Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

díriú (9)

 
Ní bhfaighidh sé sin aon bhás choíchin. Beidh sé ag dul sna céadéaga mar sin, agus ualaí ag teacht air, agus é ag díriú aniar aríst ag caitheamh gail den tseandúda. Nach bhfuil sé ag saothrú báis ó rugadh mé, agus dheamhan bás ná bascadh fós air
 
Chuaigh mé thar mo dhícheall leis agus tá a shliocht orm: tá mo dhroim mar atá sí ó shin. Ní fhéadaim a lúbadh ná a díriú
 
Níl sé in ann díriú aniar sa leaba ach léar (de réir) mar a dhíreos duine eicínt eile é
+
Chonaic mé é ag díriú an mhaide siar ar an teach — chuir sé an maide amach mar a bheadh sé ag taispeáint an tí leis
TUILLEADH (4) ▼
Tá mé ag brath ar díriú air anois — a dhul ag triall ar áit nó ar dhuine
Foighid ort anois! Is gearr go mbeidh mé ag díriú air. Má bhím féin, sílim go bhfuil sé ag tarraingt ar an am agam
Thosaigh sé ag díriú orm. D'aithin mé ar an bpointe air go raibh rún aige mé a dhonú (i gcásanna den tsórt seo ciallaíonn sé gur chuir duine gotha achrainn air féin le duine eile)
D'aithneodh dall gan súil gur ag díriú air a bhí sé. Dá seasadh an fear eile talamh, bheadh rírá ann. Dheamhan a fhios agamsa nach ndéanfadh sé puca dhó (dhe) dhá mhéid de chliobaire é
 
Dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air, ní raibh sé in ann díriú faoin gcéad mine. Nach bhfuil a fhios agatsa gur deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin! Beidh a shliocht air: is maith an oidhe mná é an Inid seo! Beidh sé ar bóthar déarfainn (díriú faoi ualach: a dhul faoi ar an talamh agus éirí faoi agus é ar do dhroim, nó go mbeifeá i gcruth siúil faoi)