Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

doimhniú (2)

+
Shílfeá go bhfuil an scáineadh sin ag doimhniú sa mballa. Tá an balla sin scartha uileag. Is gearr an seasamh a dhéanfas sé, mura leagtar go talamh é agus a dhéanamh as an nua
TUILLEADH (1) ▼
Ní i mbéal an tóchair atá agat a doimhniú chor ar bith, ach doimhnigh thíos ar an taobh eile í. Níl an tóchar tachta chor ar bith