Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deimheas
/d′iv′əs/
ainm-fhocal; fireann
geineamhnach uathaidh: an deimhis
uimhir iolraidh: deimheasachaí
1.
siosúr mór le h-aghaidh caoirigh a bhearradh nó obair de'n tsórt sin.
a.
+
Fagh an deimheas. Caithfear a dhul ag bearradh indiu.
Níl a fhios agaibh, cá'r leagadh deimheas na gcaorach
TUILLEADH (1) ▼
Tá an deimheas sin maoluighthe ar fad. Níl sé indon tada a bhearradh
b.
·
Tá faobhar ar a deimheas aice anois. Feicfidh tú píosa sciolladóireacht annseo roimh an oíche, nachar chuala tú a leithide ariamh má ionnsuigheann sí féin agus an rúisc thuas a chéile. M'anam, nach hí an ribín réidh í an bhean thuas muise ach an oiread leis an gceann síos, má bheodhuigheann sí féin amach 'un siúite. Bhí an chéad eádradh de'n achrann seo [...] indé … Cearca 'd'eile … nach hé an sionnach a fhéadfas a [...] a dhéanamh fútha!
2.
a.
fonn troda nó cainte, nó roptha.
+
Tá deimheas air anois nó go dteighidh sé ag troid = goin, faobhar, fabhairt
Má bhíonn deoir ar bith caithte aige feicfidh tú an deimheas sin air. Níl ag duine ach é a sheachaint an uair sin
TUILLEADH (2) ▼
Tá deimheas uirre sin i gcomhnaí. Is mór an t-iongnadh nach dtiocfadh tuirse ar a teanga uair eicínt nuair a bhíos sí in a claibín muilinn i gcomhnaí = bean agus díle cainte aice i gcomhnaí
'Sábhálaidh Dia sinn nach uirre atá an deimheas. Sin í a bhfuil bás na caillighe agus pósadh na mná óige aice ar chaoi ar bith
b.
cluas le h-éisteacht.
+
Tá deimheas air ag éisteacht = duine a bheadh ag éisteacht an-ghéar nó an-áirdeallach
Tá deimheas ar an bpiteoig de mhac sin ag M. T. ag éisteacht le faitíos nach mbeadh 'chuile scéala aige ag dul abhaile. Is 'C Thuathalánach déanta é (Mac Tuathaláin)
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá go mbíonn deimheas air ag iarraidh 'chuile mhíle rud a thógáil, agus diabhal mórán prae len a chuid Gaedhilge in a dheidh sin. Ní bheadh sé daor-bhasctha marach an chanamhaint dhalba atá air. Ní thuigimse 'chaon deichmheadh focal uaidh scaithtí
Má's ag dul thart an bóthar féin a bhéas sé, bíonn deimheas air fea'int a gcloisfeadh sé focal ar bith ag ceann bóithrín nó áit de'n tsórt sin. Agus siubhlann sé cho mion cho réidh, agus go sílfeá gur ag iarraidh éalú ar dhuine a bheadh sé. 'Ar ndú, d'eireochadh dhó: 'sé'n dearcadóir atá 'san mbeairic anois é

Féach freisin

Deimheas in iontrálacha eile (2)

 
díle 1
Tá sé in am aige a bheith caithte mar dheimheas. Tá sé ann ó'n díle. P. céad slán dó atá i Meiriocá, a cheannuigh idtosach é. 'Sé a bhearr a raibh de chaoirigh ar an mbaile ariamh
 
Ní dhéanann sé a dhath ariamh anois ach ag giotamáil timcheall an tighe agus ag gíogáil na bhfálta siúd aige le deimheas. Níl a fhios agam an bhfuil an duine bocht in araidheacht mórán thairis a dhéanamh. Tá a chuid maitheasa ar iarraidh sílim