Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlí
/d′l′ī/
ainmfhocal, fireann
iolra: dlíonnaí; dlíthe /d′l′i̤:ū/
reacht, ordú, aithne, gnás, nós, ráite, an rud nach mór a dhéanamh.
a.
+
Tá sé in aghaidh dlí Dé (dlí na tíre, na cúirte, an ghiúistís, an ghovernment, an tsagairt, an phóilí, fhear an tsiopa; dlí na madraí, na gcaorach, na mbeithíoch, an dole, an mhargaidh srl.)
Ná bris dlí Dé nó beidh rud ar a shon agat
TUILLEADH (13) ▼
"I ngan fhios den dlí is cóir a bheith ann"
"Is iomaí cor sa dlí"
"Téann an dlí do na daoine bochta mar a théas uisce an earraigh do na cearca"
An chuid is lú den dlí 'sé an chuid is fhearr é
Ní fhaca mé aon duine fós ariamh ag buachtáil tada ar an dlí, dhá mhéad tóir dá mbeadh aige air
Is furasta breith ar theanga ar dhuine sa dlí
Sin é a gcuid dlí cam féin
Cén uair a chonaic tusa an dlí díreach
Is fhearr an dlí atá anois ann ná fadó
Is iomaí rud sa dlí nach eolas duitse ná domsa
I dtigh diabhail é mar dhlí. Céard a bhí dhá bharr ag aon duine ariamh?
Níl dlí ar bith aige théis a chuid gaisce
Chaith an ceann céanna a shaol le dlí agus ní mórán ab fhearrde é é
+
Dlí gan tóin ná ceann é sin. Dlí mar siúd
Níl dlí ar bith ar fheamainn dearg — féadfaidh chuile dhuine a tógáil; ní le duine ar bith go háirid í
TUILLEADH (3) ▼
Nár chónaí siad go gcuire siad dlí ar an aer i gcruth is nach mbeidh aon bhaint ach ag cuid de na daoine dhó — níl aon dlí ar an aer mar atá sé: is le chuile dhuine é. Nár stopa cuid de na daoine nó go ndéana siad dlí le go mbeidh baint acu féin amháin dhe, agus daoine eile as ar fad
Is deas iad a gcuid dlíthe. Diabhal bréag nach deas!
Níl dlí ar bith is deise faoi dheireadh thiar thall ná fanacht uaidh (ón dlí) ar fad
+
Is mór an feall nach dteagann sé de dhlí amach go gcaithfeadh chuile fhear a dhul cupla bliain le talmhaíocht. Sin é an uair a bheadh a fhios ag na bleitheachaí móra seo an chaoi a saothraíonn an talmhaí bocht a ghreim agus a dheoch
Cáid ó tháinig sé sin de dhlí amach. Níor chuala mé aon trácht air cheana
TUILLEADH (4) ▼
Is gearr anois go dteaga sé de dhlí amach nach bhféadfaidh duine ar bith pósadh mura bhfaighe sé cead ón ngiúistís
An t-am a dtáinig sé de dhlí amach go gcaithfí madraí a íoc, tá mé in amhras gur mór acu a báthadh
Breá nach dtugann siad amach de dhlí é, má tá siad dhá iarraidh. Nach bhfuil a fhios acu go maith nach aird a bheas ag daoine ar a dhul ag achainí orthu mar sin
Tá sé ag teacht amach ina dhlí anois nach mbeidh cead deoir ar bith a ól ach dhá lá sa tseachtain
b.
+
Sin é dlí na háite seo — gnás na háite seo
Sin é an dlí atá againne, go mbíonn iontú agus robáil ar haon agus ar rí
TUILLEADH (5) ▼
Caithfidh tusa dlí de do chuid féin a bheith agat i gcónaí. Ní fhéadfá a theacht suas ar an rud adéarfadh duine ar bith eile
Mura leana tú an dlí feasta gabhfaidh do láimh i bpaca
'Sé an dlí atá ag sochraideacha san áit seo, gan a dtógáil amach go hardtráthnóna
Sin é an dlí atá ag an sagart sin. Mo léan géar, caithfidh sé dlí dhó féin a bheith aige
'Sé an dlí atá ag na céilíochaí anseo anois, bean ar bith dhá bhfuil ann, dhá mba í iníon Rí Sheoirse í, a iarraidh amach ag damhsa
·
Bíonn an ceann céanna i gcónaí ag déanamh dlí, ach is dlí dhó féin é — bíonn sé ag inseacht céard é an dlí más fíor dó fhéin
Ní bheadh sé beo gan a bheith ag déanamh dlí
c.
·
Tá sé ag dul le dlí — ag foghlaim le bheith ina dhlíodóir
Tá sé ag cur an mhac is sine le dlí
+
Fáiscfidh sé dlí ort, fáiscfidh sin
Beidh dlí faoi go siúráilte — mar gheall air
TUILLEADH (6) ▼
Chuir sé dlí air
Má théann an scéal faoin dlí caithfear P. — má théann sé sna cúirteanna
Tá sé dhá thabhairt isteach faoi dhlí — ag cur dlí air
Tabhair faoi dhlí é, agus mise i mbannaí go mbainfidh tú do shásamh dhe
Dhá mb'fhiú liom a thabhairt faoi dhlí, d'fheicfeá féin air go scarfadh sé leis go beo sciobtha, ach ní maith liom a dhul ag fiachadh ar an rud salach
Ní móide go dtabharfaidís faoi dhlí chor ar bith thú, ach má thugann, ná lig dóibh mionna a bhaint asat
·
Chuaigh siad chun dlí le chéile
Ní raibh sé sásta go dtéidís chun dlí, ach fuair sé a dhóthain den dlí sa deireadh
d.
ag dlí: ainm briathartha. Ní bhaintear leas as aon aimsir eile dhe sa gcéill seo.
+
Tá siad ag dlí le chéile le dhá bhliain anois, agus níl tús ná deireadh fós air — tá dlí ar siúl eatarthu
Tuilleadh diabhail acu mura bhfuil siad sách fada ag dlí le chéile anois. Is beag is fiú an talamh ach a mbeidh a chuid féin ag an dlí as
TUILLEADH (3) ▼
Ní ceird ar bith a bheith ag dlí. Ní ghnóthaíonn air sin ach dlíodóirí agus breitheannaí (breithiúin)
Nach bog atá an craiceann orm go dtiocfainn ag dlí leis go deimhin. Is beag an baol atá orm a mhaisce
Tá sí féin agus T. ag dlí le chéile faoin uaichtín siúd. Ba bheag an éadáil í mar uachta, agus beidh sí sportha go leor ach a mbeidh turnaechaí íoctha aisti

Féach freisin

dlí in iontrálacha eile (45)

 
abair
Deir siad go bhfuil dlí le theacht amach go gcaithfear íoc ar an gcat chomh maith leis an madadh
 
Sin gaotaireacht, creid mé dhuit ann. Tá sé siúd anois chomh daingean istigh sa talamh sin, agus go gcaithfidís lán laidhre lena chur as seilbh, más féidir a chur as seilbh. D'fhéachfadh sé a bhfuil istigh is amuigh acu cailleadh leis an dlí
 
Má chuireann tú dlí orthu, agus thú a chaitheamh, daingneoidh sé iadsan. Rachaidh mé faoi dhuit go ndaingneoidh. Mura bhfuil tú in ann a gcur amach anois le bladar nó le bréagadh, lig dóibh ar fad. Cinnfidh siad ort ar a mhalrait
 
daor 2
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an díthreabhach bocht sin daortha shula tugadh isteach sa gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios acu sin ar dhlí ach an oiread is atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaíúla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga magadh mar sin a chur air
 
Is fadó an lá a bheadh sé caite amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige chomh luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoin airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar choscartha den mhí-ádh aige
 
Bhí na heiricigh (Protastúin) go dona an uair sin a dheartháir mo chroí. Ag imeacht le Bíoblaí agus le soup, agus dhá bhaint siar as na daoine le deachmaí théis sin. Ba bheag an cheart a bhí le fáil ag an Rómhánach (Caitliceach) an uair sin. Mo choinsias ba bheag. Nach cóir adúirt an ceann eile féin san amhrán: "'S go bhfuil an dlí ar fad acu ó mharaíodar Rí Séamas." Ní mé an faoi na deachmaí sin a rinneadh an t-amhrán do Chac i Mála a bhí siar faoi Chonamara … Ach ní hea. Ag iontú daoine a bhí sé sin. Níor mhaith dhuit é sin a lua siar in áiteacha ann fós. Chniogfaidís thú faoi
 
Bainfidh ceann eicínt acu amach é, má théann siad chun dlí, ach i ndeireadh na scríbe, is cuma eatarthu é. Is beag is fiú an áit nuair a bheas na dlíodóirí réidh leis
 
deoin
Ní scarfaidh sé leis dhá dheoin ar chaoi ar bith. Ach sin é an buille: an bhfuil an dlí in ann a bhaint dó. Dheamhan a fhios agamsa an bhfuil
 
deoise
Níl an dlí sin i ndeoise Thuama chor ar bith té (cé) go bhfuil sé i ndeoise na Gaillimhe
 
dia 1
As ucht Dé ort ar bhuail? Má bhuail muis, beidh dlí ann
 
dian
Chuaigh an dlí sin sách déan air. Murach a raibh de charaideacha aige, bhí a chosa nite — fhóbair go gcaithfí nó go gciontófaí é
+
Más leat do chuid talúna a choinneáil, ní mór duit dintiúirí agus páipéir a bheith agat air. Ní gaire d'oidhríocht tú ná ceachtar de do chuid dearthár. Má tá i ndán is go bhfaighidh lucht an dlí aon fhabht in do chuid cainte, ní bhfaighidh tú comhaireamh na sop, creid mé dhuit ann. Lena aghaidh sin atá siad ansiúd
TUILLEADH (2) ▼
Nuair a thiocfas an scéal faoin mbreitheamh ansiúd, is beag an mhaith dhuit tosaí ag dilleoireacht agus ag rá: 'd'fhága sé agam é,' mura bhfuil páipéir agus dintiúirí agat air de réir an dlí. Ní hé an dlí an ribín réidh deirimse leat. Ar chuala tú ariamh é: "téann an dlí do na daoine bochta mar a théas uisce an earraigh do na cearca"
Cá bhfágfadh sé iad mar dhintiúirí. Ba é an dlí an chéad bhia sa sliogán dó sin. Bhánaigh a athair é féin le dlí. Ní fhéadfadh sé labhairt ar thada ach ar an gceird chéanna sin acht is áirid. Bhí sé sách tolgtha dhó (dhe) sa deireadh
 
Bhí sé thoir romhainn ag an D. Mh. Choinnigh sé ina (ár) seasamh muid. 'Cá'il do sholas,' adeir sé liomsa. 'Cén solas,' adeirimse. 'Nach bhfeiceann tú an lá ann.' Agus bhí díogarnach lae ann freisin, arae bhí sé ina lá gheal againn ag S. na bhF. 'Níl aon mhaith in do dhíogarnach lae dhomsa,' adeir sé. ''Sé an dlí é go gcaithfidh soilse a bheith ag daoine óna leithéid seo de chlog go dtí n-a leithéid seo de chlog.' Dheamhan a fhios agamsa cén t-am adúirt sé. Dá mbeadh ceachtar den dream eile ann, ligfidís bealach linn, ach thógfadh seisean an mháthair a d'oil é, tá sé chomh doghrainneach sin. Is beag a bheas dhá bharr sin aige muis. Dheamhan ceo!
 
Is minic ariamh a bhí duine diomdhach den iasacht. Dlí na hiasachta, adeir siad, an tiarach a bhriseadh
 
Cén sórt leibideacht sin ort? Má bhí sé dlifear aige féin a dhul sa gcosán nach bhfuil a fhios agat go raibh sé dlifear aige a rogha duine a thabhairt ann. Dlí dhuit féin atá agatsa … Cuirfidh mise mo rogha geall leatsa anois má thugann sé chun dlí iad faoina bhacadh go gcaithfidh sé iad. Caithfidh agus caoch a dhuine sin
+
dligh
Théis (tar éis) é a dhlíochtáil féin dó, is mó dhá fhonn a bhí uirthi a shéanadh go bhfuair sí chor ar bith é. Bíodh a fhios agat muise go bhfuil an phrioc siúd sách ábalta le sin fhéin a dhéanamh. Ach ba dual di sin arsa tusa. Nach ag dlí faoi fhiacha a chaith a hathair a shaol
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad (deirtear) gur mór a dlíodh dóibh ón uachta nach bhfuair siad chor ar bith. Dar ndóigh más cúrsaí den tsórt sin é, séard a bhí acu a dhéanamh, dlí a fháscadh ar an dream thall aríst agus é a bhaint amach as a gcreatlaigh. Nach deacair le na diabhail scaradh leis. Ghreamaigh an tsaint dóibh abhus agus thall — ghreamaigh sin
 
Más dlíochtáil nó gan dlíochtáil anois é, níl sé sásta é a íoc agus tá fear an tsiopa ag caint ar dhlí. Ach mo chreach mhaidne é féin agus a chuid dlí. Dá gcaitheadh sé é siúd faoi chéad, ba aon mhaith amháin dó é. Ní bhainfeadh Oscar agus a shúiste aon chianóg as a chreatlaigh siúd, ná cuid de bhaint … Bail ó Dhia ort féin agus ar an sirriam. Tháinig an sirriam cheana air faoi dhó, agus ba bheag a bhí dhá bharr aige — ba bheag sin
 
Nach cumasach an dlíodóir é i gcónaí! Beidh sé ag plé leis an dlí nó go bhfága an dlí a chosa nite
+
Íoc do chuid dliteanais agus ná bí ag tuilleamaí le aon duine — le siopa, le póilí, le fear próiseannaí ná eile. Sin é adéarfainnse. Dheamhan duine a bhfaca mise tóir ar an dlí ariamh aige, nach bhfuair a dhóthain dhó (dhe) sa deireadh. Tá a dhonacht féin sa dlí i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le dliteanais. Níor íoc an cneámhaire sin aon cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcónaí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeifeá chomh meata sa deireadh aige agus go maithfeá dhó é. Chonaic mé S. Mh. ag dul chun dlí leis faoi luach cairr. M'anamsa ón diabhal gur chaith sé S. pé ar bith cén bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. théis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-teacht i láthair ann agus níl aon duine beo nach mionnódh gurb í an fhírinne a bheadh aige nuair a thosódh sé ag ceartú dhuit
 
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
 
dóigh 1
Is olc an rud dóigh a dhéanamh de do bharúil. Nach maith atá a fhios agat gurb é a ghoid í. An bhfaca tú é? … Cén chaint sin ort mar sin. Nach feasach duit, dhá gcloiseadh sé an chaint sin in do dhiaidh, go mb'fhéidir gur dlí a d'fháiscfeadh sé ort. Ar adharca a bheirtear ar na ba, agus ar theanga ar na daoine
 
dorn
Is furasta dhó rud a bheith aige féin. Nuair a bhí an saol ar forbhás agus gan aon dlí ann, thapaigh sé sin é, agus rinne sé bun. Cé a bhí in ann aon chaidéis a chur air. Nach aige féin a bhí an chomhairle ar fad. Ba é an cás é: an té ab fhearr dorna, ba é ab fhearr corna den fheoil
 
Nach fánach an rud a tharraing dlí anois: a dhul chun cúirte i ngeall ar an tseanbhó sin nach bhfuil tarraingt na gcos inti. Má bhí chuile shórt eile roinnte acu go dtí í sin, nach bhféadfaidís leithphínn a chaitheamh suas uirthi. Ach b'fhearr leo míchuibhiúlacht cúirte. Sin é anois: roinn mé ina dhornán agus ina dhornán é, agus bhí dornán corr ann
+
droim
Ainneoin ar tharraing sé de dhlí agus de chlampar ariamh faoin riasc sin thuas, níl aige anois ach leithead a dhroma dhe. Nach mairg a bheadh teann, a Thiarna, agus gan do shaol ach gearr!
TUILLEADH (4) ▼
Ní raibh aon leathchuma faoin saol nach ndearna sí sin ar a deartháir. Go fiú is an pluid leabthan níor fhága sí aige í an t-am ar bhásaigh an mháthair. Agus féacha anois í. Trí chéad punt curtha amach aici le dlí nach mbuachfaidh sí aon phínn go brách air. Bhí sé chomh maith di a dhul go díreach glan agus é a chaitheamh síos sa bpoll is doimhne sa bhfarraige leis an rud a rinne sí. Is cóir adeir siad: an rud a chruinníos duine ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg
Ní chónóidh siad lena gcuid dlí go gcuire siad de dhroim seoil an duine bocht. Cén t-údar atá acu dhó anois? Breá nach ligfidís dó. Siúd é atá orthu: ag iarraidh a dhíbirt as teach agus as talamh atá siad go mbeadh a bhfuil ann acu féin
Má shánn sí siúd a liodán ann, cuirfidh sí de dhroim tí agus talúna é. An bhfaca tú cheana nuair a chuir sí dlí ar Sh. T. Céard a bhí dhá barr aige. Bhí, é a bheith bochtaithe ó shin. Níor íoc a raibh istigh is amuigh aige costas na cúirte dhó an uair sin. Is fiú í siúd a sheachaint. Úll na haithne í, diúltaímid di
B'fhurasta duine a chur de dhroim tí san am sin. Bhí an dlí uileag dóibh féin ag na tiarnaí, agus ní raibh aon ghair ag an duine bocht druid a rá. Ach d'athraigh an saol ó shin. Is maith an scéal gur athraigh
 
Chloisinn T. ag cur caoi fadó ar fhear a maraíodh ansin. Fear a bhí ag déanamh aicearra thrí na páirceanna a bhí ann. Bhí uaisle eicínt amuigh le caiple rása timpeall an tí mhóir ansiúd. Dhá múineadh le haghaidh rástaí a bhí siad chreidim. Rinne duine acu anonn caol díreach ar an bhfear bocht a bhí ag dul trasna. Dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí ag mo dhuine bocht. Ná raibh ann nach gcuireann an duine uasal an capall ina mhullach agus choinnigh sé an capall ag taltú air nó gur mharaigh sí é. Tabhair thusa marú droimnochta air sin. 'Sé a bhí droimnochta. Amuigh ar lom na páirce. Murder a bhí ann — ní tada eile. Bhí an dlí ar fad acu fhéin an uair sin. Chomh uain is a mhair an seanBh., dhá bhfeiceadh sé duine ar a chuid talúna, nach scaoileadh sé faoi leis an ngunna.
+
Má roinntear an criathrach chor ar bith, roinnfear droimscoilte ar an mbaile é. Déanfaidh siad tórainneacha agus cead ag chuile dhuine ansin a chuid féin a fhálú más breá leis. Dheamhan an miste leo siúd dá mbeadh dlí faoi chuile lá sa tseachtain. Nach é a mbuac é: tuilleadh saothraithe dóibh fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé an t-údar sagairt seo atá ag P. ag inseacht scéil oíche a raibh sé abhus againn anuraidh: beirt dearthár a bhí ag troid faoi thalamh a d'fhága a n-athair acu. Ní raibh duine acu sásta leis an méid a d'éirigh leis féin dó agus thug sé an ceann eile chun dlí ag iarraidh tuilleadh a bhaint dó. Diabhal easna den bhreitheamh, nó den ghiúistís, nó hé brí céard a bhí ann, nach nglaonn amach air — agus orthu uileag — go bhfeicidís an talamh. 'Tá tú ag rá,' adeir an breitheamh, 'go bhfuil sé ag déanamh leathchuma ort. Roinn anois é mar is áil leat féin. Roinn faireáilte é — ina dhá leith droimscoilte'. Roinn. 'Bíodh breith is dá roghain agatsa anois ar do rogha leithe,' adeir sé leis an gceann eile. Meas tusa nach raibh an fear sin díreach?
 
duine
Meas tú céard a dhéanfas na daoine chor ar bith (muide) má theagann an dlí sin amach?
+
dún
Má dhúnann duine ar bith cosán tobair, is maith éasca a bheas sé dhá oscal aríst feadh is é a thabhairt chun dlí
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an rún a bhí aige, meireach gur fuagraíodh dlí air, an chlaise srutha a dhúnadh, agus gan bealach amach ar bith a fhágáil ag uisce na talúna s'againne. Sin é an buachaill báire
 
Ní bhíonn mórán de bharr an dúshláin scaití ach malaí gearrtha agus dlí agus clampar. Séard ab fhearr do dhuine, a bhealach a dhéanamh agus gan aird a thabhairt ar leath dá gcuirfidh araoid air. Ba é an chaoi ba suaimhní é sa deireadh
+
Chuaigh dlí air faoi — cuireadh dlí air i ngeall air
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh do dhíol ort a dhuine bhoicht, dhá mbeadh neart air, ach sin é an dlí i gcónaí
+
Chaith sé a shaol ag dul chun dlí — i gcúirteanna agus eile
TUILLEADH (1) ▼
Má théann tú chun dlí leis, tusa a bheas siar leis
 
Tá mé ag dul faoi dhuit nach raibh baint ná páirt agamsa le do reithe. Ní bhfuair mise ariamh ar mo chuid é ach uair amháin, agus ní dhearna mé níos airde leis an uair sin ná a dhíbirt soir thar tórainn aríst. Dar a shon a rachainnse ag déanamh créatúlacht ar do reithe. Má rinneadh leis é, ní mise ná aon duine in mo theach a rinne é. B'fhearr liom go mór thú a thabhairt chun dlí faoi fhoghail ná a dhul ag déanamh a leithide de chleas
 
Tá sé ag dul le dlí — ag foghlaim dlí; le slí bheatha a dhéanamh den dlíodóireacht srl.