Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doirg, doirb
aidiacht
chuala mé doirb i Ros Muc (Camus), ach doirg a chuala mé i gCois Fharraige. Thiocfadh don fhocal gairg, gairgeach gurb é an focal céanna é (fc. gairgeach)
mífhoighdeach, beophianta, ar bís, francaithe.
+
Nach doirg an mhaise dhuit é. Bíodh foighid agat, bíodh sin. Níl mé féin réidh fós leis
Nach doirg a labhair sé! Shílfeá nach raibh breith ar bith ar an gclaí a thógáil. Díol cam ar an tseanleic chéanna aige! Nach í an éadáil í
TUILLEADH (2) ▼
Tá an sagart sin an-doirg. Mura mbeidh an rud de rith is de léim aige, is maith éasca leis a dhul ag cur a chosa uaidh
Ní raibh call ar bith dhó a bheith chomh doirg sin. Gheobhadh sé é, dhá mbeadh sé ann, agus ó tharla nach raibh, ní bhfuair

Féach freisin