Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ar gcúl (32)

+
Bailigh a bhfuil de chlocha ar an gcúl sin agus déan iad a chaidhleadh suas in éindí anseo. Cuirfidh muid ar na leachtaí aríst iad nó tarlóidh muid amach ar an mbóthar le ciseogaí iad.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhéadfá a rá go raibh muid i dteannta. Muid dhár gcaidhleadh le piléir agus le shellannaí agus gan dul ar ár n-aghaidh, ná ar ár gcúl againn! Agus gan a fhios cén pointe a bpléascfadh ceann acub sin agus a ndéanfadh sé smiodairíní de chéad againn in éindí.
 
Tá carcair mhealltrachaí ar chúl mo chinn agus tá sé ag cinnt orm rud ar bith a fháil le caitheamh a chuirfeadh ar gcúl iad.
 
catóg
Tá siad réabtha amach uileag agam as anois, cé is moite d'aon chatóig amháin atá thoir le claí ach is deacair le na catógaí céanna a dhul ar gcúl.
 
cora
Tháinig cora fhaithniúchaí ar mo láimh anseo an bhliain cheana agus chaith siad an tsíoraíocht gan a dhul ar gcúl. Bhearr mé an barr díobh faoi dheireadh le siosúr.
 
Ní chuibhreodh cuingir na gabhair sin. Cosacáin a bhí agat a bhualadh orthub. Na cupla crainnín a chuir mé ansin thiar, tá siad ite ag na diabhail. Cén bhrí, ach ó chuirfeas siad anáil faoi rud ar bith, tiocfaidh sé ar gcúl!
 
bruach
Tá an bruach seo ag dul ar gcúl anois, agus má tá fhéin, tá sé in am sin aige.
 
Seachain nach mbeifeá ar t'aireachas fhéin ag an gcrosbhóthar. Ní bheidh mac na scine ansin, gan ráibéad cloiche ina phóca, nó miodach i gcúl a ghlaice.
 
Níl aon fhata folláin ag gabháil leis an gcúl thoir. Shílfeá go mbeadh nó go mbreathnófá go grinn orthu
 
D'aithneodh dall gan súil go raibh fosaíocht eicínt air leis an láimh i gcaitheamh an achair. Bhraith mise go maith é. Bhí a fhios agam go raibh an t-airgead i gcúl a ghlaice aige ach nach dtabharfadh sé don fhear istigh é, go mbaineadh sé an méid sin cainte amach. Diabhal mé muise gur beag eile sáraíocht a dhéanfadh sé nuair a mhaithfeadh an ceann istigh dhó é. B'fhearr leis a theacht lena raibh faighte aige ná a bheith dhá mhearú fhéin
 
Bhí fásach sa ngarraí sin lá Aonach na Faiche ach 'sé an chaoi a ndeachaigh sé ar gcúl ó shin. Fuair sé an t-an-spalpadh agus tá an talamh ró-éadrom ann
 
fiach 2
Chuir an buille sin a fuair sé ón gcapall ar an leabhar ag an bhfiach dubh é. Tá sé ag dul ar gcúl ón lá sin. Déarfainn, ach grásta Dé, gur beag eile de shaol atá aige. Thug sé uaidh go mór le cupla mí fhéin. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile anois
 
Tá an garraí siúd thíos snámhta ar fad. Tá fuarlach ar an gcúl thoir agus ar an gcurach láir — é sceite; tuile air
 
daba
Dhéanfadh sé dúchan an tsaoil, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páí agam sa ngarraí sin thiar anuraidh, agus b'éigean dom a bheith ag fuagairt air chuile mhionóid, na dabaí móra righne siúd atá sa gcúl láir a mhionú. Dheamhan an láí fhéin a chuirfeadh sé thríob
 
Fuair mé daibéad de scraith aniar ar an gcúl agus fhóbair gur bhain sí an mhothú asam. M'anam gur bhain faoi láthair
 
Tá muis, agus daorbhasctha go leor. Breathnaigh tusa ar an bpraghas a bhí ar bheithígh le linn an chogaidh cheana. Dar ndóigh ní bheifeá in do sheasamh ar chlár an aonaigh nuair a bheidís fuadaithe uait agus do leathchéad punt istigh i gcúl do ghlaice. Deirimse leatsa go bhfuil saothrú ar do leathchéad ar na haontaí atá anois ann. Bhí siad a thrí oiread an cogadh cheana. Agus deir tusa ina dhiaidh sin nach bhfuil daorbhasctha dóibh. Mo chreach mhaidne do cheann
 
das
Tharraing mé das amuigh ar an gcúl láir sa ngarraí sin thoir inniu, agus bhí cuasnóig fhataí faoi, agus gan oiread méaróige i gceachtar acu. Sin é anois a ndéanfaidh siad de bhiseach i mbliana
 
Shíl mé nach raibh an oiread sin deacrachta sa gcúl sin. Tá sé ag cinnt ort an láí a chur thríd chor ar bith
 
Bainfidh mé deannach as an gcúl sin agat mura lige tú den mhadadh sin, agus gan a bheith ag siocadh leis. Nach diabhaltaí mór an t-ionadh nach ndéanfá suaimhneas uair eicínt agus gan a bheith ar an ábhailleacht chéanna i gcónaí
 
Dodaire d'fhear é sin anois atá ar an mbus. Mura mbeidh do chuid airgid i gcúl do ghlaice agat dó, agus a shíneadh chuige ar an bpointe boise, 'sé a bhíos cantalach. Bhí sé ag dul ag cur S. Sh. Sh. bog te amach as an mbus an lá cheana an áit a raibh sé ag cinniúint dubh is dubh air a láimh a chur ina phóca ag an mbrú. Thug S. Sh. Sh. a dhúshlán. 'Is córa dhuit go mór a gcoinneáil dó,' adeir sé, 'agus gan muid a bheith anseo mar a bheadh matcheannaí i mboiscín'
 
dris
Sin é an dris chosáin má fhéadann sé tada a chur as daoibh le abhlóireacht agus glaomaireacht. Ach ná tugaidh aird ar bith air. Beidh sé ar an gceird sin le sibh a chur dhá (bhur) mbuille. 'Sé a mbeadh uaidh, dhá bhféadadh sé sibh a chur ar gcúl
 
droim
Thosaigh an capall ag dul ar gcúl agus níor chónaigh sí ariamh ariamh gur chuir sí an carr droim ar ais síos sa srutháinín atá chois an bhóthair. Fhóbair gur bhasc sí í féin
 
Ní bhfaigheadh mo leithidese ach droimdhiúltú ón sagart sin. Ach bheadh gnaoi thairis sin aige ar an té a mbeadh beann aige air: an té a bheadh ag sacadh corrphunt isteach i gcúl a ghlaice anois agus aríst. Diabhal bréag nach maith spleách a bheadh sé leis an dream sin. Ach bíonn chuile shórt, adeir siad, ag luí ar an lagar
 
druid 2
Nach ann a bhí na coiníní cupla bliain ó shin, agus gan an ceann féin ann anois. Diabhal mé go mbíodh an áit seo druidte leo roimhe seo, hé brí céard a chuir ar gcúl iad
 
Duine an-díbheirgeach é. Bhí mé lá anseo ag an doras ag dul amach le cuid an chapaill agus cé a thiocfadh aniar an bóthar chugam ag spaisteoireacht nach é (ach é). Ní raibh a dhul ar m'aghaidh ná ar gcúl agam. Bhí mé i ngreim. 'Ní théann tusa ag an aifreann a Ph.,' arsa seisean. 'Ní théim le gairid a Athair S.,' arsa mise. 'Ní airím ar fónamh. Tá mé buailte suas as na cosa ar fad.' 'Níl aon bhualadh suas ort le do chuid oibre,' arsa seisean go beo drochmhúinte. 'Is beag a bhéarfadh orm snaidhm den mhaide seo' — bhí maide láimhe aige — 'a thabhairt ar na huillinneachaí dhuit agus bheifeá buailte suas as na lámha chomh maith le na cosa ansin.' M'anam gur dhúirt, agus go ndéanfadh. Bíodh chuile dhuine ar a shon féin air siúd. 'Sé an sagart is doghrainní agus is díbheirgí é dhá bhfaca mise le mo linn féin ar chaoi ar bith
 
dún
Bíonn sé amuigh leis an réalt, agus ní fheicfidh tú isteach é ach le dúnadh na hoíche. Dheamhan mórán dhá shlacht ar a gharraí ina dhiaidh sin shílfeá. Níl sé amach as an gcúl ó dheas fós, ainneoin é a bheith ag cur ann le coicís. Dar príosta dhá gcaithinn leis mar atá seisean, agus bheadh an baile dubhaithe agam ó thosaigh sé
+
Chuaigh sé ar gcúl
TUILLEADH (5) ▼
Is mór a chuaigh sé ar gcúl le gairid
Tá sé ag dul ar gcúl go mór anois
Tá an rabharta ag dul ar gcúl ó inné (fc. ar gcúl)
Ní raibh a dhul ar aghaidh ná ar gcúl aige. Bhí sé sáinnithe
Ba fear i dteannta ceart mé. Ní raibh a dhul ar gcúl nó ar aghaidh agam. Bhí mé greamaithe do bhall na háite