Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

guth (46)

 
Fanadh sé sa mbaile. Níl guth ar bith sa teach seo ar fhéin ná ar a chuid cipiléireachta — níl fáilte ar bith againn roimh an gcineál cainte a bhíos aige.
 
Fanadh sí fhéin agus a cóisir thuas san áit a bhfuil sí. Níl guth ar bith againne uirthi anuas — duine a bhí in ainm is a theacht ar cuairt ó áit eile. Dhá dteagadh an duine sin, bheadh tuilleadh ina teannta ag teacht.
 
Níl aon ghuth agam air a theacht, arae níl siúl an bhealaigh fanta ann le gairid.
 
Níl guth ar bith againn ar an nathaíodóirín sin. Tá an oiread gnaithí aige agus go gcuirfeadh sé dhá Chrígh Mhuire in árachaigh a chéile, agus thiocfadh sé féin saor as an tromásc.
 
breá
Nach breá nach mian leis cúnamh ar bith a thabhairt uaidh é fhéin, théis go mbíonn gutha aige ar chuile dhuine eile.
 
buail
Chuala mé an ghuth i bhfad roimhe sin, ach níor bhuail an scanradh críochnaithe mé go bhfaca mé an toirt romham i mbéal an tseoil.
 
buil
Muran buil leis fhéin a theacht, dheamhan guth ar bith againne air!
+
Is breá an buinneán gutha atá aige — tá guth breá ard aige; is breá uaidh amhrán a chur amach dá chroí
TUILLEADH (6) ▼
Is beag a aireos tusa amhrán a rá, bail ó Dhia ort. Tá buinneán breá gutha agat.
'Sé is fhearr buinneán gutha anois sa taobh seo.
Sheasfá sa sneachta ag éisteacht léithe ag gabháil 'Bhean an Fhir Rua'. Tá an an-bhuinneán gutha aici, bail ó Dhia uirthi.
Ba bhreá an buinneán gutha a bhí aige tamall, ach tá an aois anois air.
Dheamhan de chailleadh ar an mbuinneán gutha atá aici fós, théis nach bhfuil fiacail ina drandal.
Chuirfeadh sé na cuacha a chodladh leis an mbuinneán gutha atá aige.
 
airigh
Is fadó nár airigh mé aon tslaghdán, ní ag tabhairt gutha air é (fc. guth)
 
Ní mórán den anachain a fuair muid le comhaireamh ariamh, ní ag tabhairt gutha uirthi é — is beag a cailleadh orainn ariamh agus níl mé ag iarraidh anois go gcaillfí ach an oiread
 
fuaim
Bhain sé fuaim as (amhrán) ar chaoi ar bith, bíodh guth aige nó ná bíodh
 
féith 1
Féith fola a tháinig uirthi. Níor sheas sí achar ar bith leis. Ní sheasann ná aon chaora. Níl le déanamh ach cuisle na bléine a ligean. An uair sin fhéin is doiligh leo a theacht uaidh. Chaill sé go leor caorach an bhliain cheana, ach shílfeá go bhfuil sé ligthe faoi anois, ní ag tabhairt guth air é
 
farc
Tá cúlfhiacal agam agus tá sí chomh farctha agus go ndéanfadh dreoilín nead inti. Is fadó an lá mar sin féin nár airigh mé aon driog inti, ní ag tabhairt gutha orthu é (ar na daitheachaí)
 
daigh
Níl aon fhiacail ag gabháil liom nach bhfuil fabhtach, ach dheamhan daigh (/dɛ̄/) a bhíos orm théise sin, ní ag tabhairt ghutha orthu é!
 
Dhamnaigh (dhamain) an sionnach muid i gcaitheamh na bliana anuraidh. Théis an airdeall a bhí againn air níor fhága sé sicín ag gabháil linn. 'Sé a rinne an sladadh spleách, ní ag ceasacht ar Dhia é. Is gearr go bhfeice tú ag sirtheoireacht aríst é, ní ag tabhairt gutha air é. Bíonn cuain acu an tráth seo bhliain i gcónaí
 
Dar príosta níl daorbhasctha dhó ag gabháil fhoinn. Dhá mbeadh sé súgach agus an t-amhrán a theacht leis, tá an-ghuth aige. Bhíodh na Gaeilgeoirí sin ag iarraidh air a dhul go Baile Átha Cliath le amhrán a rá ag an Oireachtas. Ach mo léan géar muis, fuair siad amach an ceann a thiocfadh go Baile Átha Cliath. Ní mó ná dá mbeadh an tOireachtas ag tigh Bh., agus luach cupla pionta a bheith ag C., go mbogfadh sé aniar. Ní mó ná sin anois é
 
Fuair tú deallradh maith anois, agus má tá mise ina dhiaidh ort, castar leat é. Ní raibh guth ar bith siar ansin ort, ach níor bheo thú ina dhiaidh sin go dtéiteá ann do do chailleadh féin
 
deas 1
'Sé an fear is deise guth in do thír é
 
deifir
Níor tháinig aon éileamh ar airgead acraí fós, ní ag cur deifir leis, ná ag tabhairt gutha air é!
 
Chonaic tú féin ansin thuas é: M. P. nuair a phós sé isteach sa teach sin. Ní raibh bonn bán ar an áit. Bhí guth ag chuile dhuine dár bhain leis air: ag ceapadh go mb'fhurasta dhó pósadh ní b'fhearr a dhéanamh. Breathnaigh air inniu: an bhfuil aon fhear istigh ar an gceathrú is deisiúla ná é. Is deacair deirimse leat, tada a rá. Ba mhinic na caiple deiridh ag dul chun tosaigh
 
deo
Mo ghrá go deo thú! Ní sa nguth a chaill tú é ar aon chor!
+
dia 1
Ní ag tabhairt gutha uirthi é (an triuch). Go gcoinní Dia uainn í!
TUILLEADH (1) ▼
Aingeal Dé in aghaidh do ghutha, agus poll do shróine in aghaidh an tsrutha — rud adeirtear le duine a ghníos eascainí ort
 
Thug sé guth orm nach ndeachaigh mé a chúnamh dhó ab ea! Nach raibh sé ag dilleoireacht liom ar feadh na hoíche aréir Pádraic a ligean leis, ach m'anamsa nach (nár) ligeas, ná dheamhan ligean. Is dona na gnaithí a bheadh orm, agus an sláimín féir atá agam féin caite ansin thoir fós faoi fhliuchán agus faoi amlua. Níor mhór le cuid de na daoine dá bhfágthá do chuid oibre fhéin ansin agus a dhul in éindí leosan go mbeadh a gcuid oibre féin réidh
 
'Sé a bhí diomdhach dhíom nár thaobhaigh mé é an t-am a raibh sé buailte síos. Shílfeá nár cheart dó guth ar bith a bheith aige ormsa agus chomh fada amach uaidh agus a d'fhan daoine a bhí i bhfad ní ba ghaire dhó ná mise
 
dlaoi
Ní fheicfeá dlaoi fhéin bhroimfhéir sna fataí i mbliana, ní ag tabhairt gutha air é! Meas tú cén fáth! Nó an é an sneachta a ghiorródh leis
 
Is cunórach an diabhal é. Thug sé daoine ann nach raibh guth bainse ar bith acu air, agus níor bhac sé lena dhlúthmhuintir féin. Tá dhá chol ceathar aige anseo thiar i mB. na hA. agus níor thug sé cuireadh ar bith dhóibh, murar thug sé cuireadh cosáin
 
Beidh an domhnaíocht sagairt agus daoine móra ar a shochraide sin. Airíonn siad rud aige. Is beag an baol go dtaobhódh siad C. Ph. Mh. (fear bocht) dhá mbeadh sé os cionn cláir, ní ag tabhairt gutha ar a bhás é an fear croí. Ach cá bhfios don té sin. B'fhéidir do Ch. Ph. Mh. a bheith ag imeacht ina chóiste cinn chomh maith leis an duine is fhearr acu shul má gheobhas sé féin bás. Agus go dtuga Dia dhó!
 
Níl muid ag tabhairt gutha ar bith ar lucht an dreoilín. Feicfidh tú féin air gur gearr go mbeidh trí nó ceathair de dhreamannaí acu isteach agat idir chlár is chuinneog
 
driog
Fuair mé an-tsuaimhneas ó na daitheachaí (daitheacha fiacal) anois ó tharraing mé an dá chlárfhiacail, ach feictear dhom — ní ag tabhairt gutha orthu é — go bhfuil driog bheag ag spochadh liom aríst le seachtain. Sna cúlfhiacla a airím anois é. 'Sé an faitíos atá orm go siúlfaidh siad leo mo dhrad fré chéile agus nach bhfágfaidh siad fiacal in mo dhrandal. Shaothraigh mise leo cheana é: in mo shuí ó oíche go maidin agus mo chloigeann ligthe anuas ar an tine agam ag glaoch agus ag gárthaíl — nó gur tharraing mé iad
 
droim
Airím driog eicínt isteach in alt mo dhroma, muran tinneas droma atá ag siocadh liom aríst, ní ag tabhairt gutha air é
 
dual 1
Má tá féin, sin é is dual dó. Níor cheart go bhfágfadh sé an guth ina dhiaidh ar chaoi ar bith. Sheasfá sa sneachta ag éisteacht le chuile dhuine acu sin ag gabháil fhoinn
 
dubh 3
An bhfuil aon rath ort ag dúchan (ag cur fhataí). B'fhearr dhuit cupla lá a thabhairt dom le garraí Ú. Mh. Tá an craiceann siúd in ann thú a chur ar do mhiotal. Ní ag tabhairt guth oibre ort atá mé chor ar bith, ach go bhfeicfidh mé cén gníomh atá ionat le talamh, nó an bhfuil tú chomh maith agus atá do cháil. Chuala mé ag muintir na M. nach raibh cinneadh leat ag dúchan, agus dheamhan a bhfuil daorbhasctha dhaom (dhíom) féin
 
duine
'Sé do bheatha! 'Sé do bheatha a dhuine chroí! Is duine uasal thú nuair a luaitear thú! Bhí muid go díreach ag tabhairt ghutha ort anseo faoi nár bhog tú aniar againn le fada ariamh. Céard a choinnigh amuigh chor ar bith thú?
 
An raibh siad ag dántaireacht ag an aifreann inniu? Má tá féin níl aon ghair acu ar an dream atá sa teach pobail thiar. Tá an-ghuth ag an dream thiar
 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleá air sin, sceach a raibh geis uirthi thiar i ngarraí an Ch. a bhaint. Bhí na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh — fúithi. Nuair a tharraing sé an tua, tháinig an guth go dtí é: 'ná buail,' adeir sé. Ach bhí S. chomh doghrainneach, chomh dúshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí chuile údragáil. Ón lá sin amach bhí an díleá air: leá chúr na habhann ar a raibh aige. Dar fia bhí an fear sin deisiúil, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá is gur thosaigh an saol ag dul ina aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nár báitheadh nó nár bascadh nó nár cailleadh. Ó bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lú faoin domhan, agus scaití ní call dóibh tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le seanbhó bhuí sa deireadh. Chonaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhósan sin. Ba mhaith bocht an fear é i ndeireadh a shaoil, agus beo bocht a bhí a chlann ina dhiaidh nó gur dhealaigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeachaigh an sceach dó. Ara bhí sé chomh dochomhairleach leis an saol. "A chomhairle féin do mhac dhanra," arsa tusa, "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith ar aon chor, a dhul thar thaispeánadh, agus fuair seisean an taispeánadh — go ndéana Dia grásta air!
 
Bhí sé ag cur tuairisc Bh. liom an lá cheana. 'Is fadó an lá nach bhfaca mé isteach í,' adeir sé. Is cosúil nár thug sí aon díolaíocht dó le fada. Ní mórán maitheasa dhó muise, guth a bheith aige uirthi siúd. Beidh déidín tite aige ag fuiríocht leis shula dhéanfas sí siúd díolaíocht leis
 
dún
Dá naomhtaí mé anois, chinnfeadh orm aon amhrán a rá, agus ná bíodh aon ghuth agat orm. Tá buinneán an ghutha ar fad dúnta le seachtain ag fliú nó cat mara eicínt
 
Sin é a gcuid dúnárais sin i gcónaí, chuile rud a dhéanamh ar chúla téarmaí agus i ngan fhios don chomharsa. D'fhiafraigh mé dhe inné cén chaoi a raibh P. 'Maith go leor,' adeir sé, agus ní bhainfeadh fear agus píce tí ba (ní ba) mhó as. An chéad rud eile, agus mé thuas sa ngarraí, chonaic mé an sagart ag dul tharam. Sin é an uair a chuala mé gur ag cur na hola ar Ph. a bhí sé. Chuaigh mé isteach ann ar mo bhealach suas. Níor labhair aon duine sa teach liom — dubh bán ná dubh buí. B'éigean dom féin a dhul agus an doras a bhrú siar sa seomra. Murach go ndearna mé féin é, ligfí amach aríst mé d'uireasa a feiceáil. D'fhiafraigh mé inniu dhe aríst cén chaoi a raibh sí. 'Maith go leor,' adeir sé, agus shílfeá go mba mhó an guth a bhí aige orm faoina fiafraí beag ná mór. Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar a leithide sin
 
staggers na muc sin ag dul thart, ní ag tabhairt ghutha orthu é