Aireachtáil
—ainm-fhocal
1.
cloisteáil, mothú; tabhairt faoi deara.
+–
'Tháinic sé isteach as faltanas, (i.e. madadh); Maidin a's í gléas a briocfasta; agus sciob sé an ceann gan aireachtáil; de mháthair a' dáreag bhoicht (Sliocht as "Sicíní Bhrighid Éamoinn" — amhrán a rinneadh faoi Ghnó Mhór)
Tháinic sé isteach gan aireachtáil orainn = níor airigh muid ná níor chuala muid a' teacht é.
TUILLEADH (7) ▼
Tháinic sé isteach sa teach gan aireachtáil, de shiubhal oidhche, agus d'árduigh sé leis a shean-eire beatha
Tá siubhal chomh mion aige, agus go dtiocfadh sé ort gan aireachtáil (féach "mion")
Seo(mh) isteach é, gan aireachtáil idir chlár agus chuinneog chugainn = tháinic sé isteach chugainn, ina chruth agus ina dheallradh, gan muid dhá chloisteáil ná dhá fheiceál go dtáinic sé thar a' dorus isteach.
Théaltuigh sé aníos leis a' móta, gan aireachtáil agus chuir sé cluais air fhéin leis a' gclaidhe, go gcloiseadh sé an seanchus.
Fhobair dhó bás 'fhaghail gan aireachtáil = is beag nar bhásuigh sé ingan-fhios.
Tháinic mé isteach gan aireachtáil orrab agus toit bháirnigh dhá róstadh aca(b).
Tháinic mé faoi'n dorus gan aireachtáil, agus dheamhan bréag nach breagh an strionncán de phort a bhí Micilín a chasadh
+–
D'ól sé a raibh de bhainne in íochtar a drisiúir, gan aireachtáil
Ghoid sé a raibh a' gabhail liom, gan aireachtáil = ghoid sé 'chuile mhíle pighinn dá raibh agam ingan-fhios.
TUILLEADH (1) ▼
Amach san oidhche, d'imthigh sé gan aireachtáil, agus d'árduigh sé leis, a raibh de phighneachaí beaga sa sparán = d'imthigh sé deireannach san oidhche, ingan fhios do chuile dhuine, agus thug sé leis, pé'r bith beagán airgid a fuair sé sa sparán.
2.
+–
Tháinic sé fúm gan aireachtáil a' bith, agus shín sé ar shlatrachaí mo dhroma mé d'aon-iarraidh.
Marach gur áitigh sé mé gan aireachtáil, thabharfainn fuighleach le déanamh dhó = marach gur ionnsuigh sé mé gan aon-tsúil agam leis, dhéanfainn seasamh maith in aghaidh.
TUILLEADH (10) ▼
D'éaluigh sé orm gan aireachtáil, agus thug sé fadhb de'n fhás dhom = tháinic sé orm ingan-fhios agus thug sé a shean-bhuille de'n mhaide fuinnseoige dhom.
Bhuail sé a shean-dorna gan aireachtáil ar cheangal a' ghéill orm = bhuail sé chomh maith a's bhí sé indon mé dhá dhorna ar chnámh snadhmtha an ghéill.
Aindeoin gur ionnsuigh sé mé gan aireachtáil, ní raibh tada le reic aige, nuair a bhí sé réidh liom (féach "reic".)
Sin é 'fhaisean sin 'chuile lá ariamh — duine ionnsuighe gan aireachtáil.
D'ionnsuigh sé mé de ghort a' gharta gan aireachtáil a' bith, ach má chuaidh leis, bíodh aige = d'ionnsuigh sé mé d'aon-iarraidh, gan súil a' bith agam leis, ach dhó fhéin ba mheasa é, as a dheire.
Thug sé farradh faoi gan aireachtáil, agus bhuail sé ar a bhéal a's ar fhiacla amuigh faoi'n tsráid é.
Deir siad go raibh scian igcúl a ghlaice aige, agus gur sháith sé é, gan aireachtáil.
Bhuail sé de chloich é, gan aireachtáil.
Buaileadh lubhthar (lobhthachar?) eicínt gan aireachtáil isteach sa mbéal orm as dorus tighe ar a' mBalla Fada.
Fhobair go ndeacha sé ingeallta, nuair a buaileadh miarthóg (méaróg) gan aireachtáil, air.
+–
Bhuail a' doigh imbéal mo chléibh mé gan aireachtáil a' bith = tháinic pian imbéal mo chléibh orm, gan aon-donacht orm roimhe sin.
Buaileann a' bás duine gan aireachtáil.
TUILLEADH (4) ▼
Buaileann a' slaghdán duine gan aireachtáil.
Tagann tinneas de'n tsórt sin gan aon-aireachtáil.
A' tarraingt aniar ar árd Iothlainn Sheumais dom, bhuail a' t-ocras céadtach mé gan aon-aireachtáil, agus fhobair dhom tuitim imbun mo chos = tháinic sé de phlimp, agus gan aon-ughdar aige.
Tháinic dúbhruadhach dárach ar a' mbó gan aireachtáil, agus ní raibh mac na sceiche ann a sheolfadh ag an tarbh í.
·
Síneadh ar a' leic mé gan aireachtáil, agus chuir mé cnapán mo ghlúnach as áit.
Gan aireachtáil a' bith, cé bhuailfeadh anoir chugainn Dia Domhnaigh ach é.
3.
+–
Níl aon-aireachtáil aige, ar thinneas = ní mhothuigheann sé tinneas; ní ghoilleann tinneas air.
Níl aon aireachtáil aige ar theas (ar fhuacht etc) = tá acfuinn teasa, fuaicht etc aige.
TUILLEADH (3) ▼
'Bhfuil aon-aireachtáil ar a' bhfuacht agad? = a' n-airigheann tú (an mothuigheann tú?) an fuacht?
Is beag an aireachtáil atá aige ar a' teas = ní airigheann sé an teas mórán.
Dhá mbeadh aireachtáil agad air (ar a' tinneas), bheadh athrú scéil agad.
Féach freisin
→
airigh
Aireachtáil in iontrálacha eile (37)
Bhí mise amuigh annsin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fútha agus thóig mé na céata aca leis an líon. Bhí báid eile fúm agus tarm agus gan a fhios aca a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom san mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
→
ceas
Bíonn duine chomh dúlaidhe ann, a's go gcuirfeadh sé ceas air fhéin gan aireachtáil leis. Is amhla a bhío(nn)s biadh nuaidhe a' bith.
Dhonóchadh a' clifeartach sin duine gan aireachtáil, a's ní fhanann misneach a' bith aige, má ionnsuigheann duine de shinneán é.
→
cloigis
Nach hé an chloigis mhío-stuamdha é 'cur an tighe thrídh lasadh. Is maith an t-ádh a bhí orra(b) nar dóghadh fré chéile é gan aireachtáil.
Má thagann cuaibhtheach as calm, níl léigheamh a' bith uirre. Báthadh bád i gConamara, tá bliadhanta beaga ó shoin, a's bhí an lá ar áilleacht. Dream a bhí amuigh a' déanamh aeir, a's bhuail cuaibhtheach iad gan aireachtáil, a's d'ionntuigh sí an bád druim ar ais. Nar ba luaghaidire an trócaire ar Dhia, dheamhan ar fágadh sa gcomhaireamh ceann aca(b), ach duine.
+
→
buille
Fainic é siúd, nó tiubharfa sé an buille feill dhuit gan aireachtáil.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh a mhalrait de bhéas a' siubhal ariamh fhéin leo(b): buille na feill a thabhairt do dhuine gan aireachtáil — sin é a mbeadh uatha(b).
+
→
airigh
Is beag a' dochar dhuit é 'aireachtáil fuar, agus laghad a' chlúdadh atá ort = is suarach a' t-iongnadh go n-airigheann tú fuar é, agus gan mórán éadaigh ort.
TUILLEADH (12) ▼
Ní milleán duit é 'aireachtáil fuar, scáth 'bhfuil fút agus thart (ar a' leaba).
Ab in é a bhfuil d'aireachtáil agad ar a' bhfuacht (ar a' sioc, etc) (adéarfá le duine nach mbeadh a' cur aon tsuime 'sna síonta sin, nó pé'r bith cé'n tsíon aca(b) a bheadh ann).
Is deacair leis a' teas a aireachtáil; is éasca leis a' teas a aireachtáil etc.
Níl mé ag aireachtáil (níl mé do m'aireachtáil féin; ní airighim mé fhéin) ar foghnamh (go maith, ar mo chóir fhéin etc) le fada = tá rud eicínt a' gabhail dom le fada.
Tá sé luath agad aon-ocras 'aireachtáil fós, agus a ghoirdeacht a's ó d'eirigh tú ó do bhéilí.
Níor leig mé tionnabhar as mo cheann aréir, fé'int a n-aireochainn a' teacht iad, ach dheamhan aireachtáil.
Tá 'rudaí' le'n aireachtáil ag Droichead na gCnoc adeir siad (rudaí = taidhbhsí)
Dheamhan lá ariamh, nach raibh sé de cháil ar an áit, go raibh "an rud" (nó'n taidhbhse) le'n aireachtáil ann.
Teach sidheamhail é sin. Bhí 'rudaí' len' aireachtáil ariamh ann.
Bíonn rudaí le'n aireachtáil ó'n dó-dhéag amach
Tá siad le'n aireachtáil chuile phuínnte ó thuitfeas oidhche ann (taidhbhsí)
Bhí le rádh, go raibh droch-rud eicínt le'n aireachtáil sa teach sin fadó, ach dheamhan's móide a raibh ann, ach cainnt.
→
ascar
Ghlac sí scéin eicínt ag droichead na gCnoc; thug sí léim leath-taoibhe gan aireachtáil, agus chuir sí 'nuas glan as ascar na diallaide mé.
→
farra
Ní suaimneas dóibh fós. Feicfidh tú in a chogadh é anois aríst go deo. Náisiún ar bith aca sin a aireós aon-spreacadh ann fhéin tiúrfaidh sé farradh gan aireachtáil faoi cheann eicínt eile
→
fás 2
Bhí muid istigh idteach ósta ann. Geospailín beag feósaí a bhí san óstóir, ach d'aireódh sé an féar ag fás. Mo léan ní thiocfadh aon-phóilí gan aireachtáil air!
→
isteach
Beidh an Nodlaic istigh in a' mullach gan aireachtáil = ní fada go mbí an Nodlaic againn (ar faghail, ar an talamh) anois.
→
deacrach
Ara muise níor chuala tú an scéal deacrach seo: go ndearna "an lad ruadh" (an sionnach) sléacht annseo indiu! Cearc an áil a mh'anam. "Sciob sé an ceann gan aireachtáil de mháthair an dáréag bhoicht" mar adeireadh N.
→
dealg
Má tá tú ag aireachtáil pian ar bith, is fhearr a dhul roímpe in am ná in an-tráth. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg cho dona leis
→
deara
Bhí an torann len aireachtáil i gcomhnaí agam, ach níor thug mé tada faoi deara, bíodh aon-cheo ann nó ná bíodh. Diabhal mé go mb'aisteach an rud é ar aon-chor
→
diaidh
Chuir sé tuiric ionnam, agus caitheadh indiaidh mo mhullaigh mé isteach i dtom neanntóg atá ar cholbh an bhóthair ann. Bruitheadh agus loisceadh mé ceart críochnuighthe. Bhí sé ag faire ariamh, nó gur tháinic sé fúm gan aireachtáil, agus gan fios rúin ná soiscéil agam. Beidh a shliocht air: ní ghabhfaidh leis. Tiubharfaidh mise an buille feill dó-san, agus gan cuimne ar bith aige air
→
doras
Bhíodh C. a bhí annsin thuas i mballa Ch. ag sireoireacht ó theach go teach agus ag ól an uachtair de'n bhainne, 'nuair a bhí muintir an tighe in a gcodladh … Cé'n stró a bhíodh air a dhul isteach agus gan de dhoirse ar na tighthe ach birt shlat, nó fhraoigh. Nach bhféadfadh a rogha duine a dhul isteach agus cé'n aireachtáil a bheadh air
→
droim
Bhí muid ag ealadhain thíos tigh J. aréir. Bhí sé ingreim láimhe mar sin ionnam dhá cur anonn agus anall. Pé'r bith cé'n chaoi ar eirigh liom mo láimh a leigean marbh gan aireachtáil, bhuail sé de dhruim mo láimhe féin isteach ar an bpus mé. Marach cho beo agus a leig sé leis féin bheadh scéal aige air, feadh agus mise eirghe aige
→
druid 3
Diabhal druid atá len aireachtáil istigh ann. Má tá duine ar bith istigh. Is mór m'aimhreas nach bhfuil
→
díol 2
Is mór an díol trócaire na créatúir bhochta atá i Sasana agus na rudaí eile sin, ag tuitim orra 'chuile ré soluis. Deir siad nach bhfuil maith ar bith ins na teáltaí a bhíodh aca ar na báid aeir. Níl aireachtáil ar bith orra seo ag teacht go gcriogaidh siad thú d'aon-iarraidh