Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deimheas
/d′iv′əs/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an deimhis
uimhir iolra: deimheasachaí
1.
 siosúr mór le haghaidh caoirigh a bhearradh nó obair den tsórt sin.
a.
+
Faigh an deimheas. Caithfear a dhul ag bearradh inniu.
Níl a fhios agaibh cár leagadh deimheas na gcaorach
TUILLEADH (1) ▼
Tá an deimheas sin maolaithe ar fad. Níl sé in ann tada a bhearradh
b.
·
Tá faobhar ar a deimheas aici anois. Feicfidh tú píosa sciolladóireacht anseo roimh an oíche, nár chuala tú a leithide ariamh, má ionsaíonn sí féin agus an rúisc thuas a chéile. M'anam, nach í an ribín réidh í an bhean thuas muise ach an oiread leis an gceann síos, má bheoíonn sí féin amach chun siúite. Bhí an chéad eadra den achrann seo [...] inné … Cearca deile … nach é an sionnach a fhéadfas a [...] a dhéanamh fúthu!
2.
a.
fonn troda nó cainte, nó roptha.
+
Tá deimheas air anois nó go dté sé ag troid — goin, faobhar, foghairt
Má bhíonn deoir ar bith caite aige feicfidh tú an deimheas sin air. Níl ag duine ach é a sheachaint an uair sin
TUILLEADH (2) ▼
Tá deimheas uirthi sin i gcónaí. Is mór an t-ionadh nach dtiocfadh tuirse ar a teanga uair eicínt nuair a bhíos sí ina claibín muilinn i gcónaí — bean agus díle cainte aici i gcónaí
Go sábhála Dia sinn nach uirthi atá an deimheas. Sin í a bhfuil bás na caillí agus pósadh na mná óige aici ar chaoi ar bith
b.
cluas le héisteacht.
+
Tá deimheas air ag éisteacht — duine a bheadh ag éisteacht an-ghéar nó an-airdeallach
Tá deimheas ar an bpiteoig de mhac sin ag M. T. ag éisteacht le faitíos nach mbeadh chuile scéala aige ag dul abhaile. Is 'c Thuathalánach déanta é (Mac Tuathaláin)
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá go mbíonn deimheas air ag iarraidh chuile mhíle rud a thógáil, agus diabhal mórán prae lena chuid Gaeilge ina dhiaidh sin. Ní bheadh sé daorbhasctha murach an chanúint dhalba atá air. Ní thuigimse chaon deichiú focal uaidh scaití
Más ag dul thart an bóthar féin a bheas sé, bíonn deimheas air féint a gcloisfeadh sé focal ar bith ag ceann bóithrín nó áit den tsórt sin. Agus siúlann sé chomh mion chomh réidh, agus go sílfeá gur ag iarraidh éalú ar dhuine a bheadh sé. Ar ndóigh, d'éireodh dhó: 'sé an dearcadóir atá sa mbeairic anois é

Féach freisin

deimheas in iontrálacha eile (2)

 
díle 1
Tá sé in am aige a bheith caite mar dheimheas. Tá sé ann ón Díle. P. céad slán dó atá i Meiriceá a cheannaigh i dtosach é. 'Sé a bhearr a raibh de chaoirigh ar an mbaile ariamh
 
Ní dhéanann sé a dhath ariamh anois ach ag giotamáil timpeall an tí agus ag giogáil na bhfálta siúd aige le deimheas. Níl a fhios agam an bhfuil an duine bocht in araíocht mórán thairis a dhéanamh. Tá a chuid maitheasa ar iarraidh sílim