Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dealg
ainmfhocal, fireann
ginideach: deilg (ach is rí-annamh a bhíos claochlú tuisil air)
iolra: deilgne
 na coilgne nó na speiríní géara a bhíos ar dhriseacha, ar sceacha, ar roschrainnte agus ar fhás i gcoiteann, ar ghráinneoga, ar éisc áiride agus dhá réir sin; fleasc ghéar ar bith (go háirid dealg sceiche nó drise) a thiocfadh in do chois nó i mball ar bith dhíot agus a dhéanfadh seile, dhá bhfaigheadh sé a sháith ionú ann. deilgne: bheadh an chiall beagán níos forleithne ná dealg féin (fc. samplaí).
a.
+
Chuaigh dealg in mo chois (in mo láimh, in mo mhuineál, in mo rúitín, in mo sháil srl.)
Thóg an bhó dealg ina crúib
TUILLEADH (5) ▼
Níl a fhios agam céard atá ar an ngamhain sin, muran dealg a theangmhódh leis
An bhfuil tú in ann dealg a bhaint as mo mhéir. Seo biorán duit agus deasaigh anall anseo ag an solas
Dealg a chuaigh inti an lá cheana. Tá sí ag déanamh braoin anois, agus ní féidir baint léithe go mbeidh an seile déanta aici. Tá muid sáraithe aige chuile oíche ag éagaoineadh léithe
Ní dealg chor ar bith é ach fleasc a chuaigh faoi m'ionga an t-am a raibh mé ag plé leis an bhfeamainn dearg. Cé beag dhom a dhonacht arsa tusa. Mar a chéile an ball séire agus a ghiolla. Tá gor faoi ionga anois déanta aici ar chaoi ar bith
Nuair a bhainfeá amach dealg ba cheart duit é a chaitheamh siar taobh cúl do chinn in aghaidh na tubaiste. Dá mba i ndán is go mba tairne a bheadh ann, séard a bhí agat a dhéanamh leis é a chur isteach i bhfata fuar agus é a leagan ar an drisiúr. Dhéanfá an cleas céanna leis dá mba i gcrúib bó a bheadh sé
+
"Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis" (seanfhocal) — déanann dealg drochlot mura dtapaítear é; is lú ná frigh máthair an drochábhair; is furasta le rud fánach mura dtéitear roimhe, a dhul in ainseal; an rud is lú a gcuirfeadh duine suim ann, thiocfadh dhó iarmhairt dhalba a bheith air
Má tá tú ag aireachtáil pian ar bith, is fhearr a dhul roimpi in am ná in antráth. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
TUILLEADH (2) ▼
An bhfeiceann tú mac P. N. atá san easpaicil le dul chun bliana lena láimh. Is mór adéarfá dhá dtugadh duine tsiocair dhó féin, ach 'sé a raibh de shiocair aige sin é a bheith ag briseadh cloch le oirdín ansiúd in aice an tí. D'éirigh fleasc beag den chloich — fleasc a bhí chomh tanaí le lann scine. Bhuail sé sa láimh é. Níor chuir sé suim ar bith ann, mar níor fhuiligh sí féin air. Dheamhan oiread is cuimhniú a rinne sé air go ceann seachtaine aríst, nuair a shéid sí suas. Rinne sí bollóg le at. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar na clocha. Chuaigh sé go dtí an dochtúr agus chuir sé san easpaicil ar an bpointe é, agus tá sé ann ó shin. Déarfá go mba fánach an tsiocair a bhí ag an duine bocht sin. Ach sin é. Níl lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
·
"Chuaigh mé suas an bóithrín agus tháinig mé anuas an bóithrín agus fuair mé rud nach raibh mé a iarraidh"; "chuaigh mé siar an garraí agus tháinig mé aniar an garraí agus fuair mé rud nach raibh mé a iarraidh" (Tomhais — dealg)
·
Chuirfeadh sé dealg faoi do shúil dhá n-abraíteá é sin leis. Is gearr an mhoill a bheadh air
Bhainfeá dealg amach lena scaltrachaí a bhí ann — bhí an tintreach chomh greadánta sin agus go bhfeictheá an dealg in do mhéir nó in do chois
b.
·
Dealg sceiche, dealg spíonáin, dealg drise, dealg draighin, dealg bóthair, dealg láibe (dealg múnlaigh), dealg gráinneoige, dealg cluan mara, dealg éisc srl. — cineálachaí dealg atá ann
+
Dealg drise a d'fhuiligh orm. Dhá bhfeictheá an scaird fhola a tháinig as mo mhéir aice
Deir siad gurb é a raibh d'údar aige, lá a ndeachaigh sé ag baint sceiche ansin thiar, gur fhuiligh dealg ar a mhéir. Lá arna mhárach bhí sé sa leaba aici agus níor éirigh sé níos mó. Cuireadh aithne air gan an sceach a bhaint — bhí geis eicínt uirthi — ach ní raibh comhairleachan ar bith ina chionn siúd. Is dona a chuaigh an sceach don duine bocht ar aon nós
TUILLEADH (6) ▼
Níl rud ar bith is géire deilgne ná an ghráinneoig agus an dris agus an cluan mara. An bhfaca tú cluan mara ariamh. Is geall le gráinneoig na deilgne atá air. D'fheicfeá go minic thíos sa gcladach sin thíos é
Tá an ghráinneog faoi dheilgne uileag
Chuaigh dealg drise faoina shúil, agus chaith sí an-fhada gan spré ar bith aige, ach é ag imeacht agus maistín de phláta aige uirthi. Tá sí cneasaithe anois aríst
Dealg éisc a sheas ina mhuineál agus a thacht é
Ná bac le breac ar bith a bhfuil na deilgne coilgneacha sin air. Ní bhíonn rath ná ríocht le n-ithe orthu. Féacha na boid ghorma agus na blátháin chladaigh sin. Ar ndóigh níorbh fhiú do dhuine ar bith dhá mhearú féin dhá dtabhairt abhaile
Dealg sceiche a thóg sé an chéad uair agus ní thabharfadh sé cead d'aon duine a dhul ina gaire nó go ndearna sí cois bhocht sa deireadh. Chuir mé ceirín léithe le cupla oíche ag ceapadh go dtarraingeodh sé an drochábhar, ach dheamhan cosúlacht air scaradh fós léithe. Níl ceirín ar bith, adeir siad, is fhearr ag dealg ná teanga an tsionnaigh dá mbeadh sí againn. Tharraingeodh sí sin de ghorta gharta é, ach cá'il sí? Sin é an buille
+
Bhainfeadh dealg spíonáin fuil as — duine ramhar craosach dearg; duine a mbeadh neart fola ann; tá dealg an spíonáin an-mhaol, agus ní fhuileodh sé ar dhuine, mura mbeadh an fhuil i gcruth pléasctha as uaithi féin
Ar ndóigh ní hí an bhornóg mhór siúd atá sé le pósadh. 'Sí atá craosach dearg bail ó Dhia uirthi. Bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé séidte suas ar fad anois. An t-ól atá dhá dhéanamh is dóigh. Ní snua ceart atá air, té (cé) go mbainfeadh duine fuil as le dealg spíonáin
Chonaic mise í sin nuair a bhí sí ina cailín óg agus bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin, bhí sí chomh craosach dearg sin. Ach ó phós sí, tá sí an-drochbhreathnaitheach. Shílfeá scaití nach mbeadh deoir fhola ar bith inti
Bhí an cineál sin ar fad ar an gcaoi sin. Bhainfeá fuil as chuile dhuine go tóin acu le dealg spíonáin. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, ní raibh aon tsláinte den rath acu. Séidte a bhí siad. Breathnaigh ar an gceann seo thíos. Ní bhíonn siúl an bhealaigh inti amantaí
Níl a fhios agam. Tá colainn rómhór aige, agus ar ndóigh bhainfeadh duine fuil as le dealg spíonáin. An bhfeiceann tú an tsrón atá air. Is mór an lear fuisce a d'ól sé leis an tsrón siúd a chur air
Is maith atá an áit thiar ag dul duit bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. Tá tú dearg círíneach anois, agus bhainfeadh duine fuil asat le dealg spíonáin. Dar fia ní raibh an deirgeadas sin ionat nuair a bhí tú anseo
Chuaigh sí sin isteach san easpaicil ina bás ar sliobarna, ach nuair a tháinig sí amach bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin. Sin í nach ndeachaigh an áit istigh go dona dhi ar chuma ar bith
+
Dealg láibe (dealg múnlaigh) — dealg a bheadh báite sa láib nó sa múnlach. Bíonn sé leathlofa, ach mar sin féin níl dealg ar bith is géire ná é. Deirtear gurb iad an dá rud is géire amuigh, dealg láibe agus focal amadáin
Ar chuala tú ariamh é: dealg láibe agus focal amadáin an dá rud is géire ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Shílfeá anois go mbeadh an ghoimh imithe as an dealg láibe agus an áit a mbíonn sé, ach níl dealg ar bith a chinnfeadh air ina dhiaidh sin. Bhí mé ag útamáil thuas ansin i Lochán an Bhóithrín fadó agus mé in mo ghasúr agus chuaigh dealg in mo chois. Ní raibh mé in ann a cur fúm go ceann leathbhliana. Fhóbair ar fhéad mé a cur fúm chor ar bith
Is gangaidí é an dealg múnlaigh ná dealg ar bith eile dá bhfuil amuigh agus tá sé mar sin le focal an amadáin. Chonaic tú leathleadhb go minic nach mbeadh éirim ar bith ina chuid cainte, ach chuile dhuine ag magadh faoi. Bhí sé ansin thiar ag P. M. Sin é a bhí in ann an gob géar a thabhairt uaidh nuair a thogródh sé é. Ar chuala tú ariamh céard adúirt sé le P. G. …
Tá fhios ag dall gan súil go bhfuil an dealg láibe géar, ach ní hé chuile dhuine a thabharfadh suntas d'fhocal an amadáin. Ba cheart a thabhairt. Is minic adúirt amadán an fhírinne — an fhírinne shearbh. Bhí a fhios ag an rí féin fadó é nuair a ghlac sé comhairle an amadáin …
Chloisinn S. M. Sh. ag rá fadó nach raibh dhá rud ar bith ba ghéire ná dealg láibe agus focal amadáin. Bhí a mh'anam! An giall atá ar a bhean seisean. Is geall le rásúr é
c.
+
Deilgní uileag an áit sin soir — tá sé faoi chrígheannaí agus faoi dhriseacha agus faoi thomacha as éadan
Má théann tú isteach i lár na ndeilgní sin, fágfaidh siad cithréim ort. Diabhal bréag nach bhfágfaidh
TUILLEADH (8) ▼
Ag plé le deilgní atá mé ansin thuas ó mhaidin. Tá an cúl thoir siúd faoi dheilgní ar fad. Tá sé chomh maith féachaint le bail eicínt a chur air anois. An-phíosa talúna a bheadh ansiúd dá réitítí é.
Baile na nDeilgne a thabharfainnse air. Bhí mé ag bainis ann agus níor léir dom tada ann ach draighean agus driseachaí
Sin í tír na ndeilgní a mhic ó. An raibh tú i gC. ariamh. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann ach saileánach agus draighean agus sceacha agus catógaí mar adeir siad féin. Maidir le broic agus sionnaigh is ann atá a dtabhairt amach … Bail ó Dhia ar do réiteach. Ní bheadh a bhfuil de roschoill agus de thomachaí ansiúd réitithe faoi cheann deich mbliana
Cé a tharraing na deilgne sin isteach ar an tsráid. Tá beatha cos iontu sin muis, mura mbí sibh san airdeall
Cá'il an áit agat le aghaidh caorach: sna breaclachaí sin siar ab ea. Cuir ann iad más leat do chuid olna a bheith ar na deilgne
Níl aon gharraí ag gabháil leis nach bhfuil faoi bhrat deilgne. Agamsa atá a fhios sin. Shiúil mé a bhfuil ag gabháil leis. Má shiúil féin ní i ngan fhios do mo chuid éadaigh sin
Níl sé inrásta a dhul chuig an teach aige anois chor ar bith le deilgne. Bhioraigh sé an iothlainn le sceacha, agus streachail na gasúir nó an gála anuas aríst iad agus tá an bóithrín druidte leo anois. Níl a fhios agam cén chaoi a seolann siad bó ar bith acu
Níl aon lá san aer nach bhfuil na cosa buailte suas acu le deilgne. Bíonn muid ag iarraidh orthu na bróga a choinneáil orthu, ach níl aon mhaith acu ann ina dhiaidh sin go ngreada siad sna boinn. Tá a shliocht orthu
d.
+
Chuaigh dealg ina cois — déarfaí é le páiste caidéiseach a bheadh ag fiafraí céard a bhí ar a mháthair nó ar bhean eicínt eile a bheadh ina luí seoil
Chuaigh dealg ina cois inné a mhuirnín agus ní bheidh sí chuici féin go ceann seachtaine
TUILLEADH (1) ▼
I seanscéal tá cur síos ar fhear agus ar bhean ag siúl na coille agus é ag cinnt ar an mbean cathú a chur ar an bhfear cé nach cheal a shaothraithe é. Sa deireadh chrom sí síos. 'Céard atá ort,' adeir an fear. 'Dealg a ghabh in mo chois,' adeir sí, 'agus ní fhéadaim a bhaint amach.' Chuaigh an fear dhá bhaint amach di, agus sin é an chaoi a bhfuair sé fios di den chéad uair
e.
·
Dealg sa mbeo — tairne sa mbeo; sáiteán; gob géar; do dhóthain de fhreagra nó do dhóthain de bhail; rud a ghabhfadh cois croí, a chuirfeadh múisiam ort, a bheadh ina dhris chosáin ort, a chuirfeadh rud as duit, nó a ghoillfeadh go mór ort
Ba dealg sa mbeo ionam an chaint a chaith sí (fc. tairne)
+
Bhí sé ag caint leis go sladarúsach agus a dhealg sáite ann ag iarraidh a chur dá chois a dhealg sáite ann: é ina éadan; greim docht aige air i riocht is nach mbeadh aon ghair aige imeacht uaidh; é ag déanamh uisce faoi thalamh air; é i dteannta aige, agus gan é de rún aige an ceann eile a ligean uaidh go ndéanfadh sé an feall air
Má tá a dhealg sáite inti sin anois aige, ní ligfidh sé di go gcuire sé síos sa talamh í leis an díol a thabharfas sé uirthi. Sin é an sórt duine é. An té a mbeidh sé ina aghaidh beidh sé ina aghaidh, agus níl aon mhaith a dhul ag brú air. Is duine é a thabharfas a chuid faltanais i gcréafóig leis.
TUILLEADH (5) ▼
Níl aon lá ó tháinig sí isteach ar an mbaile nach in é a ceird. Tá a dealg sáite aici ionamsa agus chuile shórt dhá bhféadfaidh sí a chur as dom déanta aici. Níor chomaoin di muis agus a liachtaí gar a rinne ar bhain liomsa di agus dá fear
An bhfuil a fhios agat cén fear a bhfuil a dhealg sáite ag an sagart anois ann — in P. S. Tuilleadh diabhail ag P. Bhí sé féin agus an sagart ina dhá gcuid déag le chéile. Ní bheadh glafarnach ghadhar sa bpobal nach mbeadh sé ag an sagart an oíche sin uaidh. Anois tá an sagart chomh mór sa mullach air féin le duine ar bith eile, agus gheobhaidh sé garbh uaidh é. Níl duine ar bith is mó aicis ná an sagart sin ach é a bheith in aghaidh duine
Má tá a dhealg sáite ag an sáirsint ionat beidh sé ar siúl go deo go gcuire sé i dteannta thú. Sin é an sórt duine é. Tá an oirille ann. Féadfaidh daoine a rogha rud a dhéanamh ansin os comhair a dhá shúl, ach níl neart ag daoine eile an bóthar a shiúl nuair is mian leis iad a chur i bhfostós. Fuair mise mo dhóthain dó (de). Níl aon cheo dhá raibh ina chumhachta nach ndearna sé ormsa
Ón tráthnóna ar leag muid a chuid claíochaí, bhí a dhealg sáite aige ionamsa uaidh sin amach. Chreid sé i gcónaí gur mise an ceann feadhain a bhí ann. Ar ndóigh ní raibh sé ag dul i bhfad amú ach oiread. D'íoc mé ann ag an scoil. Uair ar bith a bhfuair sé deis ar bith orm, 'sé nár lig ar cairde é, ach broicneáil bhuailte a thabhairt dom féin. Bhí an cat mara críochnaithe orainn freisin agus a dhul ag cur araoide ar bith ar a chuid claíochaí …
Ó tá an dealg sáite acu inti anois, níl aon rún acu an Gearmánach a ligean uathu gan céir a fhágáil air. Déanfaidh siad é freisin, feicfidh tú féin. Go lá speirthe na gcat aríst, ní bheidh aon smeámh ann. Is mór an feall muis. Murach a raibh ina aghaidh thabharfadh sé siúd cnáimh le crinneadh dóibh. D'fhága sé cnead iontu mar a bhí sé

Féach freisin

dealg in iontrálacha eile (4)

 
dearg 1
Má tá sé ag fuasaoid is beag dhá chosúlacht atá air. 'Sé atá bruithleach dearg. Bhainfeá fuil as le dealg spíonáin
 
Is diabhlaí an deargán d'inín í sin aige. An bhfeiceann tú na pluca atá uirthi — bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi. Tá chaon ghríscín feola uirthi! Bhainfeá fuil aisti le dealg spíonáin
 
Bhí déidín tite againn leis an ocras nuair a fuair muid aon ghreim, agus an uair sin féin, ba gann gortach uathu é a thabhairt dúinn. Stiallóigín bheag aráin a bhfeicfeá dealg in do mhéir thríd, agus scodalach tae ar baineadh an t-anam as — má bhí sé ariamh ann — le neart bruithe. Méaracáinín beag fuisce ansin nach n-aireofá a bhlas ar do theanga. Tugaimse mo mhallacht ar chuma ar bith do bhainseachaí Bh.
 
domhain 2
Chuaigh an dealg an-domhain in mo chois