cupla lá, marab é buidéal a' dochtúra a rinne dhom é.
Ní mó ná go n-airighim go maith fós = is ar éigin atá biseach (ch)ugham fós.
An airigheann tú snadhmthach beag a' bith fút féin = an airigheann tú 'teacht agad fhéin thú; an airigheann tú borradh fút féin (nó bheadh ciall gháirseamhail leis freisin)
An airigheann sé traoitheadh a' bith ag an at.
Ní airigheann tú (ch)ugad fhéin ó'n slaghdán fós.
Níor airigh mé chomh tugtha anuas mé féin ariamh, agus tá mé le cupla mí = mothuighim go bhfuil mé imthighthe ar an uisce bruithte ("run down")
Airighim mé fhéin a' tabhairt uaim go mór; airighim mé féin do mo ghoid as = mothuighim mé fhéin ag imtheacht as
Airighim mé fhéin chomh séidthe sin a's go bhfuil mé igcruth pléasctha (séidthe = athta le donacht; freisin, gan puth de t'anáil a bheith agad)
+
D'airigh mé driogannaí agus drithlíní ag dul thríom idir fheoil a's leathar, nuair a thug mé faoi deara an sonnda rómham = d'airigh mé an-fhaitchios ag teacht orm fhéin nuair a chonnaic mé an toirt romham (féach "driog", "drithlín", "sonnda").
D'airigh mé gruaig mo chínn a' seasamh ina slatachaí agus bhí na báithtí alluis liom = duine a raibh faitchíos air, tháinic colg ar a chuid gruaige, agus bhí an t-allus síos leis.
TUILLEADH (2) ▼
D'airigh mé an braon a bhí i ladhaircín mo choise ag dul i bpoll mo chluaise, leis an olc a bhuail mé.
D'airigh mé scáth do mo bhualadh, agus gan fhios agam cé'n t-ughdar.
+
'Ní airigheann súbhach sáthach anshógh an ocrais' (sean-fhocal.)
Tá sé luath agad aon-ocras 'aireachtáil fós, agus a ghoirdeacht a's ó d'eirigh tú ó do bhéilí.
TUILLEADH (5) ▼
D'airigh mé meirbhthean a' teacht orm fhéin, agus d'eirigh mé leis an áit amuigh a thabhairt orm féin.
Airighim lagar do mo bhualadh, 'chuile uair dhá ndéanaim geábh a' bith siubhail
D'airigh mé tart taca an dó dhéag, agus tharraing mé ar a' teach ósta, gur ól mé pionta.
D'airigh mé an t-an-ocras orm fhéin, agus mé taobh le sé pighne.
Mara n-airigheann tú, ach tart, ní cás duit é.
2.
torann nó rud a chloisteáil.
a.
+
Ar airigh tú aon-urchar aréir? = ar chuala tú aon-urchar aréir.
Ar airigh tú an bháisteach aréir (na clocha sneachta, an toirneach, na h-urchair, na carrannaí, an ghlaodhach, an screadach, an bhéicghil, an troid, an caoineachán etc).
TUILLEADH (9) ▼
Níor airigh mé aon-toirneach ariamh ba mheasa ná í sílim.
D'airigh mé troimpléasc eicínt taobh amuigh, agus shíl mé gurb í an capall a thug a ceann as a' gceangal.
D'airigh mé fothromán diabhalta, mar bhuail(f)idhe dhá chlár a' domhain faoi chéile.
Níor airigh mé a leithide de ruagán ó rugadh mé (ruagán = torann mór, mar thorann gunna, plump toirnighe nó eile)
Níor airigh mé aon-toirneach ariamh ba mheasa ná í sílim.
Ní aireochadh sé gunna mór agus caithtí le na chluais sa leaba í, le neart codlata.
D'aireochadh sé an biorán beag a thuitfeadh sa domhan thoir, bíonn na cluasa chomh biorruighthe sin aige.
Biorruigh do chluasa, agus aireocha tú é, chomh maith le duine.
Ní aireochadh sé an cuaille cúraic (comhraic) údaidh a bhuail Céadtach, nar fhága searrach i láir, laogh i mbó ná páiste i mbroínn 'fhoisceacht seacht míle dhó
+
Marar airigh sé mé 'glaodhach air, ní cheal biorrú ar a chluasa é 'muis.
Maran neamh-áirdeamhail atá sé, níor airigh sé mé a' glaodhach air.
TUILLEADH (13) ▼
Chuir mé mo shean-ghlaoidh asam, agus dheamhan ar airigh sé mé in a dheidh sin.
D'fhuagair mé air seacht n-uaire, ach ní aireochadh sé bunán, tá sé chomh bodhar sin.
Bhí sé chomh maith dhuit a bheith in do chomhnuidhe, le bheith ag uallfairt air siúd, mar nach n-aireocha sé thú.
Níor tháinic sibh isteach ingan-fhios dhom aréir, arae d'airigh mé go maith sib.
D'airigh mé an choisméig a' teacht faoi'n dorus, agus shíl mé gurab é Pádraig a bhí ann, a' teacht ó chuairt
Níor leig mé tionnabhar as mo cheann aréir, fé'int a n-aireochainn a' teacht iad, ach dheamhan aireachtáil.
Seas thíos ar an áill, fé'int a n-aireochthá an carr a' teacht.
Tá cluais orm le uair, fé'int a n-aireochainn torann cáirr a' bith anoir, ach dheamhan thumanta torann.
An airigheann tú na fataí 'fiuchadh fós.
Ar airigh tú rud a' bith ar a' mbóthar a' teacht abhaile dhuit aréir.
D'airigh me an ghiúin (geoin = sioscadh; comhrádh íseal) ar mo chúla.
D'airigh mé 'cuir dhe é, agus mé 'dul thar an dorus trathnóna = chuala mé a' cainnt go tréan, nó a' troid é, agus mé 'dhul thar a dhorus trathnóna.
Bhí sé ag faire ar a bheart nó gur airigh sé chun suaimhnis a raibh sa teach (Loinnir Mac Leabhair — l.73.) = bhí sé ar an áirdeall go dtapuigheadh sé a dheis, nó gur chuala sé chuile dhuine in a gcodladh.
+
D'airigh sé "an rud" (an taidhbhse, an sunnda, an droch-spioraid) a' dul de sciotán thairis amach, ach chínn air tada a fheiceál.
Tá 'rudaí' le'n aireachtáil ag Droichead na gCnoc adeir siad (rudaí = taidhbhsí)
TUILLEADH (8) ▼
Dheamhan lá ariamh, nach raibh sé de cháil ar an áit, go raibh "an rud" (nó'n taidhbhse) le'n aireachtáil ann.
Teach sidheamhail é sin. Bhí 'rudaí' len' aireachtáil ariamh ann.
Bíonn rudaí le'n aireachtáil ó'n dó-dhéag amach
Níor airigh mé tada ariamh, míle buidheachas le dia = níor chuala ná ní fhaca mé taidhbhse ariamh.
Bhí mé amuigh moch a's deireannach, agus níor airigh mé a dhuth ná a dhath ariamh; go gcoinnighe Dia mar sin mé!
Tá siad le'n aireachtáil chuile phuínnte ó thuitfeas oidhche ann (taidhbhsí)
Bhí le rádh, go raibh droch-rud eicínt le'n aireachtáil sa teach sin fadó, ach dheamhan's móide a raibh ann, ach cainnt.
D'airigh sé toirt eicínt buailte air (chuala sé toirt eicínt ingar dhó)
b.
scéal, scuan, cainnt nó tuairisc a chloisteáil (is rí-annamh an chiall seo leis i gConamara, ach chloisfeá ag corr-dhuine é).
+
D'airigh mé go raibh Nóra le pósadh = chuala mé ag dul tharm é, go raibh sí le pósadh.
Ar airigh tú go raibh Seáinín Sheáin len imtheacht go Sasana = ar chuala
TUILLEADH (3) ▼
D'airigh mé mar deir Meáirtin, go mbeadh céilidhe thiar faoi'n bPúirthín, Dia Domhnaigh beag seo ('Sbáineann "mar deir Meáirtin" dúinn, go bhfuil an leagan seo ionann's seirgthe sa logán sin)
D'airigh mé luaidreán eicínt faoi sin = chuala mé ráfla eicínt faoi sin (bheadh leagain de'n tsórt seo, fairsing go maith)
D'airigh mé cainnt de'n tsórt sin a' dul thart, ach shíl mé gur pait é (bréag)
3.
rud a chronú, a thabhairt faoi deara nó a fhaghail amach. Is ionann's gur mar a chéile (4) agus (5).
+
Airigheann sé lag mise, nó's beag a' ghiolcadh a bheadh aige timcheall a' tighe seo = tá fhios aige go bhfuil mise lag; marach sin, ní bheadh sé a' glaodhach, agus a' tabhairt ughdar achrainn uaidh timcheall mo thighe.
Marach go n-airigheann sé go dona sibh, ní bheadh sib ionnsuighe aige is chuile áit.
TUILLEADH (9) ▼
Airigheann sí bog iad, agus teannfa sí leo(b) = bean a bheadh a' brughadh ar a' gcomharsa, agus a' mealladh rudaí uatha.
Marach go n-airigheann sé gan gus sib, ní bheadh sé a' déanamh dógha (mhaga) dhaoib, as comhair a dhá súl.
Duine ar bith 'aireochas sé sin faoi na neart, leagfa sé air.
Marach go n-airigheann sé dithcéillidhe sib, b'fhada uaidh sin comhluadar a thabhairt daoib.
Airigheann sé gan a' teannadh ar mo chúl agamsa = tá fhios aige nach bhfuil aon-chongnamh agam.
Marach go n-airigheann sé ro-shásta sib, ba bheag a' baoghal air a dhul a' brughadh isteach ar u (bhur) gcuid feamuinne.
Dhá n-airighinn aon-anshógh air, ní fhágfainn ar deire é = dhá mbeadh fhios agam, go mbeadh sé i gcontabhairt nó in anachain a' bith, thiocfainn de chabhair air.
Marach go n-airigheann sé anshógh ormsa, ní bheadh baoghal in a chraiceann air, achrann a tharraingt ar mo shráid = marach go bhfuil fhios aige, go bhfuil donacht nó lagar nó éalang ormsa, is fada go dtiocfadh sé i gcleitheamhnas troid a chuir ar siubhal ar mo shráid.
Marach go n-airigheann sé cóir iad, ní thiubhradh sé an oiread aire dhóib agus 'thugann sé = tá fhios aige go bhfuil siad gnaoidheamhail, agus sin é an fáth, go dteigheann sé go dtí iad chomh minic.
+
'Tuige ar thaobhuigh tú isteach a' teach aca(b), má d'airigh tú aon-tinneas a bheith ann = má chuala tú, má chronuigh tú, má thug tú faoi deara.
D'airigh mé aistighil eicínt a' teacht air le scathamh = thug mé faoi deara go ndeacha sé 'un aistighle le píosa anuas.
TUILLEADH (1) ▼
Níor airigh duine 'bith an saobhchan dhá bhualadh, bhuail sé é chomh tobann sin.
+
Duine ar bith a n-aireocha sé sin aon-phighinn aige, beidh cion aige air = beidh sé spleadhach le fear an airgid.
Marach go n-airigheann sí an brabach uirre, is beag a' carthannas a bhrúghfadh sí orraibh.
TUILLEADH (6) ▼
Caithfe sé go n-airigheann sé ól ag imtheacht ar sliobarna ann, agus chomh taithighthe a's atá sé ann, le goirid = caithfe sé go bhfuil fhios aige, go dtugtar ól do dhaoine in aisce ann; marach sin, ní bheadh a tharraingt agus a lonnú síorruidhe san áit.
Marach go n-airigheann sé solamar eicínt in a dtimcheall, ní bheadh sé dhá dtiodhlacan is chuile áit mar 'tá sé = marach go bhfaghann sé brabach eicínt orra, ní bheadh sé ab uil iad agus a' déanamh treoruidheachta dóib is chuile áit.
Airigheann sé an t-airgead in a h-ascaill. Marach go n-airigheann dheamhan a chos a phósfadh í.
Airigheann siad olla mhaitheasa eicín aniar faoi na bólaí seo, agus chomh minic agus atá siad ann le scathamh.
Airigheann sé poitín imbarr an bhaile ar an aimsir seo, mar níl sé 'déanamh comhnuidhe 'bith, ach ann.
Caithfe sé go n-airigheann sé ciste (i.e. ór faluighthe) ingarruidhe na h-Iothlann, mar's ann atá sé ó tháinic earrach.
+
Níor airigh mé an gamhain imthighthe go dtí indiu = níor chronuigh mé imthighthe é go dtí indiu
Níor airigh mé an t-uascán dubh ar iarraidh go dtí ar baillín.
TUILLEADH (4) ▼
Níor airigh mé aon-fhód móna goidthe uaim fós i mbliadhna go dtí indé
Cé'n uair a d'airigh tú an eireog ar iarraidh
Níor airigh mé Seán imthighthe, gur ghlaoidh mé air, ar maidin = níor chronuigh mé gur fhága sé an teach ar feadh na h-oidhche
Níor airigh mé mo bhríste stróicthe, gur bhain mé dhíom é aréir
·
D'airigh mé áit bhog faoi mo chosa, agus d'fhan mé as.
Airighim an talamh a' creathadh fúm.
4.
easba nó uireasbha a mhothachtáil.
a.
+
D'airigh sib imthighthe mise, chuirfinn geall = ba mhaith dhaoib agaibh mé le bheith chongnamh dhaoib etc.
Aireocha siad a' t-athair, má imthigheann sé = má fhaghann an t-athair bás, is mór a' babhta orrab é.
TUILLEADH (17) ▼
Airighim Nóirín, ó chuaidh sí go Sasana = ba mhór a' leas dom a congnamh, nuair a bhí sí agam.
'Leabharsa, aireocha muid Seán, má tá indán's go dtiubharfa sé an t-Achréidh air fhéin.
Airigheann muid na gasúir, th'éis a mbíonn de sclamhfairt orra(b).
Ní indiu ná imbáireach 'aireochas mé é, ach aireocha mo chuid páistí é, go deo (bean a bhfuair a fear bás).
D'airigh an teach tú, scáth an t-achar a bhí tú imthighthe = níor tugadh an áirde chéadna ar chúrsaí an tighe ó d'imthigh tú, agus a thiubharfá-sa orra(b).
Ní aireocha sib mise, go n-imthighe mé = athair ná máthair ag cur idtuiscint dá gcloinn, go mbeadh caitheamh in a ndiaidh fhéin aca(b), nuair a gheobhfaidís bás.
Aireocha sí an tsean-bhean anois: is iomdha giotamáil bheag a dhéanfadh sí dhi.
Aireocha sí fhéin agus a h-áilín lag, lúbach é = a' casú faoi bhean ar cailleadh a fear (áilín = muirghín)
Airigheann muid a' sean-bhuachaill, ó buaileadh suas é (ó chuaidh sé ó mhaith)
Aireocha tú é, a bhean-chroidhe, lá is fuide anonn ná indiu = duine a' cású báis a fir le bean.
Ní aireocha mé í, go dtaga an t-earrach, agus gan aon-duine agam le fágáil igcíonn na bpáistí = 'san Earrach a thuigfeas mé go mbadh mhór a' leas dom a congnamh a's bíodh sé agam.
Abair go n-aireochamuid Brighid. Ach ní fhéadfadh sí 'bheith againn i gcomhnuidhe.
D'aireochthá duine is lugha maitheasa ná é, d'aireochthá sin.
Dhá laghad de phiodarlann é, aireocha mé é, mar is iomdha teachtaireacht a dhéanfadh sé dhom.
Ní airigheann sí chomh mór anois é leis a' gcéad am, mar tá'n chlann ag eirghe suas, agus beidh an chuid is sine aca(b) ionchongantach, lá ar bith feasta = ní fhearann bás a fir chomh mór ar an mbean sin anois, leis an am ar cailleadh é, mar tá'n chlann a' neartú, agus beidh an chuid is sine, indon conganta a thabhairt di go goirid.
Goilleann sé orm i gcomhnuidhe, ach ní airighim anois baoghal air, chomh mór leis a' gcéad-am.
Aireocha siad a' mháthair anois, mar níl aon-duine le láimh a thógáil as a gcíonn = is mór a' buille orra bás na máthar, mar níl aon-duine eile le iad a oileamhaint ná aire a thabhairt dóib.
+
Airigheann sé an capall, ó dhíol sé í.
Ní raibh aon mheas againn air, nuair a bhí sé againn, ach anois 'airighea(nn)s muid é.
TUILLEADH (9) ▼
Aireocha siad an pinsean anois (déarfaidhe é, nuair a gheobhfadh sean-duine bás i dteach).
Dhá laghad iad, airigheann a' teach, cupla scilling 'dole' Sheáin.
M'anamsa fhéin, go n-aireocha siad a' bhó sin, má bhíonn aon-cheo uirre; gur h-iomdha bainne a bhíodh aice.
Is géar aireochas sé an pinsean a bhaint dhe.
Aireochamuid gan na cearca a bheith a' breith, mar ba mhór a' mhaith orainn a gcuid uibheachaí, ó tháinic a' bhliadhain.
Aireocha na daoine an mhairtfheoil seo a bheith caithte in aer, mar b'iomdha gríscín a d'fhaghadh muid ó thosuigh sí.
Aireocha na daoine é, má stoptar na busannaí, mar b'iomdha slighe a's seifte beag a bhfaightheá lán laidhre inGaillimh air, fharrus é chaitheamh uait ag cneamhairí an bhaile sin thoir (I leaganachaí de shamhail an phéire dheire sin, cialluigheann "daoine", "muid" nó "muinntear na h-áite seo" nó "muinntear an tighe seo". Ní chialluigheann sé na daoine i gcoitchinne. Tá an sainiú céille sin an-choitchiannta leis ar fud na Gaillimhe fré chéile)
Aireocha Boluisce an poitín anois, má cuirtear cúl leis, mar sé bhí dhá dtógáil (dtoigeál adeirtear)
Is beag aireochas a' bus (a' capall, a' rothar etc) muid a iomchur, ní hé sin is fadó, nuair a chaithfeá é 'thabhairt do na bonnaidheacha indeireadh oidhche (ag dul ar aistir)
+
Aireocha na sléibhte na beithidhigh a bheith saorsuighthe, mar is leo(b) is mó a bhíodh a bplé = is mór a chuirfeas sé as do mhuinntir a' tsléibhe, go bhfuil díol saor ar na beithidhigh anois, mar bhíodar ina dtuilleamuidhe.
Aireocha an mhóin, an aimsir bhreagh a bheith imthighthe = ní thriomócha sí leis a' droch-aimsir.
TUILLEADH (3) ▼
Aireocha na muca an 'bran' a bheith ídighthe. Ní chuirfidís smut san tubán indiu, nuair a shín mé beatha (ch)uca(b).
Aireocha na daoine an t-iasc glas a bheith ídighthe, ach bhain muid solamar maith dhe, an fhad's sheas sé ("Iasc glas" = runnaigh, bolmáin, mangaigh etc, a bhuailea(nn)s an cladach agus na glas-chuanta, in a gcluithchí sa bhfoghmhar)
Aireocha sib cuid nuaidheacht na Nodlag a bheith caithte anois, mar is iomdha beaduidheacht adeirigh lib.
+
Ní aireochadh sé congnamh beag a thabhairt dhá dheirbhshiúr anois, agus arís, a's a ghéireacht a's tá sí in a cháll.
Ní aireochthá lá a thabhairt dúinn anois le na fataí, ó thárla an cur réidh agad fhéin = ní chuirfeadh sé aon-cheo as duit anois, lá oibre a thabhairt dúinn a' cur na bhfataí, ó's rud é go bhfuil siad curtha agad fhéin.
TUILLEADH (5) ▼
Is beag a d'aireochadh sib lá a thabhairt do dhuine aon(t)raic agus a bhfuil de chongnamh agaibh, slán a bheidheas na daoine = ní chuirfeadh sé tada as daoib, lá oibre a thabhairt do'n té nach bhfuil aige, ach é féin, agus go leor agaibh-se ann.
Ní aireochthá a theacht lá liomsa anois, ó tá tú féin as cionn do ghnaithe (i.e. do chuid oibre réidh agad, nó obair na h-uaire críochnuighthe agad).
Is beag 'aireochas sé siubhal. Tá sé breagh láidir
Ní mórán a d'aireochadh do dhruím, an máilín sin a iomchur go dtí an carr dom.
Ní mórán aireochas tú an méid sin a dhéanamh dhom
+
Is beag 'aireochas sé sin, deoch a sheasamh — tá dalladh airgid aige = ní chuirfe sé aon-cheo as dá chuid airgid, luach deoch a bhaint as.
Is beag 'aireochas tú mótar a cheannacht, agus a bhfuil de theacht isteach duit.
TUILLEADH (8) ▼
Is beag a d'aireochadh sé siúd an oiread eile a chaitheamh, ní h-ionann sin a's duine bocht.
Ní mórán 'aireochas tú cupla scilling a chaitheamh (ch)ugam
Shílfeá gur beag a d'aireochadh sé bronntanas beag eicínt a thabhairt chuig an ngasúr.
Is beag a d'airigh sé sin punt de dhualgas Nodlag a chaitheamh chuig a' sagart.
Ní aireochadh sé sin punt ach an oiread a's d'aireochadh duine eile leith-phighinn.
Cá'r airigh tú puintín gágach? = nach beag a d'airigh tú puintín beag, suarach airgid!
'Sé 'tá cráidhte faoi scilling airgid a chaitheamh, agus laghad a's d'aireochadh sé í.
Chaith tú go fánach aréir é, agus airigheann do pháistí indiu é = bean a' díbliú ar a fear faoi airgead a ól.
+
Ní aireochthá agad nó uait an punt sin = déarfá seo le duine a thug punt uaidh, nó a chaith punt, agus é bun-tsaidhbhir
Ní mórán 'aireochas tú scilling agad ná uait.
TUILLEADH (8) ▼
Ní aireocha tú agad ná uait, an píopa tobac sin, agus tá mo theanga-sa calcuighthe cheal gail = scurach a bhí ag iarraidh píopa tobac ar fhear adubhairt seo.
Ní aireocha tú agad ná uait, cupla scilling, agus ní fiú dhuit droch-cháil a chuir amach duit fhéin, scáth luach deoch = ní chuirfe cupla scilling (luach deoch) mórán as duit, agus tá sé chomh maith dhuit iad a thabhairt uait, i riocht's nach dtiocfa cáil péisteánaigh amach duit.
Marach a' chneagaireacht, is beag a d'aireochadh sé aige ná uaidh na cupla pighnín ghágacha sin (cneagaireacht = tútaighil; crádhas croidhe; péisteántacht; carghaos scaradh le airgead)
Ní aireocha tú agad ná uait go bráthach cupla scilling, agus b'fhéidir go mbadh mór an tslighe 'un dé do'n chréatúr iad {(slighe 'un dé = leas; fearadh; maith)
Ní aireocha tú uair a' chluig agad ná uait, scáth a ndéarfa tú.
Ní aireocha tú agad ná uait, an t-achar a bheidheas tú dul siar chomh fada leis.
Maidir leis a' tamall de lá a thug mé dhuitse, leis a' bhféar, níor airigh mé agam ná uaim é, agus ní hé atá mé a chású chor a' bith, ach ar thug mé do'n ógánach seo thíos agus nar chúitigh sé liom (comhar oibre atá i gceist ann).
Is beag 'aireochas mé agam ná uaim a' méid laetheanta a thug mé dhó, ariamh = ní mórán laetheanta a bhí mé 'chongnamh dhó ag obair ariamh.
b.
+
Ní aireochadh muid uainn thú, dá gcaiththeá imthighthe ar fad = ní aireochadh muid do chongnamh uainn, dá bhfantá imthighthe uilig. (Is annamh a cloistear "uainn" "uaim" etc i ráidhtí de'n tsórt seo faoi Chonamara. Bíonn sain-chiall le "uainn" etc ionnta.)
Níor airigh muid uainn tú, ó bhí tú againn cheana.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá bhfanadh sé amach uiliog, ní aireochadh muid uainn é = ní bheadh aon chaitheamh in a dhiaidh againn dhá dtugadh sé cúl do'n teach seo ar fad.
Is fadó cheana nar thaobhuigh sé isteach muid, agus níor airigh muid uainn é.
·
Ní airigheann muid uainn é (as a' teach) ó imthigheann sé go dtagann sé aríst = níl aon-ghnaoi mór againn air. (Is na leagain a mbíonn "uainn", "uait" etc ionnta, cronuigh go mbíonn baint aca le teach nó a leithide, agus go dtagann uireasba gnaoi igceist)
Dhá dtugadh sé cúl do'n bhaile seo uiliog, ní aireochadh an baile uaidh é = níl aon-ghnaoi ag muinntir a' bhaile air, agus dá bhfanadh sé as ar fad sé b'fhearr leo(b), agus b'fhearrde iad é.

Féach freisin

aire

Airighim in iontrálacha eile (34)

+
ceal 1
Ní airighim pian ná tinneas. 'Sé 'bhfuil orm, cheal gan aon-mhisneach a bheith agam, corruighe isteach ná amach.
TUILLEADH (1) ▼
Má airighim aon-cheal orm fhéin, cuirfe mé scéal chugad, a's déanfa tú tárrtháil.
 
cliar
Airighim mar bheadh ualach i mbéal mo chléibh i gcomhnuidhe, a's dheamhan a' bhfuil a' chliar a' scaradh liom chor a' bith.
 
Ní bheadh aon-ghé choideáin, in éindigh le na géadhbha se'agaibhse. Airighim imthighthe le seachtmhain í, a's níl fhios agham ó árd-bhonnaidheachaí an chatmara, cá ndeacha sí, marab é an sionnach a thárlóchadh leis í.
 
Airighim an-screadach ag acastóir a' chairr. Is géar a theastóchadh bealadh uaidh.
 
Airighim bealthuidheacht bheag fheola ann indiu.
 
Airighim mo mhuineál chomh ceangluighthe le na bhfaca tú ariamh, a's cinneann orm thar corr-chrochaille a chuir aníos 'na dheidh sin.
+
beo 1
Tá'n tuighe seo beo le cnuimhe. Airighim a' snámh orm péin iad.
TUILLEADH (2) ▼
Airighim iasc beo a' giolcáil in mo cheathramha.
Airighim drithlíní eicínt i mo chorróig, maran iasc beo a bheadh ann, ach feicthear dhom nach h-eadh.
+
beo 2
Airighim a' corruighe istigh imbeo na h-iongan é. Diabhal bréag muise, nach hé atá tinn.
TUILLEADH (1) ▼
Airighim driogannaí istigh imbeo m'iongan ó shoin.
 
bior
Níor fhan bior-eanga orm le goirid, a's ní airighim tada a' gabhail dom. = níor fhan sciolltar orm le goirid, a's aindeoin sin; ní feasach dom, céard atá orm.
 
Airighim breoidhte indiu, pé'r bith céard atá orm
 
bruach
Airighim bruach mo bhéil tinn.
 
buinne 1
Tá'n braon a' dul isteach idir a' dá bhonn. Airighim an fhraigh-fhliuchas ar mo chois. Ach ní bheidh mé mar sin feadh's mé a dhul go dtí an baile mór. Gheobha mé gréasuidhe eicínt a chuirfeas buinne leathair innte dhom.
 
amach
Airighim an mhí seo an-fhada (a)g (dh)ul amach
 
Airighim pian in áirdín mo chúil, ach tháinig mé as (i.e as an tromfhásc nó'n troid, nó'n timpiste) saor go leor.
 
Airighim rud eicínt ag corruighe idir feoil a's leathar ionnam (iasc beo go h-iondamhail) = dri[...] ar bith idir an fuar-chraiceann (for-chraiceann) agus an fheoil induine.
 
Ins an gcaoldruim a airighim é. Ní bheadh goir agam mé féin a lúbadh mar sin anois chor ar bith, nach mbéarfadh an phian orm isteach faoi'n gcroidhe. Deir siad sin gur arrainn é, ach measaim nach h-eadh
 
daigh
Airighim doigh annsin: isteach díreach im'imleacán
 
Dá mbeitheá an fhad ar neamh-chodladh agus atá mise, bheitheá féin in do dhall-dúda freisin. Níl a fhios agam ó Fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaidh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé cho maith dhá bhfuireasbhaidh. Níor chaith mé an ceann deire a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall-dúda leis, ach ar an dá luath agus a dteighim ar an leabaidh, imigheann sé d'aon-iarraidh … Bím ag tuitim in mo chodladh agus airighim ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisighim suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
 
deas 1
Ólfaidh sé foracún anocht, agus má ólann féin, 'sé atá deas air! Go deimhin ní chuirfidh sé aon-ghiorranála air, mar chuireadh sé ar an athair nuair a theagadh sé ar "turn" an deoch a sheasamh. "Chinnfeadh orm níos mó dhe a ól" adeireadh an cneagaire. "Airighim giorranála ag teacht orm fhéin"
 
Is mó dhá fhonn atá orm na fataí a dhiúltú ar fad. Níl siad ag teacht liom. 'Chuile uair dhá n-ithim iad cuireann siad múisiam eicínt orm. Airighim cho trom ar mo chroidhe iad. Agus tá an-tóir go deo agam orra. Is cosamhail nach bhfeileann siad dom in a dheidh sin
 
Ní airighim na dranndail ar fóghnamh chor ar bith ar an saoghal seo
 
dream
Airighim dream eicínt ag teacht.
+
driog
Airighim driogannaí eicínt in mo chois le seachtain. Tá liom marab iad na scoilteachaí atá ag brath ar a theacht orm aríst. Má siad gheobhaidh mé uatha é
TUILLEADH (1) ▼
Fuair mé an-tsuímneas (suaimhneas) óna daethachaí (doightheacha fiacal) anois ó a tharraing mé an dá chláirfhiacail, ach feicthear dhom — ní ag tabhairt gutha orra é — go bhfuil driog bheag ag spochadh liom aríst le seachtain. Ins na cúilfhiacla a airighim anois é. 'Sé'n faitchíos atá orm go siubhalfaidh siad leo mo dhrad fré chéile agus nach bhfágfaidh siad fiacal in mo dhranndal. Shaothruigh mise leo cheana é: in mo shuidhe ó oíche go maidin agus mo chloigeann leigthe anuas ar an teine agam ag glaodhach agus ag gárthaighil — nó gur tharraing mé iad
 
Ní airighim tada thíos san áit a bhfuil an lot anois. Tá an phian bodhruighthe uiliog ann. Ach tá drillíní an tsaoghail mhóir thuas annseo in mo cheathramha agus suas in mo thaobh
 
M'anam go bhfuil an-drugall portaigh indiu orm. Airighim mo chnámha an-spadtha
 
droim
Airighim driog eicínt isteach in alt mo dhroma, maran tinneas droma atá ag siocadh liom aríst, ní ag tabhairt gutha air é.
 
Duine an-díbheirgeach é. Bhí mé lá annseo ag an dorus ag dul amach le cuid an chapaill agus cé a thiocfadh aniar an bóthar chugam ag spaisteoireacht nach é (ach é). Ní raibh a dhul ar m'aghaidh ná ar gcúl ugam (agam). Bhí mé ingreim. "Ní theigheann tusa ag an Aifreann a Ph." arsa seisean. "Ní theighim le gairid a Athair S." arsa mise. "Ní airighim ar foghnamh. Tá mé buailte suas as na cosa ar fad." "Níl aon-bhualadh suas ort le do chuid oibre" arsa seisean go beo droch-mhúinte. "Is beag a bhéarfadh orm snuim (snaidhm) de'n mhaide seo" — bhí maide láimhe aige — "a thabhairt ar na h-uileannachaí dhuit agus bheitheá buailte suas as na lámha cho maith le na cosa annsin." M'anam gur dhubhairt, agus go ndéanfadh. Bíodh 'chuile dhuine ar a shon féin air siúd. 'Sé an sagart is dóroinnighe agus is díbheirgighe é dhá bhfaca mise le mo linn féin ar chaoi ar bith
 
dúil
Ná bac le cigarettes a dhuine sin. Tá mé ag troisceadh anois cho fada, agus go bhfuil mo dhúil bainte asta. Chinn orm aon-cheann a fháil ó mhaidin indé, i mbealach ná i ndearmad. Fhobair go leagfainn an teach indé, ach an ghearradh-ghíonnach a airighim in mo phutógaí indiu.
 
Chuaidh dubhradán faoi mo shúil indé agus muid ag caitheamh dairteacha ar an bportach. Airighim fúithe fós é. Tá sé an-tinn