Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dún

bearna (19)

 
damba
Séard a ghníos siad sin dambaí nó coraíochaí a thógáil sna srutháin agus bearna a fhágáil ina lár. An cochall a chur sa mbearna sin ansin agus an sruthán a shaighdeadh anuas. Ní bheadh breac ag gabháil leis nach dtiocfadh sa gcochall
 
Bhfaca tú an searrachín crón atá aige. Níl ann ach na cheithre eite anois. Dhá mbronntaí ort é, ní leagfá bearna i gclaí lena ligean isteach in do gharraí. Meas tú beo céard atá air. Tugadh sé é siúd don deachma ar chuma ar bith. Maidir le go mbeidh aon cheo dá bharr aige, ní bheidh
 
deifir
Ardóidh sé é agus deifir air ach feadh is mise é a fheiceáil. 'Sé an rud is lú dhó an bhearna a thógáil lá is go dtug muid cosán dó ann
+
deis
Téadh duine ar an mbearna sin agus ná tugaidh deis dó imeacht
TUILLEADH (1) ▼
Cuirigí deis eicínt ar bhearna na hiothlann, agus ná bíodh a bhfuil agaibh béal in airde agus asail na tíre ag déanamh plaicín ghabhair dhó (dhe). Is deacair dhaoibh aon teach a bheith agaibh, má mhaireann daoibh ar an tsiléig sin
 
dia 1
Ná raibh Dia leis an asal, mura dtéann sé isteach an bhearna agus an cairrín agus a raibh ann air, agus mura n-iompaíonn sé ar an gcnocán istigh
 
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Oíche chinn bhliana aríst go raibh muid féin agus chuile dhuine dhá(r) muintir abuil a chéile gan bascadh gan bearna, más é toil Dé agus na Maighdeana Glórmhar é! — altú bídh Oíche Nollag
 
Chinn sé críochnaithe dólámhach ar J. an bullán a chur amach as an ngarraí, théis chomh danra agus a bhí sé ina éadan. Leag sé trí bhearna dhó, ach ní ghabhfadh sé amach i gceachtar acu ach soir agus siar an garraí, nó go raibh J. sáraithe ceart aige. Ansin bhí athobair air, ag ardú na mbearnaíochaí aríst. D'imigh leis go nglaofadh sé ar chúnamh. Ach ní raibh sé bailithe anuas lúbainn an bhóithrín nuair seo anoir an bullán, agus leagann sé brúisc den chlaí agus amach leis gan iarraidh gan achainí!
+
dos
Bain dos le cur sa mbearna sin thíos nó beidh an garraí ina bhéal in airde ag beithígh an bhaile
TUILLEADH (4) ▼
Tá sceach bhreá ansin thiar ar chuid Mh. sa gcolbha ó thuaidh den gharraí. 'Sí a d'fheilfeadh ceart don bhearna seo
Leag an diabhal de dhos atá ansin thíos ag M. Mh. N. aréir mé. Tharraing duine eicínt as an mbearna í, agus ní fhaca mé í nó go ndeachaigh mé ina mullach. Fhóbair gur bhasc sí mé
Sin í mo dhíolsa ceart anois. Tá mé ag tóraíocht dois le seachtain le aghaidh bearna na hiothlann
Níl aon chailleadh ar an tom fhéasóige atá air. Dar fia dhéanfadh sí dos maith i mbearna
 
droim
Tá fear R. an Mh. ag maireachtáil ar dhroim an diabhail. Níl tada timpeall air ach leacrachaí. An teirgéis talúna atá aige, níl spreab ar doimhneacht ann. An cladach féin atá ann, tá sé chomh lom chomh feidheartha le croí do bhoise. Níl an fheamainn ná an carraigín ná tada eile ann, ach cuid an bheagáin. Níl a fhios agamsa faoi mo rí cén chaoi a maireann duine ar bith i R. an Mh., tá an áit chomh maolscreamhach chomh bocht sin. Diabhal mé ina dhiaidh sin nach bhfeicfeá cheal ar bith orthu shílfeá: ach níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile
 
Tá mo dhúchánsa ina phlaicín gabhair, agus dheamhan briseadh ná bearna ar a dhúchán (cruach) féin fós. D'éireodh dhó. Tá mil ar mo dhúchánsa, ach tá nead easóige ina cheann féin (ní thaobhaíonn sé a dhúchán féin, ach goideann sé móin ó gach uile dhuine eile)
+
dún
Tá an bhearna siúd dúnta anois acu, agus gan iad ag ligean duine ar bith an bealach sin — tógtha, ardaithe
TUILLEADH (1) ▼
"Níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile" (seanfhocal, fc. bearna)
+
Tá dúrúch ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claí amach as an ngarraí inniu. As go brách léithe síos an bóthar agus fhóbair gur mharaigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaí T. Sh. agus chuir sí na beithígh thrína chéile. Dheamhan cónú a rinne sí ansin go ndeachaigh sí sna cosa in airde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar aduaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag iontú soir an bóthar murach go ndeachaigh mé roimpi agus a cur aníos go teach. Shíl mé i dtosach gur dúrúch dárach a bhí uirthi, ach dheamhan glae ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirthi. Fuílleach a thug sé le déanamh dhom coinneáil léithe ar an mbealach anuas, agus murach scorachín le S. Mh. A., bheadh sí bailithe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhíchill. Sin í an diabhlánach agat. Bhí an dúrúch céanna anoir aríst uirthi — ag rith, ag géimneach agus ag gabháil dhá tóin in airde. Ach dar brí an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóidh sí ansin go n-athraí sí béasa. Dheamhan greim le n-ithe a thug mé di ó shin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúrúch di. Mura mbaine, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céanna
TUILLEADH (1) ▼
Tá dúrúch an diabhail ar na hasail sin agat ag imeacht. Meas tú nár leag siad an bhearna orm aréir agus dheamhan tornapa de bhláth bliana agam nach bhfuil taltaithe millte acu. Caithfidh tú a gcuibhriú, nó má bheirim aríst orthu tabharfaidh mé an chuingir (péire) acu soir i ngreim tónach go beairic