Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dúbailt (18)

+
Tá sé chomh maith dhuit a ndúbailt agus deich gcinn a thabhairt dom, cion an lae inné agus an lae inniu. Ní féidir go gcuirfidh tú taobh le chúig feaigín ghágach mé
TUILLEADH (17) ▼
Shílfeá gur fánach an rud feoirling ach cuirfidh mise geall leat má dhúblaíonn tú aríst agus aríst agus aríst eile í, agus fanacht dhá dúbailt, gur mór a tharraingeos cruife an ghearráin sa deireadh ar feadh is hocht dtairne fhichead a chomhaireamh (chuir an gabha feoirling ar an gcéad tairne agus é a dhúbailt ar chuile thairne uaidh sin suas)
Ag dúbailt an fhéir atá P. — féar atá dhá thriomú; tá sé ag déanamh cocaí dhe faoi dhó chomh mór agus atá sé
B'fhearr dhaoibh na leathchocaí sin amuigh a dhúbailt. Níl an lá in araíocht é a ligean amach (féar), agus níl a fhios cén uair a bheas
Ní foláir na goigíní (móna) sin a dhúbailt anois. Ní aireofá go mbeidís tirim go maith ar an bhfarra seo
Tá mé leis an dúchán sin a dhúbailt. Cuirfidh mé an lagpholl sin thoir uileag air. Ba cheart go mbeadh trí lorry móna an uair sin ann
Tá sé do mo dhúbailt sa bpáí — ag saothrú a dhá oiread liom
Má tá dola fhéin ort ag ceannacht bran agus beatha anois dóibh, tabharfaidh siad isteach dúbailte dhuit é lá an aonaigh feicfidh tú féin air — tá costas anois ort dhá mbeathú, ach beidh a dhá oiread buntáiste agat dhá bharr
Is fear é a chaitheas stráisiúin mhóra ina chónaí, ach tugann sé isteach dúbailte aríst é nuair a théas sé ag obair
Is beag an trácht a fhaigheas na tithe ósta sin mura mbeadh lá aonaigh féin ann, ach ar ndóigh tugann siad isteach dúbailte na laethantaí sin é
Má fuair sí (an mhóin) báisteach le coicís, tá sí dhá thabhairt isteach dúbailte inniu agus an stolladh triomaigh atá ann
Tabharfaidh tú isteach dúbailte aríst é nuair a dhíolfas tú iad
Íocfaidh sé dúbailte an méid sin — íocfaidh sé a dhá oiread agus a thug sé uaidh; nó beidh an díoltas i bhfad níos déine air ná mar ba chóir dó a bheith
Íocfaidh tú an buille sin dúbailte muis. Rachaidh mise faoi dhuit nach mise an chéad duine a gcuirfidh tú araoid air aríst
Dhá mbuaileadh sé é agus a dhul abhaile, níor chás dó é, ach filliúint aríst le dhul ina éadan in athuair! Íocfaidh sé dúbailte an téiléireacht anois
Cén tseafóid a bhí ort? Thug tú airgead dúbailte air. Dhá dtéiteá tí J. gheofá iad sin ann ar ocht scilleacha an ceann. D'airigh siad an bhoige shíne ionat
Ní mór dúbailt agus athdhúbailt air sin nó beidh an iomarca méide ann
Cé mhéad dúbailt a thug tú ar an mbraillín sin? — filleadh