Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bearr (50+)

 
Nach beag an drioball atá air. Feimín beag. Tá sé bearrtha ag an gcuid eile dhó
 
Nach í an feimíneach de bhó í ag bearradh drible an chuid eile mar sin. Dheamhan bó a chonaic mé ag teacht as an ruta céanna ariamh nach mbeadh diomar eicínt uirthi
 
Bhí sé taobh istigh den sconsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cat ag cangailt fáideoige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aon duine
 
Tá an iomarca dhá fhálróid uileag ag cearca an tí seo. Meas tú cén áit a bhfaca mé an chearc roilleach sin inné ach thoir i ngarraí gleannach T. Mh. Bearr iad, agus fanfaidh siad i gcóngar an tí
 
cab
Cáid ó bhearr sé an cab?
+
cora
Tá goiní adhairce ina gcoraíochaí ar chaon leiceann leis, agus sé an chaoi a bhfuil an bearradh ag borradh leob (fc. borradh agus goin adhairce)
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig cora fhaithniúchaí ar mo láimh anseo an bhliain cheana agus chaith siad an tsíoraíocht gan a dhul ar gcúl. Bhearr mé an barr díobh faoi dheireadh le siosúr.
+
Breá nach mbearrann sé an béalbhach siúd nó an síleann sé gur mór an slacht air í?
TUILLEADH (1) ▼
Tá na géill bearrtha aige ach tá béalbhach ó bhéal go cluais air.
+
crinn
Ná bac le bearradh! Tá sé crinnte. Thóg sé an forchraiceann dhe fhéin i dteannta na féasóige.
TUILLEADH (1) ▼
Is aibéiseach an bearradh a tugadh air, hé brí cé a bhain an ghruaig de. Tá cuislí thrína mhullach agus iad crinnte isteach go cnáimh, agus in áiteachaí eile, níl ann ach gur sceadadh barr na gruaige.
 
beo 2
Má théann tú ag bearradh crúib an asail, fainic beo na coise.
 
Bearrann sí agus bioraíonn sí a cuid ingne chuile lá dhá n-éiríonn uirthi
 
Dar mo choinsias, ó bhearr tú do ghruaig tá tú scinnte amach in do bhríthín óg (puisbhean a thug an bearradh giortach ar a gruaig le bheith sa bhfaisean)
 
Bearr an buimbiléad de chloigeann sin ort, agus ná bí ag imeacht mar a bheadh cailín beag.
 
Buail síos streall uisce sa gcitil go mbearra mé mé fhéin.
 
buail
B'fhéidir go mbuailfinn siar ar an tórramh scaithín ar ball nuair a bheas mé bearrtha agus mo chuid ite agam.
 
'Sé an faisean atá ag gearrchailí anois, iad fhéin a bhearradh suas amach go dtí airdín an chúil.
 
anó
Bhí tú ag déanamh anó ar do chois nár bhearr tú na hingne sin.
 
"Bhí mé i gcoláiste go ham mo bhearrtha, agus in san ardscoil ar feadh seacht mbliain" (An Caisideach Bán)
 
folt
B'fhearr dhuit mé a bhearradh. Tá folt orm. Fásann gruaig an-trom ormsa
 
fás 1
Ina bhfás bliana a bhearrtar na caoirigh uilig anois, ach thugtaí bearradh Samhna orthu roimhe seo
 
Tá féirín aige muis má cheannaigh sé an gamhain. Is mór an t-ár é dhá bhearradh fhéin
 
Folt féasóg ná fíonnach níl air anocht. Bhearr sé an fíonnach chomh maith le rud ar bith eile. Tá a mhullach chomh geal le calóig ru. Lom sé isteach go grinneall é. An foithnín fhéin níor fhága sé air fhéin
+
Is beag an faobhar a iarrfas an rásúr sin an turn seo. Ní bhainfidh mé di ach an barr marbh (den fhéasóig). Má bhímse bearrtha maolscríobach féin, cé a bheas ag breathnú orm?
TUILLEADH (5) ▼
Bhearrfadh sí an olann ar bharr an uisce le faobhar (le teann faobhair srl.)
'Sé an faobhar a chuir Céatach ar a chlaimhe: faobhar chun bearrtha, faobhar chun gearrtha (faobhar chun sáite freisin)
Níl a fhios agam cé a chuirfeas faobhar chun sáite, faobhar chun bearrtha ar mo rásúr. Nach mé atá in mo chír thuaifil nach bhfuil faobhar agam fhéin
Chuir tú faobhar chun gearrtha uirthi (rásúr) ceart go leor ach níor chuir tú faobhar chun bearrtha uirthi — bhí an oiread géaradais sa rásúr agus go raibh sí dhá ghearradh, ach ní raibh sí in ann a bhearrtha
Tá faobhar aige a bhearrfadh an olann ar bharr an uisce
 
fiach 2
'Sé an sórt tráthnóna a bhí ann, tráthnóna a chuirfeadh an éig ar na fiaigh dhubha. Bhí sé ag flichshneachta as gaoith anoir agus bruíos ann a bhearrfadh thú. Níor shaothraigh mé aon aistir ariamh ach é
+
Bhearr mé na cearca inniu. Níor fhága mé foithnín amach ón dúid orthu. Bhí siad ag dul i bhfoghail ar T. Mh. sa ngarraí sin amuigh
TUILLEADH (1) ▼
Más ag faire ar an dá mholt siúd atá sibh le aghaidh ábhar báiníní, beidh sibh dhá uireasa. Dheamhan foithnín orthu, cé is moite dhá dhath ar éigean goin-olann. Nach bhfuair siad bearradh Samhna
 
feasta
Mura bhfuil sé in ann é fhéin a bhearradh le rásúr feasta choíchin, ní dhéanfaidh sé go deo é. Ara dheamhan gus ann mar a bheadh i ngearrbhodach
 
Is fuarsceirdeach an áit é an portach ar an gcreatlach seo. Dhá mbeifeá thuas ar an easca siúd inniu, bhearrfadh an ghaoth seo thú ann. Tá mé craptha as, míle buíochas le Dia
 
Daidhce a bhí uirthi anocht faoi gur fhága C. ansin aréir í … Ceadh nár chuala tú é sin. I nDomhnach rinne sé malrait mná aréir … í seo thiar. Spéir na gréine Sh. Ch. Tá faitíos orm muise gurb olc an mhalrait aige í: a dhul ó ghiolla na sliogán go dtí giolla na mbairneach mar adeir fear Ch. Ach mo choinsias, is deacair í seo istigh a bhearradh anocht
 
Níor shéid aon oíche as aer ba mheasa ná í. Bhíodh sé ag dallacar chlocha sneachta chuile phointe, agus gaoth ann a bhearrfadh tú. Ní bhfuair mé mo dhóthain le déanamh ariamh ach a theacht abhaile an oíche sin
 
daol
Daol drochmhúineadh agus neart maistínteachta atá anois uirthi. Déarfá nach mbeadh sé éasca í sin a bhearradh ar ala na huaire! Ach míneoidh sí síos ar ball agus féadfaidh tú caint a chur uirthi má tá aon spéis agat inti
 
daor 1
Casadh S. Th. istigh liom ag an mbearbóir, agus b'éigean dom deoch a thabhairt dó. Cé a thiocfadh isteach ina (ár) mullach ach M. Th. agus S. F. Ní raibh a dhul anonn ná anall agam, ach seasamh don bheirt sin freisin. Bhris mé mo ghloine agus b'éigean dom íoc uirthi. Idir chaon tsórt, ba daor an bearradh orm é sa deireadh
 
deacair 2
Is deacair a bearradh anois (fc. bearr)
 
Níl siad ag cur cuibhriú ar bith ar an seanasal sin acu anois, ach cead scoir ar bhóithrí aige, agus má fhéadann sé aon bhearradh a bhaint amach don chomharsa. Tá siad an-cheanúil ar na hasail eile. Bíonn siad go dtí n-a mbolg i bhféar i dT. na M. chuile oíche acu. Ní mór dóibh a mbeathú go maith agus a gcuirtear d'obair orthu. Tá obair an tseanasail ar iarraidh. Tugaidís é siúd don deachma anois. Is beag thairis is fiú é
 
Ba lá deannachtach é: flichshneachta as gaoth anoir agus soinneán ann a bhearrfadh thú. Shíl mé nach ndéanfainn aniar go brách é. B'éigean dom a bhunáite a shiúl. Dheamhan Goll Mac Móirne a chuirfeadh bicycle aniar ina haghaidh. Is mó an bhrath a bhí agam é a chaitheamh isteach tigh Ph. agus a theacht aniar dhá uireasa
 
Thit deannóidín shúí ar an bpáipéar chomhuain is a bhí sé dhá léamh agus dhá bhfeictheá é ag breathnú air! Chuir sé séideog faoi ansin, ach dheamhan maith a bhí ann. Tharraing sé amach lann safety ansin — ceann a bhí síos an-domhain ina phóca — agus seó páipéir timpeall uirthi. Dhá bhfeictheá chomh deas agus a chuir sé corr na lainne faoin deannóidín shúí, agus chuaigh sé amach ansin gur chuimil sé ar an gclaí í. Tá sé chomh pointeáilte le cat a bheadh dhá bhearradh féin. Cuireann salachar ar bith úis air
 
Ceannaigh staic den deargán eile sin — cén t-ainm atá air — raddle — le na caoirigh a mharcáil. Beidh muid dhá mbearradh lá eicínt an tseachtain seo chugainn, agus caithfear comhartha eicínt a chur orthu más linn a gcur chun sléibhe … Gheobhaidh tú i siopa Ch. nó tigh Gh. é. Tóraigh an baile mór go bhfaighe tú é ar aon chor
 
deas 1
Tá sé ag iarraidh é fhéin a dhéanamh go deas leis an mbearradh sin
+
deilbh 1
"Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, níor dearnadh ariamh gan osna nó éagaoin" (pisreog faoi gheis oibre atá ar laethantaí áiride den tseachtain)
TUILLEADH (2) ▼
Ní dheilbheoidh muid é Dé Céadaoin. Tá geis ar an gCéadaoin a dheirfiúr mo chroí. "Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
Diabhal a ndéanfaidís aon deilbh Dé Céadaoin fadó, dhá bhfaighidís Éire bronnta orthu. Bhídís ag ceapadh dhá ndéanadh, nach mbeadh aon lá den ádh orthu. Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin adeiridís
+
Faigh an deimheas. Caithfear a dhul ag bearradh inniu.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an deimheas sin maolaithe ar fad. Níl sé in ann tada a bhearradh